- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Cásanna Samplacha Lúnasa 2008
Dáta eisiúnta: 18.08.2008
Inniu, d’fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly, cuntas ar a láithreán gréasáin ar cheithre ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu. Foilsíonn an Ombudsman tuairiscí ar chásanna ó am go chéile ar an láithreán seo aici, d’fhonn feasacht choitianta an phobail a mhéadú i dtaobh na hoibre mór-chuimsithí a dhéanann a hOifig. Beidh spéis ag an bpobal i gcoitinne sna cásanna seo chomh maith le hionadaithe poiblí agus na heagraíochtaí a thugann comhairle agus tacaíocht do dhaoine a fhaigheann deacrachtaí agus iad ag déileáil le Comhlachtaí Poiblí.
Is é a dúirt an Ombudsman faoi seo ná:
"Maidir leis na daoine a raibh baint acu leis na gearáin seo, ní hé amháin go ndearnadh ábhar na ngearán a fhiosrú go mion, ná fiú amháin go mba mhór le gach duine acu na suimeanna airgid a bhí i gceist, ach gurb í fírinne an scéil gur oibrigh próiseas na ngearán ina bhfabhar freisin. Ní féidir ach fáilte a chur roimh an déileáil dheimhneach a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, FSS, agus Comhairle Chomhairle Shligigh i ngach cás leis an Oifig seo agamsa. Is léiriú cinnte é seo go bhfuil rún daingin acu caighdeáin seirbhíse ní b’fhearr a sholáthar do chustaiméirí."
Baineann na ceithre chás atá á bhfoilsiú anois mar a leanas:
Cás 1
Rinne bean as Contae Bhaile Átha Cliath gearán chuig an Ombudsman faoi dhiúltú a thug An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh maidir le Liúntas Cúramóra a thabhairt dí, ar an mbonn go raibh iomlán an rachmais a bhí aici os cionn na teorann reachtúla a bhí ceadaithe faoina coinne. Ag éirí as buiséad na bliana 2006, bhí athruithe déanta ar an dtástáil acmhainne i gcomhair an Liúntais Chúramóra. Fuair an Ombudsman amach nár chuireadh na hathruithe i bhfeidhm sa mhodh ceart i gcás an ghearánaí agus d’iarr sí ar an Roinn athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal. Mar thoradh ar an athmhachnamh fuair an bhean Liúntas Cúramóra de €147 sa tseachtain, le héifeacht ó Mhí na Márta 2007 agus fuair sí riaráistí os cionn €6,100, íoctha aniar ó Mhí Aibreáin, 2006.
Cás 2
Diúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Deisceart, Fóirdheontas Tí Altranais do bhean, 90 bliana d’aois, in Iarthar Chorcaí. Ní raibh de theacht isteach ag an mbean seo ach an Pinsean Sean-Aoise Neamh-Ranníocaíochta. Ba í an chúis a tugadh as an bhfóirdheontas a dhiúltú, ná, nuair a bhíodar ag áireamh ioncaim seachtainiúil na mná, chuir FSS ioncam barúlach de 5% ar luach an phríomh-thí phríobháidigh a bhí aici agus ar fheirm a bhí aistrithe aici chuig a mac i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin. Ag úsáid na foirmle seo tháinig FSS ar ioncam barúlach de €293.63. Chuir an figiúr sin, móide an Pinsean Sean-Aoise de €172.40, an gearánaí os cionn teorainn an ioncaim i gcomhair Fóirdheontais Tí Altranais. Tar éis dí na Rialacháin ábhartha a scrúdú agus an bealach a rinne FSS an cinneadh go lánroghnach, tháinig an Ombudsman gan amhras ar an tuairim gur caitheadh go mí-chothrom leis an ngearánaí.
Rinne FSS an cás a athbhreithniú láithreach bonn agus cheadaíodh fóirdheontas de €190.80 sa tseachtain a íoc i leith costais chúraim na mná sa teach altranais príobháideach. De bhreis ar seo d’íoc FSS thart faoi €5,000 léi le haghaidh na tréimhse ó rinne sí iarratas ar an bhfóirdheontas den chéad uair. Ag deireadh thiar, d’aontaigh FSS an gearánaí a chur ar liosta feithimh i gcomhair fóirdheontais fheabhsaithe.
Cás 3
Fuair an tOmbudsman gearán ó mhac mná scoth-aosta i gcoinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Baile Átha Cliath, Lár-Laighin. Ligeadh an bhean seo, toisc go raibh ionfhabhtú cliabhraigh uirthi, isteach tríd an Rannóg Timpistí agus Éigeandála go dtí Ospidéal Ginearálta an Tulaigh Mhóir (ar chuid de Ghrúpa Ospidéal Bhaile Átha Cliath Lár-Tíre é). Roimhe sin bhí an bhean tar éis stróc a fháil agus bhí Galar Parkinson ag gabháil dí freisin. De ghnáth roimhe sin bhíodh sí faoi chúram a muintire sa bhaile. Mhol an Comhairleach dí tréimhse téarnaimh a fháil sula bhfillfeadh sí ar an mbaile.
Nuair a rinne a muintir iarracht ar an mháthair a chur in Aonad Altranais an Phobail i mBiorra i gcomhair téarnaimh coicíse, dhiúltaigh Coiste Iontrála agus Scaoilte na nOthar dóibh é sin a dhéanamh. Bainistíonn an Coiste seo isteach agus amach as an Aonad, agus tá freagracht orthu as measúnú a dhéanamh ar gach cliant a chuireann FSS chucu le haghaidh chúraim chónaithigh. Ní sásta a bhí an teaghlach leis an gcinneadh seo agus ghearánadar le mo Oifig gur cuireadh d’iallach orthu cúram téarnaimh a fháil dá máthair i dteach altranais príobháideach, in ainneoin go mba shealbhóir de chárta leighis í agus go raibh dhá leaba fhaoisimh phoiblí ar fáil ag an am sin.
Tar éis dí mionscrúdú a dhéanamh ar an gcás chuir an Ombudsman in iúl gurbh ábhar buartha dí an bealach a rinneadh an cinneadh agus faoin mbealach a cuireadh os comhair an teaghlaigh é. Nocht sí imní freisin faoin easpa ghnáis achomhairc i gcomhair daoine nach raibh sásta le cinntí dá leithéid.
D’aontaigh FSS an costas a chuireadh uirthi, nach raibh clúdaithe ag an bhfóirdheontas tí altranais, i gcomhair cúraim altranais (€462) a aisíoc. Ghealladar freisin iarracht a dhéanamh ar cuid de na gnásanna a bhí ann chun cinntí a dhéanamh a fheabhsú agus struchtúr achomhairc a cheapadh.
Cás 4
Rinne fear, a raibh iarratas déanta aige chuig Comhairle Chontae Shligigh i gcomhair ceangail uisce chuig a theach, gearán go dtí an Ombudsman. Bhí an gearánaí ina chónaí i gContae Bhaile Átha Cliath ach bhí sé ina úinéir ar theach i gContae Shligigh. Bhí sé ag iarraidh an teach a cheangail leis an bpíobán poiblí. Mheas an Chomhairle táille de €2,783 a leagan air, ag áireamh suimeanna chun an cheangail a mhaoirseacht, deisiú an bhóthair i ndiaidh an cheangail agus an t-árachas. Bhí "muirear forbartha" de €2,000 luaite ann freisin. Thairg an gearánaí na muirir eile a íoc (€783 san iomlán) ach chuir sé i gcoinne an €2,000 de mhuirear forbartha a íoc. Mhaígh an Chomhairle go rabhadar i dteideal, faoi reachtaíocht na pleanála, an táille sin a ghearradh. Ach nuair a scrúdaigh an Ombudsman an reachtaíocht chéanna tháinig sí ar an gcinneadh nach raibh aon bhonn bailí dlíthiúil ag an gComhairle chun an táille a ghearradh i gcás mar sin. Ghlac an Chomhairle le seasamh an Ombudsman agus níor ghearradar an táille. Gheall an Chomhairle freisin nach ngearrfaí táillí i gcásanna den chineál sin feasta.
Tá téacs iomlán na gceithre chás le fáil ar www.ombudsman.ie Cásanna Samplacha
