Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Preas Ráiteas

Preas Eisiúint - Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála

Dáta eisiúnta: 13.07.2009

Cuireann an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, tuarascáil faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid faoi mhuirir iomarcacha a ghearrann údaráis áitiúla ar dhaoine as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.

  • Deir sí go bhfuil thart faoi 60% d’údaráis áitiúla ag leagan muirear troma gan dealramh ar fhótachóipeáil doiciméad pleanála agus iarrann sí orthu na muirir sin a leagan de réir treoirlínte na Roinne.
  • “Is ionann suas go dtí €5 a ghearradh chun bileog amháin de pháipéar A4 a chóipeáil agus constaic a chur suas i gcoinne feidhmiú ceart phróisis phleanála na saoránach”.


Inniu ( 13 Lúil 2009), d’fhoilsigh an tOmbudsman Emily O’Reilly Tuarascáil a chuir sí os comhair Tithe an Oireachtais maidir le ró-mhuirir a leagann údaráis áitiúla áirithe ar chóipeáil doiciméad pleanála.

Mar léiriú ar mhí-chothroime na muirear seo is é dúirt an tOmbudsman:  “Tig liom siúl amach as an Oifig seo, i lár Bhaile Átha Cliath, agus laistigh de chúpla nóiméad, bileog de pháipéar A4 a fháil cóipeáilte (dubh agus bán) i siopa éigin ar tháille chomh híseal le 5 cent.  Is é an meán-chostas a bheadh ar a leithéid ná 10 cent.  Ach ina choinne sin, an té a bheadh suim acu in iarratas pleanála, bheadh orthu suas go dtí €5 b’fhéidir a íoc as an bpribhléid chéanna.  Ní féidir a rá go bhfuil seo cóir ná cothrom agus is constaic é sa bhealach ar fheidhmiú ceart an phróisis phleanála.”

“Is cóir páirtíocht an phobail i bpróiseas na pleanála a spreagadh in áit a bheith ag iarraidh í a chosc.  Bíonn drogall ar dhaoine roimh ró-mhuirir agus roimh páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála, in ainneoin go bhfuil an ceart acu de réir an dlí doiciméid pleanála áirithe a iniúchadh agus cóipeanna a fháil. Is mór an mí-bhuntáiste a thugann na ró-mhuirir seo d’eagraíochtaí deonacha, dreama ar mian leo ár n-oidhreacht, an timpeallacht foirgníochta agus an fhorbairt chothrom réigiúnach a chaomhnú.” Sin a dúirt Ms O’Reilly.

“In ainneoin na fáilte a chuireadh roimh na treoirlínte a  thug an Roinn do gach údarás áitiúil ar “costas réasúnta” na muirear seo tá an fhadhb againn fós agus in ainneoin an chaidrimh a bhí ag an Oifig seo le húdaráis áitiúla chun faisnéis a fháil faoi chineál agus faoi mhéid na muirear.  Ar son na muintire agus na gcomhlachtaí a ghearáin liom mheas mé go raibh an oibleagáid orm tuarascáil a chuig an Dáil agus chuig an Seanad chun aird a tharraingt ar na muirir fótachóipeála seo, ró-iomarcach agus do-ghlactha mar atá siad.. Ba cheart breithniú ar na táillí dhíréireacha seo mar chlaochlú ar an bpróiseas pleanála féin,  próiseas dar chóir a bheith glé glan soiléir. Tá  chonstaicí á gcur sa bhealach ar dhaoine a chuireann suim i bpróiseas na pleanála ar chúis ar bith.  Tá sé  ceadmhach ar ndóigh an costas dlisteanach a aisghabháil, rud eile ar fad is ea foinse ioncaim a chruthú trí muirear  a leagan ar sheirbhís, muirear atá os cionn an chaiteachais agus as alt ar fad le muirear tráchtála na seirbhíse céanna.  Ba cheart éirí as a leithéid agus tá sé thar am dian-scrúdú a dhéanamh ar an gcóras uile.”  Sin a dúirt an tOmbudsman freisin.

Mar fhocal scoir, dúirt an tOmbudsman go mbeadh sí ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla atá ag gearradh na dtáillí ró-ard, athbhreithniú a dhéanamh orthu láithreach faoi réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn, rud atá déanta cheana ag roinnt údarás.  Thug sí le fios, ag labhairt dí mar Choimisinéir Faisnéise, go bhfuil muirear caighdeánach i gcomhair fótachóipeála leagtha síos do na húdaráis áitiúla uile agus do chomhlachtaí eile freisin faoi na hAchtanna um Saoráil Faisnéise, 1997 go dtí 2003.  Dúirt sí go mb’fhearr léi go gcuirfeadh na húdaráis áitiúla a dtithe féin in ord go deonach i dtús báire sula bheadh gá le dul i muinín na reachtaíochta chun an cheist a réiteach.  Mar sin féin, murar féidir a bheith ag súil le hathrú cothrom bunúsach sna cúrsaí seo, ní fhágann an tOmbudsman as an áireamh athrú sa dlí a iarraidh feasta.  Ní fhéadfaí an scéal a fhágáil mar atá sé.

I measc na bpríomh-fhionnachtain a tháinig as suirbhéanna a rinneadh ar na húdaráis áitiúla bhí:

Treoirlínte a d’eisigh an Roinn Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil sa bhliain 2005 maidir le ‘costas réasúnta’  i gcomhair doiciméad bainteach le hiarratais pleanála a fhótachóipeáil – neamh-aird tugtha orthu i mórán cásanna.

Easpa rí-shoiléir de chomhionannas agus de chomhsheasmhacht ar fud rannóg pleanála na n-údarás áitiúla uile i gcomhair na muirear a leagtar ar fhótachóipeáil – i gcodarsnacht leis na gnáis chun iarratais pleanála a dhéanamh agus a phróiseáil, rud atá caighdeánach acu go léir tríd síos.

Difríochtaí móra sna muirir a leagtar sios – ó neamhní go dtí €5.

Bíonn íos-mhuirir agus/nó uas-mhuirir ag roinnt de na húdaráis, rud nach mbíonn ag cuid eile.

Is iad na húdaráis áitiúla is measa amuigh i gcomhair íos-mhuirear a leagan síos i gcomhair fótachóipeála, mar shampla ar bhileog A4, idir €1 go dtí €5 ná na Comhairlí Contae seo a leanas: Gaillimh, Cill Dara, Longfort, Tiobraid Árann Thuaidh, agus Port Láirge, agus

Is iad na húdaráis is measa a leagann ró-mhuirir síos in ainneoin treoirlínte na Roinne, idir 50 cent agus 80 cent agus suas go dtí €5 i gcomhair cóipe A4, ná na Comhairlí Contae seo a leanas: An Cabhán, An Clár, Dún Laoghaire Ráth an Dúin, Gaillimh, Ciarraí, Laois, Luimneach, An Lú, Baile Átha Cliath Theas, Tiobraid Árann Theas agus Loch Garman. 

Eolas breise:

Maureen Behan – Imscrúdaitheoir Sinsearach Teil: 01 639 5675
ríomhphost: maureen_behan@ombudsman.gov.ie


Le haghaidh fiosrúchán ó na meáin:

Dave Glynn – Ceann ar Chumarsáid
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884
ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie

Nóta an Eagarthóra:

Faoi réir Ailt 6(7) d’Acht an Ombudsmain, 1980, tá ceangal ar an Ombudsman Tuarascáil Bhiantúil  faoina cuid oibre a chur chuig an dá Theach den Oireachtas.  Tá cead aici faoin Acht céanna, ó am go ham, tuarascálacha breise a chur isteach, má mheasann sí gur gá é sin a dhéanamh.  De bharr na trioblóide leanúnaí atá aici leis na húdaráis áitiúla i ndáil le muirir fótachóipeála, agus an droch-iarmhairt atá aige sin ar an bpobal i gcoitinne, tá beartaithe aici an fhadhb seo a chur faoi bhráid an Oireachtais trí thuarascáil speisialta a dhéanamh.

Tá téacs iomlán an cháis le fáil ar:

Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála

Back to contents