- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Tuarascálacha faoi Chásanna, 2008
Dáta eisiúnta: 10.01.2008
D' Fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly sonraí inniu maidir le trí ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu. Ó am go ham foilsíonn an Ombudsman tuairiscí faoi chásanna ar an láithreán ghréasáin agus seo iad na cásanna is deireannaí. Táthar ag súil go mbeidh na cásanna seo ina n-ábhar spéise ag ionadaithe an phobail agus ag eagraíochtaí a thugann comhairle agus tacaíocht don mhuintir i gcoitinne agus go ngríosófaí iad chun seirbhísí an Ombudsman a thabhairt chun aire na ndaoine atá ina bpráinn.
Baineann na trí chás atá á bhfoilsiú le seo a leanas:
Tugadh riaráistí phinsin de bhreis ar €18,000 do phinsinéir ó Chontae na Mí, tar éis do gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Rinne an fear gearán maidir le cinneadh a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaighpinsean laghdaithe a thabhairt dó (ar ráta 75%) ar an gcúis go raibh fiachas d’árachais féinfhostaíochta gan íoc ina choinne idir an bhliain 1988 agus an dáta a cháiligh sé le haghaidh Pinsin Stáit (Ranníocach). Tar éis don Ombudsman an chomhad a scrúdú, chinn sí nach bonn aici dul in aghaidh chinnidh na Roinne sa chás. Nótáil sí, áfach, go raibh bearnaí ina chuid taifead árachais shóisialta ag deireadh na 1960í. Fuair sí tuille eolais ón Roinn maidir le taifead fostaíochta an ghearánaigh ag an am sin agus d’iarr sí ar an Roinn fiosrú a dhéanamh féachaint an raibh ranníocaíochtaí ionadacha dlite dó. Ag éirí as an bhfiosrú sin chinn an Roinn go raibh ranníocaíochtaí ionadacha a bhí gan taifead cheana dlite dó, agus dá bharr fuair an fear riaráistí de bhreis ar €18,000.
Beidh bunáiste airgeadais, ar luach €60,000 é, ag dul d'fheirmeoir ó Chontae na Mí de bharr idirghabhála an Ombudsman ina chás. Rinne an fear gearán i dtaobh an Roinn Talmhaíochta and Bia, maidir le iarratas a chuir sé isteach go nglacfaí leis mar Iontralaí Nua sa scéim Íocaíochtaí Aonair Feirme. Sin a dhéanamh aige, d'iarr sé ar an Roinn na blianta tagartha 2000 agus 2001 a eisiamh mar go mbeadh buntáiste airgeadais ann dó dá mba rud é nach n-úsáidfí na blianta sin chun a theidil a ríomh.
Dhúiltaigh an Roinn na blianta tagartha áirithe a eisiamh, mar gur measadh go raibh an t-iarratasóir gafa le "ghníomhaíocht feirmeoireachta" an tráth sin, ach chinn an Ombudsman go raibh botún déanta ag an Roinn sa chás. Ba é ba thoradh ar an scéal ná gur ghlac an Roinn leis mar Iontralaí Nua agus rinneadh na blianta tagartha 2000-2001 a eisiadh. Bhí difríocht an -suntasach airgeadais ann. Deonaíodh teideal bliantúil €10,000 dó ar feadh ré na scéime (2005-2112). Ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith ag gabháil d’fheirmeoireacht, is ionann idirghabháil m’Oifige agus difríocht ioncaim tuairim is €60,000 dó sa tréimhse lena mbaineann.
Sneachta ba chúis le chinneadh an Ombudsman narbh chóir fíneál páirceála a ghearradh ar ghearánnach agus í loctha ar bhosca buí i gcarrchlós. Cuireadh ticéad ar ghluaisteán an ghearánaigh agus í gcarrchlós de chuid Chomhairle Baile Chaisleán an Bharraigh. Rinne sí achomharc faoin ábhar chuig an gComhairle ach diúltaíodh dá hachomharc. D’admhaigh an gearánach go mb’fhéidir nach raibh sí loctha in áit loctha ainmnithe ach d’áitigh sí go raibh sé ag cur sneachta an lá a bhí i gceist, go raibh an talamh clúdaithe le sneachta nuair a chuaigh sí isteach sa charrchlós agus nach raibh aon slí ann chun go mbeadh a fhios aici cén ait go díreach a bhí na spásanna loctha ainmnithe. Tar éis don Ombudsman an chás a scrúdú chinn sí go mba chóir aisíocaíocht a dhéanamh leis an ngearánach agus ghlac an Chomhairle leis an mbreithiúnas sin.
Tá téacs iomlán na dtrí cásanna ar fáil anseo
