Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Óraidí

Dúshlán an Athraithe ar Sheirbhís Phoiblí na hÉireann i 2010 (24.03.2010)


Address by Emily O'Reilly - Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise
at Comhdháil Gnóthaí Poiblí Éireann - 24/03/2010

Gabhaim buíochas libh as bhur gcuireadh teacht anseo ar maidin inniu. Ba mhaith liom ar dtús trácht a dhéanamh ar na nithe is cuid suntais liom tar éis do chéim síos na heacnamaíochta a bheith ar fáil agus dul i gcion i gceart orainn mar náisiún.

Ar leibhéal amháin is éard a chuir sé i gcuimhne dom oíche amháin sa bhaile blianta ó shin nuair a chlis ar an leictreachas ar feadh i bhfad sa cheantar againne. Lasamar coinnle, chruinníomar timpeall na tine, agus in easpa na teilifíse, DVDanna, Twitter, Internet, Facebook, Bebo, Youtube et al, dar m’fhocal thosaigh an seachtar againn ag caint le chéile.

Agus sin é go díreach atá ar bun anois anseo. Agus pléisiúir na flúirse anois de dhíth orainn, agus an chéim síos dár suaitheadh, táimid tar éis tosú ar a bheith ag caint le chéile arís, ag plé an scéil, ag tarraingt anála, ag féachaint timpeall agus ag féachaint le hÉirinn Nua na tarrthála a chur ar fáil.

Is iomaí séala atá air seo, bíodh sé i bhFramleigh agus dream beag de lucht na cumhachta agus na maitheasa i mbun machnaimh, nó ar Morning Ireland i gcaitheamh na seachtaine seo caite gona dhíospóireacht cúig lá ar ról agus acmhainneacht na n-ealaíon, nó tríd an tionscnamh Your Country Your Call de chuid an Uachtaráin agus an Dochtúra Mhic Giolla Íosa, nó trí shraith an Irish Times ar an bpoblacht nua atá ar siúl anois.  Tá tuiscint chomhchoiteann ann, dar liom, go gcaithfimid ár saol a chaitheamh ar bhealach eile, ár ngnóthaí a eagrú d’fhonn, ní hamháin na fadhbanna tá anois againn a réiteach, ach athrú bun barr a chur ar an gcaoi a n-iompraímid sinn féin as seo go ceann i bhfad. Nó mar a déarfá, níor mhór teacht i dtír ar an ngéarchéim féin.

Is i sprid perestroika seo na hÉireann, mar sin, a chuirim an chaint seo i bhur láthair inniu.

Tá athchóiriú agus nuachóiriú á gcur ar na seirbhísí poiblí in Éirinn le tamall de bhlianta anuas: Tá mé san amhras, áfach, go bhfuil claonadh ann gan a fheiceáil sa phróiseas seo ach rud teicniúil go bunúsach, a bhaineann le cúrsaí córais, éifeachtachta, torthaí, luach ar airgead agus mar sin de. Is séala é an dlús ba mhaith le daoine a chur le hathchóiriú na seirbhíse poiblí ar a míshástacht leis an gcaoi ar chruthaigh a lán de mhonaplachtaí na hearnála poiblí go dtí seo agus ar a mbarúil nach bhfeabhsóidh an earnáil phoiblí í féin uaithi féin. Ina theannta seo go léir, níor mhór a aithint go bhfuil brú orainn freisin athruithe a chur i gcrích de bharr sinn a bheith inár mbaill den AE agus freisin ar sheanchúiseanna polaitíochta agus idé-eolaíochta atá bailí i gcónaí. Ach tríd seo go léir, tá fírinne is leithne, nár aithníodh agus nár pléadh ar chor ar bith fós dar liom mar ba cheart a dhéanamh. Is é an fhírinne seo go dtéann na hathruithe struchtúracha a chuirtear ar sholáthar na seirbhísí poiblí, nó ar an gcaoi a soláthraítear iad, i gcion beagnach i gcónaí ar réimsí i bhfad amach thar an réimse theicniúil amháin. Go deimhin, is féidir dá leithéidí d’athruithe dul i gcion orainn féin mar shochaí, ar an gcaoi a gcuirtear an dlúthpháirtíocht shóisialta in iúl agus a dtacaítear léi (nó a mbaintear an bonn di) agus ar fhuaimint an chomhtháthaithe shóisialta úd nach mairfidh an tsibhialtacht ina éagmais. Dar ndóigh, is éard atá i gceist anseo an chaoi ar mhaith linn sinn féin a rialú.

Feictear dom go bhfuilimid ag iarraidh anois athrú a chur ar an gcaoi a rialaímid sinn féin agus beart a dhéanamh ar bhonn luachanna nach luachanna aon lae iad. Is dócha go n-aontaímid go léir gurb éard a theastaíonn ó na daoine tríd is tríd maireachtáil de réir luachanna atá bunaithe ar chothrom na féinne, ar chomhdheiseanna, ar an meas ar dhínit an duine; sochaí dea-rialaithe. Deis í an ghéarchéim atá anois ann cuid mhaith de na cleachtais shuaracha ba nós linn le deich mbliana nó mar sin anuas a cheartú agus sochaí a chur ar fáil ba chúis bhróid linn. Feictear dom nach aon Útóipe atá ó na daoine anois ach roinnt socruithe praiticiúla ar mhaithe leis an dea-rialú, a bheidh bunaithe ar luachanna a bheidh soiléir agus sách láidir le smacht a choinneáil ar laigí dosheachanta an nádúir dhaonna.

Is mór a d’fhulaing go leor daoine le 18 mí anuas nó mar sin; is ísle anois na caighdeáin mhaireachtála ag cách. Is airde an praghas atá íoctha ag daoine áirithe seachas daoine eile as díchéillí an náisiúin seo. Tá a fhios againn gur dócha gurb ísle fós a bheidh na caighdeáin mhaireachtála as seo go ceann roinnt mhaith blianta eile. Beidh comhtháthú sóisialta agus dlúthpháirtíocht náisiúnta nach raibh a leithéid ann le fada ag teastáil le teacht slán tríd an tréimhse dheacair seo gan aon chorraíl mhór.

Feictear domsa go mbeidh tábhacht rímhór ag na socruithe a chuirfimid i bhfeidhm anois ar struchtúir an tsoláthair sheirbhíse poiblí maidir le cé acu an n-éireoidh linn, nó nach n-éireoidh, leibhéal an chomhtháthaithe shóisialta a theastaíonn a chruthú agus a chaomhnú.  Le go bhféadfar an comhtháthú sóisialta a chur ar fáil teastóidh measúnú macánta ar ról na seirbhísí poiblí agus measúnú chomh macánta céanna ar struchtúir an tsoláthair sheirbhísí.

Pléifidh mé na ceisteanna seo go gairid ach ar dtús ceadaígí dom roinnt rudaí a rá a eascraíonn as mo chleachtadh féin. Mar Ombudsman bím ag plé le gearáin faoi na ranna rialtais, na húdaráis áitiúla, an tseirbhís sláinte poiblí agus faoin bPost. Nuair a cuireadh meicníocht reachtúil gearán ar bun leis an HSE roinnt blianta ó shin, leathnaíodh go mór le mo théarmaí tagartha isteach i réimse na sláinte agus an chúraim shóisialta agus go mór mór réimse na n-ospidéal.

Gan amhras téann meathlú an gheilleagair i gcion ar m’Oifigse agus mar sin, agus mé ag plé le gearáin arb é an meathlú seo is bonn leo, bíonn orm comhthéacs na bhfadhbanna seo a chur san áireamh agus ní hamháin eilimintí próisis an ghearáin aonair. Ó thosaigh an chéim síos tá athrú ar líon agus ar chineál na ngearán a chuirtear faoi mo bhráid. Is mó na gearáin a dhéantar faoin leas sóisialach agus faoi shochair agus chóireáil na seirbhíse sláinte agus is lú iad siúd a bhaineann le pleanáil agus le forbairt. Agus cé gur mó na gearáin a bhaineann leis an leas sóisialach agus leis an tseirbhís sláinte - móide 15.5% i 2009 i gcomórtas le 2008 - ní shin le rá ann féin dar liom gur lú cáilíocht na seirbhíse a chuireann na comhlachtaí poiblí atá i gceist ar fáil. Is mó go mór is comhartha é ar an méadú mór atá tagtha ar na hidirbhearta sna seirbhísí seo.  

Go deimhin, is léir le 18 mí anuas gur mó go mór atáimid ag brath ar na seirbhísí poiblí, más í an chabhair a thugtar don duine a chaill a phost le gairid, an cúram sláinte poiblí dóibh siúd nach acmhainn dóibh a thuilleadh íoc as an árachas sláinte príobháideach, liúntais chíosa dóibh siúd nach acmhainn dóibh aisíocaíochtaí an mhorgáiste a dhéanamh agus a chaitheann a dteach a dhíol, páistí atá ag filleadh ar chóras oideachais an stáit mar nach acmhainn dá dtuismitheoirí táillí príobháideacha a íoc.

Más amhlaidh a iarrann daoine a bhfuil deacrachtaí den sórt seo acu cabhair ar an stát, is féidir a thuiscint cén sórt stáit go bunúsach ba cheart dar leo a bheith ann. Is é an chaoi a bhfreastalaíonn an Stát ar na daoine seo a chinnteoidh, cuid mhór de, cén sórt stáit a bheidh ann as seo go ceann cúpla bliain eile.

Agus is é seo dar liom an pointe tábhachtach: nach mór dúinn go háirithe socruithe a dhéanamh faoi sholáthar na seirbhísí poiblí sa chaoi is go gcuirfidh na struchtúir agus modh an tsoláthair leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an dlúthpháirtíocht, gan forbairt an chomhtháthaithe a bhac ná cur ina aghaidh mar a d’fhéadfaí a dhéanamh ina mhalairt de scéal. Rud eile, feictear dom gur cheart dúinn, agus sinn ag plé sholáthar na seirbhísí poiblí, tús áite a thabhairt do fhriotal a leagann béim ar chomhfhreagrachtaí agus ar chomhchearta poiblí, seachas aon “bhéarlagair bainistíochta”. Ní hé atá i gceist agam nach bhfuil gá le pleanáil gnó, le forbairt bainistíochta ná le dianspriocanna maidir leis na torthaí. Cinnte tá gá leo seo - ach i gcomhthéacs na seirbhíse poiblí, ba cheart glacadh leis gurb áiseanna iad seo ar mhaithe leis an bpróiseas seachas croí an phróisis féin. Le roinnt blianta anuas, tá athchóiriú na seirbhíse poiblí tar éis friotal shaol an ghnó a ghlacadh chuige féin. Tá a cheart féin aige seo, ach ní hé iomlán an scéil é. I ndeireadh na dála, is é an brabús an sprioc agus an miosúr i gcúrsaí gnó. Rud eile í an tseirbhís phoiblí: is séala í ar an tsochaí ba mhaith le cách a chur ar fáil, ar an sprioc chomhroinnte, ar spleáchas na ndaoine ar a chéile, ar an gcaoi a gcomhroinntear maoin agus ualaí an tsaoil seo. Tá gné láidir eitice ag an tseirbhís phoiblí. Ní hé an brabús a ceannfháth. Mar sin, cinnte ba mhaith linn go n-oibreodh ár seirbhísí poiblí go héifeachtach agus go dtabharfaidís luach ar airgead, ach éilímid go n-oibreoidís ar bhealach a thacaíonn agus a threisíonn leis an dlúthpháirtíocht agus an gcomhtháthú sóisialta.

Ar eagla go gceapfaí nach bhfuil anseo ach teoiricí agus caint san aer, tabharfaidh mé roinnt samplaí den chaoi a léirítear é seo sa ghnáthshaol. Ar na seirbhísí poiblí, is dócha gurb í an tseirbhís sláinte an ceann is soiléire a thaispeánann cé mar a théann na struchtúir agus modhanna an tsoláthair i gcion ar na daoine. Réimse í seo freisin ina bhfuil taithí mhór ag m’Oifigse leis na blianta, maidir le fadhbanna a bhaineann leis an teideal ar sheirbhísí, leis an riarachán agus freisin, le déanaí, le gnóthaí a bhaineann leis an gcóireáil agus leis an gcúram féin.

Más é cleachtadh na ndaoine ar an gcóras sláinte go bhfuil sé éagothrom éagórach, is é an tátal a bhaineann siad as seo gur cuma leis an Stát fúthu. Cuma cén chaint bhreá a dhéanaimid faoin dlúthpháirtíocht agus an gcomhtháthú sóisialta, ní rachaidh sé seo i gcion in aon chor ar an duine arb é a chleachtadh é go bhfuil an córas sláinte bunaithe ar an éagothroime. Tuigim go maith gur ceist pholaitíochta gach a mbaineann leis an gcúram sláinte; ach ós é mo dhualgas é plé le gearáin faoin gcúram sláinte poiblí, ní fhéadfaidh mé gan machnamh a déanamh ar gach a bhfeicim gach aon lá agus mé ag plé leo. Cé go bhfuil go leor daoine ann atá thar a bheith sásta leis an gcúram a tugadh dóibh sa chóras sláinte poiblí, tá go leor eile nach bhfuil. Cúis mhór éagothroime é go bhfuil córas sláinte i gcónaí ann a bhfuil a leath de poiblí agus an leath eile príobháideach agus iad i gcleithiúnas a chéile. Samhail ar éagothroime an chórais dúbailte seo is ea scéal Suzy Long, nach maireann (nach bhfuair ionscópacht drólainne in am trátha agus a fuair bás ina dhiaidh sin).

Ba mhaith liom cás ar leith a phlé anois a scrúdaigh m’Oifig le gairid. Le fadhbanna próisis den chuid is mó de a bhaineann torthaí mo chuid iniúchtaí sa chás seo. Agus ba mhaith liom a dhearbhú go láidir, i dtaca leis an dea-riarachán poiblí, go gcaithfear a chinntiú i gcónaí go bhfuil an próiseas ceart ar fáil - na prótacail chumarsáide chearta agus na dea-chleachtais riaracháin, mar shampla. Ach cé nár chás é seo ar fhéad mé cinneadh a dhéanamh faoi, caitheann sé amhras ar nádúr ár gcórais sláinte phoiblí/phríobháidigh.

Le bean, othar poiblí, a bhaineann sé, a raibh galar ainsealach uirthi a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an riospráid agus ar an gcroí. Chuaigh a staid i ndonacht agus chuir an dochtúir ginearálta go hospidéal san áit í le go ndéanfaí measúnú uirthi. Rinneadh trialacha uirthi in ospidéal eile ina dhiaidh sin agus cuireadh na torthaí, a thaispeáin go raibh éalanga nár bheag uirthi, tríd an ngnáthphost chuig an Dochtúir Comhairleach san ospidéal áitiúil. Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, agus torthaí na trialach fós ina luí i gcaochóg an Chomhairligh in oifig na n-othar poiblí, cailleadh an bhean go tobann. Níor mhór dom a rá láithreach nach bhfuil fianaise ar bith ann go mairfeadh sí dá dtabharfaí aird go prap ar thorthaí na trialach. Ach is furasta doilíos a céile agus a páistí a shamhlú nuair a fuair siad amach nár osclaíodh fiú amháin an litir is nár tugadh aon aird ar na torthaí mínormálta. Scéal é seo a rachaidh i gcion ar chroí gach duine atá anseo.

Iniúchadh riaracháin a bhí i m’imscrúdú, a lean rian thorthaí na trialach, a chuir agallamh ar na daoine a bhí i dtreis, an Comhairleach san áireamh agus na baill foirne a thug cúnamh rúnaíochta do na comhairligh ina gcuid oibre poiblí.  Le feabhas a chur ar an bpróiseas sin a bhaineann mo chuid moltaí, agus iarrann siad ar an ospidéal a áirithiú go bhfuil na córais ann a chinnteoidh go ndéileálfar feasta le torthaí na dtrialacha mar ba chuí agus in am trátha. Ba cheart go mbeadh a fhios ag na hothair agus ag a ndaoine muinteartha nach ndéanfar aon dochar toisc gan na socruithe cearta a bheith ann le go ndéileálfaidh an comhairleach atá i gceist le torthaí na trialach ar a luaithe.

I rith an imscrúdaithe seo, tháinig sé chun solais nárbh ionann na socruithe a bhí ann maidir le torthaí trialach na n-othar príobháideach seachas na n-othar poiblí. I gcás othair phoiblí, dúirt an tOspidéal liom go gcuirtear na torthaí trialach go hoifig na n-othar poiblí agus gurb ar na comhairligh féin a bhí an dualgas iad a bhailiú. Uaireanta, dá mbeadh na litreacha á gcarnadh ar a chéile, b’fhéidir go gcuirfeadh ball den fhoireann rúnaíochta é seo in iúl don chomhairleach; ach ní raibh aon chóras ar bun a chinnteodh go ndéanfaí é seo. Murab ionann agus é seo, ba léir go n-osclaíodh rúnaí an chomhairligh a bhí i gceist torthaí na n-othar príobháideach gach lá. Ar an gcaoi seo bhí an rúnaí príobháideach i riocht aird an chomhairligh a tharraingt láithreach ar aon toradh arbh fhéidir gur chúis imní é.

Rud nach iondúil, níor aontaigh an Comhairleach a bhí i dtreis sa chás seo le cuntas an Ospidéil ar na socruithe maidir le torthaí trialach; dhearbhaigh sé go gcuirtí na torthaí trialach go léir, idir phoiblí agus phríobháideach, go dtí a oifig phríobháideach. Más fíor dó, is féidir a bheith in amhras an bhfuil sé ceart go mbeadh fostaí príobháideach ag plé le taifid liachta na n-othar poiblí. Ceist í seo lenar phléigh mé i mo chuid moltaí d’Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cuma an cás, níor éirigh liom aon réiteach a fháil ar an easaontas idir an Comhairleach agus an Ospidéal faoi na socruithe a bhí ann maidir le torthaí trialach na n-othar poiblí; ach dheimhnigh mé, i gcás an othair phoiblí áirithe seo, nach ndeachaigh na torthaí go hoifig phríobháideach an chomhairligh ach gur fhan siad gan oscailt ionann agus dhá sheachtain in oifig na n-othar poiblí san Ospidéal. Nuair a osclaíodh torthaí na trialach, rud a tharla mar gur fhiosraigh an dochtúir ginearálta an scéal, bhí an t-othar marbh le deich lá.

Mar sin, is éard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh go bunúsach i mo chuid moltaí, na lochtanna sa chóras poiblí fabhtach seo a aimsiú, le go mbeadh sé ar chomhchéim leis an gcóras a úsáidtear san Ospidéal do thorthaí trialach na n-othar príobháideach, córas is luaithe agus gan amhras is sábháilte ná é. Bhí mé ag iarraidh an t-eispéireas poiblí a chur ar chomhchéim leis an eispéireas príobháideach sa chaoi is nach dtarlódh sé gur mheasa an toradh a gheobhadh an t-othar poiblí mar gur caitheadh ar chaoi eile lena thorthaí trialach.

Dar ndóigh, tá an scéal seo go mór i mbéal na ndaoine le tamall anuas mar gheall ar chás Ospidéal Thamhlachta, mar ar fhan na mílte litir atreoraithe gan oscailt agus X-gha gan léamh. Déanfar imscrúdú ar ar tharla, arb é iar-Ombudsman Thuaisceart Éireann, Maurice Hayes, a bheidh ina chathaoirleach air. De réir mar a thuigim, níl aon fhaisnéis chinnte fós ann faoin gcóimheas othair phoiblí-phríobháideacha maidir leis na litreacha gan oscailt agus na X-ghathanna gan tuairisciú. Tá na meáin chumarsáide ag iarraidh freagraí a fháil ar na ceisteanna sin ach fós níl freagra tugtha ag an ospidéal orthu. Gan amhras, tiocfaidh sé seo chun solais i rith an imscrúdaithe ach, más aon treoir mo chleachtadh féin, sa chás atá faoi chaibidil agam, agus ag glacadh leis nach cás é nach dtarlódh ach san ospidéal sin amháin, bheadh ionadh orm mura dtaispeánfadh na torthaí gur mó an seans go dtabharfaí aird ar litreacha atreoraithe na n-othar príobháideach agus go dtuairisceofaí a gcuid X-ghathanna.

Is maith a thuigim gurb ábhar díospóireachta polaitíochta agus idé-eolaíochta an scéal poiblí-príobháideach seo. Ní gá ach féachaint i dtreo na Stát Aontaithe le go dtuigtear cé chomh fíor atá sé seo. Cé nach aon saineolaí ar chúrsaí cúraim shláinte mé, feictear dom gur féidir le cuid dár gcomharsana san Eoraip córas sláinte poiblí a bhainistiú ar chaoi a chinntíonn go bhfuil cáilíocht an chúraim go maith agus teacht chothrom ag cách air agus go dtacaíonn agus go nglacann an pobal leis an gcóras.

B’fhearr go mór ná a mhalairt nár cheist pholaitíocht ná idé-eolaíochta é soláthar an chúraim shláinte. Ba cheart, i dtír bheag mar í seo agus traidisiún Críostaí an chúraim agus na comhbhá do chách, cuma bocht nó saibhir, i bpáirt ag na daoine tríd is tríd inti, go mbunófaí an díospóireacht faoin tsláinte ar dhá cholún an phragmatachais agus na tuisceana ar an éifeacht leathan a bheidh ag struchtúr agus soláthar na bpríomhsheirbhísí poiblí ar an tsochaí. Más léir don phobal go bhfuil socruithe an Stáit maidir leis an gcúram sláinte cothrom cóir, go bhfuil siad bunaithe ar riachtanais na saoránach seachas ar an acmhainn airgid, cuirfidh agus tacóidh na socruithe sin leis an gcomhtháthú sóisialta.

Má tá cuma na béalchráifeachta air seo, tuigigí nach é sin atá uaim. Ní scéal cráifeachta amháin é cúram sláinte ardcháilíochta a chur ar fáil do gach duine den phobal atá ina ghá, is freagra réadúil é a rachaidh chun socair dúinn go léir. Cuirimis i gcás, de dheasca na neamhairde leanúnaí a tugadh ar thorthaí trialach na n-othar poiblí san ospidéal, ospidéal ar bith, gur tháinig méadú, mar a chaithfeadh a theacht, ar chásanna mall-diagnóise do dhaoine a bhfuil galair throma chostasacha orthu. Is mó an t-éileamh a dhéanfadh an chóireáil ag an staid dhéanach seo ar airgead agus acmhainní an phobail agus is mó an brú a chuirfí ar airgeadas na tíre.  Má chuirtear córas fóinteach cúraim shláinte ar fáil do chách, ní hamhlaidh amháin go bhfuil an mhaith déanta nó go bhfuil aird tugtha ar na beannachtaí, ach freisin tá seirbhís chostéifeachtach ar fáil a chosnóidh sparán an phobail chomh maith céanna agus a chosnóidh sé a shláinte. Agus gan amhras is pointe é sin ar cuid suntais é le gach duine atá i láthair anseo inniu.

Ach ag filleadh dom ar a ndúirt mé i dtosach faoin díospóireacht mhór náisiúnta ar thodhchaí na tíre seo, tá go leor ag féachaint ar ar na tíortha i gcéin, féachaint cén tír is fearr a bhainistigh a córas baincéireachta nó cén tír is fearr torthaí maidir leis an tsláinte nó leis an oideachas. Ní ag scrúdú ár n-imleacáin féin atáimid ach ag féachaint cén tír i measc na dtíortha eile is fearr a bhfuil an cleachtas inti agus an féidir linne sinn féin a chur in oiriúint dá réir.

Is suimiúil mar a chuir leabhar nua leis an díospóireacht seo anuraidh, leabhar darb ainm ‘The Spirit Level - Why Equality is Better for Everyone” le beirt eipidéimeolaithe atá lonnaithe sa Bhreatain Mhór, Richard Wilkinson agus Kate Pickett. Cuirfidh mé a dtéis i bhur láthair go simplí, ar mhaithe leis an díospóireacht.

Is é buntéis an leabhair go mbraitheann dea-thorthaí na gcóras sláinte agus oideachais, ní ar shaibhreas an náisiúin - ach bunleibhéal saibhris áirithe a bheith ann - ach ar a chothroime, is é sin le rá ar an mbearna ioncaim idir na daoine is saibhre agus na daoine is boichte sa tír.

Tá an téis seo bunaithe ar thaighde fiche bliain agus ar na staitisticí a chuir na tíortha iad féin ar fáil, agus a áirítear sa staidéar, agus ar staitisticí agus mhiosúir éagothroime na Náisiún Aontaithe. Tá tábla i dtús an leabhair a léiríonn cé mar atá an bhearna ioncaim sna tíortha éagsúla sa domhan forbartha.

Sa tábla sin, is iad Singeapór, na Stáit Aontaithe, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus an Danmhairg na tíortha is airde bearna ioncaim.  Ar 23 thír, tá Éire sa 14ú háit, is é sin tá naoi dtír eile ann is airde bearna ioncaim ná sinne. Ba cheart dom a rá anois gur foilsíodh an leabhar roimh an gcéim síos, mar sin níl a fhios agam cé mar a chuaigh an laghdú mór atá ar ioncam na mbaincéirí i bhfeidhm ar an mbearna.

Is í an bhearna ioncaim buntéarma tagartha an leabhair agus ar an mbonn sin scrúdaíonn sé torthaí na dtíortha sin maidir leis an tsláinte, an oideachas srl.  Arís agus arís eile, is é an t-ord céanna nach mór a bhíonn ar na tíortha agus atá orthu ar thábla na bearna ioncaim.  Is é sin le rá, is lú torthaí na dtíortha is airde bearna ioncaim sna réimsí sin, agus droim ar ais.  Is beag an bhaint atá ag saibhreas na tíre - thar leibhéal áirithe - leis an mbail a bheidh ar fhormhór na ndaoine.  Dearbhaíonn an leabhar freisin, agus staitisticí mar thaca leis, gur fearr a chruthaíonn fiú amháin na daoine is saibhre féin sna tíortha is mó cothromaíocht.

Roinnt samplaí: is mó an úsáid a bhaintear as drugaí mídhleathacha sna tíortha is lú cothroime. Sa tSeapáin, san Fhionlainn agus san tSualainn is ísle atá an úsáid seo, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe is airde atá sí. Tá Éire beagán os cionn na meánlíne, rud a réitíonn le leibhéal na bearna ioncaim.

Is mó na daoine fásta atá murtallach sna tíortha éagothroma.  Sna Stáit Aontaithe tá breis bheag agus 30 faoin gcéad de na daoine fásta murtallach - leibhéal is airde faoina dó dhéag ná sa tSeapáin.  Tá leibhéil an mhurtaill cuibheasach íseal san Iorua agus sa tSualainn agus arís ar ais tá Éire beagán os cionn na meánlíne. Tríd is tríd is iad na patrúin chéanna atá le feiceáil maidir le murtall na leanaí.

Is measa a chruthaíonn páistí in aois a cúig déag sa mhatamaitic agus sa litearthacht sna tíortha éagothroma. Is fearr a chruthaíonn an Fhionlainn ná aon tír eile, agus tá Éire os cionn na meánlíne (ar bhealach dearfach) sa réimse seo.

Sa tSeapáin, sa tSualainn, san Ísiltír agus sa Danmhairg is lú an bhreith clainne i measc déagóirí; sna Stáit Aontaithe is airde atá sí - agus go héasca - agus tá an Ríocht Aontaithe agus an tSéalainn Nua cuid mhaith os cionn na meánlíne. Tá Éire freisin os cionn na meánlíne maidir leis seo.  Torthaí den sórt céanna a bhíonn le fáil maidir leis an tsláinte intinne, ráta na ngalar ainsealach, na rátaí báis, agus mar sin de.

Deir na húdair:  “Is cuid suntais é go gcruthaíonn tíortha áirithe go maith maidir le gach rud, nach mór, agus tíortha eile go dona.  Féadfaidh tú a thuar cé mar a chruthóidh an tír i réimse áirithe ach a fhios a bheith agat cé mar a chruthaigh i réimsí eile. Mar shampla, má chruthaíonn tír áirithe go dona maidir le cúrsaí sláinte, féadfaidh tú a bheith cinnte go leor go gcoinneoidh sí cuid mhaith den daonra i bpríosún, gur mó an bhreith clainne i measc déagóirí inti, gur lú an litearthacht, gur mó an murtall, agus mar sin de. Is cosúil, de dheasca na héagothroime, go mbeidh an tír mífheidhmiúil go sóisialta thar raon leathan réimsí.”

Ní leagann an leabhar aon riail síos faoi mar ba cheart don tír na bearnaí ioncaim a laghdú nó an chothroime a mhéadú; mar shampla deir sé go bhfuil na torthaí dearfacha céanna le háireamh in dhá thír atá thar a bheith éagsúil le chéile, an tSeapáin agus an tSualainn, mar go ndúnann an tSualainn an bhearna trí bhíthin cánacha athdháilte agus go gcothromaíonn an tSeapáin an t-ioncam sula leagann sí aon cháin.  Tríd is tríd, is fiú gach léargas a chur san áireamh agus sinn ag iarraidh ár seirbhísí poiblí a mhúnlú ar mhaithe leo siúd go léir atá ina gcónaí ar aon oileán seo.

Ag filleadh dom anois ar mo chuid oibre féin mar Ombudsman, dúirt mé roimhe seo go bhfuil méadú ar líon na ngearán - is mó de 15.5% iad i 2009 seachas 2008. Cé gur deacair aon treocht amháin a fheiceáil a d’aontódh na gearáin a dhéantar liom, feictear dom go bhfuil luachanna na cothroime agus an leasa choitinn i mbaol a bheag nó a mhór. Ní hamhlaidh ar chor ar bith gur rún le státseirbhísigh a bheith éagothrom ná leatromach sa chaoi a soláthraíonn siad seirbhísí. Ní hamhlaidh é, agus ní mór dom a rá go ndéantar formhór mór na n-idirbheart idir na comhlachtaí poiblí agus a gcliaint ar bhealach ceart, cothrom, neamhchlaonta. Ach anois agus an t-airgead gann, is deacair do státseirbhísigh na buiséid laghdaithe agus an t-éileamh breise ar sheirbhísí a chur in oiriúint dá chéile. Ar ndóigh mo léan, is iad na sriantachtaí buiséid a fhaigheann an ceann is fearr. Tá sé feicthe ag m’Oifig thar na blianta go bhfuil comhlachtaí poiblí ann a chuireann uasteorainneacha aoise i bhfeidhm chun deontais a chiondáil, cé nach bhfuil aon údarás acu sa dlí é sin a dhéanamh. Chonaiceamar gur diúltaíodh daoine aonair gan dídean a mheasúnú i gcomhair tí toisc an stoc tithíochta a bheith teoranta agus riachtanais na dteaghlach gan dídean a bheith níos práinní. B’fhéidir go luíonn tosaíochtaí mar iad seo le réasún, ach ní thugann an dlí atá i bhfeidhm an t-údarás do státseirbhísigh na hacmhainní a chiondáil ar an gcaoi seo.

Is cás linn freisin an príobháidiú atá á dhéanamh ar na seirbhísí poiblí agus mar a théann sé seo i gcion ar bhunluachanna na seirbhíse poiblí. Tá sé seo feicthe cheana agam i seirbhís na n-údarás áitiúil, mar ar mó i gcónaí na deacrachtaí a bhíonn ag na húdaráis áitiúla, anois agus príobháidiú déanta ar bhailiú na dramhaíola, na scéimeanna um tharscaoileadh bruscair a riar i dtaca leis na táillí a chaitheann teaghlaigh ar ioncam íseal a íoc. Cé gurb iomaí údarás áitiúil ar maith is eol dó cé na dualgais sóisialta tá air ina leith seo, tá líon beag díobh ar cosúil go bhfuil siad ag glacadh diaidh ar ndiaidh le rialacha an mhargaidh, iad a rá go bhfuil siad in iomaíocht le hoibreoirí príobháideacha agus dá réir sin gan a bheith toilteanach nó i riocht scéim tarscaoilte a thabhairt isteach do na hoibreoirí príobháideacha. Rinne mé imscrúdú “ar mo chonlán féin” ar an gceist seo, a chuir béim ar an ngá atá ann go gcuirfeadh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na húdaráis áitiúla a ndualgais sóisialta san áireamh agus iad ag dearadh agus ag soláthar seirbhísí bainistíochta dramhaíola. Tá an tuarascáil seo, a d’fhoilsigh mé anuraidh, le léamh ar mo shuíomh gréasáin.

Mar chlabhsúr, ba mhaith liom cúpla rud a rá faoin scéal tubaisteach a lean mo thuarascáil Lost at Sea le déanaí - chuir an chaoi ar caitheadh leis an tuarascáil éifeacht m’Oifige i mbaol sna blianta atá romhainn mar aon leis an deis atá ag na mílte toradh ceart cothrom a fháil ar a ngearáin in aghaidh comhlachtaí poiblí. Tá dóchas i gcónaí agam go réiteofar an scéal seo go sásúil ach creidim freisin nach mór treisiú leis an Oifig seo le nach dtarlóidh a leithéid arís.

Is éard atá i gceist agam stádas bunreachtúil a bhronnadh ar an Oifig - stádas atá cheana féin ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Is é an gnás atá le fada ag ár gcóras riaracháin béim mhór a chur ar an gcuntasacht airgeadais - báillíocht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste - agus luach ró-íseal a chur ar an gcuntasacht riaracháin - mo bháillíocht féin.  Is cruthú air seo go bhfuil Oifigeach Cuntasaíochta ann agus Coiste um Chuntais Phoiblí sa Dáil - an coiste is mó cumhacht agus is faide atá bunaithe go mór fada i nDáil Éireann. Mar fhocal i leataoibh agus i bhfianaise mo thaithí féin le mo thuarascáil Lost at Sea, ní féidir a shamhlú go vótálfadh an Dáil gan neamhrialtacht airgeadais a bheadh aimsithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí.

Cé nach bhfuil stádas bunreachtúil ag Oifig an Ombudsman, mhol Grúpa neamhspleách um Athbhreithniú ar an mBunreacht, arbh é TK Whitaker a chathaoirleach, an stádas seo a thabhairt di chomh fada siar le 1996. Mar seo a dúirt siad:

"Is léir le blianta beaga anuas gurb é comhthoil dhá Teach an Oireachtais gur ceart, ní hamháin institiúid an Ombudsman a chaomhnú, ach freisin treisiú léi agus í a fhorbairt.  Is mó i gcónaí an riachtanas a bheidh leis an Oifig má chuirtear an déabhlóid agus an tarmligean i gcrích sa tseirbhís phoiblí mar atáthar ag brath a dhéanamh... Ach urrús an bhunreachta a thabhairt don neamhspleáchas seo, ba shaoire a bheifí ó aon choinbhleacht leasa, ón ró-urraim d’fheidhmeannas an rialtais, ó bhrú grúpaí sainleasa, agus ba mó an tsaoire a bheadh ann fíricí a chruinniú agus cinneadh ar chomhairle go neamhspleách neamhchlaonta."

Ina dhiaidh sin, sa chéad Tuarascáil ar an Dul chun Cinn aige (Aibreán 1997), ghlac Coiste Uilepháirtí ar an mBunreacht de chuid an Oireachtais le moltaí an Ghrúpa Athbhreithnithe agus mhol téacs ar leith a chuirfí sa Bhunreacht.  Ar ábhair nach léir dom, níor cuireadh moladh an Choiste i bhfeidhm ach ar a laghad tá aitheantas tugtha go soiléir don tábhacht atá ann Oifig an Ombudsman a chaomhnú agus a neartú.  I 2004, ar chothrom fiche bliain bhunú na hOifige, d’iarr mé ar an Rialtas tús a chur leis an bpróiseas a bhronnfadh stádas bunreachtúil ar an Oifig. Chuir mé ar a shúile dó gurb é an stádas seo an gnás sna tíortha daonlathacha eile sa lá atá inniu ann. Anois, tar éis gach ar tharla do mo thuarascáil Lost at Sea, feictear dom gur mó fós an tábhacht atá leis an scéal seo.  Chuirfeadh an stádas bunreachtúil le neamhspleáchas Oifig an Ombudsman, ní ar mhaithe léi féin, ach d’fhonn tacú léi ina cuid oibre ar son na mílte a bhíonn ag iarraidh cabhrach uirthi ar an saolta crua seo.

Mar fhocal scoir, áfach, ba mhaith liom béim a chur arís ar an bpointe is mó tábhacht, pointe nár mhór dúinn go léir a chur san áireamh agus sinn ag plé leis na deacrachtaí agus na hathruithe atá roimh ár seirbhís phoiblí. Rachaidh an struchtúr a chuirfimid ar na seirbhísí poiblí agus an chaoi a soláthróimid iad i gcion orainne mar shochaí; agus oibreoidh sé seo ar an tsochaí a bhainfimid amach. Más éard atá uainn sochaí chothrom chaoin oscailte a chur chun cinn, mar a seasfaimid le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá romhainn, ní mór dúinn ár seirbhísí poiblí a dhearadh agus a oibriú ar bhealach a thacóidh leis na haidhmeanna seo.

Go raibh maith agaibh.

Back to contents