Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Tuarascáil Bhliantúil 2007 - Leagan Teics

Caibidil 3 Cásanna Roghnaithe - Údaráis Áitiúil

Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin

Deontas Duine Mhíchumasaigh a Diúltaíodh

Ag déileáil le cúrsaí tithíochta, go háirithe le hiarratais le haghaidh chúnaimh dheontais i leith costais athchóirithe tí chun freastail ar dhuine aosta nó ar mhíchumasach, bunaíonn na húdaráis áitiúla a gcinntí ar na rialacha a bhaineann leis na scéimeanna ábhartha. Léiríonn an cás seo cuid de na deacrachtaí a tharlaíonn má bhíonn rud éigin neamhghnách ag baint le hábhar an chinnidh.

Rinne Comhairle Chontae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin (CCDLRD iarratas ar Dheontas Duine Mhíchumasaigh de €6,300 a fhaomhadh le haghaidh cuar-ardaitheora ar an staighre a chuirfeadh ar chumas máthar an ghearánaí cónaí sa bhaile tar éis diagnóise go raibh ailse fhoirceanta ag gabháil dí. Toisc go raibh staighre cuar sa teach bhí gá le hardaitheoir a dhéanamh a oirfeadh don teach agus chuir sin moill ar é an gcur isteach. Idir an dá linn chuaigh sláinte na máthar chun donais agus d’éag sí. Chuir an gearánaí in iúl don chomhairle agus don chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora go raibh a máthair tar éis báis agus nach raibh an t-ardaitheoir ag teastáil a thuilleadh. Ach, bhí an chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora tar éis €3,000 a chaitheamh agus lorgaíodar an t-airgead ón ngearánaí. Dúirt an Chomhairle nach n-íocfaidís an gearánaí toisc nach raibh an t-ardaitheoir curtha isteach. Nuair ná rabhadar sásta an cinneadh sin a athrú rinne an bhean gearán liomsa.

Le linn dóibh an cinneadh a mhíniú don Oifig seo, thagair an Chomhairle do chlásal 7 de na rialacháin ábhartha a dúirt go mbeadh bronnadh an deontais faoi réir na hoibre a bheith curtha i gcrích de réir sástacht na Comhairle agus ag réiteach leis na Rialacháin Tógála. Mhaíodar nach cheadaigh an scéim an deontas a íoc i gcás nár rinneadh an obair. Tar éis tuilleadh teagmhálacha le páirtithe difriúla tháinig sé chun solais gur tharla cás den chineál céanna le húdarás áitiúil eile a íoc an deontas in ainneoin nár chuireadh an t-ardaitheoir isteach. Nuair a dheimhnigh an dara údarás áitiúil gur íocadar an deontas, i gcás mar sin, ar an mbonn go rinneadh é a fhaomhadh go dea-mheonach, d’iarr mé ar CCDLRD féachaint arís ar an seasamh a bhí acu sa chás. D’aontaigh an Chomhairle agus dúradar go mba mhian leo an t-anró a bhogadh don ghearánaí, agus má chreid sí go raibh sí faoi chonradh an chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora a íoc, go mbeidís fabhrach do chuidiú léi chun an caiteachais a fháil ar ais. D’íoc an gearánaí an chuideachta áirithe, agus chuir sí admháil chuig an gComhairle ag lorg na hais-íocaíochta. Cheap mé go raibh an toradh sin sásúil, cé go raibh ar an bhfoireann seo againne mór-chuid oibre a dhéanamh le chur ina luí ar CCDLRD go raibh fiúntas sa chás a bhí ag an ngearánaí.


Comhairle Chontae Lú

Deontas do Dheiseacháin Riachtanacha a Diúltaíodh

Rinneadh gearán go dtí m’Oifig i ndáil le hiarratas chuig Comhairle Chontae Lú faoi Scéim na nDeontas do Dheiseacháin Riachtanacha (DDR) le haghaidh deiseachán do dhíon tí. Dhiúltaigh an Chomhairle an t-iarratas ar an mbonn nach raibh an scéim ar fáil ach amháin do dhaoine os cionn seasca a chúig. Sa chéad fhreagra a thugadar ar m’Oifig, thagair an chomhairle d’imlitir a d’eisigh Roinn an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil maidir leis an scéim.

Dúirt an imlitir go raibh an scéim dírithe go príomha ar dhaoine aosta a bhí ina gcónaí i dtithe a raibh drochbhail orthu agus go raibh an deontas ann d’aon ghnó chun ligean dóibh fanacht ina dtithe ar feadh a saoil agus gan iallach a chur orthu a bheith ag bogadh go dtí áit nua agus a bheith ag lorg tithe ón údarás áitiúil. Dúirt an Chomhairle go measfaí daoine a bheith “aosta” chun críche an chinnidh dá mbeidís 65 nó os a chionn agus go raibh sin bunaithe ar an riail nach soláthraítear tithe sóisialta do dhaoine aosta mura mbeidís 65 nó os a chionn. Nótáil an Chomhairle freisin nach ndearna an gearánaí aon iarratas ar theach sóisialta a fháil, rud a bheadh sí i dteideal a dhéanamh mura raibh an áit a bhí aici oiriúnach chun cónaithe.

Chuir an Oifig agamsa ar a súile don Chomhairle gur soláthraíodh don Dheontas do Dheiseacháin Riachtanacha (DDR) faoi théarmaí na Rialachán Tithíochta (Deontais le haghaidh daoine faoi Mhíchumas agus Deiseacháin Riachtanacha) 2001 - RI 607 de 2001.  Deir na Rialacháin seo gur féidir le húdarás tithíochta deontas a íoc le duine i gcomhair deiseachán riachtanacha má cheapann an t-údarás sin, cé go bhfuil na deiseacháin níos lú ná an méid a theastódh chun maise iomlán a chur ar an teach, mar sin féin gur leor iad na deiseacháin sin chun fad réasúnta a chur le ré bheatha an tí mar ionad cónaithe:

Thug an Oifig agamsa faoi deara nach raibh aon teorainn aoise luaite san Rialacháin maidir le DDR. Thugamar faoi deara freisin, cé go ndúirt Imlitir na Roinne go raibh an scéim dírithe “go príomha” ar chúnamh deontais a thabhairt do dhaoine aosta, níor fágadh as an áireamh go n-íocfaí deontas le duine a bheadh cáilithe ar gach bhealach eile ach amháin aois.

Dhealraigh sé dúinn san Oifig seo go raibh an rogha ag an gComhairle faoi na Rialacháin an deontas a íoc le duine faoi bhun 65, duine a bheadh cáilithe faoina chomhair ar gach bhealach eile.  Is í mo thuairim, nuair atá cumhacht ag comhlachtaí poiblí chun roghanna a dhéanamh, go mba chóir an cumhacht sin a úsáid ar mhodh réasúnta faoi réir prionsabal an dea-riaracháin agus imthosca uile an cháis áirithe. Má tá ganntanas acmhainní agus an t-éileamh an-ard ann, admhaím go mbeadh sé réasúnta b’fhéidir critéir réamhcheaptha áirithe a chur i bhfeidhm le linn roghnú a dhéanamh. Ag cuimhneamh go raibh an DDR dírithe go príomha ar chabhair deontais a sholáthar do dhaoine aosta a chónaíonn in áitribh atá i ndrochbhail ní dóigh liom go mbeadh sé mí-réasúnta go mbeadh aois mar chritéar a áireofaí le linn do bhreith a bheith á thabhairt ar iarratas le haghaidh deontais. Mar sin féin, agus na Rialacháin á gcoimeád ar m’aigne, tháinig mé ar an dtuairim seo: dá mba rud é go raibh an Chomhairle ag déanamh riail ghinearálta as diúltú ar iarratas DDR ar bhonn aoise amháin go mb’fhéidir go mbeadh a leithéid sin ró-chúng mar fhócas.

Scríobh m’Oifig go dtí an Chomhairle ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige a bhí acu maidir leis an iarratas seo. Iar sin, dúirt an Chomhairle leis an Oifig seo go rabhadar chun an deontais a íoc leis an ngearánaí tar éis dóibh athmhachnamh a dhéanamh.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go tugadh an deontas sa chás seo faoi na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh daoine faoi Mhíchumas agus Deiseacháin Riachtanacha) agus go bhfuil na Rialacháin sin a chúlghairmthe ó shin i leith. Mar sin féin, tharlódh go n-éireodh an tsaincheist shubstainteach chéanna i gcásanna eile.


Comhairle Bhuirge Shligigh

Díospóid faoi Iarratas Ceannaigh ag Tionónta

Rinne fear deich mbliana agus trí fichid gearán go chaith Comhairle Bhuirge Shligigh go míchothrom leis maidir le hiarrachtaí a rinne sé chun a theach a cheannach faoin Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí (SCT), 1997. Mhaígh sé go bhfuair sé tairiscint ón gComhairle chun an teach a cheannach sa bhliain 1998, gur ghlac sé leis an dtairiscint ach, ina dhiaidh sin, dúirt an Chomhairle nach raibh cuntas ar bith acu gur aontaigh sé leis an gceannach. Mhaígh an gearánaí go diongbháilte gur shínigh sé foirm toilithe agus gur chaill an Chomhairle an fhoirm sin.

Dúirt an Chomhairle nár ghlac an gearánaí leis an dtairiscint de réir na dtaifead a bhí acu. Tar éis dúinn comhad na Comhairle a scrúdú, scríobh an Oifig seo chucu ag iarraidh athbhreithnithe toisc go raibh an fhianaise seo ann:

  • bhí teagmháil idir an gearánaí agus oifigeach den Chomhairle (Oifigeach X) i ndiaidh don tairiscint a bheith déanta;
  • ní raibh na taifid a bhí ag an gComhairle maidir leis an iarratas chomh hiomlán agus d’fhéadfaidís a bheith;
  • ní raibh sé soiléir go ndearnadh rud ar bith maidir le hiarratas a rinne sé go ndéanfaí athbhreithniú ar an luacháil;
  • bhí comhaid ar iarraidh;
  • i litir chuig ionadaí poiblí d’admhaigh an Chomhairle go raibh trí chéile ann faoin iarratas;
  • b’fhéidir nach raibh cuardach dóigh agus andóigh déanta ag an gComhairle ar lorg an doiciméid a dúirt an gearánaí a shínigh sé.

Sa bhfreagra a thugadar, dúirt an Chomhairle gur eisíodh litir chaighdeánach don ghearánaí, tar éis na luachála a bheith déanta ag naceantálaithe, agus praghas na tairisceana luaite inti. Ba chuimhin leis an Oifigeach X an praghas a phlé leis an ngearánaí agus ag cur in iúl dó go bhféadfaí an teach a athluacháil chun oibreacha a bhí le déanamh ann a chur i gcuntas. Ag an am sin, choinníodh Comhad Ceannaigh ag Tionóntaí (CCT) i Rannóg na Tithíochta. Sa chomhad seo bhí iarrataí i gcomhair luachálacha srl. a bhí le coinneáil go dtaispeánadh an tionónta an raibh sé/ sí chun dul ar aghaidh leis an gceannach. Bhí an tOifigeach X geall le bheith siúráilte gur raibh comhfhreagras maidir leis an ngearánaí curtha sa chomn had seo. Go mí-ámharach, áfach, bhí an comhad seo imithe amú.

Dhealraigh sé domsa mar sin, má bhí an Chomhairle ag brath ar a gcuid aifead chun éileamh an ghearánaí a dhiúltú, nár mhór an tacaíocht dóibh é sin nuair ba léir raibh comhad ginearálta CCT ar iarraidh agus taifid a bhain le cásanna áirithe istigh ann. Dhealraigh an scéal mar a leanas:

  • litir tairisceana eisithe Nollaig 1998;
  • tráth ní ba dhéanaí phléigh an gearánaí an litir leis an Oifigeach X de chuid na Comhairle agus chuir sé ceist faoi luacháil eile a dhéanamh. Dúirt an gearánaí freisin gur shínigh sé an toiliú chun ceannaithe;
  • níor rinneadh aon athbhreithniú ar an luacháil ag an am a iarradh é;
  • bhí CCT ginearálta ag feidhmiú ag an gComhairle ag an am, a raibh doiciméid ann a bhain le cásanna áirithe, agus cás an ghearánaí ina measc. Bhí an comhad seo ar iarraidh.

Agus an scéal mar a bhí, d’iarr mé ar an gComhairle athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh a bhí acu agus dúirt mé leo go mb’fhéidir go mbeadh cuairt ag foireann as an Oifig seo úsáideach le linn an athbhreithnithe.

Dúirt an Chomhairle liom, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás agus tar éis dian-chuardach a dhéanamh arís i measc na dtaifead tithíochta go léir, go dtangthas faoi dheireadh ar an gcomhfhreagras a bhain le hiarratas ceannaigh an ghearánaí. Is cosúil go ndearnadh comhdú mícheart ar sa bhliain 1998. Tharla seo nuair a bhí clár athnuachana an-mhór ar siúl idir 1998 agus 2000 agus go raibh orthu an Feidhmeannas Tithíochta, an fhoireann agus na taifid a aistriú chuig láthair eile. Ghabh an Chomhairle leithscéal as aon chiotaí a fuair an Oifig seo agamsa ag fiosrú an scéil agus ghealladar dom go ndéanfadh an Chomhairle iarratas cheannaigh an tionónta a onórú gan mhoill. Scríobh an Chomhairle chuig an ngearánaí chun a rá leis go rabhadar sásta cabhrú leis an teach a cheannach ar an bpraghas a aontaíodh i 1998, is é sin €32,505. Scríobh sé iar sin chuig an gComhairle ag iarraidh orthu an cíos a bhí íoctha aige idir an dá linn a bhaint den phraghas, móide liúntas i leith oibreacha a rinneadh ar an teach. Bhreithnigh an Chomhairle an t-iarratas agus d’aontaíodar an praghas a laghdú faoi €10,255, rud a thug an praghas síos go dtí €22 ,250. Bhí an gearánaí thar a bheith sásta leis an dtoradh.

Back to contents