- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Eolas Teagmhála
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Tuarascáil Bhliantúil 2008 - Leagan Teics
3.1 Tuarascálacha ar Imscrúdú agus Eisiúintí sna Meáin
- 10ú Eanáir – Foilsíodh mionsonraí ar shuíomh gréasáin na hOifige faoi thrí ghearán a dtángthas ar réiteach orthu faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, faoin Roinn Talmhaíochta agus Bia agus faoi Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh.
- 5ú Meitheamh – Foilsíodh tuarascáil ar imscrúdú maidir le trí ghearán a bhain le diúltú Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) liúntas cúram baile a thabhairt.
- 9ú Iúil – D’fhoilsigh an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2007.
- 18ú Lúnasa – Eisiúintí sna Meáin – tuarascáil achoimre ar chás maidir le gearán a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman a bhain le cinneadh FSS.
- 18ú Lúnasa – Foilsíodh mionsonraí ar shuíomh gréasáin na hOifige maidir le ceithre ghearán a dtángthas ar réiteach orthu, a rinneadh léi faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an FSS (dhá ghearán) agus Comhairle Contae Shligigh.
- 20ú Deireadh Fómhair – Preasagallamh chun Tuarascáil faoina himscrúdú maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla a fhoilsiú.
- 22ú Deireadh Fómhair – Foilsíodh díolaim maidir le dhá ghearán déag a chuir ionadaithe poiblí faoi bhráid an Ombudsman lena scrúdú.
- 15ú Nollaig – Foilsíodh tuarascáil ar an gcúram agus an chóireáil a cuireadh ar bhean bhreacaosta a raibh cúram faoisimh á fháil aici in Ionad Cúraim Mhuire, sa Mhuileann gCearr, teach poiblí altranais de chuid FSS.
Is féidir mionsonraí iomlána faoi na heisiúintí sin sna meáin agus na tuarascálacha dá dtagraíonn siad a fheiceáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
Eisiúintí sna Meáin (Bearla): http://www.ombudsman.gov.ie/en/PressReleases/
Tuarascálacha Imscrúdaithe (Bearla): http://www.ombudsman.gov.ie/en/Publications/InvestigationReports/
