- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
09/11/10 - Forbhreathnú ar an Tuarascáil, An Cuma Faoi Chúram? Imscrúdú ar an gceart chun cúraim i dtithe altranais in Éirinn.
An Cuma Faoi Chúram - Forbhreathnú ar an Tuarascáil (pdf, 203 kb)
Is tuarascáil fhada í seo agus tá cuid di casta. Tá sé i gceist leis an bhforbhreathnú seo na príomhphointí sa tuarascáil seo a shainaithint, ar bhunús caibidil ar chaibidil. Tá achoimre níos cuimsithí le fáil ar láithreán gréasáin an Ombudsman.
Caibidil 1 - Baineann an tuarascáil seo le ...
Tá an tuarascáil seo bunaithe ar bhreis agus 1,000 gearán a fuarthas ó 1985 i leith, agus déantar plé inti ar na fadhbanna a bhíonn ag roinnt mhaith daoine agus ar an bhfrustrachas a bhíonn orthu nuair a fhaigheann siad amach go bhfuil cúram tí altranais de dhíth ar dhuine den teaghlach. Níl na boird sláinte (FSS) ag comhlíonadh na hoibleagáide atá orthu an cúram seo a chur ar fáil leis na blianta fada. Mar gheall ar an mainneachtain sin, tionscnaíodh na céadta caingean dlí i gcoinne FSS. Féachtar sa tuarascáil ar na cearta atá ag daoine scothaosta agus ar na hoibleagáidí atá ar na boird sláinte (FSS) sa réimse sin. Pléitear ról na Roinne Sláinte agus Leanaí sa tuarascáil freisin, roinn atá ag gealladh le blianta fada anuas creatlach nua reachtaíochta maidir le teidlíocht seirbhísí sláinte a fhorbairt. Ní ghlacann an tOmbudsman aon seasamh chuici féin faoin méid ba chóir a bheith sa dlí maidir le teidlíocht ar chúram i dtithe altranais.
Caibidil 2 - Dlínse ...
Dhiúltaigh an Roinn agus FSS araon comhoibriú leis an Ombudsman maidir leis an imscrúdú atá mar bhunús leis an tuarascáil seo a sheoladh. Níor chuir siad faisnéis a bhí á lorg ag an Ombudsman ar fáil. Maíonn siad nach bhfuil sé laistigh de dhlínse an Ombudsman an t-imscrúdú seo a sheoladh. Tá an tOmbudsman deimhin den dlínse atá aici. Agus an tuarascáil seo á cur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid aici, nochtann sí a tuairim go bhfuil FSS agus an Roinn araon ag sárú cheanglais reachtúla an Achta Ombudsman 1980. Tacaíonn an Rialtas go háirithe le seasamh na Roinne, agus ar an 10 Meán Fómhair 2010 chuir sé an méid sin in iúl don Ombudsman. Tá an Rialtas ag áitiú go bhfuil an tOmbudsman ag gníomhú lasmuigh de na cumhachtaí atá aici agus go bhfuil sí ag cur isteach ar an Stát maidir leis na céadta caingean dlí a chosaint. Cé go ndeir an tOmbudsman nár cuireadh a neamhspleáchas reachtúil i gcontúirt de dheasca an chur chuige sin, tarraingíonn sí aird ar an idirghabháil gan fasach atá ar bun ag an Rialtas.
Caibidil 3 - Cúlra ...
Tá 23,000 duine scothaosta (5% díobh siúd os cionn 65 bliain d’aois) i dtithe altranais. Tá thart faoi 7, 500 díobh siúd i dtithe altranais FSS agus 15,500 díobh i dtithe altranais príobháideacha. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na n-áiteanna i dtithe altranais poiblí le blianta anuas agus tá méadú dá réir tagtha ar áiteanna i dtithe altranais príobháideacha. Idir 1997 agus 2009 tháinig méadú beagnach 300% ar líon na n-áiteanna i dtithe altranais príobháideacha (agus 20,526 áit anois iontu).
Bhí ar roinnt mhaith daoine scothaosta, le blianta anuas, glacadh le cúram i dtithe altranais príobháideacha mar gheall ar an easpa áiteanna i dtithe altranais poiblí i gcomparáid le háiteanna príobháideacha.Cé go bhfuair roinnt de na daoine sin fóirdheontas áirithe i leith chostais an chúraim phríobháidigh, níor leor na socruithe fóirdheontais sin. Mar thoradh air sin, bhí ar dhaoine a bhí i dteideal, i bprionsabal, cúram a bheith curtha ar fáil dóibh ag na boird sláinte, suimeanna móra airgid a íoc as cúram príobháideach. Bhí cruatan ar roinnt mhaith daoine mar gheall ar na costais sin a íoc.
Caibidil 4 - Cad a Deir na Gearánaigh ...
Tá sé ar cheann de chuspóirí na tuarascála seo, a bhfuil á rá ag gearánaigh an Ombudsman -ag dul siar go 1985 - faoi cheist na dtithe altranais a chur in iúl. Deir an Roinn nach mbaineann sé leis an Ombudsman iarracht a dhéanamh a bhfuil á rá ag gearánaigh a chur in iúl. Rinne an tOmbudsman cur síos ar na gearáin sa réimse sin agus shainaithin sí na príomhcheisteanna ar eascair na gearáin astu i mír mhionsonraithe dá Thuarascáil Bhliantúil 1992 a cuireadh faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Go deimhin, fuair an tOmbudsman gearáin den chineál céanna, inar ardaíodh na ceisteanna céanna, gach bliain ó shin i leith. Sa chaibidil seo tá ábhar ina léirítear na gearáin faoi thithe altranais a fuair an tOmbudsman sa tréimhse ar fad ó 1985 i leith.
Caibidil 5 - Déantar Foráil sa Dlí ...
Is í an príomh-mhír reachtaíochta a bhaineann leis an gceist seo ná an tAcht Sláinte 1970. Déantar foráil leis go soiléir agus i bhfocail gan athbhrí go gcuirfidh bord sláinte (FSS anois) seirbhísí d’othair chónaithe ar fáil. Tá sé dearbhaithe le fada, ó 1976, gurb éard atá sa chineál seirbhíse a chuirtear ar fáil do dhuine scothaosta i dteach altranais ná seirbhísí d’othair chónaithe. Tá an Roinn ag áitiú le blianta beaga anuas nach dtugtar ceart do dhaoine faoi Acht 1970 chun seirbhísí d’othair chónaithe a fháil; ach, áitíonn sí bíodh go bhféadfadh daoine a bheith “cáilithe” le haghaidh na seirbhíse sin, nár ghá go mbeadh siad ina “teideal”. Cinneann an tOmbudsman, bunaithe ar anailís fhada ar an dlí ábhartha, nach bhfuil an t-idirdhealú sin bailí agus go bhfuil daoine i dteideal seirbhísí d’othair chónaithe (lena n-áirítear seirbhísí tí altranais) a bheith curtha ar fáil dóibh. Is é tuairim an Ombudsman ná go bhfuil neamhaird dhoghlactha ar an dlí mar atá sé á léiriú ag an Roinn agus ag FSS agus an cur chuige seo á ghlacadh acu.
Caibidil 6 - Geallta a Briseadh ...
Níor chóir aon amhras a bheith ar dhaoine, go háirithe ar dhaoine scothaosta agus ar dhaoine leochaileacha, faoi na seirbhísí ar féidir leo a bheith ag súil lena bhfáil ón Stát. Cé go gcuirtear ceanglas ar na boird sláinte (FSS) cúram tí altranais a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu faoi Acht Sláinte 1970, is minice a sháraítear an oibleagáid sin ná a mhalairt. Mar thoradh air sin, tá meascán mearaí agus éiginnteacht ollmhór ann maidir leis an gceart chun cúram tí altranais a fháil. Níor leasaíodh an dlí ó 1970 i leith, ach an oiread, chun tacú le chleachtas na mbord sláinte (FSS). Sa chaibidil seo, leagtar amach scéal duine scothaosta amháin, bean ar a dtugtar an tUasal B., atá i dteach altranais príobháideach ó 1999 i leith, toisc gur mhainnigh a bord sláinte cúram a chur ar fáil di. Bhí ar an Uasal B. costais arda an tí altranais phríobháidigh a íoc sna 11 bhliain ó shin i leith; ní bhfuair sí aon fhóirdheontas i leith na gcostas sin do chuid mhaith den tréimhse agus bhí ar a teaghlach ranníocaíocht a dhéanamh. Cé go bhfuil cárta leighis aici, agus cé go ndearna geiriatraí measúnú uirthi mar bhean a raibh cúram boird sláinte de dhíth uirthi, níor ghlac a bord sláinte freagracht as a costais riamh. Sa chaibidil seo tugtar cuntas mionsonraithe ar an méid a tharla le linn don Uasal B. (a bhfuil a teaghlach ag gníomhú thar a ceann) a bheith ag plé leis an mbord sláinte (FSS). Cuirtear scéal an Uasail B. le hais sonraí de ghealltanais a rinne an tAire agus an Roinn Sláinte agus Leanaí, bliain in aghaidh bliana, le breis agus deich mbliana, reachtaíocht nua a thabhairt isteach sa réimse seo.
Caibidil 7 - An tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais -“... na nithe a rabhthas in amhras fúthu a chinntiú...”?
Cuirtear bunús dlíthiúil ar fáil san Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (STTB) maidir le scéim na bhfóirdheontas do chostais tí altranais a chuir an Roinn chun cinn faoin teideal “Fair Deal”. Sa chaibidil seo tá anailís mhionsonraithe ar an Acht fán STTB agus tá cuntas ann freisin ar thuairimí na Roinne féin maidir leis an Acht. Ní nochtann an tOmbudsman aon tuairim ansin ach an oiread, maidir leis an méid ba chóir a bheith sa bheartas ná sa reachtaíocht sa réimse sin. Ba é an príomhphointe a rinne an Roinn ná gur faoin duine (agus faoin teaghlach), atá sé cúram tí altranais a chur ar fáil dó/di féin mar thoradh ar an Acht; agus nach bhfuil aon oibleagáid ar FSS cúram tí altranais a chur ar fáil. Dar leis an Roinn, níl i gceist le ról an Stáit ach fóirdheontas i leith costais tí altranais a íoc i ndiaidh measúnú acmhainne a dhéanamh agus faoi réir acmhainní FSS a bheith ar fáil. Ní ghlactar leis in anailís an Ombudsman gurb amhlaidh atá an scéal agus nochtar an tuairim go bhfuil oibleagáidí an Achta Sláinte 1970, maidir le cúram tí altranais, fós i bhfeidhm. Sa chaibidil seo dírítear aird freisin ar fhadhbanna a bhí ag teacht chun cinn faoin STTB go háirithe maidir le raon na seirbhísí cúraim a chlúdaítear faoin Scéim agus maidir leis an gcaoi ina ndéantar an measúnú acmhainne. Tugann an tOmbudsman le fios go bhfuil an tAcht fán STTB féin dréachtaithe ar shlí a fhágann go bhfuil sé doiléir agus nach gcomhlíontar ceanglais na tástála “Cainte Dírí” ann.
Caibidil 8 - Dlíthíocht -“... déantar éiginnteacht ó thaobh na dlíthiúlachta de a thástáil agus baintear leas as...”?
Tá breis agus 300 caingne dlí le héisteacht i gcoinne an Stáit toisc gur mhainnigh na boird sláinte (FSS) cúram tí altranais a sholáthar do na gearánaithe lena mbaineann. Tá cuid mhaith de na caingne sin ullmhaithe le blianta fada agus níor éisteadh aon cheann díobh os comhair na hArd-Chúirte ná ní dhearnadh breithiúnas ina leith inti go dtí seo. Socraíodh ar a laghad dosaen de na caingne sin agus d’íoc an Stát méid áirithe cúitimh. Níor nochtadh sonraí na socraíochtaí, go deimhin, dhiúltaigh an dá chomhlacht aon fhaisnéis faoi na caingne a thabhairt don Ombudsman. Tugann an tOmbudsman an frithrá faoi deara sa mhéid is go ndeir an Roinn agus FSS nach bhfuil aon chúis dlí ag na gearánaithe, ach rinneadh socraíochtaí mar sin féin i roinnt cásanna. Ní léir cén fáth a gcaithfeadh an Stát airgead poiblí chun éilimh a shocrú nach bhfuil aon fhiúntas ó thaobh an dlí ag baint leo. Tugann mainneachtain na Roinne aon fhaisnéis a thabhairt faoi na socraíochtaí, ná faoina cur chuige maidir leis na caingne dlí sin, (don Oireachtas ná don Ombudsman) le fios go bhfuil easpa thromchúiseach follasachta ann. Breathnaítear sa chaibidil seo freisin ar cheisteanna faoin tslí ar chóir don Stát é féin a iompar i ndlíthíocht ina bhfuil grúpaí leochaileacha dá shaoránaigh féin páirteach. Déantar machnamh ann freisin ar ról an Ard- Aighne mar “chosantóir leas an phobail”, ról atá mar chuid de shainchúram an Ard-Aighne.
Caibidil 9 - Conclúidí agus Ábhair Machnaimh ...
Cinneann an tOmbudsman, gur mhainnigh an Stát, trína ghníomhairí .i. na boird sláinte (FSS) agus an Roinn, ar feadh blianta fada, an teidlíocht dhlíthiúil atá ag daoine chun cúram tí altranais a fháil a thabhairt dóibh. Níl aon amhras faoi ach go raibh mearbhall, fulaingt agus cruatan mar thoradh ar an mainneachtain sin. Tugann an chaoi inar mhainnigh an Stát dul i ngleic leis na ceisteanna atá mar chúis leis an mainneachtain sin, cé gur gheall sé go minic go ndéanfadh sé amhlaidh, in iúl go bhfuil teipthe ar ár gcóras rialtais ar bhonn níos leithne. Chuir FSS agus an Roinn, le tacaíocht an Rialtais, i gcoinne an imscrúdaithe seo de chuid an Ombudsman, agus chuir siad cúisimh an-tromchúiseach in aghaidh Oifig an Ombudsman. Go bunúsach, is é an cúiseamh ná gur ghníomhaigh an tOmbudsman le drochintinn agus an t-imscrúdú seo á sheoladh aici. Diúltaíonn an tOmbudsman scun scan do na cúisimh sin. Féachann an tOmbudsman ar cheisteanna - a d’ardaigh a réamhtheachtaí ar dtús i dtuarascáil imscrúdaithe ghaolmhar in 2001 - a bhaineann leis a gcaoi ina bhfuilimid á rialú againn féin; cinneann sí go bhfuil na fadhbanna a sainaithníodh in 2001 fréamhaithe anois le himeacht na mblianta. Cinneann an tOmbudsman, ag deireadh a tuarascála, nár chomhlíon na boird sláinte (FSS) a gcuid oibleagáidí i leith daoine scothaosta faoi Acht Sláinte 1970 agus go raibh an Roinn ar an eolas faoin mainneachtain sin agus thoiligh siad léi. Roghnaigh an tOmbudsman gan moladh ar leith a dhéanamh ag eascairt as an gcinneadh sin, mar a dhéanfaí de ghnáth. Rinne sí an rogha sin i bhfianaise na ndeacrachtaí airgeadais agus eacnamaíochta gan fasach a gcaithfidh an tír seo aghaidh a thabhairt orthu. Tugadh aird freisin ar na costais ollmhóra a bhaineann le haon mholadh a mbeadh sé i gceist leis cúiteamh a thabhairt do na daoine sin ar theip ar an Stát cúram tí altranais a sholáthar dóibh. Déanann an tOmbudsman roinnt moltaí áfach, ina measc go n-admhódh an Stát gur chlis air sa réimse sin agus go ndéanfaí roinnt machnaimh ar chúnamh áirithe a thabhairt do na daoine sin a d’fhulaing cruatan tromchúiseach airgeadais. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, mar shampla, tríd na meicníochtaí atá ar fáil cheana féin faoin scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh.
