Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2000

Caibidil 4 - Cásanna Roghnaithe

Cásanna Roghnaithe


An Roinn Oideachais agus Eolaíochta

Soláthar Tionlacan do Dhaltaí le Sainriachtanais

Fuair mé gearán in aghaidh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtaca le soláthar tionlacan do dhaltaí le sainriachtanais ar chóir iompair scoile. Chuaigh mac an ghearánaí isteach ar scoil den chéad uair Meán Fómhair 1999. Mar go raibh uathachas air, moladh go ndéanfadh tionlacóir é a thionlacan agus é ag taisteal chun scoile ar an mbus. Soláthraíonn an Roinn maoiniú do scoileanna le haghaidh tionlacóirí i gcásanna mar sin ach tá sé faighte amach aici nach bhfuil roinnt scoileanna i ndiaidh a bheith toilteanach an scéim tionlacain a fheidhmiú ar chúiseanna éagsúla. Sa chás áirithe seo, ní raibh an scoil toilteanach i dtosach báire an fhreagracht as tionlacóirí a fhostú a ghlacadh agus, mar sin, ní fhéadfadh Bus Éireann an dalta a thabhairt chun scoile gan tionlacan. Bhí ar a mháthair é a thabhairt chun scoile gach lá, turas 92 mhíle. I dtosach báire, sholáthair an Roinn deontas de �7.54 (�9.57) in aghaidh an lae i leith chostas an iompair, rud a rinne sí a achomharc agus ceadaíodh deontas feabhsaithe di de �46 (�58.41) in aghaidh an lae. Beart eatramhach a bhí ansin, dar leis an ngearánaí, a bhí faoi réir ag na deacrachtaí le soláthar tionlacan ar an tseirbhís bus a réiteach. Rinne sí gearán chomh maith faoin gcaoi a raibh ar a mac an scoil a fhágáil uair an chloig luath gach lá mar go raibh uirthi a hiníon a bhailiú ó scoil eile, rud a bhí ag déanamh dochair dá fhorbairt.

D�inis an Roinn dom go raibh an maoiniú a bhí leithdháilte don scoil tugtha ar ais ag an mBord Bainistíochta (BB) ar an mbonn gur bhraith sé nach raibh sé freagrach as cóir iompair scoile. Ní raibh sé sásta na dualgais riaracháin i gceist a ghlacadh air féin agus bhí imní air faoi na himleachtaí féideartha dlí. Ina theannta sin, luaigh an Roinn go raibh sí sásta ligean don BB an coigilteas a úsáid, a bhí fabhraithe don scoil mar thoradh ar dhualgais tionlacain a chosain níos lú ná an deontas a íocadh, chun cúnamh riaracháin le hoibriú na scéime a fháil. Rinne an BB an scéal a mheas athuair ach, arís, dhiúltaigh sé an moladh chun an scéim a oibriú, ar na cúiseanna a luaitear thuas agus ag lua, ina theannta sin, ceisteanna sláinte agus sábháilteachta agus drochthionchar na ndualgas breise ar obair an Phríomhoide.

Bhuail an Roinn le toscaireacht ón scoil i mBealtaine 2000 chun a hábhair imní a phlé. Ardaíodh ceisteanna fiachais agus na deacrachtaí a eascríonn ó shuíomh iargúlta roinnt bealaí bus agus thoiligh an BB a dhearcadh a athbhreithniú. I Meán Fómhair 2000, thoiligh sé an scéim a oibriú agus tionlacóirí a fhostú don tseirbhís bus.

Cé go raibh toradh sásúil ar an ngearán mar thoradh ar phlé na Roinne leis an BB, ábhar imní dom é gur thóg an próiseas bliain san iomlán, bliain a raibh ar an ngearánaí achair fhada a thaisteal gach lá lena linn chun a chinntiú go bhfaigheadh a mac an t-oideachas dá raibh teideal aige air. Measaim go bhfuil na ceisteanna a d�ardaigh an scoil sa chás i dtaca leis an scéim a riar, fiachas, ceisteanna sláinte agus sábháilteachta, ar an gcineál ceisteanna sin a bhféadfaí a thuar agus a réiteach ag an am a soláthraíodh an deontas don scoil i dtosach báire.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Gabháil Feithicle

Cheannaigh an gearánaí feithicil i dTuaisceart Éireann agus thug sé isteach sa Stát í ina dhiaidh sin. Bheadh clárú na feithicle agus íocaíocht na Cánach Clárúcháin Feithiclí (CCF) cuí dlite faoi dheireadh an chéad lae oibre eile i ndiaidh teacht na feithicle isteach sa Stát. Theip ar an ngearánaí déanamh de réir an choinníll sin agus mar thoradh bhí baol ann go ngabhfaí a fheithicil.

In Aibreán 1999 fógraíodh an fheithicil in iris agus iarradh ar cheannaitheoirí ionchasacha glaoch ar uimhir an ghearánaí le haghaidh tuilleadh sonraí. Ar 7 Bealtaine 1999 ghlaoigh Oifigeach Seirbhíse Taistil Ioncaim (STI) air, ag ligean air gur ábhar ceannaitheora é, agus léirigh sé suim san fheithicil agus d�iarr ar an bhfear an fheithicil a thaispeáint dó i gcarrchlós sa bhaile mór áitiúil. Bhí drogall ar an ngearánaí dul ar aghaidh leis an socrú sin i dtosach ach ar deireadh thoiligh sé déanamh de réir iarratas an Oifigigh STI agus an fheithicil a thiomáint chuig an gcarrchlós. Stop beirt oifigeach STI eile, a bhí ar an eolas faoin socrú a comhaontaíodh idir an gearánaí agus an t-oifigeach STI eile, an gearánaí ar an mbealach chun an charrchlóis agus ghabh siad an fheithicil.

Níorbh an phríomhcheist sa chás seo an raibh an gearánaí i ndiaidh déanamh de réir a oibleagáidí dlí an fheithicil a chlárú agus CCF a íoc ach na modhanna a ghlac an STI chun an fheithicil a ghabháil. Ón bhfianaise a bhí ar fáil b�fhacthas dom gurbh í aon-aidhm an tsocraithe inar cuireadh ina luí ar an ngearánaí an fheithicil a thiomáint chuig an gcarrchlós ná cabhrú chun an fheithicil a ghabháil agus é á tiomáint aige. Dhealraigh sé gur tháinig na modhanna a úsáideadh sa chás seo a raibh gabháil na feithicle mar thoradh orthu salach ar Chairt Ceart na gCoimisinéirí Ioncaim ina leagtar amach na caighdeáin bhunúsacha cóireála ar féidir le híocóirí cánach a bheith ag súil lena bhfáil ina ndéileálacha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Luaitear sa Chairt gur ceart na caighdeáin sin a bhaint amach ar mhodh a chothaíonn an chéim is airde muiníne pobail in ionracas, éifeachtacht agus cothroime na gCoimisinéirí Ioncaim.

Bhraith mé go raibh cumhachtaí feidhmithe dóthanacha eile ar fáil do Chustam agus Mál chun comhlíonadh na riachtanas CCF a chinntiú agus go raibh na meáin a úsáideadh sa chás seo chun an fheithicil a ghabháil ar aon dul le cleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe agus go raibh siad in aghaidh riaracháin chothroim nó shláin.

Mhol mé do na Coimisinéirí Ioncaim nár cheart an nós imeachta a úsáideadh ónar eascair gabháil na feithicle sa chás seo a úsáid sa todhchaí agus gur cheart dóibh litir ag gabháil leithscéil a eisiúint chuig an ngearánaí.

D�eisigh na Coimisinéirí Ioncaim leithscéal agus d�admhaigh dom nár chomhlíonn na dálaí inar gabhadh an fheithicil na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt Ceart. Mar aguisín dúirt siad go raibh an modh inar ndearnadh gníomhaíocht an fheidhmithe curtha ar a súile do na hoifigigh agus go raibh sé i gceist acu an gnó a choinneáil faoi athbhreithniú.


An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh

Príobháideacht Cliant a Chosaint

Rinne fear gearán liom faoin tslí inar dhéileáil an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh lena ghearán. Bhí Cigire Leasa Shóisialta (CLS) i ndiaidh agallamh a chur air ar shráid phoiblí faoina theidlíocht do Liúntas Míchumais.

Mheas mé gur sampla de dhroch-chleachtas riaracháin é an cinneadh a rinne an CLS an t-agallamh a dhéanamh óna ghluaisteán ar an tsráid phoiblí. D�admhaigh an Roinn gur thaispeáin an CLS drochbhreithiúnas ar an ócáid agus chuir sí comhairle air dá réir sin agus ghabh sí leithscéal leis an ngearánaí as aon tochsal a cothaíodh.

Ón scrúdúchán a rinne mé bhí mé sásta gur ghlac an Roinn dearcadh mar is ceart ar an ngearán agus rinne sí imscrúdú iomlán ar an ngnó. Ar a shon sin agus eile dhírigh mé aird na Roinne ar an Treoir do Chaighdeáin Bharrchleachtais le haghaidh Seirbhíseach Poiblí inar mhínigh mé gurb éard a chiallaíonn déileáil i gceart le daoine ná déileáil leo:

�go tuisceanach, trí chuimhneamh ar a n-aois, ar a
n-acmhainn chun na rialacha atá casta go minic a thuiscint, ar aon mhíchumas a d�fhéadfadh a bheith acu agus ar a mothúcháin, príobháideacht agus caoithiúlacht�.

Ina theannta sin, d�iarr mé ar an Roinn aghaidh a thabhairt ar cheist na nósanna imeachta cuí i dtaca le hagallaimh a chur ar fhaighteoirí Liúntais Míchumais. Thug an Roinn le fios gur cuireadh dianchúrsa oiliúna ar gach CLS inar áiríodh oiliúint i scileanna agallóireachta, i ndiaidh an teagmhais a ndearnadh gearán faoi. Dhéileáil cuid mhaith den chúrsa sin le ceist an mhíchumais i gcoitinne agus, ach go háirithe, leis an gcaoi ar ceart do CLSanna déileáil le daoine le míchumas. Ina theannta sin, treisíodh go mbítear ag súil go ndéileálann siad le custaiméirí na Roinne le tuiscint agus cúirtéis agus go léiríonn siad meas ar a bpríobháideacht.

Intofacht le haghaidh Pinsin Seanaoise Ranníocaígh

Tugadh Pinsean Seanaoise Neamh-Ranníocaíoch (PSANR) de �72.50 (�92.06) in aghaidh na seachtaine ó 28 Bealtaine 1999 ar aghaidh do ghearánaí ach d�éiligh sé gur cheart go mbeadh teidlíocht do Phinsean Seanaoise Ranníocaíoch (PSAR) aige. D�áitigh sé gur bhunaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh a cinneadh ar thaifead árachais shóisialta míchruinn agus gur úsáid sí an uimhir árachais mhícheart chun a ranníocaíochtaí árachais shóisialta a dhéanamh amach. Chuir sé isteach ar PSAR den chéad uair ar 18 Samhain 1986. Fíoraíodh a dháta breithe mar 11 Samhain 1921, rud a chiallaigh go mbeadh sé 66 bliana d�aois ar 11 Samhain 1987. Diúltaíodh an t-éileamh mar nach raibh a mheán rannaíocaíochtaí bliantúil ach ag 16 thar an tréimhse 24 bliana 1962 go 1986 agus gur theastaigh ag an am meán bliantúil de 20 le haghaidh PSAR. Ó Shamhain 1997, íslíodh an t-íosmheán bliantúil go 10 ranníocaíocht. Toisc gur theastaigh sé go mbeadh 260 ranníocaíocht íoctha ag an iarratasóir, áfach, chun cáiliú faoin riail scaoilte sin agus nach raibh ag an ngearánaí ach 205 ranníocaíocht íoctha, níor cháiligh sé fós.

Bhí an chéad fhreagairt ón Roinn bunaithe ar an taifead árachais shóisialta mar a tuairiscítear thuas. Nuair a scrúdaíodh na taifid sa Rannóg Taifead Láir (RTL), áfach, fuair mé amach go raibh ranníocaíochtaí creidiúnaithe breise iontu ó 1973 go 1985/86 nach raibh áirithe cheana sa taifead a fuair Oifig Seirbhísí Pinsin na Roinne. Mhínigh an Roinn go rabhthas i ndiaidh na creidiúintí a chur le taifead an ghearánaí i ndiaidh a chinnidh bunaidh i 1986 maidir lena iarratas ar phinsean a dhiúltú. Thagair nóta ar chomhad PSAR na Roinne do chreidiúintí dífhostaíochta do 1986 ach ní raibh aon mhionmhíniú ann ar bhlianta roimhe sin nó ar cathain a cuireadh lena thaifead árachais shóisialta iad. Rinne an Roinn taifead ranníocaíochtaí an ghearánaí a athríomh agus mar thoradh air sin fuarthas meán bliantúil de 44.

Mar thoradh thug an Roinn pinsean scoir, iníochtha ón 65ú breithlá an ghearánaí, don ghearánaí agus tugadh PSAR dó óna 66ú breithlá amach. Eisíodh riaráiste san iomlán de �73,875 (�93,801.90); �61,588 (�78,200.63) de riaráiste PSAR agus cúiteamh �12,287 (�15,601.27) le haghaidh cumhachta ceannaigh chaillte. Bhí na figiúirí sin glan ar PSANR a bhí íoctha leis cheana.

Ranníocaíochtaí Árachais Shóisialta Shaorálaigh

Nuair nach bhfuil duine faoi bhun 60 bliain d�aois cumhdaithe ag árachas sóisialta éigeantach a thuilleadh, is féidir leis/léi an rogha a dhéanamh an cumhdach a choinneáil trí ranníocaíochtaí saorálacha a íoc. Chun leas a bhaint as an tsaoráid sin ní mór don duine iarratas a chur isteach chuig an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana cánach ar lena linn a d�íoc sé/sí árachas sóisialta go deireanach, nó a raibh creidiúint árachais shóisialta aige/aici. Go ginearálta, coinníonn na ranníocaíochtaí sin an leibhéal céanna cumhdaigh a bhí ag an duine roimhe sin nuair a bhí sé/sí ag obair go deireanach agus ag íoc árachas sóisialta éigeantach mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe.

Fuair mé gearáin ó roinnt daoine a bhí féinfhostaithe agus a raibh a n-árachas sóisialta íoctha acu a ionchorpraíodh ina n-íocaíochtaí réamhchánach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Chinn an Cigire Cánach ina dhiaidh sin, áfach, nach raibh aon dliteanas cánach orthu agus aisíocadh a n-íocaíochtaí réamhchánach, inar áiríodh eilimint an árachais shóisialta. Ní dhlitear árachas sóisialta ar ioncam ó fhéinfhostaíocht nach mó ná �2,500 (�3,174.34). Ag tráth na haisíocaíochta, áfach, níor cuireadh na gearánaithe ar an eolas go bhféadfaidís a bheith ina ranníocóirí saorálacha.
Nuair a chuir siad isteach ar a n-áireamh mar ranníocóirí saorálacha dhiúltaigh an Roinn iad ar an gcuntar nach raibh iarratas curtha isteach acu laistigh de na teorainneacha ama ceaptha. D�áitigh siad, gan rath a bheith orthu, nach bhféadfaidís an riachtanas sin a chomhlíonadh mar gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim comhairle a chur orthu i dtaca leis an scéim.

D�iarr mé ar an Roinn na socruithe a scrúdú a bhí i bhfeidhm aici leis na Coimisinéirí Ioncaim chun comhairle a chur ar dhaoine ar ioncam nach mó ná �2,500 (�3,174.34) faoina rogha bheith ina ranníocóirí saorálacha. Thoiligh an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a cinntí roimhe agus chinn ar na gearánaithe a ghlacadh mar ranníocóirí saorálacha ar an mbonn nach rabhthas i ndiaidh comhairle a chur orthu ag an tráth cuí go bhféadfaidís ranníocaíochtaí saorálacha a íoc.

Dhearbhaigh an Roinn chomh maith go ndéanfadh sí, i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim, tuairiscéain daoine féinfhostaithe a sheiceáil as sin amach chun daoine a stop den árachas éigeantach a íoc a aithint. Leis an gcóras sin, ina ndéantar tras-seiceáil in aghaidh thuairisceáin na bliana roimhe, cinnteofar go gcuifear gach ranníocóir féinfhostaithe, a stopann den árachas éigeantach a íoc amach anseo, ar an eolas i gceart faoina t(h)eidlíochtaí.



Comhairle Chontae na Mí

Sárú Comhaontaithe Ceada Slí

Bhain an gearán seo in aghaidh Chomhairle Chontae na Mí le suiteáil píobáin thar thalamh fir scothaosta. Bhí trastomhas an phíobáin a shuiteáil an Chomhairle níos mó ná mar a bhí sonraithe i gComhaontú Ceada Slí 1988 idir an Chomhairle agus an t-úinéir talún.

Dúirt an gearánaí, a bhí ag feidhmiú thar ceann a athar, gur tháinig duine d�fhoireann innealtóireachta Chomhairle Chontae na Mí (An tUasal A) chun cainte lena athair ag rá gur theastaigh ón gComhairle píobán de thrastomhas 225 mm (9 n-orlach) a chur síos trína thailte (ón bpríomhbhóthar go dtí an Bhóinn) chun tuile ar an bpríomhbhóthar poiblí a mhaolú. Dearbhaíodh don ghearánaí gurbh é an t-aon chuspóir a bhí leis an bpíobán ná an bóthar poiblí a dhraenáil. Ar na téarmaí sin, thoiligh a athair agus ghlac sé le híocaíocht de �1,000 (�1,269.74) le haghaidh ceada slí trína thalamh. Dúirt an gearánaí go bhfuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh píobán níos mó (300 mm - 12 orlach de thrastomhas) ná mar a bhí sonraithe sa Chead Slí suiteáilte ag an gComhairle. Rinneadh é sin, a líomhnaigh sé, i ngan fhios dá athair nó gan a thoiliú agus sháraigh sé sin comhaontuithe scríofa agus briathartha na Comhairle. Bhí maoirseacht déanta ag duine d�innealtóirí na Comhairle (An tUasal B) ar shuiteáil an phíobáin.

D�éiligh an gearánaí go ndearna an Chomhairle, go gairid i ndiaidh di an Comhaontú Ceada Slí a fháil óna athair, trí láithreán a cheannach trasna an bhóthair ó thalamh a athar. Cheannaigh an t-innealtóir de chuid na Comhairle (An tUasal A) a rinne an Comhaontú Ceada Slí a mhargáil lena athair, innealtóir eile de chuid na Comhairle agus foirgneoir na láithreáin sin. Tógadh trí theach ar na láithreáin chéanna. Líomhnaigh an gearánaí, contrártha leis an ngealltanas a tugadh dó, go raibh na trí theach sin nasctha leis an bpíobán.

Ina theannta sin, luaigh an gearánaí gur ceadaíodh d'fhoirgneoir dhá de na tithe sin ar 1 Lúnasa 1995 cead pleanála chun 65 theach a thógáil ar na tailte céanna. Ceann de na coinníollacha a ghabh leis an gcead pleanála sin ná nár mhór don fhorbróir Comhaontú Ceada Slí a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh thús a chur leis an bhforbairt tithíochta. Dúirt an gearánaí go raibh an foirgneoir i ndiaidh a bheith i gcaibidlí lena athair i dtaca le Comhaontú Ceada Slí chun leagan píobáin draenála uisce dromchla thar thalamh a athar a éascú. I nDeireadh Fómhair 1995, áfach, agus gan chomhairliúchán lena athair, rinne an Chomhairle an riachtanas a cuireadh ar an bhfoirgneoir faoin gcead pleanála cuí a tharscaoileadh.
D�áitigh an gearánaí dá mbeadh a fhios ag a athair go raibh an Chomhairle chun nascadh na forbartha tithíochta 65 theach leis an bpíobán a cheadú nach mbeadh sé i ndiaidh comhaontú leis an gCead Slí bunaidh ar na téarmaí a rinneadh a mhargáil.

Cé nach bhfuil sé i gceist agam sonraí an imscrúdaithe a fhoilsiú ina n-iomláine anseo, is iad seo a leanas mo phríomhthorthaí agus moltaí:

  • rinneadh na caibidlí a bhain leis an gComhaontú Ceada Slí, a bhí ann idir an tUasal A thar ceann na Comhairle agus athair an ghearánaí, faoi dhea-rún agus bhí gealltanas soiléir ann i bhfoirm scríbhinne go mbeadh trastomhas de 225 mm (9 n-orlach) ag an bpíobán, nuair a bheadh sé suiteáilte;
  • cé go ndearnadh na caibidlí faoi dhea-rún ba é tuairim athair an ghearánaí ná go raibh sé i gceist nach bhfreastalódh an píobán ach ar uisce dromchla a rithfeadh chun srutha ón bpríomhbhóthar agus ghlac sé leis an gcúiteamh de �1,000 (�1,269.74) ar an mbonn sin;
  • trí líníochtaí a sheoladh chuig an innealtóir áitiúil roinnt míonna roimhe inar sonraíodh píobán 225mm (9 n-orlach), is léir go raibh sé de rún ag an gComhairle an píobán 225 mm (9 n-orlach) a shuiteáil, go fiú sula ndeachthas ag margáil go foirmiúil le hathair an ghearánaí;
  • leasaigh Uasal B na Comhairle na líníochtaí agus d�athraigh sé méid an phíobáin ach ní dheachaigh sé i gcomhairle leis an Uasal A i gceart faoina rún an píobán níos mó le trastomhas 300 mm (12 orlach) a shuiteáil, in ainneoin go raibh an tUasal A i ndiaidh sonraí sainiúla an Chomhaontaithe Ceada Slí a mhargáil le hathair an ghearánaí;
  • chuaigh an tUasal B i gcomhairle le hUasal C na Comhairle a thug le fios, gan dul i gcomhairle leis an Uasal A, nach raibh agóid aige i gcoinne shuiteáil an phíobáin méide níos mó;
  • lá i ndiaidh gur síníodh Comhaontú Ceada Slí ina ndearnadh coinníoll an phíobáin 225 mm (9 n-orlach) rinne an tUasal B teagmháil lena sholáthraithe, lorg agus fuair meastachán le haghaidh sheachadadh píobáin 300 mm (12 orlach); bhí sé ar an eolas cheana féin faoin meastachán comhfhreagrach le haghaidh píobáin 250 mm (9 n-orlach);
  • níor ghníomhaigh an Chomhairle go ceart - ó thaobh dlí nó riaracháin - i leagan an phíobáin níos mó de 300 mm (12 orlach) gan fhios d�athair an ghearánaí nó gan a thoiliú;
  • d�athdhearbhaigh an tUasal B athair an ghearánaí nach mbainfí úsáid as an bpíobán, agus é suiteáilte, ach le haghaidh draenála uisce dromchla cé nár inis sé dó faoi mhéid an phíobáin;
  • is é a bhí laistiar de m�aird á díriú ag athair an ghearánaí ar an gcaoi a raibh áiteanna cónaithe príobháideacha an Uasail C agus an Uasail A nasctha leis an bpíobán faoina thalamh ná chun sochar a bhaint amach trí na hoifigigh lena mbaineann a náiriú, agus ní toisc gur ábhar imní dó na naisc ar leith;
  • cé nach ann d�aon fhianaise de míchuibheas ar thaobh oifigigh na Comhairle lena mbaineann i dtaca leis an uisce dromchla a sceitheadh óna dtithe príobháideacha féin tríd an bpíobán ar thalamh athair an ghearánaí, ardaíonn an tsraith tarluithe, mar a thuaisiscítear thuas, mór-ábhar imní. Ach go háirithe, ní raibh nósanna imeachta riaracháin dóthanacha i bhfeidhm ag an gComhairle chun tionscadail bhonneagair a láimhsiú a ligfeadh di seasamh in aghaidh líomhna nó líomhain a bhréagnú, cuma cé chomh fánach a bheadh sí, i dtaca le coinbhleacht leasa féideartha nó airithe idir foireann na Comhairle, forbróirí agus tríú páirtithe;
  • ní hann d�aon fhianaise a thabharfadh le fios go ndearnadh cinneadh an Uasail B chun méid an phíobáin a mhéadú ar aon chúis nach cúis theicniúil nó leasa phoiblí í nó go raibh sé in oirchill ar imeachtaí iardain;
  • níor lean an Chomhairle an próiseas pleanála ceart sular athraigh sí an coinníoll sa cheadú pleanála a thagair don Chomhaontú Ceada Slí;
  • ní hamháin go ndearna an Chomhairle, tríd an gcoinníoll sin sa cheadú pleanála a tharscaoileadh, an bonn a bhaint faoi shuíomh margála athair an ghearánaí leis an bhforbóir, ach d�imir sí tionchar dochrach air trína shéanadh air leas a bhaint as an deis a thiocfadh chun solais dá leanfaí an próiseas pleanála go ceart chun an gnó a achomharc leis an mBord Pleanála;
  • in ainneoin gur lorg athair an ghearánaí soiléiriú i bhfoirm scríbhinne ón gComhairle trí huaire, ní bhfuair sé amach faoi chinneadh scríofa na Comhairle an coinníoll bainteach a tharscaoileadh sa cheadú pleanála ach i ndiaidh dó imeachtaí dlí a thionscnamh in aghaidh an fhorbróra agus mar thoradh air sin imríodh tionchar dochrach air sa chaoi go raibh air costais dlí agus eile a thobhach.

Bunaithe ar thorthaí m�fhiosruithe mhol mé go n-íocfadh an Chomhairle cúiteamh de �30,000 (�38,094.14) leis an ngearánaí. Áiríodh ansin sásamh as sárú théarmaí an Chomhaontaithe Ceada Slí, costais as póca, táillí dlí, tochsal agus míchaoithiúlacht, agus sárú nósanna imeachta riaracháin agus pleanála cearta. Mhol mé chomh maith go gcuirfeadh an Chomhairle i bhfeidhm nósanna imeachta / treoirlínte riaracháin cuí le haghaidh foirne a bhíonn ag plé le tionscadail phleanála agus bhonneagair ina bhfaightear an fhéidearthacht, cuma cé chomh fánach a bheadh sí, go mbeadh coinbhleacht leasa féideartha nó airithe ann. Ghlac an Chomhairle le mo chuid moltaí.

Is mian liom béim a chur ar m�ábhair imní faoi bhreithnithe an choinbhleachta leasa fhéideartha atá nochta ag an gcás seo. Rinne an gearánaí líomhain go bhféadfadh sé gur bhain pearsanra sinsearacha Comhairle úsáid as a bpost oifigiúil chun a leasa féin. Cé nár aimsigh mé aon fhianaise de mhíchuibheas ar thaobh na n-oifigeach lenar bhain léiríonn an cás seo a thábhachtaí atá sé d�oifigigh phoiblí cúram ar leith a dhéanamh chun a chinntiú go bhfeictear go gcaitheann siad go heiticiúil agus go ceart i ngach gnó a bhféadfadh sé go mbainfidís leas as cinntí a dhéantar ann nó a bhfuil siad i suíomh le tionchar a imirt air le linn a gcuid oibre.

Tá sé tábhachtach d�údaráis áitiúla go mbeadh nósanna imeachta i bhfeidhm acu a shlánchosnóidh in aghaidh na féidearthachta le coinbhleacht leasa idir a mbaill foirne agus páirtithe eile. Ar an bpointe sin, áirím go mionsonraítear i gCuid VII den Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, na ceanglais ar bhaill agus ar fhostaithe údarás áitiúil i dtaca le leasa a d�fhéadfadh a bheith acu, ach go háirithe, i dtalamh, a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu dá gcuid oibre. Áirím chomh maith go bhfuil caighdeáin eitice do bhaill agus d�fhostaithe údarás áitiúil á meas i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar reachtaíocht rialtais áitiúil, rud atá á dhéanamh faoi láthair ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil. Tá gá le nósanna imeachta nua chun an gnáthphobal agus, chomh tábhachtach céanna, baill foirne Comhairle a chosaint.

Sheol mé cóip de thuairisc an imscrúdaithe seo uaim chuig an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus lorg mé a moltaí i dtaca le ceisteanna a tháinig chun solais sa chás seo. Táim ag feitheamh le freagra na Roinne.



Comhairle Chontae Mhaigh Eo

Teidlíochtaí faoi Pholasaí Cosanta Morgáiste

Sa chás seo a bhain le Comhairle Chontae Mhaigh Eo bhí morgáiste tógtha ag an ngearánaí leis an gComhairle i 1986, inar áiríodh eilimint cosanta morgáiste.

Stop sí ag obair i Meán Fómhair 1989 ar chúiseanna sláinte agus thosaigh sí ag tarraingt sochar míchumais. I 1991 d�fhiafraigh sí den Chomhairle faoina teidlíochtaí cosanta morgáiste. In Aibreán 1991 fuair sí litir ón gComhairle nach ndearna ach a dhearbhú go raibh cosaint morgáiste aici agus gur chumhdaigh sí í mar an bpríomhshaothraí. Níor soiléiríodh a teidlíochtaí go beacht sa litir. D�éiligh sí gur ghlaoigh sí ar an gComhairle i ndiaidh di an litir a fháil agus gur inis oifigeach di nach raibh sí cumhdaithe ach le haghaidh sochair báis agus nach raibh sí cumhdaithe le haghaidh sochair míchumais. Mar gheall ar a dálaí airgeadais thit sí chun deiridh in aisíocaíochtaí na hiasachta. Ag céim amháin bhagair an Chomhairle imeachtaí dlí uirthi.

I 1994 fuair sí fógra eolais ghinearálta ón gComhairle faoi chosaint morgáiste, agus is ansin amháin a thuig sí go raibh cumhdach míchumais aici mar chuid dá cosaint morgáiste. Eisíodh an fógra mar gur ordaigh an Coiste um Chosaint Morgáistí i mBealtaine 1994 do gach údarás áitiúil a n-iarratasóirí morgáiste go léir a chur ar an eolas faoina dteidlíochtaí cosanta morgáiste. Cuireadh an méid seo a leanas in iúl d�údaráis áitiúla:

�Tá sé ríthábhachtach go bhfuil gach iasachtaí ar an eolas faoi théarmaí na scéime agus gur féidir le húdaráis áitiúla a thaispeáint go bhfuil an t-eolas sin curtha ar fáil dóibh. Faoi láthair, tá roinnt cásanna ann faoi réir ag imeachtaí dlí ina n-éilíonn iasachtaithe nach raibh siad ar an eolas faoina dteidlíochtaí agus ina bhfuil árachóirí ag diúltú glacadh lena n-éilimh de bharr moille san fhógairt.�

San fhógra chomh maith cuireadh comhairle ar údaráis áitiúla córas a chur i bhfeidhm, e.g. admhálacha scríofa a choinneáil, chun a chruthú go bhfuil sonraí faoin scéim cosanta morgáiste tugtha acu i ngach cás ar leith. D�eisigh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe fógra ginearálta breise ar an ngnó céanna i 1996.

I ndiaidh di teacht ar an eolas faoina teidlíochtaí iomlána mar thoradh ar fhógra 1994 chuaigh sí ar aghaidh le héileamh árachais. Trí idirghabháil an Ombudsman Árachais d�éirigh lena héileamh faoin bpolasaí cosanta morgáiste ach níor glacadh leis sin ach ó Mheán Fómhair 1994 mar gheall ar an moill maidir leis an éileamh a chur isteach. Ina tuairisc ar an ngnó seo thug an tOmbudsman Árachais le fios go raibh sí teoranta ag a dlínse do ghníomhaíochtaí na cuideachta árachais amháin a scrúdú agus nach bhféadfadh sí aon ní a rá faoi ghníomhartha nó faillíocha líomhanta páirtithe eile ar nós an údaráis áitiúil.

Scrúdaigh mé comhaid na Comhairle agus d�iarr mé uirthi a nósanna imeachta a thuairisciú i dtaca le teidlíochtaí cosanta morgáiste a fhógairt. Thug an Chomhairle le fios, tríd is tríd, go liostaíonn iarratasóirí morgáiste leis an gComhairle nuair a thógann siad morgáiste agus nach mór don Chomhairle na foirmeacha agus doiciméadú cuí ar an morgáiste agus ar an scéim cosanta morgáiste a thabhairt dóibh. Dúirt an Chomhairle go gcuirtear iarratasóirí ar an eolas go briathartha go gcumhdaíonn cosaint morgáiste a morgáiste i gcás báis nó míchumais throim. Ar cheadú iasachta, eisítear Teastas Árachais in éineacht le Foirm Dhearbhúcháin don phríomhshaothraí ar gá iad a chomhlánú sula n-íoctar aon iasacht. Má tharlaíonn sé go dtagann éileamh chun solais, is é an t-iarratasóir nach mór éileamh a dhéanamh leis an gcuideachta árachais go díreach agus i gcás míchumais, déanann an chuideachta árachais cinneadh i dtaca le sainteidlíochtaí míchumais.

Ba í an ghné fhíorthábhachtach den ghearán ná an raibh an Teastas Árachais faighte ag an ngearánaí, ina leagtar amach a teidlíochtaí iomlána cosanta morgáiste, nuair a thóg sí an mórgáiste i dtosach báire. Bhí an gearánaí daingean ina hintinn nach bhfuair sí cóip den Teastas Árachais ná an Fhoirm Dhearbhúcháin i 1986. Dúirt sí gur chuimhin léi cuairt a thabhairt ar oifigí na Comhairle agus ar oifig aturnae na Comhairle chomh maith i 1986 chun foirmeacha éagsúla a shíniú ach nár tugadh an Fhoirm Dhearbhúcháin ná an Teastas Árachais di le tabhairt léi. Dúirt sí nár taispeánadh Teastas Árachais di le linn a cuairte. Bhí sé dobhréagnaithe gur shínigh sí an Fhoirm Dhearbhúcháin i 1986 mar go raibh sé ar chomhad na Comhairle ach thug mé faoi deara nach raibh aon stampa �dáta a fuarthas� air, rud a thug creidiúint d�éileamh an ghearánaí nár cuireadh chuici sa phost í.

Mar thoradh ar mo scrúdúchán bhí mé sásta go raibh roinnt gnóthaí dobhréagnaithe:

  • bhí freagracht ar an gComhairle morgáistithe a chur ar an eolas faoina dteidlíochtaí iomlána cosanta morgáiste;
  • thar na blianta, agus suas go 1996 ar a laghad, bhí fadhbanna ann i gcoitinne laistigh d�údaráis áitiúla i dtaca leis na córais riaracháin i bhfeidhm chun morgáistithe a chur ar an eolas faoina dteidlíochtaí cosanta morgáiste;
  • bhí teagmhálacha ag an ngearánaí leis an gComhairle i 1986 agus 1991 i dtaca lena cosaint morgáiste agus níor tugadh eolas dóthanach di fúithi ar cheachtar den dá ócáid sin;
  • bhí a fhios ag an gComhairle go raibh deacrachtaí aici an riaráiste a íoc a tháinig chun solais de dheasca a dálaí ar leith;
  • cuireadh strus mór, míchaoithiúlacht agus caillteanas airgeadais ar an ngearánaí, nithe a d�eascair ón méid ama a thóg sé sula bhfuair sí amach faoina teidlíochtaí;
  • ní bhfuair an gearánaí amach faoina teidlíochtaí iomlána cosanta morgáiste go 1994.

Cé nárbh fhéidir a fhíorú bealach fianaise doiciméadaí ar eisíodh nó nár eisíodh an Teastas Árachais i 1986, bhí mé ar an eolas go raibh na cúirteanna i ndiaidh a bheith fabhrach do ghearánaithe nuair nach raibh an t-údarás áitiúil in ann cruthúnas doiciméadach dá leithéid a chur ar fáil. Bunaithe ar na fíorais bhunaithe agus ar chóimheá na ndóchúlachtaí, ghlac mé an dearcadh go raibh cúinsí réasúnacha ann chun iarraidh ar an gComhairle sásamh a ofráil don ghearánaí. I ndiaidh don Chomhairle a suíomh a athbhreithniú ghlac sí le cúiteamh de �6,000 (�7,618.43) a chur ar fáil, méid a bhí inghlactha dom féin agus don ghearánaí.


Bardas Loch Garman

Táillí Bailithe Bruscair

I 1998 rinne fear a raibh a sheirbhís bailithe bruscair curtha ar ceal aige gearán gur leanadh de bhillí a chur chuige. Nuair a sheiceáil Bardas Loch Garman a thaifid airgeadais fuair sé amach gur glanadh cuntas an fhir i nDeireadh Fómhair 1996, agus gur ceart go mbeadh sé sonraithe mar chuntas curtha ar neamhní do na blianta a lean. De bharr faillí, níor cuireadh an cuntas ar neamhní agus leanadh de bhillí a eisiúint chuig an ngearánaí go 1998. Nuair a tharraing mé aird an Bhardais ar an suíomh seo shocraigh sé go gcuirfí an cuntas ar neamhní agus ghabh sé leithscéal leis an ngearánaí chomh maith. Bhí mé sásta gur fhreagairt réasúnta é sin.

Rinne an gearánaí teagmháil le m�Oifig arís i 1999. Chuir sé in iúl dom go raibh éileamh breise faighte aige maidir leis an táille bailithe bruscair a íoc. Chuir an suíomh sin iontas orm agus mar sin rinne mé teagmháil leis an mBardas arís. Mhol mé chomh maith go mbreithneodh sé ar bhealach oiriúnach sásaimh ag cuimhneamh ar an míchaoithiúlacht a cothaíodh don ghearánaí. Mar fhreagairt, d�eisigh an Bardas leithscéal breise chuig an ngearánaí agus, mar chomhartha dea-thola, chuir seic le haghaidh �50 (�63.49) ar aghaidh chun é a chúiteamh as an míchaoithiúlacht leanúnach. Chuir an Bardas m�Oifig ar an eolas chomh maith go raibh iniúchadh déanta ar a chuntas agus go raibh sé sásta go raibh an cuntas curtha ar neamhní.

Is mó an t-iontas a cuireadh orm ansin nuair a rinne an gearánaí teagmháil le m�Oifig arís i 2000. D�inis sé dom, in ainneoin ghealltanais níos túisce an Bhardais, gur eisíodh éileamh breise maidir leis an táille bailithe bruscair chuige in Iúil 2000.

Ag cuimhneamh ar stair an cháis seo, d�iarr mé ar an mBardas ceist an tsásaimh a bhreithniú arís. Mar fhreagairt, thoiligh an Bardas leithscéal a ghabháil leis arís agus íocaíocht de �100 (�126.97) i dtairiscint don ghearánaí. D�ardaigh sé sin an sásamh iomlán a rinneadh i dtairiscint don ghearánaí go �150 (�190.46). Ba chóir gur cás simplí le réiteach ab ea é seo, ach mar thoradh ar bhunfhailí riaracháin cuireadh an Bardas sa suíomh, ar dhá ócáid, go raibh air leithscéal a ghabháil agus cúiteamh a thairiscint.


Comhairle Chontae Chill Dara

Nósanna Imeachta chun Tithe a Athshealbhú

I 1998, scaoileadh tionónta de chuid Chomhairle Chontae Chill Dara isteach in ospidéal. Le linn na coicíse a chaith sí ann, d�éirigh sí an-bhuartha faoina teach mar go raibh sí i riaráiste mór agus go raibh damáiste déanta don teach le linn briste isteach. Rinne sí gearán liom ag lua gur ghlaoigh sí ar an gComhairle nuair a bhí sí san ospidéal chun a rá nach raibh sí in ann déileáil leis an teach. D�athshealbhaigh an Chomhairle an teach ansin agus chuir cláir leis na fuinneoga is doirse ar chúiseanna slándála. D�fhág sé sin an gearánaí gan dídean.

D�inis an Chomhairle dom gur thug an gearánaí cuairt ar a hoifigí in Iúil 1998 agus gur thug sí le fios gur mhian léi tionóntacht a tí a thabhairt suas. Cuireadh comhairle uirthi nár cheart di a teach a thabhairt suas gan a bheith iomlán cinnte faoi na hiarmhairtí. Insíodh di chomh maith dá gcuirfeadh sí isteach ar athsholáthar tí leis an gComhairle go gcaithfí a chur san áireamh go raibh teach Comhairle tugtha ar ais aici.

Go gairid ina dhiaidh sin, bhreithnigh an Chomhairle an gearánaí le haghaidh mhalartú tionóntachtaí le tionónta eile de chuid na Comhairle a bhí ina chónaí i ndálaí róphlódaithe in árasán aonseomra codlata. Chinn an Chomhairle, áfach, toisc go raibh an gearánaí i riaráiste cíosa, �941 (�1,194.82) san iomlán, agus go raibh a teach fágtha aici, nach raibh sí sásta an malartú tithe a cheadú. Ina dhiaidh sin, rinne an gearánaí iarratas nua ar thithíocht don Chomhairle. Chuir an Chomhairle ar an eolas mé nach bhféadfaí a hiarratas ar thithíocht a cheadú mar nach raibh sí intofa le haghaidh athcheapadh mar thionónta sa teach ina raibh sí roimhe, .i. teach trí sheomra, ar an mbonn, mar dhuine ina haonar, go raibh an teach níos oiriúnaí do theaghlach.

Ón tús, bhí ábhair imní agam faoi ghníomhartha na Comhairle i dtaca le seilbh a ghlacadh ar theach ó dhuine dá tionóntaí gan a toiliú i bhfoirm scríbhinne. Níor léir dom cathain nó conas a ghlac an Chomhairle seilbh ar an teach. Ba léir, áfach, nár thug sí toiliú i bhfoirm scríbhinne riamh, i bhfoirm Ordaithe Folúntais / Dúnta, don Chomhairle agus nár iarradh uirthi riamh aon fhoirm dá leithéid a shíniú. Mór-earráid riaracháin ón gComhairle a bhí ansin.

Bhí imní orm go raibh an Chomhairle i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar a teach fiú amháin:
� go raibh sí scaoilte amach ó aonad géarshíciatrach ospidéil go gairidh roimhe;
� go raibh an Bord Sláinte i ndiaidh an tairiscint a dhéanamh deisiúcháin a dhéanamh ar an teach;
� go raibh sí i ndiaidh an riaráiste cíosa ar a teach a laghdú ó �1,900 (�2,412.50) i 1991 go �940 (�1,193.55) i Meán Fómhair 1998;
� nach raibh an teach tugtha suas aici go foirmiúil;
� nach raibh an seilbh glactha ag an gComhairle ar an teach go foirmiúil.

Ba í an phríomhcheist a ardaíodh ná an raibh an gearánaí, ag an tráth a rinne sí teagmháil leis an gComhairle chun a teach a thabhairt suas, in ann, i ngeall ar a breoiteacht, impleachtaí a gníomhartha a thuiscint. Thuig mé go raibh, nó gur cheart go raibh, an Chomhairle ar an eolas faoina breoiteacht shealadach agus, mar sin, bhí sé de cheart ag an gComhairle níos mó céimeanna gníomhacha a ghlacadh chun a fíor-riocht sláinte a bhunú nuair a chuaigh sí chun cainte leis an gComhairle agus sular thóg an Chomhairle seilbh ar a teach. D�iarr mé ar an gComhairle an cás a athbhreithniú agus an cheist a bhreithniú i dtaca le cineál éigin sásaimh a thairiscint don ghearánaí don tochsal a cothaíodh di le linn na tréimhse i dtreis.

Mar fhreagra, chuir an Chomhairle in iúl dom go raibh athbhreithniú déanta aici ar a nósanna imeachta i dtaca le seilbh a ghlacadh ar thithe atá tugtha ar ais ag iarthionóntaí. Thug an Chomhairle árasán aonseomra codlata don ghearánaí agus thoiligh �300 (�380.92) a thabhairt di i gcúiteamh ar chailleadh líomhanta roinnt maoine dá cuid le linn na tréimhse nuair a d�athshealbhaigh sí an teach a bhí aici.

Bhí mé féin agus an gearánaí sásta le tairiscint na Comhairle.


Bord Sláinte an Deiscirt

Táillí Ospidéil

Fuair mé gearán ó náisiúnach Sasanach bainteach le híocaíocht táillí príobháideacha i dtaca le seirbhísí othair chónaithigh ag Ospidéal Ginearálta Thrá Lí. Tháinig an gearán chun solais nuair a ligeadh a fear céile isteach in Ospidéal Ginearálta Thrá Lí le meiningíteas amhrasta. Sholáthair an gearánaí an t-eolas bainteach go léir maidir lena fear céile ag tráth na hiontrála agus ina dhiaidh sin fuair sí sonrasc ón ospidéal don mhéid �903 (�1,164.57). Ní raibh a fhios aici gur tugadh cóireáil dá fear céile i seomra príobháideach le linn a thréimhse san ospidéal. Thug an t-ospidéal le fios gur roghnaigh an gearánaí seomra príobháideach, ag tráth na hiontrála. Bhí sí daingean ina hintinn, áfach, nár insíodh di ag aon chéim go raibh cóireáil phríobháideach á cur ar fáil ná nár tugadh sceideal táillí do chóireáil phríobháideach di. Roinnt laethanta i ndiaidh na hiontrála, áfach, iarradh uirthi foirm a shíniú agus rinne sí amhlaidh ar an tuiscint go raibh sé riachtanach chun a fhíorú go raibh árachas dóthanach ag a fear céile chun an chóireáil a chumhdach. Bhí tic leis an rannóg �Is mian liom go gcaithfear liom faoi acmhainn phríobháideach faoi m�árachas sláinte�, ach bhí an rannóg �Othair Phríobháideacha� gan mharcáil. Cuireann an rannóg sin dliteanas ar an othar as táillí uile lianna le haghaidh cóiríochta príobháidí nó leathphríobháidí.

Ba é léirmhíniú Bhord Sláinte an Iarthair ar an bhfoirm a chomhlánaigh an gearánaí ná go raibh cúram príobháideach á roghnú aici thar ceann a fir céile. Ag cuimhneamh ar dhálaí an cháis, áfach, thoiligh an Bord glacadh leis an méid �531 (�674.23) a bhí íoctha ag cuideachta árachais mar lánghlanadh an tsonraisc. Chonclúidigh mé gur cothaíodh an mearbhall sa chás seo tríd an doiciméadú a bhí in úsáid ag an am a chuir síos ar na táillí agus na roghanna dóibh sin a bhí ag baint leasa as cóireáil phríobháideach. Dhearbhaigh mé ina dhiaidh sin go ndearnadh an fhoirm chuí a athbhreithniú leis an aidhm í a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos intuigthe.


Bord Sláinte an Mheániarthair

Droch-Chaighdeán Cúraim d�Áitritheoir Tí Altranais

Sna Rialacháin um Thithe Banaltrais (Cúram agus Leas), 1993, áirítear forálacha a chuireann oibleagáid ar bhoird sláinte gearáin in aghaidh tithe altranais príomháideacha a imscrúdú. Ní mór do bhord sláinte an gearán a imscrúdú agus, nuair a sheastar leis, féadfaidh sé treoir a eisiúint chuig an teach altranais (nach mór déanamh dá réir) ag cur air gníomhaíocht shonraithe a dhéanamh. Cé nach gceadaítear dom leis an gcumhacht atá agam gníomhartha tí altranais príomháidigh ar leith a imscrúdú, is féidir liom an modh ina ndearna bord sláinte imscrúdú a iniúchadh.

Fuair mé gearán ó bhean faoi neamhleorgacht imscrúdaithe a rinne Bord Sláinte an Mheániarthair ar an gcúram a tugadh dá máthair nach maireann fad a bhí sí ina háitritheoir i dteach altranais sna seachtainí roimh a bás. Dhearbhaigh sí chomh maith go raibh na conclúidí a rinne an Bord amach, in éineacht le ráiteas an toraidh a eisíodh chuici, ar neamhréir leis na fíorais a fuarthas amach. Bhí sí míshásta le socraíochta a líomhna go raibh cor i gcaitidéar a bhí nasctha lena máthair thar thréimhse 48 n-uair an chloig roimh a bás. Dhiúltaigh sí glacadh le héileamh a rinne foireann imscrúdaithe an Bhoird go raibh galar Alzheimer ar a máthair.

B'é a leanas cúlra an cháis. Bhí foireann an tí altranais i ndiaidh an teaghlach ar an eolas go raibh a máthair an-bhreoite, nach raibh mún á dhéanamh aici, rud a thug le fios nach raibh a duáin ag oibriú, agus nach bhféadfaí a bheith ag súil go mairfeadh sí rófhada. An lá dar gcionn, le linn cuairte, fuair an gearánaí amach nach raibh mún á dhéanamh ag a máthair fós. D�iarr sí ar dhochtúir teaghlaigh a máthar cuairt a thabhairt uirthi ansin. Dúirt an gearánaí gur chuir ball d�fhoireann an tí altranais in iúl di bealach an teileafóin an tráthnóna sin go bhfuarthas amach go raibh cor sa mhála fuail, agus nuair a ionadaíodh é go ndearna a máthair cuid mhaith múin. D�éiligh sí go ndúradh léi an lá dar gcionn gur rud réasúnta gnách é deacracht dá leithéid leis an mála.

Rinne an Bord an gearán a imscrúdú agus chuir in iúl don ghearánaí go raibh galar Alzheimer ar a máthair agus go raibh crapthaí forleathana agus lomairtí leapa aici ag tráth a báis. Dúirt siad gur iompaíodh í gach dhá uair an chloig agus gur tugadh caighdeán sásúil cúraim altranais di. Dúirt an Bord gur thug tuairisc altranais le fios go ginearálta cé mhéad fuail a dreanáladh ón gcaitidéar agus cathain a ionadaíodh é. Luaigh sé chomh maith gur dheacair an gearán a imscrúdú mar go raibh sé aisbhreathnaitheach agus imthoisceach agus chun go ndéanfaí é a imscrúdú ba ghá an gearán a fháil ag tráth an teagmhais.

Ag cruinniú iardain leis an ngearánaí agus a mac dúirt oifigigh den Bhord nach raibh aon fhianaise sa tuairisc altranais ar chor sa chaitidéar, ach go raibh taifead ar an gcaitidéar a athrú le haschur iardain de 500 ml d�fhual. Scríobh an gearánaí chuig an mBord ina dhiaidh sin ag cur in iúl go raibh sí míshásta le méid an imscrúdaithe a rinneadh ar theagmhas an chaitidéir bhlocáilte, agus d�áitigh go raibh na conclúidí ar neamhréir leis an méid a chonaic sí. D�áitigh sí chomh maith nach raibh agallamh curtha ar na daoine cuí a bhí páirteach, agus go raibh an t-éileamh go raibh galar Alzheimer ar a máthair mícheart ó thaobh fíoras. D�fhreagair an Bord agus dhiúltaigh dá háiteamh.

I ndiaidh dom an cás a scrúdú, thug mé tuairisc don Bhord inar áiríodh mo réamhthorthaí. Ba é an tuairim a bhí agam ná go raibh fianaise prima facie ann go raibh an t-imscrúdú a rinne an Bord neamhleor agus mar sin contrártha do riaradh cóir nó slán. D�fhreagair an Bord mé agus dúirt sé gur ghlac sé le mo bhreithnithe i dtaca leis an imscrúdú, agus go raibh socrú déanta aige go ndéanfadh foireann ó Limistéar Cúraim Pobail eile cigireacht ag an teach altranais.

Thaispeáin tuairisc na Foirne Imscrúdúcháin go raibh sé sásta go raibh an caitidéar blocáilte ag tráth a athraithe agus go raibh cor i ndiaidh a bheith ann ní ba luaithe an oíche sin. I dtaca leis an diagnóis go raibh galar Alzheimer ar an mbean fuair an fhoireann amach nach raibh aon fhianaise dhoiciméadach ann a thacaigh leis an diagnóis sin. Ghabh an Bord a leithscéal ina dhiaidh sin as an earráid agus as aon tochsal a cothaíodh. Rinne an Fhoireann Imscrúdúcháin roinnt moltaí chomh maith ag cur ar an teach altranais polasaithe agus nósanna imeachta a dhéanamh amach i bhfoirm scríbhinne i dtaca le rialú caitidéar, brúlomairtí a chosc, agus cógais mhíochaine a riar.

Ina theannta sin, ba léir go raibh an fhianaise, ar ar bhunaigh an Fhoireann Imscrúdúcháin a conclúidí, ar fáil go furasta dóibh sin a rinne an chéad imscrúdú. D�iarr mé ar an mBord cuimhneamh ar shásamh, i bhfoirm íocaíochta ex gratia, agus thoiligh sé íocaíocht de �750 (�952.30) a íoc leis an ngearánaí. Bhi an tsuim seo deartha chun a chinntiú gur sholáthair an Bord sásamh réasúnta chun an strus, imní, frustrachas, agus míchaoithiúlacht a d�fhulaing an gearánaí mar thoradh ar na heasnaimh ina imscrúdú a shásamh.

Back to contents