- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Meitheamh 2007 - Láimhseáil Gearáin - Comhairle Contae Chill Dara
Réamhrá
Is é ról an Ombudsman é imfhiosrú a dhéanamh ar ghearáin ón bpobal ag déanamh líomhaintí maidir le drochriarachán in aghaidh comhlachtaí áirithe poiblí laistigh dá dlínse, údaráis áitiúla san áireamh. Nuair a thagann sí ar dhrochriarachán dá leithéid déanann sí iarracht ar an scéal a chur ina cheart agus/nó go ndéanfaí tairiscint ar chúiteamh, nuair is cuí. Agus í i mbun a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh, tá an tOmbudsman i dtuilleamaí comhoibriú ó na comhlachtaí a bhíonn i gceist maidir leis na tuarascála agus an t-eolas riachtanach a sholáthar agus, nuair a dhéantar comhréiteach, go gcuirtear ar siúl é laistigh de fhráma réasúnta ama. Chuige seo tá socruithe caidrimh déanta leis na comhlachtaí uile poiblí laistigh de shainchúram an Ombudsman agus táthar tagtha chun réitigh maidir le frámaí réasúnta ama maidir le comhoibriú leis an Ombudsman. Nuair a tharlaíonn teip ar na socruithe sin, is féidir go mbeadh mórmhoill ann i ndéileáil le gearáin agus cuireann seo ina thuras le haon chúis ghearáin a bheadh ag an gearánaí in aghaidh an chomhlachta a bheadh i gceist. Tá socruithe caidrimh ann idir Oifig an Ombudsman (an Oifig) agus na húdaráis áitiúla uile le breis is fiche bliain anuas agus, tríd is tríd, oibríonn siad go sásúil ó thaobh na hOifige de. (Tá mionsonraí an tsocraithe comhaontaithe maidir leis na húdaráis áitiúla leagtha amach in Aguisín 3 na tuarascála seo)
