Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara

Láimhseáil Gearáin

Is féidir féachaint ar ghearáin ón Ombudsman mar dheis le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinntí agus don chomhlacht faoinar déanadh gearán le cur chuige forghníomhach a ghlacadh leis an gceist a réiteach. Nuair a ghlactar cur chuige diúltach nó cosantach, áfach, is féidir deis le toradh cuiditheach a bhaint amach a chailliúint, agus tig le ceist forbairt ó bheith ina mhion rud agus bheith ina rud níos tromchúisí.

Soláthraíonn nósanna maithe imeachta um ghearáin deis le rudaí a chur ina gceart. Tá ról chomh tábhachtach céanna acu i bpleanáil agus i bhfeabhsú seirbhísí don phobal agus is bealach úsáideach iad le monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraítear. Tig le tagairtí agus moltaí cuiditheacha léargas cuiditheach a sholáthar ar fhadhbanna atá ann agus tig leo smaointe nua a tháirgeadh ar bhealaí le seirbhísí a fheabhsú. Soláthraíonn nósanna éifeachtacha imeachta um ghearáin deis le caidreamh níos dearfaí a bhunú leis an ngearánaí agus le tuiscint a fhorbairt ar a riachtanas. Is é taithí na hOifige é, nach le drochintinn ná le holc a dhéanann daoine gearáin de ghnáth, agus, tríd is tríd, ní bhíonn siad ag lorg ná ag súil le cúiteamh airgeadais. Tá súil acu le míniúchán, áfach, agus le leithscéal dáiríre agus le geallúint éigin nach dtarlóidh an ní ba chúis leis an ngearán arís. Nuair a fheictear go bhfuil neamhshuím déanta de ghearán, nó nach ndéantar leorláimhseáil air, tig leis an scéal dul ó smacht go tapaidh agus ansin is deacra teacht ar réiteach.

Is é seo is brí leis an mbéim a chuireann an Oifig, ag labhairt leis na comhlachtaí laistigh de dhlínse an Ombudsman, ar an tábhacht a bhaineann le nósanna maithe inmheánacha um láimhseáil gearáin a bheith ann mar atá leagtha amach in Eolaí an Ombudsman ar Chórais Inmheánacha Gearán ar féidir a fheiceáil ar ár suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh córas éifeachtach láimhseála gearán bunaithe ag údaráis áitiúla, ní hamháin maidir le gearáin a fhaightear díreach ón bpobal, ach chomh maith leis sin le déileáil leo sin a thagann chucu ón Ombudsman.

Back to contents