- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Díolaim Imscrúduithe maidir le Gearáin arna gcur ag Ionadaithe Poiblí faoi bhráid an Ombudsman
Dáta eisiúnta: 22.10.2008
D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily Ó Raghallaigh, Díolaim inniu (Dé Céadaoin, 22 Deireadh Fómhair 2008) maidir le dhá ghearán déag a chuir ionadaithe poiblí faoina bráid lena scrúdú. Thit foilsiú na tuarascála leis an gcruinniú eolais a thionóil a hOifig i dTeach Laighean ar mhaithe le comhaltaí agus foireann Thithe an Oireachtais.
Seo mar a labhair an tOmbudsman agus buíochas á ghabháil aici leis an gCeann Comhairle, An tUasal John O'Donoghue T.D. as a bheith sásta Tuarascáil na Díolama a sheoladh, “D’eascair an dá thionscnamh seo as suirbhé a rinneamar ar chomhaltaí an Oireachtais chun an dearcadh atá ag na comhaltaí ar m’Oifig agus ar an gcaoi ina gcuirimid ár ngnóthaí i gcrích a fháil amach. Bhíomar ag súil chomh maith go gcuirfí leis an dea-chomhoibriú a bhíonn idir na comhaltaí agus m’Oifig.
Tugtar achoimre sa Díolaim ar na torthaí tairbhiúla agus fónta a baineadh amach i gcás dhá ghearán déag ar leith a chuir ionadaithe poiblí faoi mo bhráid lena scrúdú. Sampla ionadaíoch is ea na cásanna seo agus is iad na gnáth-shaincheisteanna laethúla a bhíonn ag na daoine lena mbaineann atá faoi chaibidil iontu”.
Cuirtear síos go mion sa Díolaim ar na gearáin agus ar na torthaí a bhain leo agus áirítear orthu sin;
- Breith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte diúltú cárta liachta a thabhairt d’othar croí sna déaga, freaschurtha.
- Íocadh na billí tacsaithe, i gcomhair cuairteanna chuig coinní ospidéil, a gearradh ar othar a bhí ag feitheamh ar obráid.
- Íocadh €14,200 i riaráiste pinsin/sochair. An bhreith gan Pinsean Seanaoise a dheonú freaschurtha ag an Roinn.
- €21,700 de laghdú ar phraghas díolacháin tí faoin Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí.
- Breith gan fóirdheontas teach altranais (€203 in aghaidh na seachtaine) a dheonú, freaschurtha.
- €6,990 d’aisíocaíocht ar an bpinsean um luathscor ó fheirmeoireacht, díscríofa.
- An bhreith gan deontas le haghaidh téamh lárnach a dheonú do dhuine faoi mhíchumas, freaschurtha.
- Aoníocaíocht feirme ardaithe €4,100 in aghaidh na bliana.
Is cuid de thionscnamh de chuid an Ombudsman atá sa chruinniú eolais agus i seoladh na díolama chun clár for-rochtana a hOifige a leathnú amach ar mhaithe le díriú ar na daoine sin is mó atá i mbaol agus gan chosaint sa tsochaí agus ar mhaithe le cabhrú leo. Beidh pointí tiomnaithe teagmhála á mbunú ag an Ombudsman ina hOifig i gcomhair chomhaltaí an Oireachtais agus a bhfoirne tacaíochta agus beidh foirm thiomnaithe gearán á cur le chéile a bheidh saincheaptha lena húsáid ag Teachtaí Dála agus ag Seanadóirí ar mhaithe le feabhas a chur ar na bealaí cumarsáide a bhíonn idir chomhaltaí an Oireachtais agus a hOifig. Beidh sé níos éasca ag comhaltaí gearáin a chur faoi bhráid an Ombudsman dá mbarr agus beidh sé níos áisiúla dóibh daoine ar chaith comhlachtaí poiblí go dona leo a chur ina treo chun a cabhair a lorg. Cabhróidh sé chomh maith leis na comhaltaí siúd nár bhain leas as seirbhísí na hOifige roimhe seo.
“Ba mhór an cás liom i gcónaí agus mé i m’Ombudsman go mbeadh an oiread daoine is ab fhéidir é ar an eolas faoi m’Oifig agus faoin tseirbhís saor in aisce, neamhchlaonta agus neamhspleách is féidir leis an Oifig a sholáthar dóibh. Ba mhór an chabhair iad na hionadaithe poiblí chuige seo ó tharla go mbíonn siad sáite go mór i ngnóthaí a bpobal. Chuige sin tá an t-eolas atá i gcló againn, ina bhfuil cur síos ar an tseirbhís i gcoitinne a chuirimid ar fáil, tugtha cothrom le dáta ag m’Oifig agus tá raon de bhileoga nua eolais curtha i dtoll a chéile. Tugtar níos mó mionsonraí sna bileoga nua seo. Tá comhairle agus eolas iontu don phobal faoin mbealach le gearáin a dhéanamh a bhainfeadh le sainréimsí áirithe cosúil le gearáin faoi ospidéil, faoi leas sóisialach agus faoi thithíocht”.
“D’fhéadfadh nach léir don saol mór gur mór iad na cumhachtaí a thugann an tOireachtas dom faoin Acht Ombudsman, 1980, agus imscrúdú á dhéanamh agam ar ghearán. Mar shampla, is féidir liom faisnéis, doiciméad nó comhad ar bith a éileamh ó chomhlachtaí poiblí atá faoi mo shainchúram chun iad a mhionscrúdú agus measúnú a dhéanamh orthu agus is féidir liom a cheangal ar fheidhmeannach ar bith faisnéis a thabhairt do m’Oifig. Cabhraíonn sé seo go mór liom chun gearáin a thabhairt chun críche go rathúil. Cur chuige cairdiúil na neamhsháraíochta a bhíonn ag m’Oifig agus í ag déileáil le gearáin – cur chuige nach mbíonn i bhfeidhm sna cúirteanna”, arsa an tOmbudsman agus í ag cur lena cuid cainte.
Cé gur mór é líon na ndaoine agus na ngearán araon a chuireann comhaltaí an Oireachtais i dtreo an Ombudsman tugtar le fios i dtaighde a rinneadh thar ceann na hOifige gur luaigh breis is aon cúigiú cuid de fhreagróirí na Dála sa suirbhé ar an Oireachtas agus breis is aon ceathrú cuid de fhreagróirí an tSeanaid nach mbíonn teagmháil ar bith acu leis an Oifig. Ba iad na freagróirí Dála ba mhó a chuir gearáin faoina bráid. De réir na dtorthaí freisin dá mhéid teagmhála a rinneadh leis an Oifig ba ea ba mhó an tsástacht leis an tseirbhís.
Seo mar a labhair Emily Ní Raghallaigh agus a ról maidir le gearáin faoi ospidéil phoiblí agus faoi sholáthraithe seirbhíse éagsúla Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á shoiléiriú aici: “Is cosúil go bhfuil mearbhall éigin ar dhaoine faoi mo ról, mar ba léir ón díospóireacht a bhí ar an gclár Questions and Answers de chuid RTÉ le gairid, inar léirigh daoine a n-imní, agus thuigfí dóibh é, faoi othair ospidéil agus faoin gcóireáil a chuirtear orthusan. Cé nach féidir linn déileáil le gearáin faoi bhreithiúnas cliniciúil, is féidir linn déileáil le gearáin faoin gcaoi ina seachadtar cúram ar othair, agus baineann sin leis na hospidéil phoiblí go léir agus soláthraithe seirbhíse eile. Le fírinne baineann líon mór de na gearáin a fhaighimid i ndáiríre le seachadadh cúraim seachas le breithiúnas cliniciúil. Tá moltaí chun an scéal a leigheas déanta againn ar mhaithe leis na daoine siúd a ndearnadh dochar dóibh lena n-áirítear athruithe a chur i bhfeidhm i bprótacail agus i nósanna imeachta ospidéal.
Ní mór go mbeadh daoine ar an eolas go mbíonn earráidí riaracháin i réimse na sláinte idir lámha agam ach nuair a thabharfaidh tú faoi deara go bhféadfadh agus go mbíonn nithe den sórt seo ag tarlú - comhaid othair a bheith ar iarraidh, líon na gcógas ordaithe a bheith míchruinn, moill i ndáil le torthaí tástálacha criticiúla a thabhairt do shainchomhairleoirí chomh maith le mainneachtain sa chumarsáid idir bhaill foirne míochaine – beidh sé le tuiscint ag gach uile dhuine cé chomh tábhachtach i ndáiríre is a bhíonn “earráidí riaracháin”, faoi mar a thugtar go tur orthu, ó thaobh sábháilteacht na n-othar de. Tá súil agam go gcuirfidh Tuarascáil na Díolama, an cruinniú eolais le comhaltaí an Oireachtais agus an t-ardú sa teagmháil a bhíonn ag ionadaithe poiblí le hobair m’oifige ar a súile don phobal i gcoitinne céard é an cumas a d’fhéadfadh a bheith ag m’Oifig chun déileáil lena thuilleadh gearán fós faoi ospidéil agus faoi chúrsaí sláinte go forleitheadach mar go bhfuil ról éifeachtach agam mar ombudsman sláinte”.
Leag an tOmbudsman béim an athuair chomh maith ar an bhfógra poiblí a rinne sí nuair a d’fhoilsigh an tAire Airgeadais, an tUasal Brian Lenihan T.D., An Bille Ombudsman (Leasú), 2008, i mí Iúil seo caite agus d’fháiltigh sí san fhógra sin roimh an bhfadú atá beartaithe ar a sainchúram chun líon forleathan de chomhlachtaí poiblí eile chomh maith le forálacha forásacha eile a thabhairt san áireamh ann. Tá sí ag súil go mór leis an iniúchadh a dhéanfaidh Tithe an Oireachtais ar an reachtaíocht bheartaithe sna míonna seo romhainn.
“Ní hiad na torthaí dearfacha a ndéantar achoimre orthu i dTuarascáil na Díolama agus a baineadh amach ar son na ndaoine sin a bhíonn ag spairneadh leis an maorlathas, an t-aon chineál torthaí a mbíonn tábhacht leo. Tá sé ríthábhachtach chomh maith go n-ardófaí caighdeáin na seirbhíse poiblí agus go méadófaí na sochair bainteach le córais do dhaoine eile a tharlódh a bheith ina leithéid de chás agus a mbeadh deacrachtaí dá leithéid acu agus imní dá leithéid orthu. Chuige seo, tá sé beartaithe agam a thuilleadh Díolamaí maidir le Gearáin a fhoilsiú go rialta chun béim a leagan ar an gcás seo agus chun ionadaithe poiblí agus daoine eile a oibríonn sa phobal cibé go deonach nó ar phá a spreagadh chun a thuilleadh gearán a chur faoi mo bhráid”.
Tá téacs iomlán na Díolama le fáil ar: www.ombudsman.ie
Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, téigh i dteagmháil le:
Dave Glynn – Ceann Cumarsáide Teil: 01 639 5714 - 087 236 1884
ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
Is é cuspóir Oifig an Ombudsman cabhrú chun caighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú. Is féidir le daoine aonair, gnóthaí nó eagraíochtaí a bhraitheann gur caitheadh go héagórach leo gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman. Is seirbhís saor in aisce a chuirimid ar fáil. Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go gcaitear le daoine le dínit, meas agus le híogaireacht sna déileálacha a bhíonn acu leis an tseirbhís phoiblí. Déanfaimid gach iarracht déileáil go cuí, go cóir agus go cothrom le do ghearán.
Críoch
