Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Leagan Teics

3.4.5 Lámh chúnta do dhaoine - For-rochtain – Cuairteanna ar na hIonaid Eolais do Shaoránaigh (CIC) agus cuairteanna ar na Réigiúin

Lean foireann m’Oifige sa bhliain 2008 le seirbhísí for-rochtana an Ombudsman a chur chun cinn trí chuairt mhíosúil rialta a thabhairt ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach agus trí chláir chuairte ar na réigiúin trínar tugadh cuairt ar Thrá Lí, Inis, Leitir Ceanainn agus Loch Garman le linn na bliana.


Ionaid Eolais do Shaoránaigh (CIC)

Is cuid fhadbhunaithe de chlár bliantúil for-rochtana m’Oifige na cuairteanna míosúla a thugann foireann an Ombudsman ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh.   Caitheann comhalta foirne lá den mhí in Oifigí na nIonad Eolais do Shaoránaigh i nGaillimh, i Luimneach agus i gCorcaigh chun gearáin ó dhaoine den phobal a thaifeadadh. Fógraítear na cuairteanna roimh ré ar shuíomh gréasáin an Ombudsman agus trí na meáin áitiúla.  Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le bainisteoirí, foireann agus daoine deonacha na nIonad Eolais do Shaoránaigh agus le m’fhoireann as a dtacaíocht ghairmiúil leanúnach i gcaitheamh na gcuairteanna seo.


Ionad Eolais do Shaoránaigh Chorcaí

Fuarthas 50 gearán bailí san iomlán tríd an Ionad Eolais do Shaoránaigh sa bhliain 2008. Is ionann an figiúr sin agus 17.5% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Chorcaí sa bhliain 2008.


Ionad Eolais do Shaoránaigh na Gaillimhe

Fuarthas 48 gearán bailí san iomlán tríd an Ionad Eolais do Shaoránaigh sa bhliain 2008. Is ionann an figiúr sin agus 23% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae na Gaillimhe sa bhliain 2008.


Ionad Eolais do Shaoránaigh Luimnigh

Fuarthas 50 gearán bailí san iomlán tríd an Ionad Eolais do Shaoránaigh sa bhliain 2008. Is ionann an figiúr sin agus 45% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Luimnigh sa bhliain 2008.


Cuairteanna ar na Réigiúin

Ní ionann na cuairteanna ar na réigiúin agus na cuairteanna ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh ó tharla go mbíonn roinnt ball foirne páirteach in ócáid a mhaireann lá amháin nó dhá lá ar uairibh i mbaile mór. Déanann m’Oifig gach iarracht láthair lárnach a roghnú ionas go mbeadh lucht fiosruithe agus gearánaithe ábalta teacht go héasca chuig an láthair. Is iondúil go mbíonn foireann an Ombudsman ar fáil idir 10.00r.n. agus 7.30i.n. ar an lá chun deis a thabhairt do dhaoine freastal orthu taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre. Fágann sin go mbítear ábalta agallamh a chur ar isteach agus amach le 90 gearánaí i gcuairt shingil amháin ar na réigiúin.


Cuairteanna an Ombudsman ar na Réigiúin sa bhliain 2008

Trá Lí – 30ú Aibreán

Fuarthas 90 gearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí 73 díobh sin.  Is ionann an figiúr sin agus 49% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Chiarraí sa bhliain 2008.


Inis – 19ú Meitheamh

Fuarthas 50 gearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí 44 díobh sin.  Is ionann an figiúr sin agus 48% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae an Chláir sa bhliain 2008.


Leitir Ceanainn - 18ú Meán Fómhair

Fuarthas 48 gearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí 37 díobh sin.  Is ionann an figiúr sin agus 40% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Dhún na nGall sa bhliain 2008.


Loch Garman – 29ú Deireadh Fómhair

Fuarthas 38 gearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí 28 díobh sin.  Is ionann an figiúr sin agus 25% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Loch Garman sa bhliain 2008.


Mar sin mar achoimre ba 11.8% de na gearáin bhailí go léir a rinneadh le m’Oifig sa bhliain 2008 an líon iomlán de ghearáin bhailí a fuarthas as na cláir chuairte for-rochtana rialta seo agus is léargas é sin ar a thábhachtaí is atá sé an tseirbhís a chur ar fáil do dhaoine ina gceantair féin.

Back to contents