- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae na Mí
Dáta eisiúnta: 20.07.2010
D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, Tuarascáil Fiosraithe inniu faoi fhiosrú a rinne sí ar ghearán a rinne lánúin phósta faoin gcaoi ar chaith Comhairle Contae na Mí leo maidir le forbairt mhórscála neamhúdaraitheseide taobh lena n-áras baile.
Ba é a dúirt an tOmbudsman agus í ag tagairt don scéal,
“Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh na húdaráis phleanála i ndáiríre faoina ndualgais forfheidhmithe má tá muinín le bheith ag an bpobal sna dlíthe agus na córais phleanála. Déanann sé an-dochar d’ionracas an phróisis pleanála agus milleann sé muinín agus iontaoibh an phobail sa phróiseas sin nuair a cheadaítear go gcoinneofaí struchtúr nár bronnadh cead pleanála dá thógáil bíodh is go ndearnadh gearáin líonmhara go leanúnach faoi.”
Tagraíonn an Tuarascáil don méid seo a leanas:
- Gearáin a rinneadh chuig Comhairle Contae na Mí thar thréimhse cúig bliana, maidir leis an bhforbairt.
- Agóidí a rinne áitritheoirí arís agus arís eile chun na Comhairle faoin torann, faoin trácht agus faoin úsáid neamhúdaraithe, nach ndearna an Chomhairle aon ghníomh forfheidhmiúcháin mar thoradh orthu chun an tseid a leagan. Bhí an cás amhlaidh in ainneoin go ndearnadh seacht n-iniúchadh déag agus go raibh fianaise dhoshéanta ann go raibh forbairt na seide neamhúdaraithe.
- Glacadh na Comhairle le moladh an Ombudsman go ngabhfadh sí a leithscéal leis na gearánaigh agus go n-íocfadh sí cúiteamh.
- Suim €3,000 a íocadh leis na gearánaigh ar dtús. Suim €10,000 eile atá le híoc i gcúig thráthchuid bhliantúil €2,000 an ceann ag tosú in Eanáir 2010, toisc gur chinn an Chomhairle gan fógra reachtúil a thabhairt chun an tseid a leagan nó a bhaint den láthair, rud a bhfuil sé de chumhacht aici a dhéanamh faoi na dlíthe pleanála i gcúinsí eisceachtúla.
Bhí an tseid á húsáid chun críche tráchtála gan cead pleanála ar bith ó Lúnasa 2000 go Samhain 2005 agus rinne an lánúin agus a gcomharsana a lán gearán chun na Comhairle ag iarraidh go ndéanfaí gníomh faoin fhorbairt neamhúdaraithe, ach ní raibh rath ar a n-iarrachtaí. D’fhógair an Chomhairle faoi dheireadh i Nollaig na bliana 2005 nach bhféadfadh sí aon ghníomh a dhéanamh toisc go raibh an tseid tógtha le breis agus seacht mbliana agus go raibh cosc dlíthiúil ar ghníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh dá bharr sin.
Thug an lánúin cuairt ar an Ombudsman in Iúil 2006 ag iarraidh cúnaimh. Tar éis don Ombudsman tuairisc thosaigh a fháil ón gComhairle faoin scéal agus de bharr a thromchúisí agus a bhí an gearán agus na ceisteanna a bhí tarraingthe anuas leis,bheartaigh sí fiosrú iomlán a dhéanamh ar an gcás faoi Alt 4 den Acht Ombudsman 1980.
Ba é a dúirt an tOmbudsman agus í ag tagairt don scéal, “Faoi mar a léiríonn mo Thuarascáil go soiléir, is léir ó scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar na comhaid agus ar na doiciméid, agus ó dhianteagmháil le hoifigigh na Comhairle ar gach leibhéal, go ndearnadh moilleanna fada do-ghlactha maidir le próiseáil na ngearán a rinneadh chun na Comhairle.
Bhí na gearánaigh a tháinig chugam ina n-íospartaigh ag dearcadh scaoilte na Comhairle maidir le forfheidhmiú an dlí pleanála, agus ag droch-riarachán agus riarachán lag. Fuair mé amach go raibh laigí bunúsacha le sonrú i mbainistiú foriomlán agus i stiúradh rannóg forfheidhmithe na Comhairle agus theip uirthi déileáil go héifeachtach leis an bhforbairt neamhúdaraithe ina iomláine gach uair ar tugadh an deis sin di. Ní raibh meicníochtaí oiriúnacha tacaíochta ag an oifigeach i gceannas agus ní raibh córais éifeachtacha ag lucht bainistíochta chun maoirsiú a dhéanamh ar obair na rannóige. Ar an ábhar sin ní bheadh sé cóir freagracht maidir leis an gcaoi ar déileáladh go tubaisteach leis an bhfíorábhar gearáin a bhí ag na gearánaigh a tháinig chugam a leagan ar aon oifigeach amháin. Theip ar an gcóras go léir ar fud na heagraíochta.”
Mar fhocal scoir, dúirt Emily O’Reilly, “is cúis áthais dom gur ghlac an Chomhairle le mo mholadh go n-eiseoidís litir leithscéil chuig mo ghearánaigh agus go n-íocfadh siad cúiteamh airgeadais leo. Níl deireadh tagtha, áfach, leis an gcaoi ar féidir le húdarás áitiúil dul i muinín na teorann ama reachtúla seacht mbliana maidir le forbairtí neamhúdaraithe a thógáil anuas le ceadú go bhfanfadh a leithéid de struchtúr neamhúdaraithe san áit ina bhfuil sé má theipeann air an gníomh forfheidhmiúcháin atá riachtanach a dhéanamh".
Tuilleadh Eolais
Tom Morgan ag 01-6395620, Facs 01-6395674 Ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie
Fiosrúcháin Ghinearálta Meán - déan teagmháil le
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide agus Taighde
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
Nasc is ea é seo chuig an Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae na Mí
