- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Ombudsman Tuarascáil Bhliantúil 2009
Dáta eisiúnta: 01.07.2010
Foilsíonn an Ombudsman Emily O’Reilly a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2009.
- Cuireann sí síos ar ghearáin faoi chóireáil ospidéil a sonraíodh sa tuarascáil mar rud “uafásach agus do-fhulaingthe”
- Rinneadh an líon is airde gearán go dtí a hoifig sa bhliain 2009 – an líon is airde le breis agus deich mbliain anuas.
- 9,913 fiosrúchán chun a hoifige – suas 4.4% os cionn 2008.
- Bhí 1,077 gearán a rinneadh sa bhliain 2009 lasmuigh dá dlínse – titim de 6.5% i gcomparáid le 2008.
Pátrún chéatadáin na ngearán i gcoinne comhlachtaí poiblí áirithe:
Státsheirbhís – 41%, suas 2.8% os cionn 2008,
Údaráis Áitiúla – 30%, síos 0.1% ó 2008,
FSS – 26.3%, síos 1.2% ó 2008,
An Post – 1.6%, síos 1.7% ó 2008.
Bainistíocht na nGearán (gearáin agus fiosrúcháin – féach caibidil 2.1.
Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil, a fhoilsítear inniu, ar an gcaoi a d’éirigh leis an Ombudsman Emily O’Reilly, cuidiú leis na mílte sa bhliain 2009, daoine a bhraith go léir go raibh caite go dona nó go míchothrom leo ag údaráis poiblí.
Ag tagairt do mhéadú na ngearán a rinneadh chun a hoifige sa bhliain 2009, i gcomparáid le 2008, dúirt an Ombudsman go raibh an 2,873 gearán a rinneadh anuraidh ar an méid ab airde a bhí ar thaifead le breis agus deich mbliain anuas.
“Cé go raibh líon na ngearán (2,787) sa bhliain 2008 ar an méid ab airde le deich mbliain roimhe sin tá sé soiléir as an 86 gearán bailí de bhreis ar sin a rinneadh chuig an Oifig seo sa bhliain 2009 go bhfuil fadhbanna fós ag an-chuid daoine le comhlachtaí poiblí agus go bhfuil ár gcúnamh de dhíth go géar uathu agus an saor-sheirbhís a íocann na cáiníocóirí chun na seirbhíse céanna a chur ar fáil. Tá líon na ngearán ag méadú ó bhliain go bliain agus léiríonn sin an méid oibre atá romhainn chun caighdeáin a ardú ar fud na seirbhíse go léir.” a dúirt an Ombudsman.
Freisin, thug an Ombudsman faoi deara an méadú ar uimhir na bhfiosrúchán a fhreastail a hoifig orthu. Mhéadaigh siad 4.4% go dtí 9,913 sa bhliain 2009.
“Má tharlaíonn go dteagmhaíonn duine leis an Oifig agamsa agus fadhb éigin acu nach dtiteann faoi mo chúram, ní hionann sin is a rá nach féidir linn comhairle a thabhairt dóibh agus iad a chur ar an mbóthar ceart. Ag brath ar nádúr na faidhbe, más féidir linn ina aon chor, molfaidh an fhoireann seirbhísí oiriúnacha eile chun idirghabháil a dhéanamh dóibh. Tá ag méadú ar líon na bhfiosrúchán den chineál sin a thagann chugainn, go mbeadh cúnamh le fáil fúthu b’fhéidir ó Ombudsmain nó ó ghníomhaireachtaí eile, go háirithe más cúrsaí airgid nó pinsin atá i gceist”, a dúirt sí freisin.
Ag cur le heolas na seirbhíse i measc lucht míchumais.
Rinne daoine a bhí gníomhach in earnáil an mhíchumais teagmháil le hOifig an Ombudsman sa bhliain 2009 ag lorg eolais agus faisnéise faoin gcaoi ab fhearr a d’fhéadfadh an Oifig cuidiú le lucht míchumais. Bhraith an Ombudsman go raibh tionscnamh ar leith de dhíth chun freastail ar an bhfadhb seo. Ina thaobh seo is ea a dúirt an Ombudsman:
“Chinn mé anuraidh go gcaithfí iarracht ar leith a dhéanamh chun eolas faoin ár seirbhísí a chur abhaile ar dhaoine le míchumais agus faoi na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag na comhlachta ionadaíochta atá acu féin ar fud na tíre. Le cabhair agus le treoir ón Údarás Náisiúnta Míchumais, rinneamar DVD faisnéise móide léiriú ar an ngréasán a choimisiúnú ar an obair atá ar siúl, le míniú conas is féidir le daoine, má tá fadhb éigin acu le comhlacht poiblí, teacht go héasca ar ár seirbhísí idirghabhála. Tá dearadh so-oiriúnaithe ar an DVD seo le haghaidh riachtanais rochtana éagsúla a bheadh ag daoine atá dall, caoch, leath-bhodhar nó bodhar ar fad. Tá áiseanna inti mar beol-léamh, teanga chomharthaíochta agus fo-theidil”.
Tá cóipeanna ar fáil saor in aisce ón Oifig seo agamsa, nó is féidir an DVD a fheiceáil ar an suíomh gréasáin www.ombudsman.ie.
Tuarasacáil Bhliantúil Sé is Fiche an Ombudsman.
Seo an seachtú Tuarascáil Bhliantúil atá déanta ag Emily O’Reilly mar Ombudsman agus an séú ceann is fiche ó bhunaíodh Oifig an Ombudsman, an chéad Oifig dá shórt sa Stát, sa bhliain 1984. Ag trácht dí ar na cásanna gearáin i 2009, ar tarraingíodh aird orthu, dúirt Emily O’Reilly:
“Tá seirbhís ghearáin an Ombudsman ann do gach aoinne atá ina gá, le húsáid saor in aisce. Ó 1984 i leith tá cuidiú tugtha againn do 73,000 duine a raibh gearáin bailí acu – agus tá muid an-mhórálach as sin.
Lárnach d’obair an Ombudsman is ea imscrúdú cóir neamhchlaon a dhéanamh ar gach gearán, cabhrú le daoine agus caighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú. I rith 2009 tháinig an-chuid ghearán isteach ó gach aicme den phobal, ó dhaoine a tháinig chuig an Oifig ag lorg cabhrach, daoine a bhí mí-shásta leis an gcaoi a chaith comhlachtaí poiblí leo nó mí-shásta le cinntí nó neamh-ghníomh éigin ag na comhlachtaí céanna. Bhí droch-staid ar fad fágtha ar chuid acu agus chlis an córas orthu ar fad. Tháinig daoine chugam a bhí tinn agus nó le gaolta a bhí tinn agus i bpráinn aireachais. I measc cásanna eile bhí cúramóirí, pinsinéirí, baintrigh, othair faoi chúram faoisimh agus bean a rinneadh faillí ina cúram máithreachais. Tháinig gearán amháin ó bhean maidir leis an gcúram agus an chóireáil a chuireadh ar a fear a bhí ag feitheamh ar an mbás. Bhí an cás sin thar a bheith truamhéalach sa dóigh chéanna a bhí cás eile ina bhfuair mé amach go raibh easnaimh mhóra leanúnacha á bhfulaingt ag na hothair in ospidéal síciatrach i lár na tíre.
Ní thig liom dada eile a rá faoi na cásanna seo, go háirithe in earnálacha na seirbhísí sóisialacha agus na seirbhísí sláinte poiblí, ach amháin ó bhfuil siad uafásach agus do-fhulaingthe. Ní dhéanaim leithscéal ar bith as iad a fhoilsiú, le lán-chead na ngearánaithe (a bhfuil a n-aitheantas ar chosaint), le súil go mbeidh toradh éigin ar an gcóras agus gníomhaíocht éigin lena dheimhniú nach dtarlóidh a leithéidí arís. Go hámharach, i gcásanna áirithe, gineadh athrú córasach agus feabhsuithe de bharr ár gcuid oibre, agus a bhuíochas sin freisin d’ár ngearánaithe a thug cead dúinn an scéal a chur i mbéal an phobail.
Cé go bhfuil na cásanna cóireála sna hospidéil uafásach iontu féin, tá orm a admháil áfach nach bhfuil iontu ach céatadán an-bheag den déileáil a bhíonn coitianta idir an pobal agus FSS. Cinneadh nó cur síos a dhéanamh ar riarachán bocht nó do-ghlactha atá mar phríomh-ghnó agamsa, ach ina ainneoin sin, tá áthas orm a admháil nach mbíonn cúis ghearáin ar bith ag tromlach an phobail mar gheall ar obair FSS, nó go deimhin, aon chomhlacht poiblí eile ach oiread.”
Ag seo a leanas samplaí achoimrithe de chásanna a chríochnaíodh sa bhliain 2009 a léiríonn an cineál cáis a bhíonn idir láimh againn agus an toradh a tháinig dá bharr. Taispeánann seo go léir an luach atá le foraireacht agus na sochair so-bhraite ó thaobh chúitimh agus leighis de a thugtar do na gearánaithe áirithe sa chás.
Seirbhísí Sóisialacha agus Cásanna Cúram Sláinte Poiblí – Caibidil 4 sa Tuarascáil Bhliantúil.
Cásanna a bhaineann leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh – Caibidil 4.1.
Moill ag Oifig an Chláraitheora Ghinearálta ag leasú teastais bhreithe linbh chun ainm an athar aiceanta a chur isteach ann.
Féach caibidil 4 – cás 4.1.1.
Íocaíocht ex gratia de €2,500 déanta le fear scartha ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Féach caibidil 4 – cás 4.1.2.
Cailleann máthair sochar deontais um chúram faoisimh in ainneoin í bheith ag obair lánaimseartha agus ag tabhairt cúraim lánaimseartha dá mac.
Féach caibidil 4 – cás 4.1.3
Cinneadh gan Pinsean (Ranníocach) Stáit a dheonadh aisiompaithe agus riaráistí de €30,420 íoctha.
Féach caibidil 4 – cás 4.1.4.
Faigheann fear (baintreach) €35,530 mar iar-íocaíochtaí riaráiste pinsin,
Féach caibidil 4 – cás 4.1.5.
Cinneadh gan Sochar Cúramóra íoc aisiompaithe agus riaráistí €12,000 íoctha ag an Roinn.
Féach caibidil 4 – cás 4.1.6
Cásanna a bhaineann leis an bhFeidhmeannacht Seirbhísí Sláinte (FSS) – Caibidil 4.2
Aisiompú faighte ar chinneadh gan Liúntas um Chúram Baile agus Liúntas Cúramóra a thabhairt i gcás páiste leis an ngalar corráncheallach. Riaráiste beagnach €18,000 íoctha.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.1
Faigheann bean le neamhord itheacháin aisiompú ar chinneadh ó FSS gan a costais cóireála a lán-mhaoiniú.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.2
Cúram máithreachais in ospidéal Phort Láirge faillitheach – gabhtar leithscéal le bean maille le comhairle agus íocaíocht ex gratia de €1,000.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.3
Gearánann bean faoi chaighdeán an chúraim agus na cóireála a chuireadh ar a fear a bhí i riocht a bháis in ospidéal an Tulaigh Mhóir. Téann an t-ospidéal i ngleic le teipeanna sa chóras.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.4
Cóireáil bhocht curtha ar othar faoi chúram faoisimh in ospidéal Loch Garman. Coimeádta sa leaba toisc nach raibh suíochán oiriúnach ar fáil agus tháinig abhaile le ballbhrú dona.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.5
Gearán ó iníon maidir le cóireáil a chuireadh ar a hathair, othar le hailse – gabhann an t-ospidéal leithscéal agus cuirtear gnásanna úra i bhfeidhm.
Féach caibidil 4 – cás 4.2.6
Easnaimh ollmhóra bhail ar choinníollacha in ospidéal síciatrach. Féach caibidil 4 – cás 4.2.7
Údaráis Áitiúla; An Roinn Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil – Caibidil 5, AnTuarascáil Bhliantúil
Seirbhíseach Poiblí gafa i bpróiseas bactha an dí-láraithe. Níor mhór an €200 a íoc a bhí dlite ar úinéirí d’áitribh neamh-phríomha príobháideacha – aird tarraingthe ar an aimhrialtacht seo.
Féach caibidil 5 – cás 5.1
€3,000 íoctha ag Comhairle de bharr teach a chlárú go mícheart le Clárlann na Talún.
Féach caibidil 5 – cás 2.
Tairiscint tionóntacht le bean tarraingthe siar ag Comhairle Chontae na Gaillimhe de bharr iompair fhrithshóisialta a mhaíodh fúithi – tairiscint nua tugtha mar thoradh ar imscrúdú an Ombudsman.
Féach caibidil 5 – cás 5.3
Cásanna Státseirbhíse – Caibidil 6, An Tuarascáil Bhliantúil
Comhoibriú an Ombudsman maidir le gearáin i gcoinne na gcomhlachtaí Feidhmiúcháin Thuaidh – Theas.
Féach caibidil 6 – cás 6.1
Riail éagórach asbhainte cánach ioncaim le haghaidh tionóntaí de thiarnaí talún neamhchónaitheacha. Aird tharraingthe air a chéaduair sa bhliain 1998.
Féach caibidil 6 - cás 6.2
Tuarascáil ar an Scéim um Chailliúint ar Muir
“Comh fada is a bhaineann le hInstitiúid an Ombudsman, maidir leis an Tuarascáil a d’fhoilsigh mé ar an Scéim um Chailliúint ar Muir agus ar chuir mé os comhair an dá Theach den Oireachtas í Mí na Nollag seo caite, tharlódh go mbeadh an Tuarascáil sin ina crosbhóthar cinniúnach sa ghaol idir an Oifig seo agamsa agus an tOireachtas. Sin í an chúis ar bhraith mé go mba fhaillitheach an gnó dom an cheist seo a fhágáil go dtí an chéad Tuarascáil Bhliantúil eile. Dá bhrí sin chinn mé ar ráiteas gairid a dhéanamh ar staid na ceiste seo agus mé ag scríobh i gCaibidil 1, caibidil bhrollaigh na Tuarascála 2009. Mar is eol go forleathan, cuireadh an Tuarascáil Speisialta seo chuig an Oireachtas de bharr cinneadh a rinne roinn rialtais a bhí freagrach as an iascach chun diúltú dom fhionnachtana i dTuarascáil Imscrúdaithe a raibh moladh le haghaidh cúitimh airgid inti. Níor tharla a leithéid ach uair amháin roimhe sin, sa bhliain 2002. Sa chás úd, bhí gearáin i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim, ach rinneadh an cheist sin a réiteach go sásúil ag deireadh le cabhair agus le tacaíocht an Oireachtais.
Bhí mé an-sásta an deis a fháil chun an chás a chur faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Iascach agus Bia i Mí Aibreáin seo caite. Tá súil amach agam le tuarascáil agus moltaí a fháil uathu in am tráth.”
Seirbhísí um Leas agus Cosaint Leanaí
Tá caibidil i dTuarascáil na bliana seo ar na Seirbhísí um Leas agus Cosaint Leanaí (Caibidil 2.9). Shíl mé go mba thráthúil anois soiléiriú a dhéanamh ar na róil scartha agus scoite atá ag Oifig an Ombudsman agus ag Oifig an Ombudsman do Leanaí agus an comhar agus an comhoibriú a bhíonn idir an dá Oifig maidir le leas leanaí nuair is gá san. Go bunúsach is é an difear atá ann ná más ar an leanbh a thiteann an droch-thoradh is faoi chúram an Ombudsman do Leanaí a thagann sé, ach nuair is ar dhuine fásta atá an droch-thoradh is faoi mo chúramsa a thagann sé. Más ar an mbeirt atá an droch-thoradh oibríonn muid i gcomhar le chéile de réir gnásanna comhaontaithe.
Tá sonraí tugtha agam maidir le ceithre cás a scrúdaigh an Oifig seo sa limistéar Leasa agus Cosanta Leanaí mar léiriú ar an obair a bhíonn ar siúl againn san earnáil seo.
Cás 1
Géarán faoin tslí a láimhseáil FSS gearán a rinne fear i gcoinne oibrithe sóisialacha.
Cás 2
Gearán ó sheanathair a raibh triúr garpháiste ar altramas aige faoin tslí ainnis atá ag réigiúnacha FSS chun freagrachtaí faoi shocruithe cásanna a aistriú eatarthu.
Cás 3
Gearán ó mháthair faoin láimhseáil a rinne FSS ar ghearáin gan bhunús maidir le mí-úsáid leanaí a rinneadh ina coinne.
Cás 4
Gearán a rinne crèche i lár na tíre a raibh gearáin a déanta fúthu a bhain go príomha le cosaint leanaí, agus, tar éis scrúdú a bheith déanta, nár chuir FSS in iúl dóibh nár aimsíodh dada mí-cheart.
Deireadh
Is gcás fiosrúcháin a bhaineann leis an cásanna seo teagmhaigh le do thoil:
Fintan Butler – Imscrúdaitheoir Sinsearach – 01 639 5650 Ríomhphost: fintan_butler@ombudsman.gov.ie
Bernadette McNally – Imscrúdaitheoir Sinsearach – 01 639 5725 Ríomhphost: Bernie_mcnally@ombudsman.gov.ie
Le haghaidh fiosrúchán a bhaineann le Rialtas Áitiúil nó an Státseirbhís teagmhaigh le do thoil:
Tom Morgan – Imscrúdaitheoir Sinsearach – 01 639 5620 Ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie
I gcomhair fiosrúcháin ó na meáin, teagmhaigh: Dave Glynn - Ceann ar Chumarsáid agus ar Thaighde
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
