Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

Tuarascáil ar imfhiosrú an Ombudsman ar cúram agus cóireála do bhean chnagaosta a tógadh isteach do chúram faoisimh i dteach altranais poiblí FSS sa Mhuileann gCearr

Dáta eisiúnta: 15.12.2008

  • Foilsíonn an tOmbudsman Emily O'Reilly Tuarascáil ar imfhiosrú faoi chaighdeán doghlactha cúraim agus cóireála ar bhean chnagaosta a tógadh isteach do chúram faoisimh i dteach altranais poiblí FSS sa Mhuileann gCearr.
  • Deir sí gur gá ceachtanna a fhoghlaim ón teip cúram cuí a sholáthar i mbeathú agus i ndeimhin a dhéanamh de leorhiodráitiú don othar a bhí míchumasach go fisiciúil agus go meabhrach de dheasca stróc.
  • Admhaíonn an FSS easnaimh agus tugann tiomantas d’fheidhmiúchán moltaí an Ombudsman go hiomlán.

D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O'Reilly, inniu (Dé Luain, 15 Nollaig 2008), a tuarascáil ar chúram agus chóiríocht do bhean chnagaosta ar chúram faoisimh in Ionad Cúraim N. Mhuire, An Muileann gCearr, teach altranais poiblí le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS).

Sa chás seo dob í iníon mná in aois 88, a bhí míchumasaithe go fisiciúil agus go meabhrach de dheasca stróc, an gearánaí. Shocraigh an t-iníon cúram faoisimh seachtaine dá máthair in Ionad Cúraim N. Mhuire sa Mhuileann gCearr, Co. na Iarmhí. Ar a shon sin, bhí an t-iníon, gurb altra cáilithe í féin, thar a bheith míshásta leis an gcúram a tugadh dá máthair; déanta na fírinne, thóg sí a máthair abhaile ón teach altranais tar éis trí lá nuair a thug sí faoi deara meath tapa i staid a máthar. Ina dhiaidh sin, in Aibreán 2006, rinne sí gearán leis an Ombudsman mar gheall ar an gcúram bocht a tugadh dá máthair.

Bhí an gearánaí míshásta chomh maith leis an mbealach inar caitheadh lena gearán tosaigh leis an FSS; ba dhóigh léi go raibh teip an FSS caitheamh i gceart lena gearán ina chúis gearáin ann féin agus go ndearna sin imshocrú ar na heasnaimh sa leibhéal cúraim a soláthraíodh.

Bhain imfhiosrú an Ombudsman amach go raibh bunús maith leis an ngearán mar a rinneadh é. Tá an tuarascáil á foilsiú ag an Ombudsman mar ba chóir go mbeadh suim ann ní hamháin ag an bpobal, ach ag na gairmiúlaigh agus ag na foirne tacaíochta um chúram sláinte atá ag obair i ngach aon chearn den chúram sláinte ar fud na tíre.

Ag trácht ar an méid a baineadh amach, dúirt an tOmbudsman:

" Sa chás seo, bhí iníon tar éis blianta fada dá saol a thiomnadh do chúram a dhéanamh sa bhaile dá máthair a bhí fíordhroch-chumasach. Agus imní áirithe uirthi chinn sí ar leas a bhaint as seachtain amháin de chúram faoisimh, d’fhonn a bheith ar a cumas dul i mbun cúraim eile teaghlaigh. Chuir sí a muinín as an gcóras go dtabharfaí aire dá máthair ar an gcaighdeán céanna leis an aire a bhí á fháil aici sa bhaile, ainneoin riachtanais an-chasta a bheith ag a máthair. Ar an bhfíor dhrochuair, dob fhada an cúram a rinneadh di ón ní a fhéadfadh sí a bheith ag súil leis go réasúnta. Léirigh mo chuidse imfhiosruithe gur theip ar an teach altranais deimhin a dhéanamh de go bhfuair an t-othar cúram i leith na riachtanais ba bhunúsaí féin, leorbheathú agus hiodráitiú san áireamh."

Déanann an tuarascáil sonrú ar theipeanna maidir le hionchur práinneach a lorg ó bhaill ábhartha d’fhoireann ildisciplíne an tí. Cuireann sí béim chomh maith ar an teip freastal ar riachtanais an othair maidir le leor bheatha, sreabháin agus cúram cuí ar bhaill leochaileacha dá cneas. Nuair a thóg a hiníon abhaile í tar éis trí lá fuarthas amach go raibh brúchneácha agus cloig uirthi nach raibh ann tráth cuireadh isteach sa teach altranais í.

Cuireann an tuarascáil béim ar theip na foirne sa altranais teach teagmháil a dhéanamh leis an iníon lena rá go raibh riocht a máthar dulta in olcas tar éis gur cuireadh isteach sa teach altranais í. Díríonn sí ard chomh maith ar theip an FSS sa bhealach inar láimhseáladh an gearán a rinne an t-iníon níos déanaí, go háirithe tá an tOmbudsman criticiúil maidir le teip an FSS eagrú a dhéanamh ar chruinniú a gealladh don ghearánaí leis na príomhbhaill uile den bhfoireann a raibh baint acu le cúram a máthar.

Tá glactha ag an FSS le moltaí uile na tuarascála agus tá plean cuimsitheach gníomhaíochta forbartha acu len iad a chur i bhfeidhm. Tá aghaidh tugtha cheana féin ar mhórán de na moltaí agus tá cuid eile díobh á gcur chun cinn faoi láthair. Tá ráite ag an Ombudsman nach mór tréaslú leis an FSS as na heasnaimh ina cuid córas a admháil agus as teacht chun réitigh maidir le hathruithe agus feabhsuithe a mbeidh éifeacht fadtéarmach acu, ní hamháin sa réigiún Lártíre ach, ar fud na tíre ar fad.

Tá an tOmbudsman buíoch go háirithe as litir bhuíochais a fuarthas ón ngearánaí. Sa litir sin, a bhfuil sliocht aisti anseo len a cead, dúirt an gearánaí:

"Braithim go bhfuil rud éigin bainte amach agam di [an t-othar], mar cuirim an milleán orm féin toisc í a ligean isteach i gcúram faoisimh. Is minic a smaoiním dá mb’áil liom gan í a ligean uaim. Le cúnamh Dé, bogfaidh mé ar aghaidh anois …"

Mar fhreagra, dúirt an tOmbudsman,

"Bhí mé sásta go fírinneach go raibh sé ina chabhair don ghearánaí gur sheas an t-imfhíosrú leis an ngearán agus go raibh sí sásta leis an toradh sa chás anacarach tragóideach seo. Measaim gur chabhraigh sé seo le clabhsúr áirithe a thabhairt ann di féin agus dá muintir."

Tugann an tOmbudsman faoi deara go bhfuil an cás seo ar cheann de líon forásach gearán atá á bhfáil ag a hOifig maidir le cúram agus cóiríocht i ngníomhaireachtaí um chúram sláinte a fhaigheann cistíocht phoiblí; i mórán de na cásanna seo tá cúiteamh molta aici chomh maith le moltaí d’athruithe ar phrótacail agus nósanna imeachta ospidéal.

San iomlán, dúirt an tOmbudsman:

"Tá ceachtanna luachmhara le foghlaim ón imfhiosrú seo, go háirithe maidir le seachadadh cúram othair do dhaoine atá cnagaosta agus níos leochailí. Tá ceisteanna tábhachtacha tógtha chomh maith ar an mbealach le plé le gearáin maidir le cúram othair agus maidir le cuntasacht ar a leithéid de chúram. Tá súil agam go mbeidh an FSS, agus iad sin uile sa chóras sláinte phoiblí a sholáthraíonn cúram do dhaoine cnagaosta, réidh leis na ceachtanna seo a fhoghlaim chun nach dtarlóidh an ní a tharla do mo ghearánaí agus dá máthair, sa chás seo, arís."

Críoch

Nóta don Eagarthóir

Moltaí an Ombudsman:

1. Ionad Cúraim N. Mhuire, in éineacht le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Baile Átha Cliath Lár-Laighean le:

  • Forbairt a dhéanamh ar phrótacail scríofa ar atreoruithe othar (faoisimh agus fad-téarma araon) do na seirbhísí uile paraimíochaine, ag áireamh measúnaithe teiripe urlabhra agus teanga. Ba cheart go dtuigfeadh agus go bhfeidhmeodh na baill uile foirne, foireann mhíochaine agus foireann nua nó sealadach san Ionad, san áireamh. Chomh maith leis sin, ba cheart go ndéanfadh na prótacail soláthar d'athreoruithe práinneacha nuair nach bhfuil teacht ar na gnáth bhaill fhoirne pharaimíochaine;
  • Cláir leanúnacha oideachais agus traenála a sholáthar do bhaill uile na foirne lena chinntiú go ndéanann siad cumarsáid éifeachtach lena chéile, le cónaitheoirí cnagaosta, agus a muintir;
  • Athchóiriú agus forbairt a dhéanamh ar phrótacail do dhaoine a ghlacadh isteach do chúram faoisimh, go háirithe do dhaoine ag teacht isteach den chéad uair, le deimhin a dhéanamh de go n-aithnítear riachtanais uile an othair agus go ndéantar soláthar dóibh ar bhealach tráthúil. Machnamh a dhéanamh ar chasadh le cúramóir/í an othair roimhré agus ar an othar a chur faoi scrúdú oifigigh míochaine ar lá a ghlactha isteach;
  • Athchóiriú a dhéanamh ar na prótacail don bhfoireann altranais le teacht leis an gcleachtas is fearr maidir le hiompú othar atá soghabhálach d’fhorbairt brúchneácha;
  • Prótacail a fhorbairt don bhfoireann altranais maidir le comhairle a lorg ar an Stiúrthóir Altranais ar idirghabháil ghéarchéime agus polasaí a fhorbairt maidir le haistriú cónaitheoirí go dtí seirbhísí ospidéil ghéarmhíochaine;
  • Oideachas agus traenáil a sholáthar don bhfoireann uile altranais i gcúram do chónaitheoirí gur féidir nach féidir leo a gcuid riachtanas féin a chur in iúl;
  • Socrú a dhéanamh go ndéanfaidh an fhoireann altranais deimhin de go ndéantar doiciméadú, éisteacht agus gníomhaíocht ar mhianta na gcónaitheoirí agus a ngaolta, agus go gcoimeádtar cúramóirí/gaolta ar an eolas mar gheall ar staid a ngaolta. Má éiríonn aon deacrachtaí maidir le bainistiú othair ar bith, ba cheart a bpríomhchúramóir, nó a neasghaol, a chur ar an eolas láithreach bonn:
  • Taifead a dhéanamh i dtaifid an altranais agus ar an mbileog oidis ar dheacrachtaí maidir le riaradh cógais ar othar, agus ba chóir go mbeadh cuntas cruinn ar na taifid sin ar an méid cógais a riaradh agus a caitheadh.
  • Athbreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta le deimhin a dhéanamh de go ndéantar taifead ar gach breathnadóireacht suntasach ar staid othair sna taifid altranais, agus go léiríonn na taifid, go cruinn, an idirghníomhaíocht idir an altra agus an t-othar agus go gcuimsítear idirghníomhaíochtaí tábhachtacha lena a c(h)úramóir nó a g(h)aol agus
  • go ndéanfadh an bainisteoir ginearálta athbhreithniú ar an bpróiseas láimhseála gearán le deimhin a dhéanamh de go gcoimeádtar gearánaithe ar láneolas agus cothrom le dáta ar stádas a ngearáin agus lena dheimhniú gurb ann do chóras a dhéanfaidh deimhin de chaidreamh cóir idir gearánaí agus foireann FSS.

2. Ba chóir don FSS:

Taiscéalú a dhéanamh leis na páirtithe ábhartha leasmhara ar an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach treoirlínte d'oifigigh mhíochaine maidir le soláthar cógais d'othair atá ag fágáil cúram ospidéil nó tí altranais, d’fhonn leanúnachas cúraim a chinntiú go dtí go dtig lena nDochtúir Ginearálta iad a fheiceáil;

3. Ba chóir do FSS Bhaile Átha Cliath Lár-Laighean:

Íocaíocht de €3,000 ar ‘am agus ceataí’ a dhéanamh leis an ngearánaí mar chúiteamh ar an iarracht a chaith sí ag leanúint dá gearán.

 

Tá téacs iomlán na Tuarascála ar fáil ó :- www.ombudsman.ie

Tá a thuilleadh eolais ar fail ó:-

Fintan Butler, Imscrúdaitheoir Sinsearach, Teil.: 01 6395650 r-phost: fintan_butler@ombudsman.gov.ie

Patsy Fitzsimons, Imscrúdaitheoir, Tel 01 639 5637email: patsy_fitzsimons@ombudsman.gov.ie

D’fhiosruithe ó na meáin déan teagmháil le:-

Dave Glynn, Ceannasaí Cumarsáide, Tel: 01 6395714, nó 087 2361884 r-phost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

Back to contents