- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
“Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman”
Dáta eisiúnta: 09.03.2010
In aitheasc a chlúdaigh go leor ábhar, thug an tUasal O’Reilly an méid seo le fios bunaithe ar thaithí a fuair sí ina post mar shealbhóir oifige reachtúil mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise.
Ina haitheasc:
- Deir sí gur theip ar mholadh chun a tuarascáil speisialta, “Lost at Sea” a chur faoi bhráid Chomhchoiste Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an Oireachtais, i vóta Dála inar vótáil na páirtithe de réir mar a dúirt a bpáirtithe leo a dhéanamh, agus ina dhiaidh sin gur theip ar mholadh ó pháirtithe an fhreasúra go mbreathnódh an Coiste ar an tuarascáil, tar éis vóta eile inar chloígh baill le cinneadh a bpáirtí féin.
- Léiríonn sí conas ar féidir le heasnaimh inár socruithe parlaiminte agus rialtais cur isteach ar obair a hoifige, agus déanann sí cur síos ar an gcaoi a láimhseáladh an Tuarascáil “Lost at Sea” a cuireadh faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid i mí na Nollag, 2009.
- Deir sí go bhfuil parlaimint na hÉireann brúite go taobh amháin agus nach bhfuil an pharlaimint ábalta cuntasacht a chur ar an bhFeidhmeannas níos mó.
- Deir sí go mbeadh súil aici go mbeadh Coiste Parlaiminte, i ndiaidh dóibh mionscrúdú cuí a dhéanamh, tar éis a theacht ar an gcinneadh gur chóir glacadh lena moladh sa tuarascáil gur chóir cúiteamh airgeadais de €245,570 a íoc leis an ngearánaí sa chás "Lost at Sea”, agus gur chóir an moladh sin a chur i bhfeidhm.
- Deir sí go bhfuil a hoifig féin, ó thaobh freagrachta de, tar éis na rudaí a dhéanamh a cuireadh i leith an Rialtóra Airgeadais nach ndearna sé, maidir le freastal ar leas an phobail agus drochriarachán sa chóras bainc a thabhairt chun solais.
- Deir sí go bhfuil súil aici go dtiocfaidh an tOireachtas ar mheicníocht fós trína féidir an tuarascáil “Lost at Sea” a láimhseáil go cóir agus go socair.
- Mar Choimisinéir Faisnéise, deir sí go bhfuil 520 comhlacht poiblí á gclúdach faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, ach go bhfuil go leor, cosúil le NAMA, an Banc Lárnach agus an Garda Síochána fágtha as an áireamh, agus go bhfuil roinnt a bhí san áireamh cheana féin tógtha as anois, nó go bhfuil roinnt feidhmeanna a bhaineann leo bainte as, mar a tharla i gcás na bhfeidhmeanna sábháilteachta bóithre, atá ar bun anois ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.
I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884
ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
Tá an téacs iomlán ar fáil ó:- Aitheasc le Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise - “Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman”
