Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara

Nósanna Imeachta an Ombudsman

Nuair a fhaigheann an tOmbudsman gearán déantar é a scagadh le deimhin a dhéanamh de go bhfuil sé bailí faoi bhrí Acht an Ombudsman, 1980 (an tAcht). De ghnáth, cuirtear an gearán chuig an gComhairle le tuarascáil a thabhairt. De ghnáth, iarrtar sainfhaisnéis bunaithe ar na sonraí a tugadh maidir leis an ngearán agus ar sheantaithí na hOifige ar imscrúdú a dhéanamh ar nithe den saghas céanna. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin, agus freagra á thabhairt ar iarratais dá leithéid sin, go dtabharfadh an t-údarás áitiúil a bhíonn i gceist freagra tráthúil agus go ndéanfadh sé deimhin de go dtugann sé aghaidh ar na ceisteanna uile a thógann an Oifig. Ceadaíonn an Oifig ceithre seachtaine do fhreagra ar iarratas ar thuarascáil. Mura bhfaightear freagra laistigh de cheithre seachtaine, eisítear meabhrúchán agus tugtar trí seachtaine breise le freagra a thabhairt. Mura bhfaightear freagra fós ina dhiaidh sin eisítear meabhrúchán eile agus tugtar dá sheachtain breise le freagra a thabhairt. Nuair nach soláthraítear an tuarascáil faoi dheireadh na tréimhse seo (naoi seachtaine) eisítear litir rabhaidh faoi Alt 7 den Acht (ar a dtugtar litir réamh A. 7) ag meabhrú forálacha Ailt 7 (1) den Acht don Chomhairle. Mura bhfaightear freagra tar éis dhá sheachtain eile eisítear fógra Ailt 7 (Fógra A.7). (De ghnáth éilíonn fógra Ailt 7 go soláthródh duine ainmnithe an tuarascáil atá iarrtha faoi dháta sainithe, nó mar mhalairt ar sin, go mbeadh ar an duine freastal ag Oifig an Ombudsman leis an bhfaisnéis nó an tuarascáil a sholáthar, go pearsanta). Dá bhrí sin, is thart ar aon tseachtain déag an tréimhse idir iarratas ar thuarascáil agus eisiúint fógra A.7. (Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an bhfráma ama aon tseachtain déag sula n-eisítear fógra Ailt 7). Tá téacs iomlán Ailt 7 den Acht in Aguisín 2 na tuarascála seo. Is cóir a rá go soláthraíonn formhór na n-údarás áitiúla tuarascála don Ombudsman laistigh de fhráma ceithre go sé seachtaine.

Back to contents