- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Ceathrú Céid curtha di ag Oifig an Ombudsman
Dáta eisiúnta: 27.01.2009
Bhuail an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa in Áras an Uachtaráin inniu (Déardaoin, 22 Eanáir 2009) i gcomóradh na gcúig bliana fichead a bhfuil Oifig an Ombudsman ar an bhfód. Chuir Iníon Uí Raghallaigh a raibh Bríd Mills, Uas., baintreach an chéad Ombudsman, Michael Mills, Uas., R.I.P., agus a réamhtheachtaí, an t-iar-Ombudsman, Caoimhín Ó Murchú, Uas., ina teannta don chuairt, a buíochas in iúl don Uachtarán Mhic Giolla Íosa as a bheith ina haoi don chuairt i gcomóradh chloch mhíle na ceathrún céid a bheith curtha di ag Oifig an Ombudsman.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tOmbudsman, “Leag Michael Mills, Uas., nach maireann, dúshraith dhaingean faoin Oifig seo i ndiaidh a cheapacháin, ceapachán a rinne an t-iar-Uachtarán, an Dr. Pádraig Ó hIrghile, i mí Eanáir 1984. Neartaigh Caoimhín Ó Murchú, Uas., a tháinig i gcomharbas ar Mhichael i mí na Samhna 1994 an tseirbhís neamhspleách seo againne atá saor in aisce do dhaoine a bhraitheann gur caitheadh go héagórach leo sna déileálacha a bhí acu leis an tseirbhís phoiblí. Ón mbliain 1984 i leith, fuair na mílte duine cúnamh ón bhfoireann dhíograiseach atá i m’Oifig, foireann atá tiomanta don chaighdeán seirbhíse a chuirtear ar fáil do chustaiméirí na rann rialtais, na seirbhíse sláinte, na n-údarás áitiúil agus comhlachtaí poiblí eile a ardú. Táim buíoch de mo réamhtheachtaithe agus d’fhoireann na hOifige, iarbhaill foirne agus na baill atá ag obair san oifig faoi láthair, as an ról a bhí acu i mbunú agus i gcothabháil na hOifige – Oifig, creidim, a chuir go mór le sochaí na hÉireann agus le riarachán poiblí na hÉireann.”
Dúirt an tOmbudsman gur mhó gá a bhí anois ná riamh le hinstitiúid an Ombudsman chun na daoine is mó atá i mbaol agus gan chosaint sa phobal a chosaint. Ba sa tSualainn taca na bliana seo 200 bliain ó shin a bunaíodh institiúid an Ombudsman den chéad uair. Chuir sí lena cuid cainte agus dúirt gurb iad an neamhspleáchas, an chothroime, agus an neamhchlaontacht saintréithe na hOifige. Bhronn an tOireachtas cumhachtaí an-suntasacha uirthi chun go mbeadh sí ábalta a cuid oibre a dhéanamh go héifeachtach. Baineadh úsáid as na cumhachtaí seo in imeacht na mblianta ar bhealach neamhfhoirmiúil a bhainfeadh cothrom na féinne amach do ghearánaithe agus do chomhlachtaí poiblí araon. Fuair na mílte gearánaí réiteach ar a ngearáin agus thaispeáin comhlachtaí poiblí go raibh siad toilteanach nósanna imeachta nua a thabhairt isteach chun a chinntiú nach dtiocfadh gearáin den sórt chun cinn arís sa todhchaí.
Bhí an méid seo le lua ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, mar fhocal scoir, “Is ar mhaithe leis na daoine go léir a mbíonn gá acu léi atá seirbhís gearán an Ombudsman ann, agus tá an tseirbhís ann dóibh lena húsáid saor in aisce. Láimhsíomar os cionn 70,000 gearán bailí ón mbliain 1984 i leith agus thugamar comhairle agus treoir, nuair a d’fhéadamar é, do na mílte duine eile maidir le deacrachtaí nach raibh faoinár sainchúram. 1890 22 30 30 an uimhir íosghlao atá againn.”
Nóta don Eagarthóir:
Beidh an chuairt ar siúl ón 2.30i.n. – 3.00i.n.
Grianghraif – téigh i dteagmháil le Lensmen chun grianghraif den ócáid a fháil
Liosta de na daoine a bheidh i láthair ag ócáid an lae inniu
1. Emily Ní Raghallaigh, Uasal, an tOmbudsman.
2. Caoimhín Ó Murchú, Uasal, iar-Ombudsman agus iarChoimisinéir Faisnéise agus iar-Ard-Rúnaí, Bainistiú agus Forbairt na Seirbhíse Poiblí sa Roinn Airgeadais.
3. Bríd Mills, Uasal, baintreach an chéad Ombudsman, Michael Mills, Uasal, R.I.P.
4. Frances Mills, Uasal, iníon le Bríd Mills, Uasal.
5. Pat Whelan, Uasal, Ard-Stiúrthóir Oifig an Ombudsman.
6. Frank Goodman, Uasal, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Chaighdeán Fógraíochta d’Éirinn faoi láthair, agus iar-Ard-Stiúrthóir Oifige an Ombudsman.
Ceathrar den fhoireann atá san Oifig ón tús agus atá fós i mbun oibre inti:
7. Maureen Behan, Uasal - Príomhoifigeach/Imscrúdaitheoir Sinsearach.
8. Jacqueline Moore, Uasal – Ardoifigeach Feidhmiúcháin.
9. Fintan Butler, Uasal – Príomhoifigeach / Imscrúdaitheoir Sinsearach.
10. Matthew Merrigan, Uasal - Príomhoifigeach Cúnta / Imscrúdaitheoir.
Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, téitear i dteagmháil le:
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884
Ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
Is é an cuspóir atá againn cabhrú chun caighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú. Is féidir le daoine aonair, gnóthaí nó eagraíochtaí a bhraitheann gur caitheadh go héagórach leo gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman. Is seirbhís saor in aisce a chuirimid ar fáil. Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go gcaitear le daoine le dínit, meas agus le híogaireacht sna déileálacha a bhíonn acu leis an tseirbhís phoiblí. Déanfaimid gach iarracht déileáil go cuí, go cóir agus go cothrom le do ghearán.
