- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Preas Ráiteas
20.12.2011 Teipeadh Táillí Neamhdhleathacha ar Theach Altranais a Aisíoc: gheobhaidh Teaghlach Sealbhóra Scothaosta Cárta Leighis aisíocaíocht €24,000
Tá an tOmbudsman, Emily O’Reilly, tar éis a tuarascáil maidir leis an imscrúdú i ndáil le gearán i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus i gcoinne Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte a fhoilsiú inniu.
25.07.2011 Too Old to be Equal?
Idirdhealú Míchuí in éadan Daoine scothaosta i Scéim de chuid na Roinne Sláinte. Fios ag an Roinn le blianta go raibh an Scéim Liúntais Soghluaisteachta idirdhealaitheach go míchuí ach dada déanta aici.
08.06.2011 Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2010
Tá a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 eisithe ag an Ombudsman Emily O'Reilly Cuireann an tOmbudsman fáilte mhór roimh thiomantas an Rialtais i leith leasaithe le sainchúram Oifig an Ombudsman a leathnú amach chuig gach comhlacht atá maoinithe go poiblí agus i leith coiste nua Oireachtais a bhunú mar mheán fhoirmiúil comhairliúcháin agus comhoibriú idir an tOireachtas agus an tOmbudsman.
03.02.2011 Ról an Ombudsman a Fhorbairt agus a Bharrfheabhsú
Chuaigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly Uasal, i dteagmháil inné (2 Feabhra 2011) leis na ceannairí, agus leis na hurlabhraithe cuí, de chuid na bpáirtithe polaitiúla sa Dáil chun a tuairimí a roinnt leo faoin ról a d'fhéadfaí bheith in ann dá hOifig maidir le hathnuachan sa chóras rialtais.
13.12.2010 Foilsíonn an tOmbudsman, Emily O’Reilly, Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le hOspidéal Réigiúnach Luimnigh agus an cúram a tugadh d’fhear 61 bliain.
D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, tuarascáil inniu (13 Nollaig 2010) maidir leis an gcúram a tugadh d’othar agus an chaoi ar caitheadh leis agus lena theaghlach ag Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair, Tuar an Daill, Luimneach. Rinne iníon an fhir, a bhí 61 bliain d’aois, gearán chuig an Ombudsman faoin gcúram a fuair a hathair in Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair. Nuair a bhí a hathair san ospidéal ag fáil cóireála le haghaidh stróc, thit sé óna leaba san ospidéal agus briseadh a fhiacail, rinneadh stolladh 8cm ar chúl a chinn agus gearradh a theanga. Fuair sé bás 52 uair ina dhiaidh sin.
09.11.2010 An Cuma Faoi Chúram? - Imscrúdú ar an gCeart chun Cúraim i dTithe Altranais in Éirinn.
Tá an tOmbudsman, Emily O'Reilly, tar éis tuarascáil dar teideal AN CUMA FAOI CHÚRAM? Imscrúdú ar an gCeart chun Cúraim i dTitheAltranais in Éirinna leagan inniu faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Sa tuarascáil seo pléitear gníomhartha na Roinne Sláinte agus Leanaí agus an FSS i leith an cirt chun cúraim i dtithe altranais do dhaoine scothaosta.
15.10.2010 An Scéim um Chailliúint ar Muir - Tuarascáil Speisialta an Ombudsman
An Scéim um Chailliúint ar Muir - Tuarascáil Speisialta an Ombudsman
28.09.2010 Foilsíonn an tOmbudsman Emily O’Reilly trí Thuarascáil Imscrúduithe maidir le gearáin a d’éirigh léi a réiteach.
Foilsíonn an tOmbudsman Emily O’Reilly trí Thuarascáil Imscrúduithe maidir le gearáin a d’éirigh léi a réiteach.
20.07.2010 Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae na Mí
D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, Tuarascáil Fiosraithe inniu faoi fhiosrú a rinne sí ar ghearán a rinne lánúin phósta faoin gcaoi ar chaith Comhairle Contae na Mí leo maidir le forbairt mhórscála neamhúdaraithe seide taobh lena n-áras baile.
15.07.2010 Glas béil a chur ar an Ombudsman?
Tugann an tOmbudsman Tuairisc ar Mar a Chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Léi
01.07.2010 Ombudsman Tuarascáil Bhliantúil 2009
Seo an seachtú Tuarascáil Bhliantúil atá déanta ag Emily O’Reilly mar Ombudsman agus an séú ceann is fiche ó bhunaíodh Oifig an Ombudsman, an chéad Oifig dá shórt sa Stát, sa bhliain 1984. Ag trácht dí ar na cásanna gearáin i 2009, ar tarraingíodh aird orthu, dúirt Emily O’Reilly: “Tá seirbhís ghearáin an Ombudsman ann do gach aoinne atá ina gá, le húsáid saor in aisce. Ó 1984 i leith tá cuidiú tugtha againn do 73,000 duine a raibh gearáin bailí acu – agus tá muid an-mhórálach as sin.
09.03.2010 “Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman”
Thug an tOmbudsman agus Coimisinéir Faisnéise, Emily O’Reilly aitheasc inniu (9 Márta, 2010) ag Comhdháil an Fhorais Riaracháin/Chartered Institute of Public Finance and Accounting maidir le “Dea-rialachas: Luachanna agus Cultúr nó Rialacha agus Rialacháin”, i mBaile Átha Cliath.
03.02.2010 Fáilte ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, roimh an Díospóireacht Dála ar an Tuarascáil Speisialta maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir
Fáilte ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, roimh an Díospóireacht Dála ar an Tuarascáil Speisialta maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir
Preas Ráiteas 2009
14.12.2009 Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman chuig an dá Theach den Oireachtas
Tá Tuarascáil Speisialta foilsithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, agus curtha chuig an dá Theach den Oireachtas aici, mar gheall ar chinneadh na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia chun diúltú d’fhionnachtana a rinne sí i dtuarascáil imscrúdaithe agus an cinneadh a rinneadar freisin chun diúltú do mholtaí uaithi maidir le cúiteamh airgid a íoc le gearánaí.
22.09.2009 Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu
Foilsíonn An tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, ceithre Thuairisc ar ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu
13.07.2009 Preas Eisiúint - Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála
Cuireann an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, tuarascáil faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid faoi mhuirir iomarcacha a ghearrann údaráis áitiúla ar dhaoine as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.
01.07.2009 Preas Ráiteas - Tuarascáil Bhliantúil an tOmbudsman 2008
Foilsíonn an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2008. Rinneadh 2,787 gearán lena hOifig sa bhliain 2008 – ardú 8% ar an mbliain roimhe sin agus an líon ab airde le 10 mbliana anuas.
27.01.2009 Ceathrú Céid curtha di ag Oifig an Ombudsman
Buaileann an tOmbudsman, Emily Ní Raghallaigh, leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa i gcomóradh na gcúig bliana fichead a bhfuil Oifig an Ombudsman ar an bhfód.
Preas Ráiteas 2008
15.12.2008 Tuarascáil ar imfhiosrú an Ombudsman ar cúram agus cóireála do bhean chnagaosta a tógadh isteach do chúram faoisimh i dteach altranais poiblí FSS sa Mhuileann gCearr
Tuarascáil ar imfhiosrú an Ombudsman faoi chaighdeán doghlachta cúraim agus cóireála ar bhean chnagaosta i dteach altranais poiblí
20.10.2008 Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla.
Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le scéimeanna um tharscaoileadh ó mhuirir bhailithe dramhaíola atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla, á foilsiú ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh. Deir sí, “Níl ord ná eagar ar iomadúlacht ná ar éagsúlacht na scéimeanna agus ní cóir go mbraithfeadh tarscaoileadh a bheith le fáil ag daoine nó an tsuim a bhainfí den mhuirear ar cibé áit ina mbeadh daoine ina gcónaí nó ar cibé duine a bhaileodh a mbruscar”.
22.10.2008 Díolaim Imscrúduithe maidir le Gearáin arna gcur ag Ionadaithe Poiblí faoi bhráid an Ombudsman
Tuarascáil ar dhíolaim maidir le gearáin á foilsiú ag an Ombudsman Emily Ó Raghallaigh torthaí suntasacha ag eascairt as dhá ghearán déag curtha faoina bráid ag Ionadaithe poiblí.
18.08.2008 Cásanna Samplacha Lúnasa 2008
Foilsíonn an Ombudsman, Emily O’Reilly 4 Tuarascálacha faoi ghearáin ar éirigh léi réiteach a fháil orthu:
10.01.2008 Tuarascálacha faoi Chásanna, 2008
D' Fhoilsigh an Ombudsman, Emily O’Reilly sonraí inniu maidir le trí ghearán ar éirigh léi réiteach sásúil a fháil orthu.
