Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Leagan Teics

5.2.5 Cásanna Roghnaithe - Ceadaítear do bhean bhreacaosta iarratas a dhéanamh ar a teaghais ón gcomhairle a cheannach tar éis í a bheith diúltaithe

Dhiúltaigh Comhairle Baile An Inbhir Mhóir iarratas ó bhean bhreacaosta chun a teaghais a cheannach. Leithdháladh tionóntacht ar theach aon seomra codlata uirthi breis is 30 bliain roimhe sin. Bhí sí 55 bliain d’aois ag an am agus chónaigh sí lena hiníon óg. Rinne sí fiosrúcháin in imeacht na mblianta chun a teaghais a cheannach ach chuir an chomhairle in iúl di go raibh beartas daingean i bhfeidhm acu inar cuireadh cosc ar theaghaisí aon seomra codlata a dhíol. Cuireadh ar an eolas í gur aontaigh an chomhairle teaghais chosúil a dhíol agus scríobh sí chuig an gcomhairle sa bhliain 2001 agus rinne sí tagairt don díolachán sin agus rinne sí iarratas ar a teaghais a cheannach. Mar fhreagra air sin luaigh an chomhairle nach bhféadfaí an teaghais a cheannach faoin scéim cheannaigh an tionóntaí ó tharla gur ‘árasán ar léas’ a bhí sa teaghais. D’ardaigh a mac an cheist arís sa bhliain 2006 agus cuireadh ar an eolas é, d’ainneoin gur aontaigh an chomhairle teaghais chosúil a dhíol san am a caitheadh, nach raibh an cinneadh sin de réir ghnáthbheartas na comhairle. Luaigh an chomhairle nár áiríodh teaghaisí beaga ina scéim cheannaigh ag tionóntaí agus go ndearna siad iarracht teaghaisí beaga den chineál a choinneáil ina stoc chun freastal ar riachtanais tithíochta daoine breacaosta.

Chinn m’Oifig na nithe seo a leanas tar éis dúinn an cás seo a ghlacadh:

  • Cé gur chuir an chomhairle síos ar an teaghais mar ‘árasán ar léas’ níorbh árasán a bhí i dteaghais an ghearánaí.
  • Dearadh an cineál teaghaise arna háitiú ag an ngearánaí chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine single agus do dhaoine breacaosta araon agus cuireadh cóiríocht ar fáil iontu chomh maith do lánúineacha óga gan chlann,
  • Ba léir nár dearadh an teaghais go sonrach chun cóiríocht a chur ar fáil d’aon duine breacaosta amháin nó do níos mó ná aon duine breacaosta amháin, agus
  • Níl foráil sa scéim cheannaigh ag tionóntaí arna glacadh ag an gcomhairle gan teaghaisí beaga a thabhairt san áireamh sa scéim.

D’iarr mé go ndéanfadh an chomhairle athbhreithniú ar a gcinneadh agus d’aontaigh an chomhairle an cheist a bhreithniú agus cheadaigh siad don ghearánaí ina dhiaidh sin iarratas a dhéanamh chun a teach a cheannach.

Back to contents