Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu

Dáta eisiúnta: 22.09.2009

Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu:

  • Íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €8,543 i mbillí míochaine le hothar ailse ar ar cuireadh cóireáil thar lear – siardhátaíonn an Roinn breis is €7,000 i sochar breoiteachta.
  • Faigheann feirmeoir orgánach a baineadh den chlár faofa saothraithe €4,528 d’airgead faoin Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath ar ais ón Roinn – níor coinníodh taifid de bharr breoiteachta.
  • Freaschuirtear cinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte diúltú íocaíocht riachtanas eisceachtúil a dhéanamh le tuismitheoir aonair chun troscán a cheannach.
  • Seastar le ceart tionónta i dteach chomhairle Dhún Dealgan teaghais a cheannach.

D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh sonraí iomlána inniu ( 22 Meán Fómhair 2009) ar a suíomh gréasáin (www.ombudsman.ie) maidir le ceithre ghearán ar éirigh léi réiteach a fháil orthu.  Foilsíonn an tOmbudsman cás-tuairiscí go tréimhsiúil ar a suíomh gréasáin chun an cur amach a bhíonn ag an bpobal a mhéadú maidir leis an obair fhadréimseach a bhíonn ar bun ag a hOifig. Rachaidh na cás-tuairiscí seo chun leasa an phobail i gcoitinne chomh maith le hionadaithe agus le heagraíochtaí poiblí a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do dhaoine a mbíonn deacrachtaí acu déileáil le comhlachtaí poiblí.

Seo mar a labhair an tOmbudsman agus í ag trácht ar na cás-tuairiscí “Ó thaobh na ngearánach de, ní hé amháin é gur leanadh suas a gcás casaoide agus gur seasadh lena ngearáin ach d’fhreaschuir na comhlachtaí poiblí a mbunchinntí i ngach ceann de na ceithre chás. Ní mór fáilte a chur roimh an idirchaidreamh dearfach idir m’Oifig agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Comhairle Baile Dhún Dealgan i ngach cás.  Is teistiméireacht é chomh maith ar a dtiomantas caighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú dá gcustaiméirí agus a thoilteanaí is a bhí siad, tar éis idirchaidrimh le m’oifig, féachaint an athuair le hintinn oscailte ar chinntí a rinne dochar do dhaoine”.


Cás 1 - Íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €8,543 i mbillí míochaine le hothar ailse ar ar cuireadh cóireáil thar lear – siardhátaíonn an Roinn breis is €7,000 i sochar breoiteachta.

Tháinig bean shingil, an t-aon leanbh sa chlann, as tír eile san AE go Baile Átha Cliath chun dul ag obair.  I mí na Nollag 2006, fuarthas amach go raibh Liomfóma Hodgkin – cineál ailse – ag gabháil di. Mhol a lia comhairleach in Ospidéal na hOllscoile, An Mater, di go gcuirfí cóireáil uirthi ina tír dhúchais, ní mar gheall nach mbeifí ábalta an chóireáil chuí a thabhairt di in Éirinn ach mar gheall go bhfaigheadh sí an réamhchúram agus an tacaíocht shuntasach a mbeadh gá aici leo óna muintir agus óna cairde sa bhaile. Dúradh leis an mbean sa bhaile go raibh foirm E-112 as Éirinn ag teastáil uaithi chun cur ar a cumas cóireáil ospidéil a bheadh maoinithe ag an Stát a fháil.  Níor insíodh di faoin bhfoirm sular fhág sí Éire.   Rinne sí iarratas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an bhfoirm agus diúltaíodh dá hiarratas.   Chaill sí an t-achomharc a rinne sí ina dhiaidh sin agus d’iarr sí cabhair ormsa i mí Iúil 2008. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte liom gur theip ar a hiarratas ó tharla go bhféadfadh an chóireáil chéanna a bheith faighte aici in Éirinn.  Tar éis dianphlé idir m’Oifig, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Mater agus An Roinn Sláinte agus Leanaí, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi dheireadh leis an mbean gurbh iad a bhí freagrach as na speansais chóireála go léir ina tír dhúchais agus d’iarr siad na sonraisc ábhartha go léir uirthi.

D’íoc Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 8,543 euro i mbillí míochaine ina dhiaidh sin.  Bhronn An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh breis is 7,000 euro san iomlán i sochar breoiteachta siardhátaithe uirthi chomh maith.


Cás 2 - Faigheann feirmeoir orgánach a baineadh den chlár faofa saothraithe €4,528 d’airgead faoin Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath ar ais ón Roinn – níor coinníodh taifid de bharr breoiteachta.

Rinne bean i gContae Laoise gearán faoi phionóis a ghearr An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia uirthi as téarmaí na Scéime um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS) a shárú. Bhain an sárú leis an gcás gur bhain Cumann Feirmeoirí agus Saothraithe Orgánacha na hÉireann a ceadúnas saothraithe orgánacha di.  Ceal ceadúnais, ní fhéadfadh an bhean a Plean REPS a chomhlíonadh agus dá bhrí sin d’fhorchúitigh an Roinn a híocaíochtaí REPS. Dúirt an bhean gur theip uirthi a taifid orgánacha a choinneáil cothrom le dáta de bharr breoiteachta agus gurbh í an bhreoiteacht ba chúis le gur chaill sí a ceadúnas.   Ós go raibh deimhniú míochaine aici don bhreoiteacht, chinn mé gurbh imthosca nach raibh neart aici uirthi ba chúis leis an sárú agus gur chóir caitheamh go tuisceanach léi.

Tar éis na hidirghabhála a rinne mé, rinne an Roinn athbhreithniú ar an gcás agus d’aontaigh siad leis an measúnú a rinne mé maidir leis na himthosca.  Fuair an gearánach 4,528 euro in aisíocaíocht REPS.


Cás 3 - Freaschuirtear cinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte diúltú íocaíocht riachtanas eisceachtúil a dhéanamh le tuismitheoir aonair chun troscán a cheannach.

Rinne tuismitheoir aonair le leanbh naoi mbliana d’aois as Contae Chill Chainnigh gearán faoin mbealach ar chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ceantar an Deiscirt, léi nuair a d’iarr sí cabhair orthu chun troscán a aimsiú don teach a bhí aici ón údarás áitiúil.   Ba 350.16 euro d’ioncam seachtainiúil a bhí aici ag an am agus theastaigh uaithi earraí bunúsacha teaghlaigh a cheannach lena n-áirítear cóir leapa, cócaireán agus bord agus cathaoireacha. Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil (ENP) de 2.039 euro leis an mbean agus dúirt an bhean nár leor an tsuim sin.  Mhaígh sí nach mbeadh sí fós in acmhainn cócaireán, leaba dá hiníon óg ná cófraí a cheannach.   Diúltaíodh an t-achomharc a rinne sí chun Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. D’aontaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tar éis idirghabhála ó m’Oifig, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás. Is féidir na sonraí iomlána a ghabhann leis an athbhreithniú, lena n-áirítear saincheisteanna casta riaracháin, a fháil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.  D’aontaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ar deireadh, 500 euro breise a bhronnadh ar an mbean agus dúirt an bhean le m’Oifig gur úsáid sí an t-airgead ina dhiaidh sin chun cócaireán, feisteas beag, agus leaba shingil agus tocht dá hiníon a cheannach.

Thug m’fhoireann faoi deara le linn an cháis nár tugadh an “Ready Reckoner” a bhí in úsáid ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun costas treorach earraí teaghlaigh a ríomh cothrom le dáta ó mhí Iúil 2003.  D’aontaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é a thabhairt cothrom le dáta le héifeacht ón 1 Aibreán 2009 chun na gluaiseachtaí a tharla san Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí sa tréimhse eatramhach agus chun an iomaíocht mhiondíola a thabhairt san áireamh.  Ba mhéadú san fhigiúr treorach in earraí áirithe agus titim in earraí eile a thoradh.


Cás 4 - Seastar le ceart tionónta i dteach chomhairle Dhún Dealgan teaghais a cheannach.

Rinneadh gearán liom gur dhiúltaigh Comhairle Baile Dhún Dealgan cead a thabhairt do thionónta an teach a bhí ar cíos aige a cheannach.  Mhaígh an Chomhairle gur i gcomhair daoine breacaosta a bhí an teach agus dá réir nach raibh an teach faoi raon na scéime ceannaigh ag tionóntaí.   Dúirt an gearánach nach raibh an ceart ag an gComhairle ós nár chónaigh duine breacaosta sa teach riamh. Comhlíonann scéim cheannaigh ag tionóntaí na Comhairle Baile na Rialacháin ábhartha, ina bhforáiltear go bhféadfar teaghaisí áirithe a bheadh oiriúnach do dhaoine breacaosta a bhaint as an áireamh as an scéim. Déantar amhlaidh chun a chinntiú go mbeadh soláthar cuí tithíochta ann do dhaoine breacaosta. Mar sin féin, ba í an tsaincheist a bhí i gcroílár an ghearáin cibé, i ndáiríre, ar theaghais do dhaoine breacaosta a bhí i dteach an tionónta.   Tháinig sé chun cinn nach bhféadfaí féachaint ar dhuine ar bith de na tionóntaí a bhí ina gcónaí sa teach ón tráth ar tógadh é mar dhuine breacaosta agus bhí an dá scór sroichte ag an ngearánach féin.  Dá réir sin, ní raibh cinneadh na comhairle de réir a scéime ceannaigh ag tionóntaí féin ná de réir na rialachán rialaithe. Dúirt an Chomhairle chomh maith go raibh siad ag diúltú an teach a dhíol leis an tionónta ar mhaithe le dea-bhainistíocht eastáit.  Tá rogha ag an gcomhairle maidir leis seo ach theastaigh uaim a fháil amach cibé an raibh an rogha sin réasúnach. Dúirt an gearánach nár dúradh leis riamh nach mbeadh sé ábalta a theach a cheannach. Bhí amhras orm dá bhrí sin, ós gur daoine single nó gur lánúineacha gan chlann na daoine ab iondúil a chónaigh sa chineál tí a bhí i gceist, cibé an raibh idirdhealú á dhéanamh ar dhaoine bunaithe ar stádas teaghlaigh.  An rabhadar faoi mhíbhuntáiste díreach ós gur chónaigh siad i dtithe níos lú a bhféadfadh an Chomhairle a bheith ag iarraidh iad a choinneáil do dhaoine breacaosta? Chinn mé ar deireadh nach raibh an teach deartha go sonrach le haghaidh duine breacaosta agus nár thaispeáin an Chomhairle go gcuirfeadh díol an tí dea-bhainistíocht eastáit i gcontúirt.  Ba chinneadh mícheart dá réir sin an cinneadh a ghlac siad gan an teach a dhíol.  Rinneadh dochar don ghearánach agus ba chinneadh idirdhealaitheach go míchuí cinneadh na Comhairle agus bhí an cinneadh contrártha do riaradh cóir agus fónta.

Tar éis pléití leis an gComhairle, aistríodh an tionónta go teach den mhéid céanna agus dúirt an Chomhairle go n-aontódh siad é a dhíol faoin scéim cheannaigh ag tionóntaí.  Bhí an Chomhairle ag iarraidh an chéad teach a choinneáil ós go raibh sé an-oiriúnach do dhaoine breacaosta ar iliomad cúiseanna.   Bhí an gearánach sásta leis an toradh.

Le haghaidh fiosrúchán ó na meáin:
Dave Glynn – Ceann ar Chumarsáid 
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

 

Seo naisc chuig na cásanna.  Tá siad le fáil ar an suíomh gréasáin seo faoin Cásanna Samplacha.

Deireadh

 

Back to contents