Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara

Moltaí

Níor chuir an tuarascáil seo roimpi ainilís a dhéanamh ar na cúiseanna gur sholáthair Comhairle Contae Chill Dara seirbhís easnamhach don Ombudsman, mar atá léirithe in Aguisín1. Cibé rud is cúis leis, faoin gComhairle is ea é aghaidh a thabhairt ar an gceist agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil a córais inmheánacha cumarsáide ar chaighdeán nach dtitfidh comhfhreagras ón Ombudsman isteach sa "duibheagán" agus go bhfuil a cuid nósanna imeachta caidrimh láidir go leor lena dheimhniú go soláthraítear faisnéis/tuarascála don Ombudsman ar bhealach cuí tráthúil.

Tá fianaise ar fheabhsú ag CCCD riachtanach in 2007 agus as sin amach. Ní mór do CCCD a léiriú go nglacann sí le dáiríreacht le fógraí maidir le gearáin ón Oifig seo, mar a dhéanann formhór mór na n-údarás áitiúla, agus go bhfuil sí sásta soláthar a dhéanamh don Ombudsman ar an bhfaisnéis a iarrtar ar bhealach cuí tráthúil. Cé go mbeadh leisce uirthi é a dhéanamh, in éagmais feabhsaithe a bheadh suntasach, is féidir nach mbeadh an dara rogha ag an Ombudsman ach tuairisc a thabhairt don Oireachtas agus, más dóigh léi é a bheith cuí, don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ar fheidhmíocht Chomhairle Contae Chill Dara maidir le soláthar freagartha/tuarascálacha ar ghearáin ón Ombudsman.

Back to contents