Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara

Aguisín 1

2003

Uimhir

 

Gearán

Sonraí

1 Forfheidhmiúchán Pleanála

Chuir tuarascáil a fuarthas i Samhain 2003 in iúl gur sholáthair na forbróirí aighneachtaí géilliúntais a cuireadh ar aghaidh go dtí comhairleoirí dlí na Comhairle. In Eanáir 2004 lorgaíomar a thuilleadh faisnéise. Fuarthas an tuarascáil ar deireadh thiar i mBealtaine 2004 (4 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh réamhlitir A 7. Dar leis an tuarascáil sin, mheas an Chomhairle nár ghá aon ghníomhaíocht eile ón uair go bhfuarthas admháil ar litir ghéilliúntais i Meán Fómhair 2003. Dúnadh an cás go dtí go ndearna an gearánaí teagmháil arís leis an Oifig. D’iarradh tuarascáil eile  

2 Teip Freagartha

Iarradh ar an gComhairle tuarascáil a sholáthar i Meitheamh 2003. Ainneoin meabhrúcháin, agus dhá réamhlitir A.7, ní bhfuarthas an tuarascáil go dtí Deireadh Fómhair 2003 (4 mhí níos déanaí, geall leis)

3

Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas

Iarradh an tuarascáil sa chás seo i Samhain 2003. Ainneoin meabhrúcháin, ní bhfuarthas í go dtí Márta 2004 (4 mí níos déanaí).

4

Tuilte ar Bhóithre

Fuarthas tuarascáil a lorgaíodh i nDeireadh Fómhair 2003 i Mí Eanáir 2004. Níor léir aon chúis cheart leis an moill seo mar ní raibh sa tuarascáil ach faisnéis staire.

5

Sealbhú Cearta Talún

Ní bhfuarthas tuarascáil a lorgaíodh i mí na Samhna 2003 go dtí Bealtaine 2004 (6 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh réamhlitir A. 7. Toisc nár thug an tuarascáil seo aghaidh iomlán ar na ceisteanna a tógadh, hiarradh ar an gComhairle tuarascáil chuimsitheach a thabhairt ar na ceisteanna uile a tógadh sa chéad iarratas i Samhain, 2003. Faoi Iúil 2004, nuair nach raibh an tuarascáil fós faighte, d’eisíodh litir eile réamh A. 7 agus fuarthas an tuarascáil ar deireadh thiar i Lúnasa 2004, 9 mí geall leis tar éis an chéad iarratais.

6

Síniúcháin ar Litreacha

D’iarradh ar an gComhairle tuarascáil a sholáthar in Iúil 2003. Ní bhfuarthas é seo go dtí Nollaig 2005 (5 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh réamhlitir A. 7. Léirigh an cás seo moilleanna fada chomh maith i dtuarascáil bhreise a fháil, a lorgaíodh i Meitheamh 2004 agus nach bhfuarthas go dtí Deireadh Fómhair 2004, ainneoin meabhrúcháin i scríbhinn agus ar an teileafón.

7

Forfheidhmiúchán Pleanála

D’iarradh an chéad tuarascáil in Iúil 2003 ach ní bhfuarthas í go dtí Samhain (4 mhí níos déanaí). I Meitheamh 2004 iarradh breis faisnéise. Faoi Lúnasa, nuair nach raibh an fhaisnéis curtha ar fáil, eisíodh fógra A. 7 agus fuarthas an tuarascáil níos déanaí an mhí sin.

8

Aistriú Teidil

Iarradh tuarascáil i nDeireadh Fómhair 2003. Eisíodh réamhlitir A. 7 i Mí Eanáir agus fuarthas freagra eatramhach ina dhiaidh sin. Fuarthas freagra eile eatramhach chomh maith i bhFeabhra 2004. Faoi Dheireadh Fómhair ba ghá réamhlitir eile A. 7 a eisiúint agus fuarthas an tuarascáil ar deireadh thiar i Samhain 2004, breis is bliain tar éis an chéad iarratais.

 2004

Uimhir

Gearán

Sonraí

9

Leithdháileadh Tithíochta

Iarradh tuarascáil i Samhain 2004 agus ní bhfuarthas í go dtí Feabhra 2004 (3 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh meabhrúcháin agus réamhlitir A. 7. Bhí an fhaisnéis a lorgaíodh agus a tugadh fíorbhunúsach, ach fós thóg sé geall le 3 mhí í a sholáthar.

10

Teip Freagartha

Bhain an gearán le teip na Comhairle freagra a thabhairt don ghearánaí. Lorg ár n-iarratas na cúiseanna a bhí leis an teip sin agus cóip den bhfreagra a eisíodh nó a eiseofaí. Ghlac sé 4 mhí geall leis freagra a fháil ón gComhairle tar éis gur eisíodh meabhrúcháin agus réamhlitir A. 7.

11

Deisiúcháin Tithíochta

D’eascair an gearán seo as deacrachtaí a cruthaíodh de thoradh oibre a rinne gníomhairí na Comhairle. Iarradh tuarascáil i Márta 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Meitheamh 2005 (3 mhí níos déanaí). Toisc go raibh an duine a bhí ag plé leis an gceist gan a bheith ar fónamh, bhí cúiseanna intuigthe leis an moill ag an tráth sin. I Meitheamh 2005 iarradh faisnéis bhreise. Eisíodh dhá mheabhrúchán agus chuir an Chomhairle in iúl ina dhiaidh sin i Meán Fómhair 2005 nach raibh aon chuntas acu ar ár gcomhfhreagras. Bhí an freagra a fuarthas ar deireadh thiar i nDeireadh Fómhair 2005, ceithre líne ar fhad inar cuimsíodh leithscéal faoin moill agus tairiscint ar chúiteamh leis an scéal a réiteach. Eisíodh trí réamhlitir A 7 sa chás seo sula bhfuarthas na freagraí a bhí ag teastáil.

12

Deisiúcháin Tithíochta

Eisíodh iarratas ar thuarascáil sa chás seo i Meán Fómhair 2004. I Mí na Nollag 2004 chuir an Chomhairle glaoch teileafóin lena rá nach raibh aon chuntas acu ar an ngearánaí agus dhearbhaigh an tuarascáil a fuarthas ina dhiaidh sin i Mí na Nollag é sin. Ar a shon sin, i bhFeabhra 2005, fuarthas admháil ón gComhairle ag tabhairt le fios go raibh an Chomhairle ag fanacht le tuairisc chuimsitheach agus go ndéanfaidís teagmháil arís linn.

Ba é toradh freagraí na Comhairle sa chás seo ná gur thug an tOmbudsman faisnéis míchruinn don ghearánaí. Chuamar ar ais chuig an gComhairle ina dhiaidh sin leis an stáid a dhearbhú, agus ghlac sé dhá mhí eile freagra a fháil.

13

Forfheidhmiúchán Pleanála

Iarradh tuarascáil i nDeireadh Fómhair 2004. Ar a shon sin, eisíodh Fógra Forfheidhmiúcháin ina dhiaidh sin i Samhain 2004, ach níor cuireadh tuarascáil ar fáil don Oifig seo go dtí an 14 Eanáir 2005 (7) mí níos déanaí) tar éis gur eisíodh Fógra A 7 in Eanáir 2005.

Iarradh a thuilleadh faisnéise i bhFeabhra 2005 agus fuarthas tuarascáil eatramhach in Aibreán 2005. Toisc nach raibh an tuarascáil faighte eisíodh Fógra eile A 7 i Lúnasa 2005 agus fuarthas an freagra níos déanaí an mhí sin. Ar a shon sin, ní raibh an gnó críochnaithe. Cuireadh an cás ar aire an OSF nua i bPleanáil le linn cruinnithe ar an 8 Nollaig 2005 agus eisíodh litir leantach don Chomhairle ar an 13 Nollaig 2005. Dúirt an tuarascáil a fuarthas ar deireadh thiar i Márta 2006, gur cuireadh an gearánaí ar an eolas ar an 4 Samhain 2005 go raibh an forbróir géilliúil anois. Ar a shon sin, níor tugadh aon mhíniúchán ar an moill agus níor tugadh aon chúis ar cad ina thaobh nár cuireadh an tOmbudsman ar an eolas ag an tráth céanna leis an ngearánaí. Bhí sé míshásúil ó thaobh an Ombudsman de, a bheith ag scríobh chuig an ngearánaí míonna tar éis don cheist a bheith tugtha chun críche.

Ba ghá dhá Fhógra A. 7 a eisiúint sa chás seo.

14

Riarachán Pleanála

Iarradh tuarascáil i nDeireadh Fómhair 2004. Ní bhfuarthas í go dtí Eanáir 2005 (5 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh Fógra A. 7.

15

Forfheidhmiúchán Pleanála

Bhí an cás ina chúis le dhá réamhlitir A.7 de dheasca na moilleanna fada i soláthar faisnéise.

2005

Ainm

Ceist

Sonraí

16 Forfheidhmiúchán Pleanála

Cuireadh an gearán chuig an gComhairle le tuarascáil a chur ar fáil i mBealtaine 2005 ach ní bhfuarthas an tuarascáil go dtí Lúnasa 2005 tar éis gur eisíodh Fógra A. 7.

17 Deisiúcháin Tithíochta

Iarradh tuarascáil in Aibreán 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Iúil 2005 tar éis gur eisíodh Fógra A.7. A luaithe agus a fuarthas í, b’fhéidir an cás a dhúnadh laistigh de thréimhse ghearr.

18

Forfheidhmiúchán Pleanála

Iarradh tuarascáil i mBealtaine 2005. Fuarthas an tuarascáil i Lúnasa 2005 tar éis gur eisíodh réamhlitir A. 7.

19

Táillí Dramhaíle

Iarradh tuarascáil i Márta 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Meitheamh 2005 tar éis gur eisíodh réamhlitir A.7. Baineann an cás le tarscaoileadh a dhiúltú. D’iarradh tuarascáil eile i Mí na Samhna ach níor freagraíodh é go dtí Feabhra 2006.

20

Riarachán Pleanála

Ní bhfuarthas tuarascáil a lorgaíodh i nDeireadh Fómhair 2005 go dtí Márta 2006 (6 mhí níos déanaí) tar éis gur eisíodh réamhlitir A. 7 agus litir eile i Mí Eanáir.

21

Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol

Iarradh tuarascáil i Meán Fómhair 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Bealtaine 2006 tar éis gur eisíodh réamhlitir A.7, cruinniú leis an gComhairle agus litir leantach.

22

Táillí Dramhaíle

Iarradh tuarascáil i Mí na Nollag 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Feabhra 2006 tar éis gur eisíodh réamhlitir A.7.

23

Forfheidhmiúchán Pleanála

I mBealtaine 2005 iarradh tuarascáil ag lorg ábhar faisnéise neamhchasta agus ní bhfuarthas í go dtí Lúnasa 2005 i ndiaidh Fógra A.7.

24

Deisiúcháin Tithíochta

Iarradh tuarascáil i Lúnasa 2005 ach ní bhfuarthas í go dtí Samhain 2005 tar éis gur eisíodh Fógra A.7.

25

Deisiúcháin Bóthair

Ní bhfuarthas tuarascáil a lorgaíodh i nDeireadh Fómhair 2005 go dtí Eanáir2006 tar éis gur eisíodh Fógra A.7. Cás neamhchasta é seo gan aon chúis shoiléir lena leithéid de mhoill.

2006

Ainm

Ceist

Sonraí

26

Forfheidhmiúchán Pleanála

Iarradh tuarascáil in Eanáir 2006 ach ní bhfuarthas í go dtí Meitheamh tar éis gur eisíodh Fógra A.7. .

27

Riarachán Pleanála

Iarradh tuarascáil i Samhain 2006. Eisíodh réamhlitir A.7 ar an 31 Eanáir 2007. Fuarthas an tuarascáil ar an 14 Feabhra 2007.

28

Riarachán Pleanála

Iarradh tuarascáil i nDeireadh Fómhair 2006. Eisíodh Fógra A.7 ar an 15 Eanáir 2007 agus fuarthas an tuarascáil ar an 5 Feabhra 2007.

29

Forfheidhmiúchán Pleanála

Iarradh tuarascáil i Lúnasa 2006. Ní bhfuarthas an tuarascáil go dtí Eanáir 2007 tar éis gur eisíodh Fógra A. 7.

30

Bóithre/Trácht

Iarradh tuarascáil i Meán Fómhair 2006 agus ní bhfuarthas í go dtí Eanáir 2007 tar éis gur eisíodh Fógra A. 7.

31 Riarachán Pleanála

Iarradh tuarascáil i Meán Fómhair 2006 agus ní bhfuarthas í go dtí Eanáir 2007 tar éis gur eisíodh Fógra A. 7.

32

Riarachán Pleanála

Iarradh tuarascáil i Lúnasa 2006. Eisíodh Fógra A.7 ar an 29 Nollaig agus fuarthas an tuarascáil ar an 8 Eanáir 2007.

33

Forfheidhmiúchán Pleanála

Iarradh tuarascáil i Samhain 2006. Eisíodh Fógra A.7 ar an 2 Márta 2007 agus fuarthas freagra ar an 16 Márta 2007.

34

Iasachtaí agus Deontais Tithíochta

Ní bhfuarthas tuarascáil a lorgaíodh ar an 1 Samhain 2006 go dtí 28 Feabhra 2007 tar éis gur eisíodh réamhlitir A 7.

35

Láithreáin Tréigthe

.

Iarradh tuarascáil in Iúil 2006. Eisíodh Fógra A.7 ar an 8 Nollaig 2006 agus fuarthas tuarascáil ar an 8 Eanáir 2007

Back to contents