- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Feidhmíocht ag Comhairle Contae Chill Dara
Léirigh suirbhéireacht ar ghearáin a fuair an tOmbudsman in aghaidh Comhairle Contae Chill Dara (CCCD) ó 2003 i leith moill ar thaobh na Comhairle ina fadhb an-suntasach ag an Ombudsman i bpróiseáil gearán. Baineann na moilleanna seo den chuid is mó le soláthar tuarascála agus freagraí don Ombudsman maidir le gearáin a chuirtear chuig an gComhairle. I gcaitheamh 2005 ba ghá fógra Ailt 7 a eisiúint don Chomhairle ar dhá ócáid déag. Ba cheart féachaint air seo i gcomhthéacs iomlán de 27 gearán a fuarthas in aghaidh na Comhairle sa bhliain sin. In 2006, eisíodh seacht bhfógra Ailt 7 i gcomhthéacs 28 gearán a fuarthas.
Sa tréimhse 2003 go 2006 araon san áireamh, fuarthas naoi ngearán is ochtó in aghaidh Comhairle Contae Chill Dara mar a léiríonn an tábla seo a leanas:
Bliain |
Iomlán na nGearán in aghaidh CCCD |
| 2003 | 18 |
| 2004 | 16 |
| 2005 | 27 |
| 2006 | 28 |
In Aguisín 1 na tuarascála seo, tugtar sonraí ar riar de na gearáin a fuarthas sa tréimhse sin d’fhonn léiriú a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhí ag an Oifig len iad a phróiseáil leis an gComhairle. Ag cruinniú fadréimseach leis an mBainisteoir Contae ar an 14 Bealtaine 2003, cuireadh in iúl d'fhoireann an Ombudsman go réiteofaí aon deacrachtaí a bhí ann maidir le cumarsáidí idir an Comhairle agus an tOmbudsman gan mhoill de bhrí go raibh sé i gceist gearáin an Ombudsman a chuimsiú sa chóras nua rianaithe leictreonach na Comhairle. Bhíothas ag súil leis go gcuirfeadh seo deireadh le cuid de na deacrachtaí sna socruithe caidrimh idir na hoifigí faoi seach. Is léir ó Aguisín 1, ar an drochuair, nach bhfuil feabhas tagtha ar an bhfeidhmíocht ar an mbealach a samhlaíodh don mBainisteoir Contae in 2003.
