- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Aguisín 2 - AN tACHT OMBUDSMAN, 1980
AN tACHT OMBUDSMAN, 19807. (1) (a) Féadfaidh an tOmbudsman, chun críocha réamhscrúdaithe nó imscrúdaithe aige faoin Acht seo, a cheangal ar aon phearsa a bhfuil, i dtuairim an Ombudsman, eolas ina sheilbh aige, nó a bhfuil doiciméad nó ní faoina chumhacht nó faoina rialú, a bhaineann leis an scrúdú nó leis an imscrúdú an t-eolas, an doiciméad nó an ní sin a thabhairt don Ombudsman agus, i gcás ar iomchuí sin, a cheangal ar an bpearsa láithriú os a chomhair chun na críche sin agus déanfaidh an phearsa de réir na gceanglas.
(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le heolas ná le cibé méid de dhoiciméad a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon eolas nó doiciméad nó cuid de dhoiciméad bainteach amhlaidh.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh aon phearsa a mbeidh ceanglas dírithe chuige faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba finné os comhair na hArd-Chúirte é.
(3) Ní dhéanfaidh aon phearsa, trí ghníomh ná trí fhaillí, toirmeasc ná bac a chur ar an Ombudsman agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna ná ní dhéanfaidh aon phearsa aon ní eile arbh éard é, dá mba chúirt an tOmbudsman agus cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, díspeagadh ar an gcúirt sin.
(4) Aon oibleagáid rúndacht a choimeád nó aon srian eile ar eolas a nochtadh a fuair Roinn Stáit nó státseirbhíseach a fhorchuirtear leis an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , ní bhainfidh sin le scrúdú ná le himscrúdú ag an Ombudsman faoin Acht seo, agus, faoi réir alt 9 (2) den Acht seo, ní bheidh ag an Stát, i ndáil le haon scrúdú nó imscrúdú den sórt sin, teideal chun aon phribhléide i leith doiciméid a thabhairt ar aird nó fianaise a thabhairt den sórt a cheadaítear le dlí in imeachtaí dlí.
(5) Féadfaidh an tOmbudsman, más cuí leis é, íocaíochtaí mar a leanas a íoc leis an duine dá ndearnadh difear le gníomh a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ina leith ag an Ombudsman faon Acht seo agus d'aon phearsa eile a fhreastalóidh nó a thabharfaidh eolas chun críocha an imscrúdaithe—
(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh siad go cuí, agus
(b) liúntais mar chúiteamh as a gcuid ama a chailleadh,
ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.
(6) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó phearsa i réamhscrúdú nó in imscrúdú a dhéanfaidh an tOmbudsman faoin Acht seo inghlactha mar fhianaise i gcoinne na pearsan sin in aon imeachtaí coiriúla.
(7) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (3) den alt seo mar ní a bhaineann le haon ghníomh a dhéanamh den sórt a luaitear in alt 4 (7) den Acht seo.
