Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

14/12/09 - Scéim um Chailliúint ar Muir

Cuid a Dó - Tuarascáil an Fhiosraithe - Aguisín 5 (Aighneachtaí an Iar-Aire Fahey mar Fhreagra ar Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe)

 

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtaireach
Baile Átha Cliath 2


Tag: An tUas. Danny Byrne agus an Scéim um Chailliúint ar Muir

A Ombudsman, a chara,

Go raibh maith agat as do litir den dáta 9ú Meitheamh 2008. Is éard a bhí i mo litir don 14ú Bealtaine 2008 ná mo chuid aighneachtaí ar do Dhréacht Tuarascáil, agus ní ‘uiríll’ mar atá agat sa litir is déanaí uait. Ba mhaith liom a ndúirt mé i mo litir don 14ú Bealtaine a rá arís.

Creidim go bhfuil fionnachtana neamh-chothroma gan bharántas agus cáintí díobhálacha dom i do Dhréacht Tuarascála. Is í mo thuairim go bhfuil dochar déanta dom leis an modh ar dhéileáladh leis an ngearán agus leis an modh ar dhéileáladh liom féin faoin gceist seo.

Chomh maith le sin, tagraím arís don toradh mór-dhíobhálach agus na hiarmhairtí a d’fhulaing mise de bharr an cur síos ar an Scéim atá déanta cheana ag an Oifig agatsa, á rá go raibh sí “an-easpach agus an-fhabhtach ar fad”. Mar shampla ar sin cuirim le seo sleachta as ailt nuachtán ina ndearnadh líomhaintí tromchúiseacha, neamhchruinne im choinne-se agus i gcoinne mo charachtair mar thoradh ar an gcur síos a rinne an Oifig agatsa ar an scéim roimhe seo.

Is léiriú an méid sin ar an meáchain agus an mhuinín a chuirtear ar ráitis a thagann as an Oifig agatsa, agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí is atá sé go mbeadh aon ráiteas den sórt sin cothrom, dea-mheáite, agus sa bhfriotal iomchuí. Dá réir sin, in aon tuarascáil dheireanach a thagann as d’oifig, áitím oraibh é seo a choimeád ar aigne (go háirithe de bharr na n-iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha darbh fhéidir leanúint as teanga mhíchothrom iomchuí a úsáid i ráitis as bhur n-Oifig) agus cúram agus machnamh cóir a thabhairt don méid a scríobhtar agus don fhriotal a úsáidtear in aon tuarascáil dá shórt.

Mar fhocal scoir, mar a dúirt mé cheana, d’fháilteoinn le haon deis chun bualadh leat féin agus fanaim ar scéala eile uait faoi seo.

Is mise, le meas,
FRANK FAHEY, T.D.

==================================================================

14 Bealtaine 2008                           

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtaireach
Baile Átha Cliath 2

A Ombudsman, a chara,

Tagraím don Dréacht Tuarascála Fiosraithe atá déanta agat ar an ngearán a rinne an tUas. Danny Byrne, Carnadree House, An Bhruclais, Co. Dhún na nGall chuig d’oifig-se i Mí na Samhna 2004 i gcoinne chinnidh na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, mar a bhí, chun diúltú a thabhairt ar iarratas óna mháthair faoin Scéim um Chailliúint ar Muir (an Scéim).

Sa litir a chuir tú chugam den dáta 22ú Aibreán 2008, thug tú cuireadh dom machnamh ar do dhréacht tuarascála, agus, dá m’áil liom, aighneachtaí a dhéanamh faoi. Tá deis faighte agam anois an machnamh sin a dhéanamh agus tá na haighneachtaí déanta agam thíos anseo.

Ní cheart a thuiscint go bhfuil rud ar bith anseo a bhaineann ón gcás tragóideach atá taobh thiar den ghearán seo ná ón gcailliúint uafásach a d’fhulaing an teaghlach Byrne, agus admhaím é sin ó chroí amach.


Aighneachtaí

Tar éis dom machnamh a dhéanamh ar an dréacht tuarascála uait, tá mé den tuairim go bhfuil fionnachtana míchothroma, gan bharántas agus cáintí díobhálacha fúmsa inti. Is tábhachtach, dar liom, rianú a dhéanamh ar stair an ghearáin chuig d’oifig agus an bhaint a bhí agamsa leis.


An Réamh-Fhiosrú

Is cosúil go bhfuair an Oifig agatsa gearán ón Uas. Byrne i Mí na Samhna 2004. Sin dhá bhliain beagnach tar éis don iarratas óna mháthair a bheith diúltaithe. Ag an tráth úd, níor chuir d’oifig in iúl dom go raibh gearán déanta agus níor chuireadh nádúr an ghearáin in iúl dom. Níor tugadh cóip den ghearán dom. Freisin níor chuir an Oifig agatsa in iúl dom, in ainneoin Alt 5(i)(f) d’Acht an Ombudsman, 1980, go raibh cinneadh déanta acu déileáil leis an ngearán. Gan scéala ar bith a chur chugamsa, chuaigh d’oifig ar aghaidh le réamh-scrúdú a dhéanamh ar an ngearán.

Níor chuir d’oifig ábhar an scrúdaithe in iúl dom go raibh sé beartaithe scrúdú a dhéanamh ar aon éileamh nó líomhaintí de shórt ar bith im choinne-se (go pearsanta, nó maidir leis an ról a bhí agam mar Aire le linn don scéim a bheith á dhearadh agus á chur i bhfeidhm)/

Go deimhin, ní bhfuair mé scéala ó d’oifig faoin ngearán, faoina scóip ná faoi chinneadh d’oifige chun fiosraithe a dhéanamh faoi go dtí go raibh an réamh-scrúdú críochnaithe agaibh. Faoin am sin bhí scríofa agaibh cheana chuig na Uas. Byrne ag cur an tuairim chuige go mb’fhéidir go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach ar fad”. De réir mar a thuigim, bhí an gearán fós faoi réamh-scrúdú nuair a chuir d’oifig an scéala sin chuig an Uas. Byrne.

Dar liomsa, bhí sé míchuí agus anabaí amach is amach don Oifig agaibhse comharthaí sóirt mar sin a thabhairt don scéim agus an cur síos sin a chur chuig an ngearánaí ag an am, gan scrúdú iomlán a bheith déanta agus críochnaithe agaibh ar dtús agus aighneachtaí faighte agus cloiste ó na páirtithe go léir.

Thairis sin, an cur síos a rinne bhur n-Oifig ar an Scéim sna téarmaí sin, ag tráth, mar a thuigim, nach raibh an réamh-scrúdú fiú amháin críochnaithe fós agaibh ná na haighneachtaí lorgtha ó na páirtithe go léir (mé féin san áireamh), is éard a bhí ann, dar liomsa, ná réamh-bhreithiúnas á thabhairt ag bhur n-Oifig gan fiosrú ná scrúdú lán, cothrom a bheith déanta agaibh.

Mar is eol duit, rinneadh tuairim d’oifig-se (mar a tugadh í sa litir chuig an Uas. Byrne den dáta 11 May 2005) a scaoileadh chuig na meáin ar mhodh éigin anaithnid. Sna sála ar sin chuireadh tús le feachtas fíor-láidir polaitiúil, agus sna meáin cumarsáide, a rinne iarracht úsáid a bhaint as an gcur síos a rinne d’oifig ar an Scéim chun díobháil a dhéanamh dom charachtar agus dom chlú. Tháinig as sin sraith alt agus líomhaintí mar gheall ormsa a bhí neamhchruinn agus gan fírinne. D’iarr mé ar d’oifig na ráitis úd a cheartú nó a shoiléiriú, ach ní raibh toradh leis an iarraidh. Cé go dtuigim nach raibh an Oifig agatsa freagrach as na foilseacháin sna meáin, maidir le tuairim d’oifige a fhoilsiú go hanabaí chuig an ngearánaí agus an sórt teanga a úsáid bhur nOifig á dhéanamh sin, is fíor gurb é an toradh díreach a bhí le sin ná an feachtas díobhálach im choinne-se a lean é sna meáin. Ní raibh a fhios agam (agus ní bhfuaireas fios ó d’oifig-se) go raibh an déileáil a bhí agam leis an Scéim faoi scrúdú, scrúdú a thiocfadh fionnachtana nó cáintí as a d’fhéadfadh a bheith díobhálach dom.

Níl aon amhras ná go ndearnadh líomhaintí gan bhunús im choinne-se agus i gcoinne mo charachtair, de bharr tuairime a d’fhoilsigh d’oifig-se fúmsa. Sa chás sin, bhí an-ionadh orm (mar atá fós) gur theip ar d’oifig teagmháil a dhéanamh liomsa agus mo thuairim nó mo chuimhnítí ar na himeachtaí roimh bunú Scéime a lorg sula dtáinig sibh ar an dtuairim sin, agus nár thug d’oifig aon chuireadh dom chun aighneachtaí a dhéanamh ná éisteacht a thabhairt dom ar an ábhar. 

An faillí a rinne d’oifig gan nádúr an ghearáin agus scóip an scrúdaithe a bhí á dhéanamh agaibh a chur in iúl dom, rinne sin an deis a shéanadh orm chun aon uiríll a déanamh mar gheall air. Níor tugadh an deis dom aighneachtaí a dhéanamh ar an ngearán i gcás nuair a d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a theacht as an réamh-scrúdú mar gheall orm (rud a tharla, agus an damáiste mór a rinneadh dom dhea-chlú agus dom charachtar, mar thoradh ar an gcur síos a rinne d’oifig, agus réamh-scrúdú na Scéime),

Déanaim tagairt d’fhorálacha Acht an Ombudsman, 1980 (Alt 6 (6)) ina ndeirtear nach ndéanfaidh tú fionnachtain nó cáineadh i ráiteas, i moladh ná i dtuarascáil,  díobhálach do dhuine, gan deis a bheith tugtha don duine sin chun machnaimh a dhéanamh ar an bhfionnachtain nó ar an gcáineadh agus uiríll a dhéanamh mar gheall air chugatsa. Go mí-ábhartha, is í fírinne an scéil, gurb í an chiall a bhain roinnt páirtithe as an gcur síos ar rinne d’oifig-se ag roinnt páirtithe (lena n-áirítear rannóga des na meáin, mar thuairisciú dearbhaithe a ghineadh) ná mar cháineadh díobhálach ormsa – in ainneoin nár tugadh aon deis dom uiríll a dhéanamh chuig an Oifig agatsa roimhe sin. Freisin, mar is eol duit ní foláir, tá ceangaltas faoi Acht an Ombudsman, 1980 go gcaithfear fiosrú a dhéanamh ar mhodh eile "seachas go poiblí." Tá an ceangaltas reachtúil ann go ndéanfaí an fiosrú go príobháideach, mar chosaint gan amhras go dtugtar éisteacht chothrom do gach aon duine. Is í mo thuairim go bhfuil dochar déanta anois don cheart atá agam chun éisteacht chothrom a fháil de bharr réamh-dhearcaidh d’oifige ar an Scéim a bheith foilsithe (agus ar an gcúis gur theip oraibh aighneachtaí a lorg ná a fháil uaimse roimh ré).

Go dtí gur theagmhaigh d’oifig liom i Mí Iúil 2007 ag iarraidh orm teacht chuig agallamh, ní raibh cóip ar bith den ghearán a rinne an teaghlach Byrne tugtha dom agus níor chuir d’oifig in iúl dom go bhfaighfí fionnachtana díobhála im choinne-se (mar iar-Aire), murab ionann agus i gcoinne na Roinne féin. 

Is ionadh mór liom é sin (agus díomách freisin), bíodh is gurb é an toradh atá tagtha as an scrúdú ar rinne d’oifig ar an ngéarán ná fionnachtain dhíobhálach, a bhí ina chúis láidir go leor chun fiosrú foirmiúil a bharántú. Mar thoradh ar sin arís tháinig dréacht tuarascála uait, le fionnachtana díobhálach im choinne-se inti.

Is fiú a nótáil freisin gur tháinig an céad scéala chugamsa ó d’oifig i Mí Iúil 2007, os cionn sé bhliana i ndiaidh don Scéim a bheith deartha agus curtha i bhfeidhm sa chéad áit; 4 ½ bliana ón uair a diúltaíodh don iarratas ón dteaghlach Byrne agus os cinn 2 ½ bliana i ndiaidh don ghearán a bheith faighte san oifig agatsa.  Níor ofráladh aon mhíniú sásúil ar an moill seo, rud a rinne díobháil bhreise domsa.


Fiosrú

Tar éis críochnaithe don réamh-fhiosrú, chinn d’oifig dul ar aghaidh agus fiosrú foirmiúil a dhéanamh ar an ngearán.  Faoi mar a thuigim, chuireadh Ráiteas um Ghearán chuig an Roinn, ach ní bhfuair mise a leithéid ag an am.

Le linn don fhiosrú a bheith ar siúl, theagmhaigh d’oifig liom don chéad uair i Mí Iúil 2007 agus tugadh cuireadh dom teacht i gcomhair agallaimh. Is ag an am sin a thug d’oifig cóip den Ráiteas um Ghearán dom (fiú ag an dáta seo, níl cóip den bhun-ghearán ón dteaghlach Byrne faighte agam). Tháinig mé chugaibh láithreach agus casadh do chuid oifigeach orm ar an 30ú Iúil 2007. Faoi mar a d’admhaigh tú sa dréacht tuarascála rinne mé comhoibriú iomlán leis an bhfiosrú a rinne sibh san ábhar seo.


Dréacht Tuarascála

Tuigim ón dréacht tuarascála go nglacann tú nár shásaigh an teaghlach Byrne dhá cheann ar a laghad de choinníollacha cáilitheachta na Scéime. Leanann an dréacht tuarascála ansin ag breithniú ar dhearadh agus ar fheidhmiú na Scéime.

Mar Aire na linne sin, rinne mé cinneadh polasaí go ndéanfaí an Scéim um Chailliúint ar Muir a tharraingt suas. Bhí eolas agam faoin bpolasaí a bhí ag an Roinn roimhe sin agus an freasúra ginearálta a bhí i gcoinne scéime dá sórt agus an chúis a bhí leis an bhfreasúra sin. 

Tar éis dom gach taobh den scéal a bhreithniú, chinn mé ar an bpolasaí a athrú agus scéim a thionscnamh a fhreastalódh ar fhíor-chásanna tuillteanacha. Is cuimhin liom comhráití idir oifigigh mo Roinne agus mé féin ag an am maidir le buntáistí agus mí-bhuntáiste a leithéid de scéim a thionscnamh. Dá dtabharfaí isteach í, bhí a fhios agam gur theastaigh ón Roinn na critéir cáilitheachta d’aon scéim mar í a theorannú ionas go bhfaighfí an méid cásanna a cháileodh a shrianadh, mar bhí eagla orthu go n-osclófaí geataí na dtuiltí d’iarratasóirí a thairbheodh dá bharr. Ba é an t-aon srianadh amháin a bhí á lorg agamsa áfach ná go ndéanfaí an critéar cáilitheachta in aon scéim ar bith a theorannú go dtí cásanna tuillteanacha ( agus go ndéanfaí í a dhréachtú sa tslí is nach mbeadh sí oscailte le haghaidh mi-úsáide ag bréag-iarratasóirí/éilimh). Níor theastaigh uaim í  a shrianadh ar chúis ar bith eile.

Is dealraitheach go gcuirtear an bhéim i do dhréacht tuarascála ar an nóta uaim chun “imfhálú a déanamh ar a sé go dtí a hocht d’fhíor-chásanna”. Is é an tuiscint a bhí agam le húsáid an fhocal “imfhálú” ná “imfhálú” (sa chiall “srianadh”) a chur faoi scóip aon scéime agus í a theorannú chuig fíor-chásanna amháin, agus sin í an chiall ba chóir a bhaint as. Thairis sin, nuair a úsáid mé “imfhálú” bhí sé mar fhreagra ar nóta ó Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, ar an 11ú Samhain 2000, inar nocht sí imní maidir le cén áit a stopfadh scéimeanna/éilimh den sórt sin. Cé gurb eol dom an imní a bhí ar mo chuid oifigeach go bhféadfadh scéim geataí na dtuilltí a oscailt i gcomhair iarratas agus an fonn a bhí orthu na uimhreacha a theorannú, ní raibh mé buartha mórán faoi sin. Is í an mhór-imní a bhí orm féin (agus an chúis a d’athraigh mé an polasaí) ná scéim a thabhairt isteach a bheadh ábalta fíor-chásanna tuillteanacha a chlúdach – agus is cuma cé méid cásanna a bheadh i gceist.

Nuair a dúirt mé “a sé go dtí a hocht” ní raibh ansin ach athrá ar an méid a bhí ráite liom ag mo chuid oifigeach ag an am – ní raibh iontu ach uimhreacha táscacha – sin an méid – agus ní raibh aon tionchar acu ar an mbaint a bhí agam le ceapadh na gcritéar cáilitheachta don Scéim.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach freisin go dtuigfeá an tráth/comhthéacs inar tharla an caidreamh úd. Tharla na comhráití seo faoi “imfhálú” ag tráth nuair nach raibh aon chinneadh déanta fós go n-athrófaí an polasaí le scéim a thabhairt isteach. Is éard a bhí ann ná malartú tuairimí agam féin agus mo Roinn faoi na buntáistí agus na mí-bhuntáistí a bhain le polasaí a athrú sula raibh aon chinneadh déanta agam ar pholasaí a athrú – agus is léiriú é sin ar an mbreithniú iomlán, cóir agus cúramach a rinne mé ar gach taobh den scéal sular chinn mé ar athrú polasaí.

Dá bhrí sin, má táthar a rá anois go mb’fhéidir go raibh fonn orm “imfhálú” a dhéanamh agus gan ligean ach do “sé go dtí a hocht cásanna” cáiliú faoi scéim ag an am sin, nuair nach raibh m’aigne socair cibé acu ar cheart don scéim a bheith ann cor ar bith, is dochreidte é sin agus cuireann sé an seasamh a bhí agam as a riocht ar fad. 

Na fionnachtana airbheartaithe atá sa dréacht tuarascála agaibh atá ag iarraidh sonrú a dhéanamh ar bhaint nó spéis éigin a bheith agamsa le líon na gcásanna – níl siad ceart agus sin í an fhírinne.

Tá sé mícheart freisin ag do dhréacht tuarascáil a rá, ón agallamh a bhí agam in bhur n-Oifig agus ón doiciméadú, go raibh fonn orm “imfhálú a dhéanamh ar chásanna an MÁI Joan Patricia, an MÁI Spes Nova agus an Kris an Avel”. Bhí fonn orm fíor-chásanna tuillteanacha a “imfhálú” – ba chuma liom dá mba ionann sin agus 50 cás (mar a dúirt mé ag an agallamh) nó “a sé go dtí a hocht”. Roimh an chinneadh a dhéanamh ar athrú polasaí rinne mé iniúchadh ar chás an MÁI Joan Patricia agus MÁI Spes Nova (tá sé tábhachtach a mheabhrú gur cás amháin ba ea é seo – chuaigh an dá bhád síos sa chiotrainn chéanna) mar chabhair chun an chinnidh a dhéanamh go raibh gá leis an athrú polasaí nó nach raibh.

Feicim go bhfuil sé ráite agaibh sa dréacht tuarascála go raibh fianaise ann maidir le hobair ghníomhach “theagmhálach” a bheith ar siúl agam féin agus ag mo chuid oifigeach i ndearadh na scéime. Mar thacú le sin, leanann do dhréacht tuarascála lena glacadh gur chuir mise, go hiomchuí, mar Aire na linne sin, roinnt leasuithe sonraithe sa scéim agus an cuspóir réamh-ráite leo chun scóip na scéime a shrianadh (chun fíor-chásanna amháin a chlúdach; ach gan líon na n-éileamh a shrianadh) agus chun í a chosaint ó mhí-úsáid, agus gur oibrigh mé go dlúth leis na hoifigigh Roinne a bhí agam ag an am ag sainmhíniú na gcuspóirí agus ag forbairt critéar cáilitheachta na Scéime.

Bíodh a thromchúisí is a bhí na hiarmhairtí dhíobhálacha orm féin i ndiaidh an cur síos a rinne bhur n-Oifig á rá go raibh an Scéim  “an-easpach agus an-fhabhtach” agus an tuiscint a bhaineadh as an bhfriotal sin, ar eagla go mbainfí míthuiscint as an bhfocal “teagmhálach” (ionas go dtabharfaí tuiscint de shórt go raibh baint “mhíchuí” éigin agam leis an Scéim), tá orm a iarraidh oraibh focal/focail eile cosúil leis a chur in bhur dtuarascáil ina ionad, agus leis an bhfoclaíocht ionadach sin gan an dara ciallú malartach (agus diúltach) a fhágáil oscailte le cur air (e.g. “páirtíocht ghníomhach”). 

Chomh luath is a bhí an cinneadh déanta agam an Scéim a thionscnamh agus go raibh na téarmaí tagartha agus critéir cáilitheachta na Scéime aontaithe agam leis na hoifigigh a bhí agam ag an am, as sin amach ba é gnó na Roinne feidhmiú agus riaradh na Scéime.

Contrártha lena bhfuil ráite sa dhréacht tuarascála agaibh, ní raibh mé “gafa go domhain i bhfógraíocht agus i bpoibliú” na Scéime. Níorbh é gnó an Aire an Scéim a fhógairt, ach amháin na státseirbhísigh sa Roinn chun é sin a shocrú.

Cé nach raibh baint ar bith agam le fógraíocht na Scéime, tuigim gurb é an t-aon fhasach amháin a bhí ag an Roinn ag an am sin chun scéimeanna a fhógairt, ná trí an páipéir trádála agus trí Eagraíochtaí na dTáirgeoirí. Ritheadh an fhógraíocht don Scéim seo sa tslí chéanna leis na fógraí faoi scéimeanna eile, agus bhí sé, dar liomsa, an-réasúnta agus sásúil.

Tá díomá orm agus ní ghlacaim leis na fionnachtana airbheartaithe sa dhréacht tuarascála agaibh.

1.    Nótálaim, cé gur mise an t-iar-Aire

(a) nár chuir d’oifig in iúl dom go raibh an gearán ón dteaghlach Byrne faighte agaibh;

(b) nár tugadh cuireadh dom aighneacht nó uiríll a dhéanamh mar gheall air roimh dhearcadh d’oifige go m’fhéidir go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach”.

(c) nár tugadh deis dom aighneachtaí a dhéanamh i rith an réamh-scrúdaithe;

(d)  nár tugadh cóip den Ráiteas um Ghearán dom go dtí Iúil 2007;

(e)  go raibh dochar déanta dom ag feachtas sna meáin a lean an ráiteas uaibhse chuig an Uas. Byrne go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach;"

agus in tosca nuair a bhí d’oifig ag láimhseáil an ghearáin, chuathas i gcomhfhreagras le agus lorgaíodh aighneachtaí ach ón Roinn amháin (agus ní uaimse, an t-iar-Aire), in ainneoin sin cuireann an dréacht tuarascála fionnachtana ar fáil "a bhaineann leis an Aire agus lena chuid oifigeach faoi seach." [uaim féin an bhéim anseo].

Sna tosca thuasluaite tá sé éagórach agus éagothromasach bhur bhfionnachtana airbheartaithe a ardú im choinne-se.

Thairis sin, de réir Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá idirdhealú idir freagrachtaí Ard-Rúnaí na Roinne agus an tAire agus, go háirithe, forálann an tAcht "go mbeidh ag Ard-Rúnaí na Roinne, faoi réir chinnidh an pholasaí ag an Aire, an t-údarás, freagracht agus cuntasacht maidir le cuir i bhfeidhm" roinnt dualgas, lena n-áirítear "polasaithe an Rialtais a chur i bhfeidhm" [uaim féin an bhéim anseo].

Tá glactha agus admhaithe agam riamh is i gcónaí gur cinneadh polasaí dom chuid féin mar Aire na linne sin ba ea tionscnamh na Scéime, ach ba iad oifigigh na Roinne a rinne an cur i bhfeidhm agus an riaradh. Agus an scéal mar atá, iarraim go ndéantar leasú ar an ndréacht tuarascála ionas go mbainfidh aon fhionnachtana a dhéanfaidh sibh leis an Roinn amháin agus ní leis an Aire.

2. Ní ghlacaim agus ní thig liom a ghlacadh le bhur bhfionnachtain go raibh an modh a dearadh an scéim contrártha le riarachán slán agus cothrom.  Nuair a chinneadh ar an athrú polasaí chun an Scéim a thabhairt isteach rinneadh taighde iomchuí sa Roinn ar na Téarmaí Tagartha agus na critéir cáilitheachta a moladh.

Go deimhin, mar gheall ar mhalairt tuairime idir mé féin (mar Aire na linne) agus an Roinn maidir le tionscnamh na Scéime a moladh, tharla díospóireacht bhríomhar ar Théarmaí Tagartha agus ar chritéir cháilitheachta (inar scrúdaíodh buntáistí agus mi-bhuntáistí na Scéime a moladh,  roimh a thionscanta).  Maidir le sin, ba í an sórt Scéime a tháinig as ná go raibh cothromaíocht chóir inti idir an mhian a bhí ormsa ligean do na fíor-chásanna a thitfeadh laistigh de na critéir a bheith clúdaithe ag an Scéim agus an mhian a bhí ar an Roinn teorainneacha a chur le sin.

Is dealraitheach go n-ardaíonn bhur ndréacht tuarascála ceist éigin maidir le dáta dúnta do-athraithe a bheith leis an Scéim agus easpa aon rogha chun é a shíneadh. Ní raibh baint ar bith agamsa leis an dáta dúnta tar éis do na téarmaí a bheith leagtha síos. Ní raibh baint ar bith agam le measúnú nó scrúdú na n-iarratas a tháinig. 

Ní mise a bhí mar Aire ar an dáta a tháinig an t-iarratas ón dteaghlach Byrne. Feicim nár tháinig an t-iarratas ón dteaghlach Byrne go dtí Eanáir 2003 – os cionn dhá mhí dhéag i ndiaidh an dáta dúnta .i. 31ú Nollaig 2001. Cé nach dóigh liom go mbeadh sé ceart dom a thuilleadh a rá faoi seo, ní thuigim conas a bhféadfaí dáta dúnta cinnte a shíneadh anonn ar feadh dhá mhí dhéag tar éis an dáta dúnta a leagadh síos. De réir na taithí a bhí agamsa thar chúig bhliana déag mar Aire agus mar Aire Stáit i gcúig Roinn bhí dáta dúnta ann le haghaidh iarratas ar gach aon scéim a raibh baint agamsa leo, agus bhí sé riachtanach go mbeadh na dátaí sin cinnte, do-athraithe. Ní féidir glacadh leis an bhfionnachtain airbheartaithe sa dréacht tuarascála agaibh a deir nár fhág dáta dúnta na Scéime “scóip ar bith chun rogha nó discréid a imirt, sa chás go dtiocfadh cásanna tuillteanacha eile chun solais”. Chuirfeadh a leithéid sin ualach míréasúnta ar an Roinn.

3.  Ní glacaim nár tugadh dóthain fógraíochta don Scéim. Tá an ceart agat nuair a deir tú go raibh an Scéim dírithe ar aicme áirithe de dhaoine agus mar sin í a fhógairt sna páipéir trádála agus trí eagraíochtaí ionadaíochta an aicme áirithe sin – cinneadh go mba leor é sin. Mar a dúradh thuas,  an t-aon fhasach amháin a bhí ann roimhe sin sa Roinn chun scéimeanna a fhógairt, bhí sé trí na páipéir trádála agus na heagraíochtaí ionadaíochta. Níl sé réasúnta a bheith ag súil go bhféadfadh an Roinn scríobh chuig chuile iarratasóir ionchais chun a rá leis/léi go raibh an Scéim ann agus chuirfeadh sin ualach riaracháin míréasúnta ar an Roinn. An mbeadh sé de cheangal ar an Roinn dul sa tóir ar gach aon iarratasóir ionchais fiú dá mbeidís imithe ón seoladh deireanach a bhí ar chomhad dóibh?  Thairis sin, mar a dúradh thuas, ní raibh baint ar bith agam, mar an Aire ag an am, le fógraíocht na Scéime. Nuair a ghlacadh leis an Scéim, ba é gnó na Roinne an cur i bhfeidhm (agus an fhógraíocht san áireamh).

4. Ní thig liom an fhionnachtain airbheartaithe uaibh a ghlacadh nó a shéanadh nach raibh na taifid á gcoimeád de réir an chleachtais is fearr sula ndearnadh an dearbhú sínithe ar an Scéim. Sna tosca seo ní raibh aon deis agam athbhreithniú ná machnamh a dhéanamh ar na comhaid/taifid a bhí  athbhreithnithe agat/ag bhur nOifig sula dtángthas ar an bhfionnachtain áirithe seo. Ó mo chuid thaithí féin de, áfach, is é cleachtas, polasaí agus freagracht na Roinne go mbeadh go leor taifead á gcoimeád.  

5. Séanaim amach is amach an fhionnachtain airbheartaithe uaibh go raibh “mí-riarachán” a fhág iarmhairt dhíobhálach ar an dteaghlach Byrne bainteach ar dhóigh ar bith leis an modh a dearadh nó a fógraíodh an Scéim. Go deimhin, fiú dá nglacfadh duine leis na bhfionnachtana airbheartaithe atá agaibh (rud nach ndéanaim) ní chosnódh sin ceartas aon fhionnachtain de “mhí-riarachán” leis an bhforchiall dhochrach thromchúiseach atá taobh thiar den bhfocal sin. Ni raibh (ná níl) aon cheist maidir le neamhinniúlacht,  míchuibheas ná mímhacántacht ag baint le dearadh ná le fógraíocht na Scéime agus is ionann “mí-riarachán” a chur síos leo agus míchuma agus mícharachtarú a chur ar aon easpaí a d’fhéadfadh an Oifig agaibhse a aimsiú sa Scéim (agus séantar iad seo freisin). Thairis sin, déanaim tagairt d’fhorálacha Achta an Ombudsman, 1980, agus go háirithe na “gníomhartha” faoi mar a leagtar síos faoi Alt 4(2)(b)(i)-(vii). Ní mór d’aon fhionnachtain an Ombudsman titim laistigh den fhoráil reachtúil áirithe chéanna. Níl a leithéid d’fhoráil reachtúil ann le haghaidh na fionnachtana “mí-riarachán”. Caithfear an focal “mí-riarachán” a bhaint amach as an dtuarascáil agaibh mar aon leis na fionnachtana airbheartaithe atá ceangailte leis. 

D’fháilteoinn roimh an deis chun bualadh leat féin chun a bhfuil ráite thuas agus aon cheisteanna eile atá agat a phlé. Beidh mé ar fáil chun na críche sin ar aon am atá áisiúil don bheirt againn agus tá mé ag súil le scéala a fháil uait go gairid faoi seo.

Mar fhocal scoir, nótáil le do thoil gur aighneachtaí faoi do thuarascáil ag an am seo atá sna saincheisteanna thuas. Déanaim forchoimeád iomlán ar mo chearta maidir leis an ábhar seo. 

Is mise, le meas,

FRANK FAHEY TD

Back to contents