- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Ráiteas um Príobháideacht
Leagann an doiciméad seo polasaí Oifig an Ombudsman amach maidir le príobháideacht úsáideoirí an tsuímh ghréasáin seo. De ghnáth, ní bhailíonn an Oifig eolas pearsanta faoi chuartóirí ar an suíomh.
I gcás brabhsála ginearálta, ní nochtar aon eolas pearsanta dúinn, cé go bhfuil eolas áirithe staidrimh ar fáil do Oifig an Ombudsman trínár soláthróir seirbhíse. Is féidir go mbeadh ainm an fhearainn Idirlín óna ndearna tú rochtain ar an Idirlíon; an cineál brabhsálaithe agus an córas oibriúcháin atá á n-úsáid agat; an t-am agus an dáta ar a ndearna tú rochtain ar an suíomh; an seoladh idirlín roimhe seo ónar nasc tú díreach leis an suíomh seo; aon téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú leis an suíomh a rochtain, na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu, agus aon chomhaid a ndearna tú íoslódáil orthu, san áireamh.
Úsáidtear cuid den eolas thuas le hachoimhre staidrimh a chruthú, a cheadaíonn dúinn measúnú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí ar ár suíomh; a fháil amach cad iad na leathanaigh is mó a dtugtar cuairt orthu agus, ar deireadh thiar, an suíomh a dhéanamh níos cairdiúla don úsáideoir.
Soláthraíonn leathanaigh áirithe ar an suíomh seo rogha le breis eolais a lorg ar r-phost. Ní dhéanfar taifeadadh ar an eolas seo ach má roghnaíonn tú teachtaireacht a chur chugainn agus ní úsáidfear é ach chun na críche dár sholáthar tú é.
Ní bhaineann Oifig an Ombudsman feidhm as fianáin, agus ní gá dó fianáin a chumasú chun nascleanúna. (Píosa eolais is ea fianán a fhéadfadh suíomh gréasáin idirlín a chur chuig do bhrabhsálaí nuair a dhéanann tú rochtain ar eolas ar an suíomh sin.)
