Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara

Moill ina húdar gearáin

Mórúdar gearáin is ea moill nó teip ag an gcomhlacht atá i gceist freagra a chur ar dhuine. Cothaíonn seo frustrachas ar an ngearánaí agus dá thoradh sin is féidir go gcuirfí an cheist faoi bhráid an Ombudsman. I gcomhthéacs drochriaracháin, meastar moill nó teip ar fhreagra a thabhairt mar "chleachtas míchuibhiúil riaracháin" agus mar rud a sháraíonn "dea-riarachán". Is fiú a choimeád i gcuimhne go bhfuil coincheap an dea-riarachán ag síorathrú. Forbraíonn cleachtas dea-riaracháin bonn le bonn an ní a thomhaiseann sé; an caidreamh idéalach idir an duine indibhidiúil agus an riarachán. Tá dea-chumarsáid ina cuid dílis de gach aon chóras maith riaracháin. Tig le teipeanna cumarsáide idir oifigigh ar thaobh amháin, agus úsáideoirí na seirbhísí ar an taobh eile, moill nó easpa gníomhaíochta a chothú, rud a ghineann údar gearáin ina thuras. Cúis mhór imní é dá bhrí sin nuair a dhéantar gearáin maidir le moill, mar shampla, níos measa trína thuilleadh moille de dheasca droch-chumarsáide nó droch-chóras láimhseála gearán sa chomhlacht a ndearnadh an gearán faoi.

Back to contents