Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla.

Dáta eisiúnta: 20.10.2008

D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, a tuarascáil inniu (20 Deireadh Fómhair 2008) maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla.

 

Seo mar a labhair an tOmbudsman maidir le fionnachtana na tuarascála, “Chuir iomadúlacht agus éagsúlacht na scéimeanna agus an easpa tarscaoilte, i roinnt cásanna, iontas orm. Chinn mé, tríd is tríd, nach bhfuil ord ná eagar ar an gcóras. Tóg na cásanna seo a leanas mar shampla: níl córas tarscaoilte ar bith i bhfeidhm ag seacht n-údarás áitiúla san iomlán ar na forais gur oibreoirí príobháideacha amháin a chuireann an tseirbhís ar fáil, ní thugann údaráis eile tarscaoileadh ach amháin i gcás nach mbailíonn oibreoirí príobháideacha an dramhaíl, tá trí scéim éagsúla um tharscaoileadh i bhfeidhm ag contae amháin, agus b’idir €40 agus €357 meánluach an tarscaoilte bhliantúil”.

 

Tarraingíodh aird an Ombudsman ar an gceist i dtús báire sa bhliain 2006 nuair a rinne ionadaí poiblí gearán thar ceann líon áirithe de theaghlaigh ar ioncam íseal ar dhiúltaigh Comhairle Contae Phort Láirge tarscaoileadh a thabhairt dóibh. Chinn an tOmbudsman tar éis di réamh-mheasúnú a dhéanamh ar an ngearán, atá á chíoradh ar leithligh leis an gComhairle, imscrúdú ginearálta a dhéanamh ar scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir dhramhaíola arna n-oibriú i sampla ionadaíoch de thrí údarás áitiúla is fiche.  Ba iad príomhaidhmeanna an imscrúdaithe téarmaí agus critéir cháilitheacha na scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir dhramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla a shuíomh chomh maith le drochéifeachtaí ar bith a bhíonn ar theaghlaigh ar ioncam íseal as mainneachtain na n-údarás áitiúil tarscaoileadh a dheonú i gcásanna ina dtuilltear iad, a mheas.

 

“Leagtar béim sa tuarascáil ar easnamh mór ó thaobh beartas sóisialta de, mar gur mó de thábhacht anois iad na breithniúcháin tráchtála d’údaráis áitiúla seachas mar a bhíodh agus go bhfuil riachtanais na ndaoine is boichte agus is leochailí sa tsochaí siar leis”, arsa an tOmbudsman.

 

“Thug mise cuireadh do líon áirithe comhlachtaí aighneachtaí faoin tsaincheist a chur isteach chuig m’oifig. Leagadh béim sna haighneachtaí seo ar chás pinsinéirí, mar shampla, agus ar an ngearradh isteach a bhíonn á dhéanamh ina n-ioncam mar go mbíonn orthu costais bhreise cosúil le muirir dhramhaíola a íoc. Ardaíodh roinnt de na hiarmhairtí ceilte atá ann d’uireasa scéim chothrom um tharscaoileadh a bheith ar fáil go cothrom do gach duine atá ina call.

Áiríodh orthu sin cairn bhruscair agus dumpáil fhrithshóisialta.  Agus freisin an t-eolas a tugadh faoi aonaid dónna míochaine sna hospidéil a bheith ag cur cóireála ar líon níos mó agus níos mó de dhaoine ar ioncam íseal de bharr go ndónn siadsan an bruscar a bhíonn acu chun réiteach a fháil ar an bhfadhb agus is mór an chontúirt ar gach bealach a leithéid sin de ghníomhaíocht”, arsa Emily Ní Raghallaigh agus í ag cur lena cuid cainte.

 

Ba é an ní ba mhó a bhí faoi chaibidil san imscrúdú béim a leagan ar an éagothroime i riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola agus díriú go beacht ar a mhéid is a bhíonn drochthionchar ag an scéim mar atá faoi láthair ar dhaoine, arsa an tOmbudsman. Leagtar sraith moltaí amach sa tuarascáil agus creideann an tOmbudsman gur chóir don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus do na húdaráis áitiúla tosaíocht a dhéanamh dá bhforfheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna.

 

Molann an tOmbudsman, ó tharla na bhfreagrachtaí atá leagtha ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i ndáil le ceisteanna rialtais áitiúil, gurb í an Roinn is mó a bheadh freagrach as cabhair a thabhairt d’údaráis áitiúla agus as iad a spreagadh ar an mbealach seo:

 

·   athbhreithniú a dhéanamh ar an neamh-chomhsheasmhacht agus na neamhréireanna sa riarachán a bhaineann leis na scéimeanna um tharscaoileadh ar fud na tíre;

·   treoirlínte a cheapadh i gcomhair údaráis áitiúla chun cuidiú leo a bheith cóir, cothromasach agus comhsheasmhach maidir le riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh;

·   aghaidh a thabhairt ar an staid dlí a bhaineann le scéimeanna um tharscaoileadh a sholáthar i gcás go ndearnadh an tseirbhís bhailithe dramhaíola a phríobháidiú go hiomlán;

·   an breithniúchán a dhéanfaí ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola a dheifriú agus tagairt ar leith a dhéanamh do riachtanais na dteaghlach ar ioncam íseal d’fhonn a chinntiú go n-éascófaí scéim um tharscaoileadh dramhaíola do na teaghlaigh go léir a bhaineann úsáid as seirbhísí den sórt, is cuma cé a sholáthródh iad.

 

Iarrfar ar an Roinn tuairisc a thabhairt don Ombudsman, gach sé mhí, ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh ar fhorfheidhmiú na gceithre mholadh seo.

 

Mhol an tOmbudsman go nglacfadh gach údarás áitiúil bearta láithreach chun:

·   a chinntiú go bhfuil scéim um tharscaoileadh dramhaíola i bhfeidhm a dhéanfaidh freastal ar chásanna cruatain ar bhealach cóir, cothromasach agus comhsheasmhach; agus

·   athbhreithniú a dhéanamh ar an seasamh atá acu maidir le cliaint oibreoirí príobháideacha chun a chinntiú go soláthrófar faoiseamh do chásanna cruatain.

 

Tá sé i gceist ag an Ombudsman iarraidh ar gach údarás áitiúil tuarascáil ar dhul chun cinn ar fhorfheidhmiú na moltaí seo a chur faoina bráid 12 mí tar éis dáta foilsithe na tuarascála seo.

 

Dúirt an tOmbudsman gur ardú croí di gur fháiltigh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ar thug sí réamhchóip den tuarascáil di, roimh an tuarascáil agus gur ghlac an Roinn leis gur gá an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú. Dheimhnigh an Roinn léi chomh maith go mbreithneofar an tuarascáil agus moltaí an Ombudsman go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála iomláine um bainistiú dramhaíola.

 

“Tá m’oifig ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an Roinn agus leis na húdaráis áitiúla sna míonna seo romhainn chun réiteach a fháil ar an gcóras éagórach um tharscaoileadh agus chun cabhrú leis na daoine siúd is mó a ndéantar dochar dóibh”, arsa an tOmbudsman agus í ag críochnú a cuid cainte.

 

Tá téacs iomlán an cháis le fáil ar:  www.ombudsman.ie

Tuilleadh eolais le fáil ó:

Maureen Behan - Imscrúdaitheoir Sinsearach   Teil: 01 639 5675

ríomhphost: maureen_behan@ombudsman.gov.ie

 

Anne O’Reilly – Imscrúdaitheoir                 Teil: 01 639 5678

ríomhphost: anne_o’reilly@ombudsman.gov.ie

 

Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, téigh i dteagmháil le:

 

Dave Glynn - Ceann Cumarsáide   Teil: 01 639 5714

ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

Is é cuspóir Oifig an Ombudsman cabhrú chun caighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú. Is féidir le daoine aonair, gnóthaí nó eagraíochtaí a bhraitheann gur caitheadh go héagórach leo gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman. Is seirbhís saor in aisce a chuirimid ar fáil. Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go gcaitear le daoine le dínit, meas agus le híogaireacht sna déileálacha a bhíonn acu leis an tseirbhís phoiblí. Déanfaimid gach iarracht déileáil go cuí, go cóir agus go cothrom le do ghearán.

Back to contents