- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Óraidí
'Gníomh as an bpain: Staidéar ar fhoiéigean bunaithe ar inscne agus ar mhná eitneacha mionlaigh in Éirinn' (24.02.2009)
Address by Arna seoladh ag an Ombudsman, Emily Ní Raghallaigh, Uasal at TUARASCÁIL CHOMHAIRLE SLÁINTE NA MBAN
“Ní mór deireadh a chur le cultúr na rúndachta agus leis an náire a bhíonn ar mhná eitneacha mionlaigh, lena n-áirítear mná an lucht siúil, ar baineadh mí-úsáid astu”.
Is mór an sásamh dom a bheith anseo in bhur bhfochair inniu chun tuarascáil staidéir na Comhairle ar fhoréigean bunaithe ar inscne agus ar mhná eitneacha mionlaigh (GVB) in Éirinn, dar teideal cuí “Translating pain into action” [Gníomh as an bPian], chomh maith leis an mbileog eolais ar Phrionsabail Dea-Chleachtais agus leis an Eolaire ar Sheirbhísí agus ar an Eagraíocht a sheoladh go hoifigiúil. Bheinn ag súil go mór go gcuirfí an plean gníomhaíochta seo chun cinn d’ainneoin cúinsí reatha eacnamaíochta. Is iad na daoine is leochailí a fhulaingíonn go comhréireach i gcónaí de bharr cúinsí dá leithéidí seo agus bíonn ualach sa bhreis, amhail bac teanga, stádas corrach imirce, agus iad a bheith scoite óna dteaghlach agus óna bpobal, ar go leor de na daoine a bhfuil an cruatan a fhulaingíonn siad faoi chaibidil sa tuarascáil seo.
Is acrainm é GBV nach mbeadh ar eolas ag mórán cé go bhfuilimid go léir san airdeall ar GBH ón taobh coiriúil de. Tá súil agam tríd an staidéar taighde seo a fhoilsiú, go dtarraingeoidh an t-acrainm GBV aird an phobail agus go mbeidh sé chomh mór i mbéal an phobail is atá GBH mar má táthar chun réiteach a fháil ar fhadhb ní mór a bheith ar an eolas uirthi ar dtús agus meabhair a bhaint aisti. Is gá dúinn, thar aon ní eile, ainm a thabhairt uirthi.
Is minic a thugtar cuireadh domsa, mar Ombudsman, labhairt ag ócáidí éagsúla ach is annamh a fhaighim an deis labhairt faoi shaincheisteanna chomh tromchúiseach agus chomh bagrach don bheatha leis an tsaincheist seo agus bhí an-áthas orm glacadh leis an gcuireadh a thug bhur Stiúrthóir, Geraldine Luddy, dom na trí fhoilseachán fhiúntacha seo a sheoladh.
Ó thaobh cúrsaí sláinte de, d’ainneoin go bhfolaítear imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin sainchúram atá orm, d’fhéadfadh gur beag duine atá ar an eolas go bhfolaítear ann freisin gníomhaireachtaí, amhail carthanais agus comhlachtaí deonacha, a chuireann seirbhísí sláinte agus sóisialta ar fáil thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. D’fhéadfadh go lorgódh roinnt de na daoine a bhfuil a dtaithí faoi chaibidil sa tuarascáil seo cabhair ar m’Oifig lá éigin amach anseo má ligeann na seirbhísí a ndearna siad iarracht teacht orthu síos iad. Baineann m’Oifig an-úsáid as an gceangal atá aici le Comhairle Imirceach na hÉireann agus le Cumann Naomh Uinseann de Pól, dhá ghníomhaireacht ar féidir leo cabhair a thabhairt chun an tsaincheist seo a thabhairt chun solais beagán eile agus na híobartaigh gur mná iad a chur ar chúrsa na tacaíochta agus an tsóláis.
Déanann foréigean in aghaidh duine daonna ar bith beag is fiú dínn go léir, ní féidir glacadh leis ná cur suas leis ná é a mhaitheamh. Is tionchar díréireach an tionchar a bhíonn ag an bhforéigean in aghaidh na mban, cibé an foréigean corpartha nó meabhrach é, de bharr a leochaileachta agus de bharr an chaidrimh mhíchothroim a bhíonn acu le fir ina lán tíortha agus cultúr. Lena rá ar bhealach eile, fulaingíonn mná níos mó agus bíonn sé níos deacra orainn muid féin a chosaint.
Chuirfeadh go leor de na staitisticí domhanda ar GBV isteach go mór ar dhaoine. Éigníodh idir ceathrú agus leath mhilliún ban le linn chinedhíothú Ruanda na bliana 1994. Is iad na dlúthpháirtithe is ciontach le 40%-70% de dhúnbhású ban ar fud na cruinne. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce go ndéantar suas le 2 mhilliún ban a gháinneáil thar teorainneacha gach bliain. Meastar go ndearnadh ciorrú ball giniúna ban ar bhreis is 90 milliún ban Afracach agus go raibh tionchar uafásach aige sin ar a sláinte agus a gcaighdeán saoil. Is eol gur theith roinnt as a mbailte chun éalú ón gcleachtas brúidiúil seo. Thuairiscigh isteach agus amach le 49% de mhná na Céinia go ndearnadh foréigean orthu lena ré. Maidir le mí-úsáid ghnéasach, d’fhéadfadh mná a bheith i mbaol go ndiúltódh a bpobal iad agus i mbaol bagairtí amhail SEIF, VEID nó galair iarmhartacha eile. Agus níl ansin ach a thús.
D’fhéadfadh gach bean a bheith i mbaol ionsaí corpartha. Ní féidir le haicme ná le dath a craicinn bean a chosaint, ach d’fhéadfadh siad seo - dath an chraicinn, go fiú aois nó dealramh tionchar a imirt ar an bhforéigean a dhéanfaí ar bhean, ag brath ar dhálaí cultúrtha nó geografacha.
Cé go ndírítear an Tuarascáil Staidéir atá á seoladh inniu ar fhoréigean in aghaidh na mban, baineann GBV le gach cineál bacainní agus foréigin, agus déanann mná foréigean ar fhir chomh maith ach is coir é seo ar mhó gur dhóiche de go gcoinneofaí faoi cheilt é, is cuma cén claonadh gnéasach atá ann. De réir taighde atá déanta ag an gComhairle Náisiúnta um Choireacht fulaingíonn 15% de mhná agus 6% d’fhir ó fhoréigean bascthach baile. Fulaingíonn líon cothrom fear agus ban ó mhí-úsáid chorpartha – 13%. Mar sin féin cé go dtuairiscíonn 29% de mhná an mhí-úsáid do na Gardaí ní thuairiscíonn ach 5% d’fhir amhlaidh. Cuireann grúpaí deonacha cosúil le Amen agus grúpaí eile seirbhís an-fhiúntach tacaíochta ar fáil d’íobartaigh mhí-úsáide gur fir iad agus dá dteaghlaigh agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh as sin. Is léir chomh maith ó fhaireachán agus taighde go mbíonn aonrú níos measa agus íospairt á bhfulaingt ag fir homaighnéasacha i gcultúir áirithe agus bheadh sé mí-réadúil dá gceapfaí nach mbeadh an mhí-úsáid á fulaingt tar éis a n-imirce go cultúir níos cineálta. Is réimse é seo arbh fhiú níos mó eolais a fháil faoi.
Chomh fada siar le 1993 d’aithin na Náisiúin Aontaithe ina nDearbhú maidir le Deireadh a chur le Foréigean in aghaidh na mban go raibh práinn le cearta agus prionsabail i ndáil le comhionannas, slándáil, saoirse, ionracas agus dínit na ndaoine daonna go léir a chur i bhfeidhm go huilíoch maidir le mná. Aithníodh chomh maith go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban ar cheann de na sásraí sóisialta is práinní trína gcuirtear iallach ar mhná bheith faoi chois i gcomparáid le fir agus go bhforleathann foréigean den sórt i dteaghlaigh agus sa tsochaí. Dá réir sin ní feiniméan nua é ná ní fadhb é a tharlaíonn ó am go chéile – baineann sé leis an domhan go léir agus is údar náire é sin a bheith le hadmháil.
Is léir ó thorthaí an staidéir a rinne sibhse, maidir leis na mná a bhaineann úsáid as na seirbhísí tacaíochta GBV, gur mó i bhfad an líon ban mionlaigh, .i. 13%, a úsáideann na seirbhísí cé nach bhfuil i líon na mban mionlaigh ach 5% den daonra i gcoitinne. Is léir ón méid sin gur gá cúnamh a thabhairt don chuid sin den daonra seo againne agus aird ar leith a bheith againn orthu. Má chuirtear na fadhbanna laethúla maireachtála a ghabhann le bheith i d’oibrí imirceach, i do dhuine atá ag iarraidh tearmainn nó i do dhídeanaí i dtír choimhthíoch leis sin, tuigfear cé chomh crua is a bhíonn an saol acu gan bagairt eile an fhoréigin a bheith anuas sa mhullach orthu. Gné eile den scéal is ea go bhféadfadh faitíos a bheith orthu roimh na húdaráis rud a thuigfeadh duine mar go bhféadfadh go mbeadh an saol nua a d’fhéadfadh a bheith acu sa tír seo i mbaol dá dtarraingeodh siad aird orthu féin ar bhealach ar bith. Ní mór dom a rá chomh maith gur bhain an céatadán ard de mhná an lucht siúil as an tír seo atá in aois a cúig bliana déag agus níos sine agus a chuaigh i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta GBV geit asam ó tharla, ó thaobh céatadáin de, gur mó a líon ná líon na mban eitneach mionlaigh eile. Cuireann sé sin ar ár súile dúinn nach bhfuil náisiúntacht ar bith saor ón bhfadhb seo. Leagtar béim sa taighde seo chomh maith ar an líon ban a mbaintear mí-úsáid astu ach nach lorgaíonn cúnamh ó na seirbhísí tacaíochta agus is údar mór imní é sin.
Tá uaim, ina dhiaidh sin féin, rabhadh a thabhairt faoina leochailí is a bhíonn na saincheisteanna seo ó thaobh daoine a bhíonn ag tochras ar a gceirtlín féin agus a bhíonn ag iarraidh máchail a fhágáil ar chodanna aonair den phobal eitneach mionlaigh de bharr an chúlra eitnigh áirithe a bhíonn acu. Níor chóir dóibh úsáid, ná mí-úsáid, mar ba chóir dom a rá, a bhaint as an tuarascáil seo. Cuireann GBV isteach ar na cultúir go léir, agus cé go bhféadfadh dinimic na cumhachta idir na hinscní i gcultúir ar leith foréigean níos measa a spreagadh in aghaidh na mban, d’fhéadfadh gurb é is cúis leis an líon measartha méadaitheach de mhná as na cultúir sin a lorgaíonn cúnamh ó ghníomhaireacht sheachtrach, nach bhfuil a dteaghlaigh thart orthu nó nach bhfuil tacaíocht eile le fáil acu óna bpobail féin. Go deimhin thuairiscigh go leor de na mná go raibh an easpa tacaíocht pobail, ar chúinsí cultúrtha, ar cheann de na cúiseanna gur lorg siad cúnamh ó ghníomhaireachtaí seachtracha.
Agus ní féidir linne, fir agus mná na hÉireann, a bhfuil ár bhformhór geal, suí ar ár sáimhín só ag faire an tsaoil agus ligeann orainn féin go bhfuil níos mó foráis fúinn ná mar atá faoi chultúir eile maidir leis an réimse seo den saol comhaimseartha. Má tá níos mó foráis fúinn, níl bainte amach againn ach an pointe foráis sin atá oiread na fríde chun cinn ar go leor cultúr eile.
Bhí cultúr rúndachta agus náire in Éirinn leis na blianta, cultúr a úsáideadh chun ár ndroch-araíonacha sóisialta a chur faoi cheilt. Ní raibh i ndán do na mílte ban Éireannach ach a ndíbirt amach as an tsochaí de bharr toirchis gan choinne, nó fiú de bharr iompraíocht ghnéasaithe mhíchuí mar a samhlaíodh í. Cuireadh go leor de na mná i ngéibheann ar feadh a saoil mar phionós, cibé i neachtlanna Mhagdalen nó in institiúidí eile arna bhformhuiniú ag an stát. Níor cheart a ligean i ndearmad go deo go raibh Foréigean éifeachtach Bunaithe ar Inscne curtha ar bhonn institiúideach sa Stát seo i gcuimhne na ndaoine go léir, beagnach, atá sa seomra seo. B’fhéidir nár tarraingíodh buillí ar na mná, ach ina lán cásanna tá mé ionann is cinnte gur tarraingíodh, ach tugadh fíor-dhrochíde dóibh mar sin féin.
Ar an taobh eile den scéal nach raibh baileach chomh dona, b’íobartaigh chomh maith mná na hÉireann, go dtí le fíorghairid, mar gur fhulaing siad de bharr idirdhealú faofa ag an Stát i ndáil le fostaíocht, airgeadas, úinéireacht theach an teaghlaigh, easpa tacaí trína mbainfeadh an páirtí a raibh níos mó forlámhais aige ó tharla an póca a bheith teann mí-úsáid as an smacht a bhí aige. Chuir an forás faoi leith ó thaobh cúrsaí staire, eacnamaíochta agus sóisialta de a bhí faoin tír le déaga de bhlianta deireadh lena lán den fhulaingt sin; d’fhéadfadh go bhfuil cultúir eile a bhfuil leagan eile ar a stair ag teacht sna sála orainn agus is iad scéalta na mban as na cultúir sin atá faoi caibidil in bhur dtuarascáil inniu. Tuairiscíonn na mná seo go bhfuil siad faoi smacht ag fir a úsáideann an stádas leochaileach imirce atá acu ina n-aghaidh, a bhfuil forlámhas acu ó thaobh cúrsaí airgeadais de, agus a chónaíonn i bpobail ina bhfuil an lámh in uachtar ag na fir. Is deacair dá bhrí sin idirdhealú a dhéanamh idir smacht arna fhaomhadh ag an gcultúr agus mí-úsáid. Is é sin ansin a spreagann na mothúcháin a gcuireann na mná i leathanaigh na tuarascála seo síos orthu – easpa cumhachta, faitíos, iad a bheith trína chéile agus náire a bheith orthu – agus is mothúcháin iad seo ar rímhaith an cur amach a bhí ag glúine de mhná de bhunadh na hÉireann orthu roimhe seo. Agus ní mór deireadh a chur leis an gcultúr rúndachta agus leis an náire sin ar mhaithe leis na mná atá tar éis teacht chun na tíre seo. Nárbh iontach an rud é dá mba rud é gurbh é an taithí a bheadh acu agus iad ina gcónaí in Éirinn go gcuirfí deireadh leis an mí-úsáid?
Tá 15 leathanach de chonclúidí agus de mholtaí sa staidéar atá déanta agaibh a bhristear síos de réir beartais agus athruithe molta ar na dlíthe rialaithe, de réir pleanáil agus soláthar seirbhíse ionas go mbeadh an staidéar níos feidhmiúla agus níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe chomh maith, agus de réir tionscnaimh taighde, cumasaithe agus oiliúna.
Dírítear ceann de na príomh-mholtaí ar eolas a scaipeadh ar mhná eitneacha mionlaigh faoi na seirbhísí tacaíochta GBV atá ar fáil agus faoina gcearta agus faoina dteidlíochtaí maidir le GBV. Creidim go bhfuil an t-eolas sin ríthábhachtach. Nuair a bhíonn poiblíocht á déanamh ar an tseirbhís a chuireann m’Oifig ar fáil ó thaobh eadráin a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi chomhlachtaí poiblí, cuirimid, i m’Oifig, béim i gcónaí ar an tseirbhís a bheith saor in aisce, neamhspleách agus neamhchlaon. Seirbhís faoi rún í chomh maith. Agus is é an ní is tábhachtaí le tabhairt le fios go bhfuilimid ann, go bhfuil sé éasca teagmháil a dhéanamh linn – íosghlao agus araile – go bhfuilimid ag iarraidh cúnamh a thabhairt, nach gcosnódh sé oiread is euro ort agus go mbeadh na déileálacha a bheadh agat linn faoi rún a mhéid is ba mhian leat é. Tá feidhm ag an teachtaireacht sin maidir le seirbhísí tacaíochta GBV. Tá daoine ann amhail oibrithe sóisialta, múinteoirí, leabharlannaithe agus gairmithe míochaine nach mbeadh ar an eolas nó go hiomlán ar an eolas faoi fhairsinge GBV nó faoi raon na dtacaí GBV atá ar fáil. A thúisce is a bheidh níos mó ar eolas acu faoi GBV agus faoin mí-úsáid a bhaintear as na mná seo, beidh ar a gcumas agus ar chumas daoine eile a mbíonn teagmháil acu leis na mná sin a bheith san airdeall ar chomharthaí mí-úsáide agus beidh ar a gcumas na mná a chur i dtreo na sainseirbhísí tacaíochta. Baineann go leor ban úsáid go rialta as Oifigí an Phoist, Ionaid Comhairle do Shaoránaigh, Ionaid FÁS, áiteanna adhartha; d’fhéadfaí úsáid a bhaint as na háiteanna sin chun an teachtaireacht a scaipeadh.
Is gá dúinn eolas faoi GBV a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne. Mar shampla, liostaítear roinnt eagraíochtaí mar fhoinsí úsáideacha teagmhála sa leabhrán nua acmhainní, eagraíochtaí iad seo nach mórán cur amach atá orthu ach a bhfuil togha na hoibre á déanamh acu. Is mór an úsáid a bhainfear as na trí fhoilseachán seo chun an scéala a scaipeadh faoi GBV agus faoin gcúnamh agus faoin sólás atá ar fáil do mhná eitneacha mionlaigh atá i sáinn agus atá ag iarraidh éalú as an tsáinn sin.
Molaim Bord Chomhairle Sláinte na mBan, agus is iontach go deo an bord é, as an tionscnamh seo a sheoladh. Tá creat athchóirithe a bhfuil géarghá leis curtha chun cinn agaibh a chabhródh le mná eitneacha mionlaigh a gcúl a thabhairt d’íospairt, imeaglú agus comhéigean agus is chóir do reachtóirí agus do dhéantóirí beartais na tíre seo a n-aird a dhíriú ar an gcreat sin. Geallaim mo thacaíocht iomlán daoibh. Tá dualgas comónta againn ó thaobh cearta daonna de iarracht speisialta a dhéanamh dul i gcabhair ar na mná is leochailí agus is imeallaí sa tsochaí cosúil le mná eitneacha mionlaigh. Éilítear amhlaidh i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.
Cuirim bhur Thuarascáil faoi chúram an Aire Sláinte agus Leanaí chomh maith mar go bhfuil cúram comhairleach agaibh ar a shon maidir le saincheisteanna sláinte ban. Bheadh muinín agam go bhfaigheadh sibh éisteacht mhaith. Uaireanta is cabhair é bean eile a bheith i gceannas.
Críoch
