- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman chuig an dá Theach den Oireachtas
Dáta eisiúnta: 14.12.2009
An Scéim um Chailliúint ar Muir – Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman chuig an dá Theach den Oireachtas
Tá Tuarascáil Speisialta foilsithe inniu (14ú Mí na Nollag) ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, agus curtha chuig an dá Theach den Oireachtas aici, mar gheall ar chinneadh na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun diúltú d’fhionnachtana a rinne sí i dtuarascáil imscrúdaithe agus an cinneadh a rinneadar freisin chun diúltú do mholtaí uaithi maidir le cúiteamh airgid a íoc le gearánaí.
Cé go bhfuil sé de chead ag an Roinn, ó thaobh dlí de, diúltú do mholtaí ón Ombudsman, is í seo an dara uair riamh a tharla a leithéid le cúig bhliana is fiche ó bhunaíodh Oifig an Ombudsman. Tharla an chéad eachtra sa bhliain 2002 i gcás a bhain leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach, le cúnamh ón Oireachtas, socraíodh an cás sin ag deireadh thiar chun sásaimh an Ombudsman.
Mura mbíonn an Ombudsman sásta leis an dtoradh a bhfaigheann sí ó chomhlacht poiblí ar a cuid moltaí, is é an t-aon bhealach atá oscailte dí ná tuarascáil speisialta a dhéanamh chuig gach Teach den Oireachtas faoi na hAilt 6(5) agus 6(7) d’Acht an Ombudsman, 1980.
Sa chás deireanach seo rinne an teaghlach Byrne, ó Chontae Dhún na nGall, gearán chuig an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, mar is orthusan a bhí freagracht earnála an iascaigh ag an am. Bhíodh Francis Byrne ina úinéir agus ina scipéir ar an mótar-árthach iascaigh (MÁI) Skifjord, bád a chailleadh go tragóideach ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall i Mí Dheiridh Fómhair, 1981. Chaill Francis féin, a mhac sé bhliana déag d’aois agus triúr eile den chriú a mbeatha sa tubaiste seo. Fágadh a bhaintreach ina dhiaidh le muirear óg de chúigear ghasúr agus triúr chailíní. Ba é duine dá chlann mhac, Danny Byrne, ag gníomhú thar cheann a mháthar, a rinne an gearán chuig an Ombudsman tar éis don Roinn diúltú d’iarratas an teaghlaigh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.
Scéim aon-uaire, am-teoranta, neamh-reachtúil ba ea an scéim sin a tionscnaíodh sa bhliain 2001. Bhí an scéim dírithe ar úinéirí bád iascaigh ar chailleadh báid ar muir leo sa tréimhse ó 1980 go dtí 1989 agus tugadh achar dhá mhí dhéag dóibh chun iarratais ar ‘thoilleadh ionadach’ a dhéanamh. Is éard a bhí taobh thiar den scéim ná deis a thabhairt do dhaoine a n-éireodh leo, leanúint de thraidisiún iascaigh an teaghlaigh, rud a bhí séanta orthu, in éagmais scéime dá leithéid, de dheasca córais rialála nua do Chabhlach Iascaigh na hÉireann a bheith tugtha isteach sa bhliain 1990. Chuir an córas nua seo teorainn chinnte le toilleadh for iomlán an chabhlaigh iascaigh. Níor mhór don árthach iascach ionadach an t-oll-tonnáiste agus an cumhacht innill a bhronnfaí faoin Scéim a úsáid agus ní bhféadfaí, ar aon bhealach eile, é a dhíol, a thrádáil ná a réadú mar shócmhainn airgeadais ar mhargadh an tonnáiste. Tá cóip den Scéim faoi seo ag Aguisín 1.
Fuair an Ombudsman sé chinn de ghearáin ar fad ó dhaoine a mheas go raibh sochar faoin Scéim séanta go mí-chothrom orthu. Tar éis réamh-scrúdú a bheith déanta níor tacaíodh le cúigear díobhsan. Ach, tacaíodh leis an séú ceann, tar éis imscrúdú a bheith déanta air .i. an gearán ón dteaghlach Byrne.
Bhreathnaigh imscrúdú an Ombudsman ar fhorbairt agus ar fheidhmiú na Scéime agus rinneadh cur síos sách mion ar an bpáirt a ghlac Aire na linne agus a chuid oifigeach sa phróiseas. Ba é conclúid an Ombudsman ná nár shásaigh an t-iarratas ón dteaghlach Byrne dhá cheann de choinníollacha na Scéime ar a laghad, ach ina ainneoin sin, gur fágadh toradh díobhálach ar an dteaghlach de dheasca an chinnidh chun diúltú dá n-iarratas. Chomh maith le sin, fuair an Ombudsman go raibh dearadh na Scéime agus an cuma ar fógraíodh í contrártha le riarachán slán agus cothrom agus go raibh na faillíocha seo mar pháirt den chúis nár éirigh leis an dteaghlach Byrne cáiliú chun cúnaimh a fháil faoin Scéim.
I measc na laigí i bpróiseas an deartha bhí easpa taighde chuimsithí ar chomhaid a bhí sa Roinn a bhain le hárthaigh a chailleadh ar muir sa tréimhse áirithe, easpa anailíse i scríbhinn ar shochair agus dochair critéar cáilitheachta na Scéime agus ní raibh soláthar ar bith sa Scéim chun discréid roghnach a úsáid le linn d’iarratas a bheith á mheas.
Do Scéim fhinideach aon-uaire, d’fhionn an Ombudsman go mba cheart don fhógraíocht a bheith níos críochnúla, níos cuimsithí agus níos sprioc-dhírithe. Fuair sí amach gur tugadh buntáistí breise do roinnt iarratasóirí ionchais áirithe, seachas daoine eile, toisc gur scríobh an Roinn agus an tAire go díreach chucu le heolas na Scéime nuair a seoladh í.
Tá fianaise ghlan faighte ag an Ombudsman freisin nár choimeádadh taifid mar ba chóir sa tréimhse sular dearbhaíodh an Scéim trí shíniú. Ní raibh anailís déanta i scríbhinn ar dréachtaí éagsúla na Scéime agus ba thearc iad na taifid a bhí ann ar an idirghníomhaíocht /na treoruithe idir an tAire agus a chuid oifigeach.
Mar leigheas ar an scéal, mhol an Ombudsman go n-íocfaí €245,570 mar chúiteamh airgid don teaghlach Byrne. Á dhéanamh sin, bhí sí ag admháil go raibh an Scéim um Chailliúint ar Muir imithe i léig le fada, agus nach mbeadh sé ceart, ag an dtráth sin, téarmaí na Scéime úd a fheidhmiú i gcás an teaghlaigh Byrne .i. moladh a dhéanamh go mba cheart tonnáiste a bhronnadh orthu. Ach, toisc gur aithin sí go raibh na faillíocha a bhí i ndearadh na Scéime agus an chaoi ar fógraíodh í mar chuid den chúis nár éirigh leis an dteaghlach Byrne cáiliú a fháil faoin Scéim, mhol sí go mbainfeadh an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia úsáid as an modheolaíocht a leagadh síos sa Scéim Dhíchoimisiúnaithe 2008 chun suim oiriúnach á áireamh le haghaidh cúitimh agus an tsuim sin a chur ar ais chuici i gcomhair a bhreithnithe. Ina dhiaidh sin chuir an Roinn an t-áireamh €245,570 chuici. Ina ainneoin sin d’eitigh an Roinn glacadh leis na fionnachtana ná leis na moltaí.
Bhí an Roinn i gcónaí den tuairim gur chaitheadar go cothrom leis an iarratas ó mhuintir Byrne faoi réir téarmaí na Scéime um Chailliúint ar Muir mar a foilsíodh iad. Ba í a tuairim nach raibh aon bharántas le cúiteamh a thabhairt agus níor aontaíodar ach oiread leis an modheolaíocht a bhí molta ag an Ombudsman chun an chúitimh a ríomhadh. Thug an Roinn le tuiscint freisin go mbeadh iarsmaí airgeadais forleathana don Státchiste ag baint le haon chúiteamh a bhronnfaí ar an dteaghlach Byrne, go háirithe i ndáil le hiarratasóirí eile a diúltaíodh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir agus a dhéanfadh gearán b’fhéidir chuig an Ombudsman.
Maidir leis an Ombudsman, dhearbhaigh sise arís an tuairim a bhí aici go raibh barántas le cúiteamh a thabhairt i gcúinsí an cháis áirithe seo. Shéan sí freisin an argóint go mbeadh ciallachais forleathana taobh thiar den chinneadh áirithe seo agus mhínigh sí an chúis ar cheap sí go raibh an mhodheolaíocht ríofa don chúiteamh a mhol sí idir a bheith oibiachtúil, cothrom agus réasúnta agus an chúis a raibh an tsuim a moladh i gcomhréir don chás.
Níl anseo ach an dara uair riamh, ó bhunaíodh Oifig an Ombudsman cúig bhliana is fiche ó shin, gur chinn Roinn fionnachtana ón Ombudsman a dhiúltú agus is í seo an chúis a cheapann an Ombudsman go bhfuil sé riachtanach anois tuarascáil speisialta ar an ábhar a chur chuig an dá Theach den Oireachtas faoi réir na nAlt 6(5) agus 6(7) d’Acht an Ombudsman, 1980.
Tá cur síos níos mine le fáil i gCuid a hAon den Tuarascáil Speisialta maidir leis na cúiseanna a rinne an Ombudsman an cinneadh chun scéala faoi dhiúltú a cuid fionnachtana agus a cuid moltaí chuig an Roinn a chur faoi bhráid an Oireachtais. Tá tuarascáil an Ombudsman ar an imscrúdú a rinne sí ar an ngearán le fáil i gCuid a Dó. Ríomhtar ann forbairt agus feidhmiú na Scéime um Chailliúint ar Muir agus déantar cur síos sách mion ar an bpáirt a ghlac Aire na linne sin agus a chuid oifigeach sa phróiseas. Tugtar conclúidí an Ombudsman ann freisin maille lena cuid fionnachtana agus a cuid moltaí.
Tuilleadh Eolais:
Tom Morgan ag 01-6395600, Facs 01-6395674 Ríomhphost: tom_morgan@ombudsman.gov.ie
Maidir le fiosrúcháin ó na meáin, téitear i dteagmháil le:
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 Ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá Tuarascáil Speisialta an Ombudsman ar fáil anseo.
Nóta 1:
Ailt 6(5) agus 6(7) d’Acht an Ombudsman 1980:
“6 (5) I gcás ar dealraitheach don Ombudsman nach bhfuil na bearta a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh de bharr moladh faoi fho-alt (3) den alt seo sásúil, féadfaidh sé, más cuí leis é, a chur faoi deara go ndéanfar tuarascáil speisialta ar an gcás a chur i dtuarascáil faoi fho-alt (7) den alt seo”.
“6 (7) Cuirfidh an tOmbudsman faoi deara go ndéanfar tuarascáil i dtaobh chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo a leagan in aghaidh na bliana faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus féadfaidh sé ó am go ham a chur faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí acu sin cibé tuarascálacha eile is cuí leis maidir leis na feidhmeanna sin. Cuirfear i dtuarascáil faoin alt seo téarmaí iarraidh faoi alt 5 (3) den Acht seo agus an ráitis i scríbhinn i dtaobh chúiseanna an iarrata i gceangal leis an iarraidh”.
Nóta 2:
Cúlra na Scéime um Chailliúint ar Muir
Sa bhliain 1989 rinneadh socruithe chun Clár Bád Iascaigh nua a thabhairt isteach in ionad an chláir a bhí ag feidhmiú ag an am sin. Tionscnaíodh an Chlár nua seo mar gheall ar riachtanais an Chomhphobail Eorpaigh maidir le bainistíocht cabhlach iascaigh na mBallstát, agus ag an am céanna bhíothas ag dul i ngleic leis an ró-thoilleadh a bhí tugtha do na cabhlaigh céanna. Ionas go bhféadfadh úinéir báid a bhí cláraithe ar shean-Chlár na mBád Iascaigh an bád sin a chur ar an gClár nua, níor mhór don iarratas a bheith curtha isteach aige roimh an 31ú Eanáir 1990. Bhí toilleadh na mbád iascaigh go léir a bhí curtha ar an gClár nua áirithe le chéile mar thoilleadh iomlán chabhlaigh iascaigh na hÉireann agus bhí sin faoi údarás rialacha an AE. Ní raibh soláthar ar bith go nglacfaí aon bhád ar an gClár nua a chláraíodh faoin sean-chóras ach gur chailleadh ar muir roimhe sin í. I gcaitheamh na mblianta bhí stocaireacht déanta ag iascairí agus ag teaghlaigh iascairí a chailleadh ar muir go gcuirfí scéim ar fáil chun go bhféadfadh siad dul isteach faoin Clár nua na mBád Iascaigh, rud a bheadh ar fáil dóibh murach an mí-ádh a bhain díobh.
Déanach sa bhliain 2000, ar iarraidh ó Aire na linne sin, Frank Fahey, TD, thosaigh a chuid oifigeach ag obair ar scéim. Seoladh an scéim sin i Mí Mheithimh 2001 mar an Scéim um Chailliúint ar Muir. Luadh an 31ú Nollaig 2001 mar dháta dúnta. Ina dhiaidh sin fuair an Roinn 67 iarratas roimh an dáta dúnta agus d’éirigh le sé chinn acusan i ndeireadh na dála.
Bronnadh toilleadh ina gcearta féin ar na hiarratasóirí ar éirigh leo, rud a chuir ar a gcumas leanúint de thraidisiún an iascaigh. Bhraith méid an toillidh a deonaíodh ar mhéid an chéad árthaigh a bhí caillte ar muir agus ar chéatadán na húinéireachta a bhí ag an iarratasóir ar an árthach céanna. Ní raibh aon tacaíocht airgid ann don iarratasóir chun árthach nua iascaigh a cheannach, agus, an toilleadh ionadach .i. an t-oll-tonnáiste agus an chumhacht innill a dheonaíodh faoin Scéim, is é an t-árthach ionadach amháin a d’fhéadfadh é sin a úsáid. Ní raibh cead é a dhíol ná a thrádáil ná a réadú mar shócmhainn airgid ar dhóigh ar bith eile ar mhargadh an tonnáiste.
