Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie



BrowseAloud

BATalk

Óraidí

“Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman” (09.03.2010)


Address by Emily O'Reilly Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise
at An Foras Riaracháin /Chartered Institute of Public Finance and Accounting Comhdháil ar Dhea-Rialachas

Tá áthas orm cuireadh a fháil chun aitheasc a thabhairt don chomhdháil. Tá an téama, “Dea-Rialachas: Luachanna agus Cultúr nó Rialacha agus Rialacháin", an-tráthúil. Tagann sé ag am ina dtuigeann na daoine is aineolaí faoin eacnamaíocht go bhfuil droch-rialachas i gcuid dár n-institiúidí lárnacha príobháideacha agus poiblí ag croílár an chor chun donais. Tá an téama seo ag teacht le mo chuid oibre mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise. Le 26 bliana anuas tá formhór na hoibre atá ar siúl ag Oifig an Choimisinéara tar éis a bheith faoi athrú chultúr na seirbhíse phoiblí, á bhogadh ón dearcadh inmheánach agus féinchosantach agus iallach a chur air an dearcadh sin a dhíriú i dtreo an phobail agus a gcuid riachtanais.  Tá aidhm den chineál céanna ag ár gcuid oibre faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.  Tá éirithe go hiontach linn i gcásanna áirithe agus bhí cásanna eile nár éirigh linn iontu.  Tá sé i gceist agam, áfach, níos déanaí i m’aitheasc, an deis seo a thapú chun labhairt faoi imeacht reatha an-suntasach do m’Oifig, is é sin an chaoi ar chaith an tOireachtas le m’imscrúdú ar an scéim Lost at Sea.  Rianóidh mé líne ó dhrochriarachán i Roinn Stáit síos tríd go dtí droch-Rialachas ag an leibhéal is airde den Stát seo.

Déanfaidh mé an pointe nach láimhseálfar na géarchéimeanna eacnamúla agus polaitiúla atá ag an tír seo i gceart go dtí go dtagann athrú suntasach ar chultúr agus ar luachanna na n-aicmí polaitiúla agus riaracháin.   B’fhéidir go bhfuil imscrúdú de chuid Ombudsman ina rud beag i gcomparáid leis na dúshláin ollmhóra airgeadais atá os ár gcomhair amach, ach is léiriú atá ann mar sin féin ar na héasclínte atá inár gcóras.

Ach tosóidh mé amach trí thabhairt faoi théama foriomlán an tseimineáir seo agus faoin ngaol atá aige le saothar laethúil m’Oifige.  Le 18 mí anuas, tá an focal Rialachas tagtha isteach sa ghnáthchaint an chaoi céanna le “cóir fhioscach" sna 1970í agus an tríonóid naofa Oscailteacht, Trédhearcacht agus Cuntasacht sna 1990í. Is é an uile-íoc nua dár bhfadhbanna eacnamúla agus polaitiúla é ach ní fios cé chomh rathúil is a bheidh brú an riachtanais i gcomhair dea-rialachas d’uireasa an athraithe chultúrtha.  Tabhair faoi deara an méid a tharla don uile-íoc deiridh a glacadh leis go poiblí.

Go bunúsach, bhí gá le hOscailteacht, Trédhearcacht agus Cuntasacht mar gheall ar an méid scannail polaitiúla agus gnó a bhí ann i ndeireadh an 20ú aois.  Tugadh rialacha agus rialacháin isteach tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, ach ba ghairid go mba léir go raibh an seanchultúr agus na seanluachanna fós láidir i gcroílár an riaracháin. 

Ní raibh an tAcht ach cúig bliana d’aois nuair a tharraing an Rialtas siar cuid de na forálacha níos íogaire a bhí ann agus thug siad isteach scála táillí, rud nach raibh fáil orthu in go leor réimis idirnáisiúnta Saorála Faisnéise.  Mar a dúirt mé go minic, tar éis na bearta seo, bhí an t-anáil bainte as an Acht ach níor baineadh den pháirc é. Tá úsáid an-suntasach agus éifeachtúil bainte as an Acht fiú amháin ó a gearradh siar é, agus níos mó úsáide ná riamh á bhaint as i rith an cor chun donais eacnamaíoch seo.  Ach is sampla a bhí i ngearradh siar an Acht um Shaoráil Faisnéise den bhealach inar theip ar rialacha agus rialacháin ceangailteacha na luachanna agus an cultúr rúndachta a bhí i bhfeidhm a chloí. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil 12 bhliain Saorála Faisnéise tar éis go leor athruithe chun feabhais a thabhairt, ach, mar a léireoidh mé ar ball, tá go leor le déanamh fós againn.

Mar sin labhróimid faoi rialachas. Is ábhar cineál rúndiamhrach é seo do scoláirí riaracháin poiblí, ach aithnítear anois, tríd an gcúlú eacnamaíoch seo, gur buncharraig dea-bhainistíochta agus dea-rialachais atá ann. Tá na teipeanna mórshuntasacha sna bainc, i FÁS, tar éis samplaí a thabhairt dúinn a léiríonn cad is a mhilleadh dea-rialachais ann. Is cosúil freisin, de réir tráchtairí na meán, go léireoidh na tuarascálacha atá le teacht ar Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath teipeanna tromchúiseacha den rialachas corparáideach san eagraíocht sin. Tá teipeanna suntasacha i rialachas in oifig an Rialtóra Airgeadais feicthe againn freisin. Níl an tOireachtas féin tagtha slán ón scrúdú seo ach oiread, agus tá go leor tráchtairí, chomh maith le baill den Oireachtas féin, ag fiafraí an bhfuil sé feiliúnach dá phost.  Tá baill an chomh-aireachta féin, is é sin an comhlacht ag a bhfuil an chumhacht is mó, ag labhairt go poiblí faoi neamhéifeachtacht go leor de ghníomhaíocht na parlaiminte. Is ó aitheasc a rinne an tAire Iompair, Noel Dempsey, an méid seo a leanas:

“Ba chóir dúinn a chinntiú go mbeidh áit lárnach ag Dáil Éireann in intinn an phobail. Ba chóir dó a bheith ina pháirc catha do smaointe, ba chóir go mbeadh díospóireachtaí intleachtúla ar siúl ann, agus ba chóir gur ann a bheadh na daoine is cliste agus is fearr ag obair le chéile chun na torthaí is fearr a bhaint amach go fadtéarmach, in áit a bheith ag iarraidh pointí seafóideacha a bhuachan ón chéile sa ghearrthéarma.”

Agus níl aon ghanntanas ábhair ann maidir leis an gceist faoi conas dea-rialachas a chur ar bun – Tuarascáil OECD,"Ireland: Towards an Integrated Public Service", tuarascáil an tascfhórsa ar an seirbhís phoiblí, "Transforming Public Services", foilseachán na Roinne Airgeadais, "Code of Practice for the Governance of State Bodies" agus foilseachán Fhóram na gCathaoirleach, "A Chairperson's Guide to Good Governance". Agus idir an dá linn, crá croí síoraí faoin mbealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh. Tuilleadh rialacha agus rialacháin, nó ar chóir tús áite a bheith ag luachanna agus cultúr? Nó an meascán den dá cheann a cheart a bheith ann?

Sula labhraím faoi na ceisteanna seo, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin tábhacht a bhaineann le dea-rialachas i mbainistiú agus i stiúradh Oifig Ombudsman.  D’fhorbair an British and Irish Ombudsman Association (BIOA), ar a bhfuilimse i mo chathaoirleach faoi láthair, treoir maidir le prionsabail an dea-rialachais d’oifigí ombudsman agus comhlachtaí eile a láimhseálann gearáin. Má a dúirt mé sa réamhrá don treoir:

"Whatever governance arrangements are in place in any complaint-handling scheme, it is vital that they support and promote the integrity of the scheme and office-holder and, above all, protect the independence of the office-holder, particularly from those over whom the scheme has jurisdiction".

Agus mar sin, mar shampla, i gcás m’oifige féin, tá a Vóta féin aici, is státseirbhísigh de chuid an Stát seachas státseirbhísigh de chuid an Rialtais a oibríonn ann, tuairiscíonn sí don Oireachtas agus tá sealbhóir Oifige aici a cheapann an tUachtarán, tar éis don Oireachtas glacadh le rún. Cabhraíonn na rudaí seo go léir le hionracas agus neamhspleáchas na hOifige a chur chun cinn. 

D’aithin an treoir sé phrionsabal dea-rialachais, is iad sin, neamhspleáchas, oscailteacht agus trédhearcacht, cuntasacht, macántacht, soiléireacht cuspóra agus éifeachtúlacht.  Ní mian liom labhairt anois faoi na prionsabail seo; creidim go bhfuil sé soiléir go maith go mbeidís mar bhunchlocha rialachais aon eagraíochta.

Agus ar deireadh, chun a bheith cinnte go dtuigimid go léir cad atá i gceist le rialachas, tá an sainmhíniú seo a leanas sa treoir:

An slí ina stiúrtar agus ina rialaítear eagraíochtaí chun a chinntiú go mbaineann siad a gcuspóirí amach go héifeachtúil. ("The way organisations are directed and controlled to ensure that they are effective in achieving their objectives.”)

Mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise, níl ról agam i bhfaireachas ar shocruithe rialachais chomhlachtaí poiblí, ach mar thoradh ar idirghníomhaíochtaí laethúla m’Oifige leis na comhlachtaí seo, tá seasamh maith againn chun dearcadh a bheith againn ar na róil iomaitheacha luachanna agus cultúr agus rialacha agus rialacháin sa gcaoi ina dtéann siad i mbun gnó.

Mar Ombudsman scrúdaím gearáin droch-riaracháin a dhéantar i gcoinne ranna rialtais, údaráis áitiúla, an tseirbhís sláinte poiblí agus An Post.  Tá roinnt feidhmeanna gearáin agam maidir leis an Acht um Míchumas, 2005.  Déanaim moltaí sásaimh nuair is cuí, agus tugaim tuairisc bhliantúil don Oireachtas ar obair m’Oifige.  Má roghnaíonn comhlacht poiblí mo mholtaí a dhiúltú, tugaim tuairisc speisialta don Oireachtas.  Níor tharla sé seo ach dhá uair ó bunaíodh an Oifig; in 2002 agus in 2009.  Mar thoradh ar idirghabháil ón Oireachtas, agus breithniúcháin an Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí, ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis na moltaí i dtuarascáil 2002, “Redress for Taxpayers”.   Nuair a bhí an tuairisc seo á scríobh agam, áfach, bhí na moltaí i mo thuarascáil ó 2009, "Lost at Sea", fós diúltaithe dóibh, tar áfach, bhí na moltaí i mo thuarascáil ó 2009, "Lost at Sea", fós diúltaithe dóibh, tar éis vóta de chuid na Dála gan an cheist a sheoladh faoi bhráid An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Iascaigh agus Bia i gcomhair tuilleadh breithniúcháin.  Theip ar iarracht níos déanaí ag cruinniú de chuid an Choiste go ndéanfaí an tuarascáil a bhreithniú. Tiocfaidh mé ar ais chuige seo níos déanaí.

Mar Choimisinéir Faisnéise, is é an príomhról atá agamsa ná athbhreithniú a dhéanamh ar chinntiú chomhlachtaí phoiblí faoi na Achtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.  Déanaim cinntí ceangailteacha ar féidir achomharc a dhéanamh orthu chuig an Ardchúirt ach is ar phointe dlí amháin is féidir an t-achomharc seo a dhéanamh.  Tugaim tuairisc bhliantúil don Oireachtas maidir le hobair m’Oifige. Tá mo shainchúram mar Choimisinéir Faisnéise níos leithne ná mo shainchúram mar Ombudsman; tá os cionn 520 comhlacht go mbaineann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise leo, ach tá roinnt comhlachtaí suntasacha atá fós díolmhaithe. Ina measc seo tá, mar shampla, An Garda Síochána, na Coistí Gairmoideachais, agus rud atá suntasach sna cúinsí eacnamaíocha reatha, ná go bhfuil an Banc Lárnach, Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, Gníomhaireacht Bainistíochta An Chisteáin Náisiúnta, agus, go deimhin, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní atá nuabhunaithe á n-eisiamh go fóill.

Seo a leanas príomhfheidhm an Achta mar a shonraítear é sa Teideal Fada

“...dá chumasú do dhaoine den phobal rochtain a bheith acu, a mhéid is féidir é i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta, chuig faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí .......... do dhéanamh socrú maidir le ceart rochtana chuig taifid atá i seilbh na gcomhlachtaí sin, maidir le heisceachtaí riachtanacha ón gceart sin...”

Tá sé deacair Teideal Fada chomh spreagúil a réiteach le heisiamh leanúnach na gcomhlachtaí phoiblí thuasluaite.  Ach ní hamháin go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí fágtha as an áireamh, ach tá cleachtas tagtha chun cinn le blianta beaga anuas trína mbaintear comhlachtaí phoiblí nó feidhmeanna de chuid chomhlachtaí phoiblí amach as scóip na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise.  I measc na bhfeidhmeanna atá tógtha as an áireamh, tá feidhmeanna forfheidhmithe an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, na feidhmeanna sábháilteachta bóithre atá ar bun anois ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, feidhmeanna Chlárlann an Talún agus Chlárlann na nGníomhas atá ar bun anois ag an Údarás Clárúcháin Maoine.  Tuigim freisin go bhfuil breithniú á dhéanamh ar mholadh chun taifid a bhaineann le feidhmeanna forfheidhmithe an Údaráis Náisiúnta Cearta Fostaíochta a bhaint as an áireamh i láthair na huaire.  Ní ghlacaim leis na heisceachtaí seo, ná leis an gcúis a bhí leo.  Tá imní ar leith orm gur céim chun cúl atá ann taifid a bhfuil fáil orthu faoi láthair a bhaint amach as réimeas na Saorála Faisnéise, go háirithe nuair nach bhfuil aon fhianaise ann nach bhfuil na forálacha eisiaimh atá ann cheana féin sách láidir chun rochtain a dhiúltú nuair atá cúis mhaith leis seo.  Ní féidir tuiscint a fháil ar shocruithe rialachais a cheadaíonn an cur chuige measctha seo i leith beartais Saorála Faisnéise, a thugann neamhaird ar leas an phobail agus a thugann tús áite do cheisteanna polaitiúla agus riaracháin.

Níl leis na hAchtanna Saorála Faisnéise amháin a bhaineann an cur chuige seo.  Tá an Bille um Ombudsman (Leasú) os comhair an Oireachtais faoi láthair, agus molann sé, i measc nithe eile, go leathnófaí sainchúram an Ombudsman chun an tseirbhís phoiblí níos leithne, earnáil na ngníomhaireachtaí stát san áireamh (m.sh. an Bord Seirbhíse Fuilaistriúcháin, FÁS, an tÚdarás Sábháilteachta Bia) agus na hinstitiúid oideachais tríú leibhéal.  Cheapfá tar éis 26 bliana do ranna stát, údaráis áitiúla agus an tseirbhís sláinte a bheith faoi mhaoirsiú Ombudsman, chomh maith le héileamh an phobail ar chuntasacht breise sa tseirbhís phoiblí, go bhfeicfí loighic agus réasún sa chás do leathnú an tsainchúraim.  Tá alltacht orm leis na haighneachtaí atá déanta ag agus thar ceann roinnt comhlachtaí poiblí (ní na cinn atá ainmnithe sa pháipéar seo) ag argóint i gcoinne a gcuimsiú i sainchúram an Ombudsman.  Iarraim arís, cá bhfuil leas an phobail i riarachán a cheadaíonn, a ghlacann le agus a bhíonn sásta freastal ar aighneachtaí den chineál seo?

Céard faoi na luachanna atá mar bhuntaca ag ár seirbhís poiblí?  Níl aon cheist faoi ach go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann ag feidhmiú i dtimpeallacht atá athraithe go mór ón uair a bunaíodh m’Oifig.   Tá an focalstór um athchóiriú na seirbhíse poiblí ag teacht ó shaol an ghnó. Ach tá faitíos orm go bhfuil baol ann go ndéanfar dearmad, mar gheall ar na hathruithe seo go léir, ar na luachanna bunúsacha atá tar éis treoir a thabhairt dár seirbhís phoiblí ón uair a bunaíodh an Stát, luachanna atá ar go leor bealaí, ag teacht salach ar na luachanna gnó. Baineann siad seo le cothromaíocht, comhionannas, ionracas agus an leas coiteann. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht costais ina ngnéithe lárnacha nach mór don tseirbhís phoiblí tabhairt fúthu, ach ní mór a thógáil san áireamh gur minic nach mbíonn rogha soláthraí iomaíoch eile ag úsáideoir na seirbhísí poiblí, ní nach ionann lena chomhghleacaí san earnáil phoiblí. Tá cóireáil chothrom riachtanach, agus ní féidir dearmad a dhéanamh air seo nuair a bhíonn bearta éifeachtúlachta á dtabhairt isteach.

Anois go bhfuil cúrsaí airgeadais go dona, tá sé an-deacair do státseirbhísigh oibriú le buiséid laghdaithe agus iad ag iarraidh freastal ar éileamh breise ar sheirbhísí. Ní bhíonn an dara rogha ann ach gur iad na ciorruithe buiséid a fhaigheann an ceann is fearr. Tá sé feicthe ag m’Oifig thar na blianta go bhfuil comhlachtaí poiblí tar éis uasteorainneacha aoise a chur i bhfeidhm chun deontais a chiondáil, cé nach bhfuil aon údarás acu sa dlí chun é sin a dhéanamh. Tá sé feicthe againn go ndiúltaítear daoine aonair gan dídean a mheasúnú i gcomhair tithíochta mar gheall ar stoc tithíochta teoranta agus mar gheall ar riachtanais theaghlaigh gan dídean. B’fhéidir go bhfuil cuma réasúnta ar thosaíochtaí den chineál seo, ach níl reachtaíocht rialála ann a thugann an t-údarás do státseirbhísigh ciondáil den chineál seo a dhéanamh ar acmhainní. Tá cásanna feicthe againn inar diúltaíodh fóirdheontais tithe altranais do dhaoine níos sine mar gheall go raibh iomarca maoine acu, ach go bhfuarthas amach, nuair a d’fhéach m’Oifig ar chúinsí na ngearánaithe, ná chóir an mhaoin a bheith tógtha san áireamh ar an gcéad dul síos.

Tá éirithe go maith linn ag cur ar ceal na cur chuigí ad hoc seo. Tá dúshláin nua ann do m’Oifig anois, áfach, mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch. Tá scéimeanna iomlána tarraingthe siar mar gheall ar easpa cistí; sampla amháin de seo ná an Scéim Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas: tá roinnt údaráis áitiúla nach bhfuil ag glacadh le hiarratais nua ina leith seo níos mó. Idir an dá linn, tá gearánaithe ag teacht chugam a bhfuil fíor-riachtanais acu agus sochar faoin Scéim á dhiúltú dóibh - Scéim atá fós ann go dlíthiúil ach nach bhfuil aon chiste ann di. Céard a dhéanfaidh mé? Ní féidir liom neamhaird a thabhairt ar na cúinsí deacra buiséid ina bhfuil gach comhlacht poiblí ag feidhmiú.  Ach tugaim dúshlán do gach comhlacht poiblí an réasúnaíocht a bhaineann le scéim ar leith a chur ar fionraí agus scéimeanna agus cláir eile a fhágáil mar atá a chosaint. Go bunúsach, táim ag súil le gach comhlacht poiblí cur chuige cothrom agus réasúnach a léiriú i leith tosaíochtaí iomaíocha a dhíríonn ar leas an phobail agus ní ar an rud is áisiúla ó thaobh riaracháin de, ná ar leasa an chomhlachta phoiblí atá i gceist.

Rud amháin atá i gcoiteann ag go leor de na cleachtais atá luaite agam ná teipeadh leas an phobail ná an leas coiteann a aithint agus a chur chun cinn. Tá an dá théarma seo i mBunreacht na hÉireann. Is minic a úsáideann polaiteoirí ó gach páirtí iad agus tá níos mó úsáide ná riamh á baint astu anois go bhfuiltear ag iarraidh orainn go léir oibriú ar son leas eacnamaíochta na tíre.  Ach cad a tharlaíonn nuair a theipeann ar dhea-rialachas ag an leibhéal is airde, nuair a fhágann an tOireachtas, nó coda de, na focail mhóra ina ndiaidh agus go bhfeidhmíonn siad ar bhealach atá i gcoinne leas an phobail?

Baineann an sampla áirithe seo den dochar a dhéanann easnaimh inár socruithe parlaiminte agus rialtais le hobair m’Oifig féin agus an tuarascáil speisialta a lua mé a chur mé faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid i mí na Nollag seo caite. Is Lost at Sea is teideal don tuarascáil seo agus baineann sé le himscrúdú a rinne mé maidir le gearán ó theaghlach i nDún na nGall a chreid nár chaith an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go cothrom leo.  Is ábhar réasúnta casta atá i gceist sa ghearán seo - scéim trína dtugtar tonnáiste ar ais d’iascairí áirithe  mar thoradh ar shoithigh áirithe ag dul go tóin poill i rith tréimhse áirithe ama agus ní gá dom na sonraí go léir a thabhairt anseo. Ní gá a rá ach gur sheas mé leis an ngearán, tar éis dom imscrúdú uileghabhálach a dhéanamh, agus mhol mé sásamh ar fiú timpeall €250,000 é i dtéarmaí airgeadais. Faoin am a bhí an t-imscrúdú críochnaithe, bhí freagracht do chúrsaí mara aistrithe chuig an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia agus dhiúltaigh an Roinn sin glacadh le mo mholadh i gcomhair sásaimh.

Is éard is cúis imní dom anois ná cad ba chóir tarlú nuair a dhiúltaíonn an comhlacht poiblí atá i gceist le moladh ón Ombudsman. I dtéarmaí chomhdháil an lae inniu, d’fhéadfaí an cheist a chur mar seo: cén seasamh atá ag an Ombudsman i socruithe níos leithne an rialtais, agus conas ar chóir don rialtas gníomhú chun tacú leis an Ombudsman a ról reachtúil a chomhlíonadh. B’fhéidir go bhfuil sé beagán aisteach a bheith ag cur na ceisteanna seo anois, 30 bliain tar éis an Acht Ombudsman 1980, agus 26 bliana tar éis bhunú Oifig an Ombudsman: ach níor tharla an cineál seo cás ach uair amháin cheana sna blianta sin, agus fuarthas réiteach ar an gcás áirithe sin ar deireadh.  Go dtí seo, níl aon réiteach faighte ar an gcás áirithe seo; agus níl aon soiléireacht ann maidir leis an gcaoi ar chóir cásanna den chineál seo a réiteach, i bprionsabal. Ciallaíonn sé seo nach mór dúinn go léir filleadh ar chéad phrionsabail chun réiteach a fháil a chuirfear i bhfeidhm i ngach cás den chineál seo sa todhchaí.

Is é an tsamhail Lochlannach don Ombudsman, go bunúsach, a leantar in Éirinn.  San samhail seo, tá an Ombudsman, a fheidhmíonn ar son leas an phobail mar chuid de chóras foriomlán seiceála agus cothromaíochta, ag déanamh ionadaíocht ar na daoine nó a chosnaíonn na daoine ó aon iomarcach ná éagothroime ón rialtas. San samhail seo, tá stádas an Ombudsman fíorthábhachtach; duine ionraic, inniúil a bhfuil cumhachtaí suntasacha aici chun gníomhú go neamhspleách agus chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin faoi fheidhmiú an rialtais.  Nuair a bhíonn gearáin á n-imscrúdú ag an Ombudsman, feidhmíonn sí ar bhealach ceistitheach seachas ar bhealach sáraíochta mar a bhíonn sna cúirteanna.  Leanann an tOmbudsman na gnáthrialacha ceartais bunreachtúil/nós imeachta cothrom.  Tar éis don imscrúdú a bheith déanta, cuireann an tOmbudsman na torthaí ar fáil agus, nuair is cuí, molann sí sásamh.  Níl na moltaí seo ceangailteach faoin dlí ar an gcomhlacht poiblí atá i gceist, ach tá gné áititheach an-láidir ag baint leis – agus go deimhin is fíor-annamh a tharlaíonn sé go ndiúltaítear do mholadh de chuid an Ombudsman.  Ní mór don Ombudsman, ar a taobh féin de, meas an phobail agus an rialtais a thuilleamh trína léiriú go seoltar imscrúduithe go cóir, go neamhspleách agus go ciallmhar.  Is léiriú atá ann ar stádas an Ombudsman nach gá a moltaí a bheith ceangailteach faoin dlí: i bprionsabal, bíonn an rialtas ag iarraidh feidhmiú de réir mholtaí an Ombudsman mar go mbíonn an pobal ag súil leis seo.  Má dhiúltaíonn siad do mholadh an Ombudsman, feictear go bhfuil an rialtas ag feidhmiú mar bhreitheamh ina cás féin, agus ag diúltú don ghá atá le seiceálacha agus cothromaíocht.

Is ag an bpointe seo, sa mhúnla Lochlannach, a thagann an pharlaimint isteach sa scéal.  Tuairiscíonn an tOmbudsman don pharlaimint go bliantúil ar a laghad, agus chomh maith leis sin, tá coiste parlaiminte ann a scrúdaíonn a cuid oibre agus, nuair is gá, a thacaíonn leis an Ombudsman.  Go bunúsach, tá cineál conartha i bhfeidhm idir an pharlaimint agus Ombudsman.  Ar an lámh amháin, téann an tOmbudsman i mbun a cuid gnó go neamhspleách, ionracas agus cothroime.  Ar an lámh eile, cé go mbreathnóidh an parlaimint go cúramach ar an gcaoi a théann an tOmbudsman i mbun gnó, agus go bhféadfadh sí moladh nó torthaí a mhíniú nó a chosaint, is iondúil go dtacóidh sé leis an Ombudsman trína chinntiú go nglactar lena moltaí agus go gcuireann an rialtas i bhfeidhm iad.  Sa mhúnla seo, ní thugann an pharlaimint tacaíocht agus dílseacht dhall don Ombudsman.  Cé go bhfuil an claonadh acu glacadh leis go bhfuil an tOmbudsman, mar shealbhóir oifige reachtúil neamhspleách tar éis feidhmiú i gceart agus go réasúnta, i gcásanna ar leith is mar thoradh ar pháirtíocht chriticiúil leis an Ombudsman trína bpléitear aon shaincheisteanna a bhaineann leis an gcás ar leith, a chuirtear tacaíocht ar fáil i gcás ar leith.

Is é seo an cineál múnla a bhí sé i gceist maidir le feidhmiú Oifig Ombudsman na hÉireann.  Agus luíonn an múnla seo de scéim Ombudsman go maith leis an múnla rialtais atá leagtha amach sa Bhunreacht. Samhlaíonn ár mBunreacht daonlathas parlaiminte a fheidhmíonn ar bhunús na scoilte traidisiúnta idir an reachtas, an fheidhmeannas agus na breithiúna; samhlaíonn sé cumhacht fheidhmeannach an Stáit atá infheidhmithe ag nó ar údarás an Rialtais, a fheidhmíonn i dteannta a chéile agus atá “freagrach do Dháil Éireann". Tá an múnla rialtais seo bunaithe, mar sin, ar choincheap seiceáil agus comhardaithe agus cuntasacht. Tá sé mar fheidhm bhunúsach ag an bparlaimint feidhmiú mar chóras seiceála ar an rialtas agus a chinntiú go bhfuil sé cuntasach agus nach ligtear dó feidhmiú go treallach.

Ar an drochuair, is ficsean seachas fírinne atá sa mhúnla rialtais atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.  I ndáiríre tá smacht an-láidir ag páirtithe an Rialtais ar an Dáil, agus ar an Seanad fosta go pointe áirithe, tríd an gcóras aoireachta.  Go praiticiúil, agus is oth liom gur gá é seo a rá, tá parlaimint na hÉireann brúite go taobh amháin agus níl sí ábalta cuntasacht a chur ar an bhfeidhmeannas níos mó.  Seachas toghadh Taoisigh, tá beagnach gach cinneadh tábhachtach á ghlacadh ag an bhfeidhmeannas agus iad á gcur tríd an bparlaimint go huathoibríoch ansin.

Caithfidh sé go bhfuil go leor frustrachas ag baint leis seo do bhaill an Oireachtais iad féin, a bhfuil iallach orthu, den chuid is mó, vóta a chaitheamh ar bhunús a réitítear roimh ré.  Is minic, dar liom, go mbíonn ar Theachtaí Dála go háirithe a mothúcháin féin a fhágáil as an áireamh, rud a bhíonn an-chrua orthu féin go pearsanta.

Ar an lámh eile, is cosúil nach dtuigeann roinnt de bhaill an Oireachtais níos mó go bhfuil sé i gceist go gcoinneodh an pharlaimint súil ar an bhfeidhmeannas.  Cuireadh é seo in iúl go láidir dom agus mé ag éisteacht le clár RTÉ Raidió a hAon, News at One.  Chuir Seán O’Rourke ceist ar chúlbhinseoir de chuid an rialtais faoina dhearcaí maidir leis an athrú airí atáthar ag súil leis; bhí ainmneacha éagsúla á lua maidir le hardú nó ísliú céime, agus luadh an tAire Sláinte agus Leanaí reatha.  Bhí an cúlbhinseoir míshásta mar (dar leis) nach raibh aon chuntasacht ag an Aire reatha.  Is suimiúil an chúis a bhí leis an dearcadh seo.  Ní raibh sé ag gearán nach raibh an tAire á míniú féin sa Dáil ná ag freagairt Ceisteanna Parlaiminte: is í an fhadhb a bhí aige ná gur Teachta Dála neamhspleách í an tAire agus mar sin ach ball í de phríomh-pháirtí an rialtais agus nach bhfreastalaíonn sí ar chruinnithe páirtí inar féidir le cúlbhinseoirí ceisteanna a chur orthu.  Sa mhúnla seo, is i seomraí an pháirtí, agus ní sa Dáil, a tharlaíonn cuntasacht. Bhí sé soiléir ón agallamh nach raibh sé i gceist ar chor ar bith go mbeadh an tAire cuntasach taobh istigh den Dáil ná den Seanad.  Ní mar sin a shamhlaíonn Bunreacht na hÉireann oibriú na parlaiminte.

Tá mise agus mo réamhtheachtaí, Kevin Murphy, tar éis labhairt agus scríobh go minic faoi na contúirtí a bhaineann le glacadh leis gur cur i gcéill atá sa pharlaimint den chuid is mó, go bhfuil lucht na parlaiminte tar éis dearmad a dhéanamh gur comhlacht neamhspleách a fheidhmíonn ar son leas an phobail atá ceaptha a bheith sa pharlaimint.  Cé nach bhfuil mórán a admhóidh é seo go hoscailte, is minic a éiríonn státseirbhísigh sinsearacha a oibríonn le hAirí agus a shuíonn isteach ar dhíospóireachtaí Oireachtais soiniciúil, sin nó go ndéanann siad féin dearmad go bhfuil parlaimint a fheidhmíonn i gceart mar chuid lárnach de dhaonlathas a fheidhmíonn i gceart.

Tuigim go bhfuil gach seans go gcuirfear i mo leith go bhfuil cantal orm, nó go bhfuil mé ag baint mí-úsáid as mo phost.  Ach tá mé den tuairim go nglacann go leor dár n-ionadaithe tofa go hiomlán leis an anailís seo.  Cuimhním gur labhair an tAire Airgeadais reatha sa Dáil i bhFeabhra 2001 i ndíospóireacht ar thuarascáil mo réamhtheachtaí; Nursing Home Subventions.  Dhírigh an tUasal Lenihan ar na gnéithe sin den tuarascáil sin a phléigh leis an gcaidreamh idir an Feidhmeannas agus an Reachtas; bhí mo réamhtheachtaí ag rá beagnach an rud céanna is atá mise ag rá inniu.  Níor chosúil gur easaontaigh an tUasal Lenihan leis an méid a bhí le rá ag an Ombudsman ag an am, agus dúirt sé féin:

“Tá an Ombudsman den tuairim gur gá féachaint ar an gcaidreamh idir an tOireachtas agus an Feidhmeannas, chomh maith leis na caidrimh taobh istigh den fheidhmeannas i gcomhthéacs chlár níos leithne athchóirithe bunreachtúil go fadtéarmach. Aontaíonn an Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais ar an mBunreacht leis an dearcadh seo agus tá staidéar á dhéanamh aige ar na saincheisteanna seo i láthair na huaire. Is sampla láidir atá i dtuarascáil an Ombudsman den ghéarghá atá le maoirsiú éifeachtúil ar an Rialtas agus ar an riarachán poiblí. Tuigeann an coiste an gá atá lena chinntiú go bhfuil an cumas ag an Rialtas i dtír bheag mar Éire freagra tapa a thabhairt ar dhúshláin sa timpeallacht sheachtrach. D’fhéadfadh Feidhmeannas aimlithe a bheith mar thoradh ar chothromaíocht ro-íogair. ... Beidh an cheist seo á plé againn ag ár gcéad chruinniú eile. Tá a fhios agam go gcuirfidh tuarascáil an Ombudsman go mór leis an staidéar seo.

Sna naoi mbliana atá caite, áfach, tá an fhadhb méadaithe seachas laghdaithe.  Ceapaim, agus deirim é seo le gach meas ar bhaill na Dála agus an tSeanaid, go bhfuil cúrsaí chomh tromchúiseach anois nach féidir neamhaird a dhéanamh air níos mó.  Is cosúil domsa go bhfuil parlaimint a fheidhmíonn i gceart níos tábhachtaí fós anois, nuair atá éigeandáil náisiúnta ann, go bunúsach.

An 14 Nollaig 2009, chuir mé tuarascáil os comhair na Dála agus an tSeanaid maidir leis an gcás Lost at Sea. Cé go raibh an-chuid cumarsáide agus cruinnithe eadrainn, dhiúltaigh an Roinn a bhí i gceist mo mholadh maidir le sásamh a chur i bhfeidhm.  Nuair a tharla sé sin, ní raibh de rogha agam ach é seo a chur in iúl don Dáil agus don Seanad agus a iarraidh go bhfeidhmeodh na Tithe “de réir mar a chreideann siad is cuí sa chás seo".

Ní leagann an tAcht Ombudsman síos cad ba chóir tarlú nuair a dhiúltaíonn comhlacht poiblí le moladh ón Ombudsman.  Ní gá gur fadhb a bheadh anseo; tá go leor gnéithe d’fheidhmeanna an Ombudsman nach bhfuil leagtha síos sa dlí.  Bunaithe ar mhúnla an Ombudsman a glacadh leis anseo i 1980, bheifeá ag súil go gcuirfeadh an pharlaimint mo thuarascáil faoi bhráid choiste cuí; go ndéanfadh an coiste sin mionscrúdú ar mo thuarascáil, agus mar chuid den scrúdú sin, go dtabharfadh an coiste cuireadh dom féin agus do dhaoine lárnacha ón Roinn teacht os a chomhair, agus ina dhiaidh seo, go ndéanfadh an coiste cinneadh an iarrfadh siad ar an Aire cuí glacadh le mo mholadh agus é a chur i bhfeidhm.  Bheifí ag súil ansin go nglacfadh an tAire cuí leis an toradh a tháinig ón gcoiste.  Is mar sin a oibríonn scéim ombudsman stát sa mhúnla Lochlannach.

Chun a bheith díreach, ar bhunús an phróisis seo, bheinn ag súil go ndéanfadh coiste parlaiminte cinneadh gur chóir glacadh le mo mholadh agus é a chur i bhfeidhm.  Is é is cúis d’ombudsman a bheith ann ná go bhfuil oifig gairmiúil agus údarásach, neamhspleách le taithí ann chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin. Go loighciúil, seachas i gcás iniúchadh chomh domhain céanna, nó sa chás go léirítear go bhfuil earráid san imscrúdú ó thaobh an dlí de, ba chóir glacadh le torthaí agus le moltaí an imscrúdaithe.  Mar a dúirt mo chomhghleacaí, Ann Abraham, Ombudsman Parlaiminte na Ríochta Aontaithe anuraidh agus í ag labhairt le Coiste de chuid Theach na dTeachtaí: “Mura bhfuil a meabhair caillte ag an Ombudsman, fágfaimid na torthaí mar atá siad.”

Seo mar a leanas an méid a tharla. An 4 Feabhra 2010, bhí mo Thuarascáil á plé sa dáil; theip ar iarracht í a chur faoi bhráid choiste tar éis vóta de réir an Ord Gnó; tháinig an vóta isteach le 68 i gcoinne 63 agus vótáil na Comhaltaí de réir línte na bpáirtithe. Tharla díospóireacht fhada sa Dáil ar an lá céanna faoin Tuarascáil ach ba shraith ráitis a bhí i gceist leis seo seachas dul i ngleic i gceart leis na saincheisteanna a bhí i gceist  san imscrúdú. Tharla sé seo arís sa Seanad an 18 Feabhra le malartú ráitis eile. I rith na malartuithe seo, chuir an tAire Stát ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an dearcadh in iúl, cé go raibh meas aige ar obair m’oifige agus ar institiúid an ombudsman go ginearálta, go raibh sé den tuairim sa chás áirithe seo “nach bhfuil aon bhunús ann chun íocaíocht chomh mór is atá molta, ná go deimhin, aon íocaíocht a dhéanamh”. Chomh maith leis sin, dhiúltaigh an tAire Stát cinntí mo fhiosrúcháin go raibh na gníomhartha a rinneadh gearán fúthu “ag teacht salach ar riarachán cothrom nó ceart”.

An 2 Márta 2010, rinne páirtithe an Fhreasúra sa Dáil iarracht eile mo Thuarascáil a chur faoi bhráid Choiste de chuid an Oireachtais, ach bhí an Taoiseach den tuairim gur faoin gcoiste áirithe sin a bhí sé an mbreathnódh sé ar mo Thuarascáil nó nach ndéanfadh. An 3 Márta, rinneadh iarracht ag cruinniú den Chomhchoiste Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia an Tuarascáil a mheas. Theip ar an iarracht seo tar éis vóta a chuaigh de réir seasamh na bpáirtithe polaitiúla. Agus is cosúil gurb shin deireadh leis.

Táim an-bhuíoch as na hiarrachtaí a rinne roinnt daoine taobh istigh den Dáil agus den Seanad mo Thuarascáil a chur faoi bhráid Choiste, ar bhealach a léiríonn meas ar an Oireachtas féin agus ar m’Oifig. Is mór an trua gur lean na hiarrachtaí sin seasamh na bpáirtithe, agus is rud é seo a bhíonn mar ghné de pharlaimintí go ginearálta. Ní raibh na daoine a bhí ag iarraidh ar Choiste an cheist a phlé ach ag lorg an méid a bheifí ag súil leis ó mhúnla an tOmbudsman a glacadh leis sa tír seo i 1980.

Trí fheidhmiú an chórais aoireachta, sa Dáil, sa Seanad agus i gCoistí, tá an Fheidhmeannas tar éis lancaide a chur ar an Oireachtas agus an Tithe a stopadh ag plé leis an Tuarascáil trí mheán Choiste. Trí chosc a chur ar an Oireachtas ón Tuarascáil seo a láimhseáil, tá páirtithe an Rialtais tar éis cás a chruthú inar fheidhmigh an Rialtas mar bhreitheamh ina chás féin.  Thosaigh an scéal le drochriarachán, agus go dtí seo ar aon chaoi, tá sé críochnaithe le droch-rialachas.

D’fhéadfadh sé nach bhfuil i bhfreagra an Rialtais sa chás áirithe seo ach freagra aon uaire, mar a dúirt roinnt breathnóirí, mar thoradh ar dhílseacht dá gcomhghleacaí, iar-Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, a cheap an scéim i gcomhar lena oifigigh,  tar éis aighneachtaí ó dhaoine ina dháilcheantar agus ó dhaoine eile  agus i gcoinne comhairle oifigigh a Roinne féin. Ní raibh aon theagmháil inmheánach ag an bhfear a rinne gearán liomsa nuair nár tugadh rochtain dó ar an scéim, agus bhí sonraí tragóideacha a chás suite gan féachaint orthu i gcomhaid na Roinne. Ní féidir liom a rá an bhfuil an ceart ag na breathnóirí sa méid a dúirt siad, ach tugaim faoi deara arís an difir idir an focal agus an gníomh. Cuireadh go leor i leith an iar-Rialtóir Airgeadais faoi nach ndearna sé a phost i gceart, gur lig sé don chóras a bhí sé ceaptha monatóireacht a dhéanamh air greim a fháil ar féin, agus nár bhfuair sé réidh le drochriarachán sa chóras baincéireachta, agus mar sin nár fhreastal sé ar leas an phobail. Tá m’Oifig - i réimse a freagrachtaí féin - tar éis na rudaí go léir a dhéanamh a cuireadh i gcoinne an Rialtóir Airgeadais nár dhéan sé féin. Agus tá an toradh mar a chuir mé in iúl.

Tabharfaidh mé focail an Aire Dempsey daoibh arís,

“Is é an chuid is tábhachtaí den phost (ionadaíocht don phobal) ná a chinntiú, trínár gcuid oibre, go n-oibríonn an córas do gach saoránach, ní díreach na daoine a thagann chuig ár gclinicí.  Níor chóir d’ionadaithe poiblí a n-aird a bhaint óna bhfeidhm náisiúnta ar mhaithe le cliantachas síoraí - a bheith mar laoch do shaoránach amháin trí bhealach a fháil timpeall ar chóras, nuair is é an fíor-fhreagracht atá orthu ná an córas a athrú ar mhaithe le gach saoránach... Aon uair a thréigeann ionadaithe poiblí a dtuairim féin chun freastal ar ghrúpa brústocaireachta nach gcreideann siad ann, tá siad ag tréigeadh a ngairm. Ní dhéanann ár bpolaiteoirí náisiúnta dóthain mionscrúdú ar ár n-eagraíochtaí stát agus leathstáit, go háirithe maidir le seachadadh seirbhísí do shaoránaigh.  Mar gheall go bhfuil iomaíocht sáraíochta mar bhunús lenár bpolaitíocht, ní bhíonn mórán deis ann cur chuige comhoibríoch a ghlacadh i leith réiteach na bhfadhbanna.”

Go deimhin...

Seo an méid a bhí le rá ag ceannaire eile, ceannaire gnó, is é sin iar-cheannaire Unilever, Niall Fitzgerald, a cuireadh agallamh air san Irish Times Dé Sathairn seo caite. Ag labhairt dó faoin easpa neamhspleáchais i gcuid mhaith de Bhoird na hÉireann, dúirt sé nach easpa rialacháin cuí ba chúis leis an bhfadhb.

"The thing that really worries me," a dúirt sé, "if I was losing sleep about it on behalf of Ireland, is that there are too many people who have a vested interest in there being no accountability.  If the leaders of a society are not prepared to hold themselves accountable, or there are not the institutions which are sufficiently independent to hold them accountable, then I think you have a very serious problem on your hands."

Mar chríoch

  • Tá leas an phobail mar bhunchloch an daonlathais;
  • tá sé riachtanach agus breithniú á dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an rialtas, mar a rinne an OECD agus mar a shamhlaítear i gclár Transforming Public Service an Rialtais, go mbreathnófaí ar fhadhbanna ag an leibhéal is airde den rialtas freisin, is é sin, an chaoi a fheidhmíonn an parlaimint.
  • níl sé sách maith athruithe beaga a dhéanamh ar an rialtas, mura ndéantar athchóiriú ar ár bparlaimint, níl sé sách maith; níl ann ach neamhaird a dhéanamh ar an bhfadhb is mó atá ann;
  • moladh beag amháin i leith athchóiriú parlaiminte ná go n-aontódh na príomh-pháirtithe polaitiúla scaoileadh leis an ndisciplín páirtí righin atá ann anois, agus glacadh leis gur chóir roinnt saoirse a bheith ag Teachtaí Dála chun vótáil de réir a gcoinsias féin;
  • maidir leis an deacracht atá agam féin mar Ombudsman, mar thoradh ar an gcás Lost at Sea tá súil agam go dtiocfaidh an tOireachtas ar mheicníocht trínar féidir an cás a láimhseáil go cóir agus go socair, agus de réir mhúnla an Ombudsman mar a bhí sé i gceist ag an reachtas i 1980 nuair a cuireadh an tAcht Ombudsman i bhfeidhm, de réir mar a thuigimse é ar aon chaoi.

Deireadh

Back to contents