- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Conclúid
Ní ghlacann an Oifig cur chuige docht maidir leis na deacrachtaí a bheadh ag comhlachtaí laistigh dá réimeas ó am go ham i dtéarmaí acmhainní agus foirne. Ar sheimineáir agus cruinnithe a tionóladh in údaráis áitiúla éagsúla ar fud na tíre le blianta beaga anuas, leag an Oifig béim ar a riachtanaí a bhí sé d'údaráis áitiúla an tOmbudsman a chur ar an eolas má bhí baol deacrachta agus /nó moille ann maidir le hiarratas an Ombudsman ar thuarascáil ar ghearán ar leith agus go mbeadh freagra na hOifige do dheacrachtaí dá leithéid cóir agus réasúnta. Chomh maith céanna ní gan cháiréis a eisíonn an Oifig fógraí Ailt 7, gan leordheis a thabhairt ar dtús don chomhacht lena mbaineann trí litreacha agus glaonna teileafóin meabhrúcháin le déileáil leis an scéal. Tugtar faoi deara go bhfoilsítear líon na bhfógraí Ailt 7 a eisítear do chomhlacht i bhformáid tábla sraithe i dTuarascáil Bhliantúil an Ombudsman.
Tá léiriú sa tábla seo thíos ar an scéal mar atá le blianta beaga anuas maidir le heisiúint fógraí Ailt 7, trí chéile, agus dāúdaráis áitiúla, CCCD san áireamh:
Bliain |
Iomlán na bhFógraí Ailt 7 a eisíodh ā na comhlachtaí uile sa sainchúram |
Iomlán na bhFógraí Ailt 7 a eisíodh ā údaráis áitiúla |
Iomlán na bhfógraí Ailt 7 a eisíodh - CCCD |
| 2003 | 12 | 7 | Nialas |
| 2004 | 6 | 3 | Nialas |
| 2005 | 31 | 22 | 12 |
| 2006 | 20 | 12 | 5 |
Ní hionann gan taifead a bheith ann ar fhógraí Ailt 7 in aghaidh CCCD in 2003 agus 2004 agus go raibh an tOmbudsman sásta le leibhéal ná le luas na freagartha ón gComhairle ar na gearáin a bhí á bpróiseáil sna blianta sin. Tá stair na Comhairle maidir le déileálacha leis an Oifig sa tréimhse 2003 go 2006 leagtha amach in Aguisín 1 agus léiríonn sin, gur stadadh eisiúint fógraí Ailt 7, b'fhéidir, trí thuarascáil/faisnéis a chur isteach ar an nóiméad deireanach. Is é is dóichí chomh maith, tar éis breathnaithe ar stair déileála na hOifige le CCCD in 2003 agus 2004. gur briseadh ar an bhfoighne leis an gComhairle agus gur eisíodh fógraí Ailt 7 níos mó mar ghnáthamh in 2005 agus 2006, a luaithe agus a bhí na teorainneacha comhaontaithe ama istigh gan aon mhíniúchán bailí. Tá líon na bhfógraí Ailt 7 (12) a eisíodh do CCCD in 2005 gan fasach do chomhlacht amháin nuair a fhéachtar air i gcomhthéacs líon iomlán na ngearán leis an Ombudsman in aghaidh na Comhairle in 2005 (27).
