- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Cinneadh
Forálann Acht Ombudsman, 1980 in Alt 7 (3):
(3) nach ndéanfaidh duine trí ghníomh ná trí fhaillí bac ná cosc a chur ar an Ombudsman i bhfeidhmíocht a fheidhmeanna ná ní dhéanfaidh aon ní eile a bheadh ina díspeagadh cúirte, dá mbeadh an tOmbudsman ina chúirt le cumhacht cimithe ar dhíspeagadh.
Déanann an fhoráil mar atá leagtha amach thuas, a shoiléiriú gur ní an-tábhachtach é aon ghníomh ag comhlacht poiblí laistigh de dhlínse an Ombudsman a fhéadfaí a fheiceáil mar bhac ar an Ombudsman i bhfeidhmíocht a cuid feidhmeanna. Dá bhrí sin, feictear don Oifig seo gur rud tromchúiseach é teip ar fhaisnéis a iarradh a sholáthar don Ombudsman go tráthúil, agus ba chúis mhór imní don Ombudsman treocht as a bhféadfaí a thuiscint an bonn a bheith á bhaint dá hOifig trí theip comhlachtaí áirithe comhoibriú a dhéanamh ar bhealach cóir lena cuid imscrúduithe/imfhiosruithe trí (i) ghabháil de mhoilleadóireacht i soláthar tuarascála/faisnéise nó (ii) tuarascála easnamhacha a sholáthar as a n-éireodh a thuilleadh moille.
