- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Glas béil a chur ar an Ombudsman?
Dáta eisiúnta: 15.07.2010
Thug an tOmbudsman, Emily O’Reilly, tuarascáil don Dáil agus don Seanad inniu (15 Iúil 2010) ina dtugann sí cuntas ar mar a chaith FSS léi:
"i sraith imeachtaí áiféiseacha, a raibh costais shuntasacha airgid agus eile ag baint leo, agus nach raibh aon toradh le brath orthu ag deireadh an lae."
Déantar cur síos i dtuarascáil an Ombudsman, “Glas béil a chur ar an Ombudsman?” ar an méid a tharla sa tréimhse ó Iúil 2008 - Meitheamh 2009 i ndiaidh do FSS diúltú dá cuid torthaí agus moltaí in imscrúdú áirithe a rinneadh maidir le gearán. Sa tuarascáil insítear go raibh ar an Ombudsman, i ndiaidh bagairt a rinne FSS go dtabharfaí urghaire ina haghaidh i mí na Samhna 2008, tuarascáil speisialta a tharraingt siar ón Dáil agus ón Seanad ina raibh cur síos ar an gcaoi a dhiúltaigh FSS na torthaí agus na moltaí a rinne sí san imscrúdú áirithe; tugtar sonraí inti freisin faoi imeachtaí cúirte a thionscain FSS, agus ina raibh an tOmbudsman mar pháirtí, a lean ar feadh seacht mí agus nach raibh aon toradh le brath orthu ag aon duine sa deireadh. Scrios an Chúirt amach na himeachtaí sin i ndeireadh na dála agus bronnadh costais ar an Ombudsman agus ar fhógra-pháirtithe eile atá le híoc ag FSS; d’fhéadfadh sé go raibh na costais sin, a bheadh le híoc ag an Státchiste sa deireadh, chomh hard le €150,000.
Dúirt an tOmbudsman go raibh an scéal ar fad “sáraitheach, diomailteach, ina údar lagmhisnigh agus gan éifeacht sa deireadh ...”; deir sí go dtugann an méid a rinne FSS “easpa mhór gnáthchéille” le fios agus fiafraíonn sí cibé an raibh an méid a rinne FSS, i ndáiríre, “beartaithe chun bac a chur le foilsiú mo thuarascála ar an imscrúdú”. Cé go n-admhaíonn an tOmbudsman nach bhfuil sí in ann an cheist sin a fhreagairt go cinnte, deir sí go bhfuil ceist ann maidir leis.
Ba ghnáth-imscrúdú a bhí sa chéad imscrúdú a rinneadh, agus a raibh na himeachtaí a ndéanann an tOmbudsman cur síos orthu anois mar thoradh orthu; thosaigh sé mar gheall ar dhíospóid maidir le táillí idir FSS agus dhá ghníomhaireacht a bhí ag soláthar seirbhísí caomhnóra ad litem do leanaí a bhí páirteach in imeachtaí cosanta leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí 1991. Cé gur annamh go ndiúltaítear do thorthaí agus do mholtaí an Ombudsman i ndiaidh imscrúdaithe, sa chás go dtarlaíonn sé is é an cleachtas atá ann ná go dtugann an tOmbudsman tuarascáil maidir leis sin don Dáil agus don Seanad.
Bhí tuarascáil den chineál sin ullmhaithe ag an Ombudsman don Dáil agus don Seanad i mí na Samhna 2008 ach ag an nóiméad deiridh, mheas sí go mba fhearr di í a tharraingt siar de bharr bagairt a rinne FSS go dtabharfaidís caingean ina haghaidh san Ard-Chúirt. Deir an tOmbudsman ina tuarascáil inniu go gcaithfear féachaint ar an ngníomh seo ó FSS, a chuir cosc uirthi go bunúsach cumarsáid a dhéanamh leis an Oireachtas, mar rud an-aisteach go deo. Tá an tOmbudsman anois ag foilsiú, dhá bhliain i ndiaidh í a chur i gcrích i mí Iúil 2008, tuarascáil bhunaidh an imscrúdaithe a spreag freagra aisteach amach is amach ó FSS. Cé nár ghlac FSS go foirmiúil le torthaí agus le moltaí na tuarascála imscrúdaithe sin, idir an dá linn tá glactha ag an bhFeidhmeannacht leo i gcleachtas agus measann an tOmbudsman anois go bhfuil deireadh leis an gcás. Mar sin féin, tá an tOmbudsman anois ag cur an ábhair faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid.
Tá Tuarascáil Imscrúdaithe bhunaidh an Ombudsman ó mhí Iúil 2008, agus an tuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais inniu, foilsithe anois ar láithreán gréasáin an Ombudsman ag <www.ombudsman.gov.ie>; freisin, tá míreanna comhfhreagrais lárnacha idir FSS agus Oifig an Ombudsman le linn na tréimhse atá i gceist foilsithe ar láithreán gréasáin an Ombudsman.
Fiosrucháin Maidir Leis na Tuarascálacha seo - déan teagmháil le
Fintan Butler ag 01-639 5650 (seol ríomhphost chuig fintan_butler@ombudsman.gov.ie)
nó
Patsy Fitzsimons ag 01-639 5637 (seol ríomhphost chuig patsy_fitzsimons@ombudsman.gov.ie)
Fiosrúcháin Ghinearálta Meán - déan teagmháil le
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide agus Taighde
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
