Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Inrochtaineacht

Cuireadh suíomh idirlín an Oifig an Ombudsman le chéile sa chaoi is go mbeadh sé a inrochtana agus is féidir, agus bímid i mbun ár ndíchill go seasta chun a inrochtana is a bheidh an suíomh a fheabhsú.

Tá iarracht déanta againn a chinntiú go gcomhlíonann ár suíomh na caighdeáin theicniúla seo a leanas:

  • Inrochtaineacht - Féachaimid le gach leathanach dár suíomh a choinneáil ar an leibhéal a chomhlíonfaidh WAI AAA.
  • Cód - Táirgtear an suíomh agus W3C XHTML 1.0 á úsáid ar mhaithe le soiléire an chóid.
  • Formáidiú - Ar aon dul le moltaí W3C, bíonn an formáidiú ar fad i gcomhad Stílbhileoige Cascáidí (Cascading Style Sheet nó CSS ). Féadfaidh úsáideoirí rogha a dhéanamh an comhad seo a dhíchumasú agus leagan "gnáth-théacs" den suíomh idirlín a fheiceáil dá mb'fhearr leo sin.


Dearadh an suíomh idirlín ionas go mbeidh sé comhoiriúnach d'fhormhór na mbrabhsálaithe freisin. Is féidir teacht ar an suíomh fós le leagain níos sine de bhrabhsálaithe nach bhfuil comhoiriúnach do Stílbhileoga Cascáideacha cé go mb'fhéidir go dtaispeánfar a bhfuil air d'uireasa a leagan amach grafach.

Má bhíonn deacracht agat agus tú ag iarraidh teacht ar fhaisnéis ar an suíomh idirlín seo, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Rochtana, an tUas. Aidan Moore. Is mar seo a leanas na mionsonraí teagmhála d'Aidan:

Seoladh Poist - 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón - 01 - 6395712 nó 087 - 9175186.
Rphost - ainm_sloinne@sipo.gov.ie

Má bhíonn aon mholtaí agat maidir leis an mbealach go bhféadfaimís inrochtaineacht ár suímh idirlín a fheabhsú, téigh i dteagmháil linn le do thoil.