- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Leagan Teics
4.1 An Státseirbhís - Forléargas
Is iad seo a leanas na Ranna Stáit:
- Roinn an Taoisigh
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
- An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
- An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
- An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta
- An Roinn Cosanta
- An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
- An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha
- An Roinn Sláinte agus Leanaí
- An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
- An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Tugtar gearáin faoin roinn seo i gCaibidil 6)
- An Roinn Iompair
Ina theannta sin is ann d’Oifigí Rialtais Láir a bhíonn i mbun príomhfheidhmeanna rialtais, mar shampla, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus eagraíochtaí eile a aithnítear go sonrach sa Bhunreacht, cosúil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus ar a sanntar feidhmeanna sonracha reachtúla.
Cuirtear dhá phríomhthasc faoi chúram na státseirbhíse:
- cabhair a thabhairt do chomhaltaí an rialtais chun beartais a dhéanamh,
- cinntí beartais a dhéanamh.
Tá isteach agus amach le 37,000 duine [ar bhonn comhionann lánaimseartha] fostaithe sa státseirbhís, i réimsí ó phoist chléireachais agus riaracháin go poist bhainistíochta sinsearaí, poist ghairmiúla agus theicniúla. Is iomaí réimse a chlúdaíonn obair na státseirbhíseach lena n-áirítear na réimsí seo a leanas - airgeadas, beartas eacnamaíoch agus sóisialta, oideachas, seirbhísí sláinte, tionscal, iompar, talmhaíocht, réimse iascaigh agus bia, fuinneamh, ceartas agus comhionannas, gnóthaí dlí, seirbhísí sóisialta agus pobail, oidhreacht, turasóireacht agus spórt.
Baineann múinteoirí agus comhaltaí An Gharda Síochána agus comhaltaí foirne na n-údarás áitiúil agus na seirbhísí sláinte leis an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, seachas leis an státseirbhís. Íoctar a dtuarastail áfach as cistí an rialtais láir chomh maith.
Ainmnítear daoine aonair den rialtas mar Airí gur orthu amháin a bhíonn an fhreagracht as na Ranna éagsúla Stáit a riar. Bíonn foireann bhuan ina mbíonn fostaithe riaracháin, gairmiúla, speisialta agus teicniúla i ngach roinn den sórt. Is é an teideal Ard-Rúnaí a ghlaoitear ar an státseirbhíseach is airde i ngach roinn agus ceapann an rialtas iad ar feadh téarma oifige 7 mbliana.
