Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

Fáilte ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, roimh an Díospóireacht Dála ar an Tuarascáil Speisialta maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir

Dáta eisiúnta: 03.02.2010

Seo mar a labhair, Emily Ní Raghallaigh agus an cinneadh á thabhairt faoi deara aici:

“Le míonna beaga anuas ba mhór an méid díospóireachta poiblí a rinneadh in Éirinn faoi mhainneachtain, faoi mar a bhreathnaítear air, ár gcóras rialaithe airgeadais chun an ghéarchéim bhaincéireachta a thuar agus a sheachaint.  Is é an ról atá agam agus mé i m’Ombudsman a chinntiú go ndéileálann an córas riaracháin phoiblí go cuí agus go cóir le baill den phobal agus is tasc é sin a bhfuil mé tiomanta é a chomhlíonadh, gan faitíos ná fabhar, de réir an údaráis reachtúil a bhronn an tOireachtas ar m’Oifig.

Sa chás seo níor chinneadh a raibh sé furasta agam é a dhéanamh an cinneadh tuarascáil speisialta a chur i dtoll a chéile.  Is é an dualgas reachtúil atá orm faoi réim an Achta Ombudsman, 1980 cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil cóir agus réasúnach i ndáil le gach gearán a chuirtear faoi mo bhráid.  I gcás go bhfuil údar le réiteach a fháil ar chás déanaim cúram de a chinntiú go mbíonn na moltaí a dhéanaim cuí agus i gcomhréir leis an gcás. Braitheann inchreidteacht Ombudsman ar bith ar a chumas nó ar a cumas réitigh leordhóthanacha agus chuí a sholáthar do dhaoine ar caitheadh go míchóir leo. Imscrúdú saothrach agus fóiréinseach ab ea an t-imscrúdú a rinne me ar ghearán theaghlach Byrne. Mar sin féin, sa chás seo agus d’ainneoin mo mhíle dícheall, tá díospóid fós á déanamh ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia i gcoinne m’fhionnachtana agus mo mholtaí agus chinn sé orm réiteach a fháil ar an deacracht. Ní bhíonn de rogha agam nuair a tharlaíonn a leithéid ach idirghabháil an Oireachtais a lorg.  Is é cúram an Oireachtais anois é cinneadh a dhéanamh faoi cé atá ceart agus cé atá mícheart i gcomhthéacs dea-riaracháin agus cothroime don ghearánach.”

Tagann an Tuarascáil Speisialta sna sála ar chinneadh na Roinne a fionnachtana maidir le gearán theaghlach Byrne i nDún na nGall agus maidir lena moltaí go ndéanfaí airgead a chúiteamh leo a dhiúltú.

Cé go bhfuil saoirse ag an Roinn ó thaobh an dlí de moltaí an Ombudsman a dhiúltú, níorbh í seo ach an dara huair i stair cúig bliana is fichead na hOifige gur tharla a leithéid.  Ba sa bhliain 2002 an chéad uair dá leithéid tarlú i gcás a bhain leis na Coimisinéirí Ioncaim agus a dtángthas ar réiteach air sa deireadh, le cúnamh an Oireachtais, chun sástacht an Ombudsman a bhí ann ag an am.

I gcás go mbreithníonn an tOmbudsman go bhfuil freagairt chomhlachta phoiblí do mholadh míshásúil, ní féidir léi ach tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas faoi Alt 6(5) agus Alt 6(7) den Acht Ombudsman 1980.

Tuilleadh Eolais: 

Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674     Ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie

Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, téitear i dteagmháil le:

Dave Glynn - Ceann Cumarsáide Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884   Ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

Nótaí d’Eagarthóirí

Nasc is ea é seo chuig Tuarascáil Speisialta an Ombudsman chuig Tithe an Oireachtais maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir.

Nasc is ea é seo chuig an bpreaseisiúint a d’eisigh an tOmbudsman agus an tuarascáil á foilsiú.

Back to contents