- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Tuarascáil Bhliantúil 2007 - Leagan Teics
Caibidil 4: An Bhliain faoi Athbhreithniú - Cuid a Dó
Fógraí a eisíodh faoi Alt 7 d’Acht an Ombudsman, 1980.
Tá an cumhacht reachtúil ag m’Oifig chun Fógra faoi Alt 7 a eisiúint ag lorg an faisnéise a iarrtar má bhíonn moill ró-fhadálach ag tabhairt freagra ar an iarraidh. Foilsíodh miondealú ar líon na bhfógraí a eisíodh don chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil na hOifige seo don bhliain 1998. Ag seo a leanas an patrún bliantúil a lean an fógraí sin ón uair sin i leith:
| Bliain | Líon d’fhógraí Ailt 7 a eisíodh |
|---|---|
| 1998 | 45 |
| 1999 | 27 |
| 2000 | 14 |
| 2001 | 19 |
| 2002 | 16 |
| 2003 | 12 |
| 2004 | 6 |
| 2005 | 31 |
| 2006 | 18 |
| 2007 | 18 |
Ag seo a leanas miondealú ar na Fógraí Alt 7 a eisíodh sa bhliain 2007
| Comhlacht | Líon na bhFograí Ailt 7 a eisíodh |
|---|---|
Státseirbhís |
|
| An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí | 10 |
| An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Aiceanta | 1 |
| Údaráis Áitiúila | |
| Comhairle Chontae Chill Dara | 4 |
| Comhairle Chontae Chorcaí | 1 |
| Comhairle Chontae Mhuineacháin | 1 |
Comhairle Chontae Thiobraid Árann Theas |
1 |
| Iomlán | 18 |
Níor eisíodh aon Fhógra Ailt 7 ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2007 agus bhí iomlán na bhfigiúirí ar an ndul céanna le 2006. Is cúis díomá dúinn go raibh orainn oiread Fógraí Ailt 7 a eisiúint ar an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, mar b’ionann iad agus níos mó ná a leath den iomlán ar fad a eisíodh. Bhain cuid mhór de na gearáin seo chuig m’Oifig le ró-mhoill i bpáirt na Roinne ag déileáil lena gcliaint agus, dá bhrí sin, cuireann sé le donacht an scéil go gcaitheann siad ró-mhoill arís ag freagairt ar theagmhálacha ó m’Oifigse. Tá sé fúm faire a dhéanamh ar an fhadhb seo i rith 2 008 le súil go dtiocfaidh feabhas ar an méid ama a chaitheann an Roinn chun freagra a thabhairt ar an Oifig seo.
Rochtain agus Feasacht an Phobail
I rith na bliana 2007 lean an Oifig le seirbhísí for-rochtana chuig an bpobal ginearálta ar fud na tíre chun na seirbhísí seo a thabhairt go dtí an réimse ba leithne agus a b’fhéidir agus lena dheimhniú go mbeadh teacht ar na seirbhísí sin. I rith na bliana 2 007 thug an fhoireann cuairteanna míosúla ar roinnt Ionad Faisnéise do Shaoránaigh (IFS) agus bhí cuairteanna réigiúnacha aon-lae chuig sé láthair eile.
Sa bhliain 2007, tugadh cuairteanna IFS ar Chorcaigh, ar Ghaillimh, ar Luimneach agus ar an gCúlóg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Fuarthas 261 gearán nua ar fad le linn na gcuairteanna seo. Astu sin bhí 162 gearán bailí agus 90 (nó 34%) neamhbhailí. Ní bheadh sé indéanta an obair thábhachtach seo a dhéanamh gan an comhar a fuarthas ó gach IFS áitiúil.
Thug foireann ón Oifig seo cuairteanna aon-lae freisin ar Chluain Meala, ar Chill Áirne, ar Aonach Urmhumhan, ar Phort Laoise, ar Thiobraid Árann agus ar Phort Láirge. Chasadh 295 duine orthu i rith na gcuairteanna sin agus fuarthas 29 gearán bailí. Ba é an chomh-iomlán de ghearáin bailí nua a fuarthas mar thoradh ar na cuairteanna míosúla agus aon-lae ná 391. Tá sonraí maidir le clár na gcuairteanna don bhliain 2008 le fáil ar láithreán gréasáin na hOifige [www.ombudsman.ie].
Cuairteoirí go dtí m’Oifig
I Mí Lúnasa bhuail mé leis an Ollamh Gerard Quinn, ONÉ, Gaillimh, atá ina Stiúrthóir ar an Aonad um Mhíchumas, Dlí, Polasaí agus Taighde. Is comhalta an tOllamh Quinn freisin de Choimisiún na hÉireann um Chearta Daonna. Ba é cuspóir an chruinnithe ná ceisteanna a bhain le bunú an Aonaid san Ollscoil agus cibé tairbhe a bheadh don Oifig seo sa taighde a dhéanfaí ann amach anseo.
I Mí Dheiridh Fómhair thug toscaireacht ó Leosóta cuairt ar an Oifig chun ról na hOifige agus na modh-eolaíochtaí oibre atá againn a scrúdú. Ar an dtoscaireacht bhí Mrs Mpeo Mahase-Moiloa, an tAire Dlí agus Cirt, an Príomh-Rúnaí atá aici, Ms Pontso Lebotsa, Mr Sekara Mafisa, Ombudsman Leosóta, agus a Soilse Mrs Mannete Ramaili, Ambasadóir Leosóta chun na hÉireann. Bhí spéis faoi leith ag an dtoscaireacht i gcóras TE na hOifige agus tá súil againn a bheith ábalta cur le seo trí chuairt eile ar an Oifig i 2008 ag ball den fhoireann TE as Oifig an Ombudsman i Leosóta.
I rith Mí na Samhna bhí cruinniú agam leis an Uas Jon Bills, Stiúrthóir ar Cháilíocht an Chúraim Sláinte ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS) agus lena chomhghleacaí Ms Marion Witton, an Príomh- Chigire i gCigireacht na Seirbhísí Sóisialta ag ÚFCS. Ag an gcruinniú rinne na toscairí ón ÚFCS ról an ÚFCS a achoimriú maidir le cigireacht agus le clárú na seirbhísí cónaitheacha do sheandaoine, do pháistí agus do dhaoine le míchumais agus an tslí a dhéantar caighdeáin an tsoláthair sa chúram sláinte a leagan síos agus a fhaire.
Saincheisteanna Ag Éirí As Gearáin Aonair
Na hÚdaráis Áitiúla agus Feidhmiú de réir an Dlí
Dhírigh téama na Tuarascála Bliantúla a d’fhoilsigh mé don bhliain 2006 ar an dtábhacht a bhaineann le comhlachtaí poiblí do ghníomhú go cóir de réir an dlí agus de réir na rialacha agus na rialacháin atá ann dóibh. Chuir mé síos ar an ngá atá ag an cinntí a dhéanann seirbhísigh poiblí gach lá a bheith bunaithe ar chineál éigin údaráis, bíodh sé reachtúil nó a mhalairt. Chuir mé síos go hachomair ar roinnt chás a thaispeáin gur bhain comhlachtaí poiblí áirithe úsáid éagórach agus míchothrom as a n-údarás, go ndeachadar os cionn an údaráis a bhí acu nó nach raibh fiú amháin an t-údarás féin acu don ghníomhú a bhí ina chúis den ghearán. I gcaitheamh na bliana bhí ar m’Oifig déileáil le gearáin eile den chineál céanna mar a leanas:
Comhairle Chathrach Chorcaí
Fuair mé iomad gearán i gcoinne Comhairle Chathrach Chorcaí i ndáil le diúltaithe ar cheadanna páirceála a thabhairt do dhaoine a chónaíonn i bhfoirgnimh árasán sa chathair, ar an mbonn go raibh páirceáil charrchlóis phríobháideach ar fáil acu cheana féin. Ba é an seasamh a thug an Chomhairle ná go ndéantar an Scéim Cheadanna Páirceála d’Áitritheoirí a riaradh de réir na bhFodhlíthe Páirceála a tháinig i bhfeidhm i Mí Iúil 2 005. Is iad na Fódhlíthe seo a leagann síos na coinníollacha le haghaidh ceadanna páirceála áitritheoirí a eisiúint. Dar leis an gComhairle, le linn dóibh iarratais ar cheadanna páirceála a mheas, bíonn aird acu ar na fodhlíthe seo, nach bhfuil foráil ar bith iontu cead páirceála áithritheora a eisiúint do lucht cónaithe na bhforbairtí ilfheidhmeacha seo, toisc go bhfuil páirceáil charrchlóis phríobháideach acu cheana.
Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar na fodhlíthe ábhartha, bhí mé den tuairim nach dtacaíonn siad le polasaí na Comhairle, toisc go ndeir na fodhlíthe go ndéantar cead páirceála áitritheora a eisiúint ar áitritheoir ar bhóthar poiblí agus níl aon eisiamh iontu maidir le daoine i bhforbairtí ilfheidhmeacha. Ar an mbonn seo d’iarramar ar an gChomhairle athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh a bhí acu. Ina dhiaidh sin d’admhaigh an Chomhairle nach raibh an polasaí páirceála a bhí acu agus na fodhlíthe páirceála ag teacht de réir a chéile ar roinnt shlite. Mar thoradh ar sin, i Mí Lúnasa 2007, leasaigh Comhairle Chathrach Chorcaí a bpolasaí faoi eisiúint ceadanna páirceála d’áitritheoirí. Mholamar do na gearánaithe teagmháil le Comhairle Chathrach Chorcaí arís ionas go bhfaighdís an ceadanna a bhí uathu.
Comhairle Bhaile Thrá Lí
Fuair mé gearán i gcoinne Comhairle Bhaile Thrá Lí ó dhuine a chónaíonn i dTrá Lí ar dhiúltaíodh cead páirceála áitritheora dó ar an mbonn go raibh cead páirceála ag duine eile sa teaghlach agus ba é polasaí na Comhairle nach bhfaigheadh gach teaghlach ach aon chead páirceála amháin. Bhí an Chomhairle tar éis iomad fíneálacha páirceála a eisiúint ar iomad ball den teaghlach agus toghairm Chúirte a eisiúint ar dhuine amháin toisc gan diosca/cead páirceála bailí a bheith ar thaispeáint. Nuair a scrúdaigh mé an cás fuair mé amach gur tharraing dlíodóir na Comhairle an toghairm siar ar an lá a bhí an cúisí le teacht os comhair na Cúirte toisc “nach raibh dealramh réasúnta ann go n-éireodh leis an gcás”. Ba é an bonn a bhí leis an gcinneadh sin ná “nach raibh bonn dlíthiúil ar bith leis an nós a bhí ann gan ach cead amháin a thabhairt do gach áitreabh, agus má tá aon nós mar sin á oibriú ag Comhairle Bhaile Thrá Lí tá sé contráilte le forálacha na bhfodhlíthe”. In ainneoin sin, lean an Chomhairle iar sin ag srianadh an gceadanna páirceála go dtí ceann amháin do gach áitreabh agus leanadar ag eisiúint fíneálacha páirceála do lucht cónaithe na háite as páirceáil a dhéanamh gan cead/diosca bailí a thaispeáint.
I ndiaidh tuilleadh teagmhála le m’oifigigh, is éard a dúirt an Chomhairle:
- Nach n-eiseofaí toghairmeacha i ndáil le fíneálacha tráchta sa chás seo;
- Go raibh sé pleanáilte ag an gComhairle na fodhlíthe tráchta agus páirceála a leasú chun foráil a chur iontu ag srianadh ceadanna páirceála áitritheoirí go dtí ceann amháin do gach áitreabh, agus
- Go raibh comhaontú intuigthe déanta leis na maoir tráchta gan a thuilleadh fíneálacha tráchta a eisiúint go dtiocfaí ar réiteach ar an bhfadhb.
Ghlac mise an tuairim:
- go raibh an Chomhairle i ndiaidh a gcuid fhodhlíthe féin a bhriseadh agus bhíodar fós á dhéanamh ag feitheamh le fodhlíthe leasaithe a thabhairt isteach;
- bhí fíneálacha páirceála eisithe acu agus a fhios acu go maith nach mbeadh siad inniúil ar imeachtaí dlí a thionscnamh mura n-íocfaí an fhíneáil, agus
- chuireadh fiacha dlíthiúla ar mo ghearánaí as ullmhúchán a dhéanamh chun an cás a chosaint sa Chúirt.
Nuair a chuireadh na tuairimí seo in iúl don Chomhairle rinneadar athmhachnamh ar an scéal agus d’admhaíodar nach raibh an nós a leanadar de réir a bhfodhlíthe féin. Thug Comhairle Bhaile Thrá Lí orthu féin an cleachtas a athrú agus ceadanna breise a eisiúint ar mo ghearánaí agus ar áitritheoirí cáilithe eile. Dheimhníodar freisin go rabhadar sásta cúiteamh a thabhairt don ghearánaí as na fiacha dlíthiúla a ghearradh.
Is cúis dhíomá dom go mbíonn gearáin ag teacht i gcónaí faoi nithe mar sin. Is léir go mbíonn cuid de na húdaráis áitiúla ag déanamh agus ag feidhmiú polasaithe gan an t-údarás ceart. Ní maith an toradh ar an bpobal a leithéid.
Faoiseamh Cánach ar Phinsin Pearsanta
Fuair mé gearán ó bhean maidir le diúltú a thug na Coimisinéirí Ioncaim ar fhaoiseamh cánach a thabhairt dí as ranníocaíochtaí chuig plean pinsin pearsanta. Bhí an bhean seo scartha óna fear céile, agus bhí sé ag tabhairt íocaíochtaí cothabhála dí. Ba iad na híocaíochtaí seo an príomh-ioncam a bhí aici agus bhí cáin aici le híoc orthu. Nuair a d’iarr an bhean faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí do phlean pinsin pearsanta a bhí aici dúirt na Coimisinéirí léi go raibh foráil ann sa dlí maidir le cén ioncam a cháileodh le haghaidh faoisimh. Forálann an reachtaíocht a bhí i gceist go mbaineann an faoiseamh le ioncam ó “thuilleamh ábhartha”, is é sin go bunúsach ioncam ó oifig, ó fhostaíocht, ó cheird nó ó ghairm. Ní shamhlaítear íocaíochtaí cothabhála do theacht faoin sainmhíniú ‘tuilleamh ábhartha’ agus dá bhrí sin níl aon fhaoiseamh le fáil orthu. Sa chás seo bhí an reachtaíocht soiléir agus ba dhealraitheach gur bhain na Coimisinéirí an léirmhíniú ceart as na rialacha i gcás an cháin-íocóra seo. Mar sin féin, is cosúil go léiríonn an gearán seo go soiléir an éagothroime atá ann agus an fioras go léiríonn sé gur dóichí nach bhfriothálann na socruithe reachtúla sa chás seo an polasaí sóisialach atá againn maidir le pinsin a sholáthar. Táthar á rá leis an bpobal, agus go háirithe le mná, le blianta gur ceart freagracht a ghlacadh as pinsean a sholáthar agus is iomaí tagairt atá déanta don shochar cánach atá le baint as pleananna pinsin.
Taispeánann an cás seo go bhfuil cáiníocóirí, daoine scartha sa chás seo, arb é príomh fhoinse a n-ioncam ná íocaíochtaí cothabhála atá ceangailteach faoin dlí, bactha ag an ndlí ó fhaoiseamh atá ar fáil ag daoine eile, agus ag an am céanna bíonn orthu cáin a íoc ar ioncam den chineál sin. Bheadh athrú sa dlí de dhíth chun an bhail atá ar dhaoine scartha maidir le seo a athrú agus is gnó é sin don Oireachtas le machnamh a dhéanamh air. Is é cúram an Oireachtais an polasaí sóisialach a mheas agus an reachtaíocht ghaolmhar a achtú. Sa chomhthéacs seo tá an ról atá agamsa teoranta d’aire an Oireachtais a tharraingt ar shaincheisteanna mar í seo a bhfuil scrúdú níos géire tuillte acu ní foláir.
