- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Lámhleabhar Alt 16
CÉIM A TRÍ: Imscrúdú - Tuairisc an Ombudsman
Struchtúr na (Dréacht)-Tuairisce
Sa chás gur cuireadh na hagallaimh i gcrích agus gur soiléiríodh na ceisteanna a tháinig as, ullmhóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dréacht-tuairisc imscrúdúcháin. Go ginearálta, beidh an tuairisc comhdhéanta de na heilimintí seo a leanas:
(i) An Gearán
Seo ráiteas an ghearáin faoi mar a leagadh amach don chomhlacht ag tús an imscrúdaithe. Sa chás gur gá, féadfar mionsonraí ábhartha faoi chúlra chúinsí an ghearánaí a chur san áireamh chomh maith le gnóthaí leis an gcomhlacht a ndearnadh gearán ina choinne.
(ii) Réamhscrúdú
Is gá forléargas achomair ar chúrsa an réamhscrúdaithe a thabhairt ionas go míneofar na cúiseanna arbh údar leis an gcinneadh an gearán a imscrúdú.
(iii) Cúlra Dlí agus Riaracháin
Ba chóir cúlra an chinnidh, na scéime nó nóis imeachta riaracháin arb é ábhar an ghearáin é, a leagan amach ó thaobh cúrsaí dlí agus/nó riaracháin. Beidh míniú ar an mbonn dlíthiúil agus/nó ar na rialacha riaracháin ar a bhfuil an gníomh bunaithe i gceist leis seo de ghnáth. Má tá comhairle dhlí faighte ag an Ombudsman i ndáil leis an gcás, ba chóir tagairt dó seo ag an staid seo.
(iv) Imscrúdú
Cuirfear tús leis an gcuid seo de ghnáth leis an bhfreagairt ón gcomhlacht don fhógra faoin imscrúdú. Ba chóir na saincheisteanna buntábhachtacha san imscrúdú a shonrú agus fianaise/argóintí a chuir gach taobh chun tosaigh (an gearánaí agus an comhlacht) a chur i láthair faoi theideal le haghaidh gach ceann de na saincheisteanna a shonraítear. Cuirtear an fhianaise/argóintí i láthair ar bhealach iomlán oibiachtúil ag an staid seo agus ní bheidh tuairimí nó conclúidí san áireamh a bhaineann le fiúntais an cháis nó le bailíocht nó neamhbhailíocht na ngníomhartha a rinne duine ar bith.
(v) Anailís
Déantar meastóireacht ar an bhfianaise sa chuid seo den tuairisc chomh maith leis na conclúidí a baineadh aisti. Ní bheifear in ann conclúidí cinntitheacha a bhaint as gach ceist a cíoradh in imscrúdú i gcónaí; féadfaidh argóintí a théann i gcoinne a chéile a bheith ann maidir le ceisteanna áirithe agus ní féidir leis an Ombudsman ach tuairisc a thabhairt ina dtaobh sa chás sin. Ba chóir go mbeadh conclúidí cothromaithe, cothrom agus oibiachtúil. Maidir leis an tátal ní mór aird a thabhairt ar Threoir an Ombudsman maidir le Caighdeáin Dea-Chleachtais do Státseirbhísigh ina bhfolaítear bunphrionsabail dea-riaracháin. Ní mór go dtabharfaí aird sa tátal chomh maith ar na seacht gceannteideal de dhrochriarachán arna leagan amach in Alt 4(2)(b) den Acht Ombudsman, 1980.
(vi) Cinntí
Bíonn cinntí an Ombudsman bunaithe ar an bhfianaise agus tabharfar aird ar sheacht dteideal an mhíriaracháin arna leagan amach in Alt 4(2)(b) den Acht Ombudsman, 1980. Ba chóir go mbeadh na cinntí soiléir, gonta agus go dtiocfaidís go réidh loighiciúil ón anailís ar an bhfianaise a cuireadh i láthair.
Dréacht-Tuairisc a Scaipeadh
Ba chóir an dréacht-tuairisc a chur ar aghaidh chuig an Ard-Stiúrthóir agus an Ombudsman go mbreithneoidh siad é. Nuair atá dréacht comhaontaithe, caithfear aird a thabhairt ar fhorálacha Alt 6(6) den Acht. Forálann sé seo "Ní dhéanfaidh an tOmbudsman cinneadh ná lochtú a bheidh dochrach do phearsa i ráiteas, i moladh ná i dtuairisc faoi fho-alt (1), (3) nó (5) den alt seo gan deis a thabhairt don phearsa an cinneadh nó an lochtú a mheas agus uiríll a dhéanamh i ndáil leis an gcéanna" chuige/chuici. Caithfear cinneadh a ghlacadh maidir le cibé ar chóir dréacht iomlán na tuairisce, nó sleachta as, a chur ar fáil d'aon duine go mbreithneoidh sé/sí é ag an staid seo. Má tá níos mó ná duine amhain lochtaithe sa dreácht-tuairisc, ba chóir na sleachta ábhartha (a bhaineann leo féin) a thabhairt dóibh seachas cóip iomlán den dréacht-tuairisc.
Sa chás go bhfuil aon tuairimí agus uiríll ó dhaoine aonair curtha san áireamh, beidh an comhlacht féin i dteideal deis le huiríll a dhéanamh chuig an Ombudsman sa chás go bhfuil sé beartaithe cinneadh nó lochtú a dhéanamh a bheidh dochrach dó. Seolfar an dréacht-tuairisc, arna leasú más cuí chun na tuairimí a fuarthas cheana féin ó dhaoine aonair a thabhairt san áireamh, chuig ceann an chomhlachta lena breithniú.
Ní bheidh moladh an Ombudsman sa chás san áireamh leis an dréacht-tuairisc a bheidh á scaipeadh. Ba chóir a bheith cúramach lena chinntiú go bíonn an dréacht-tuairisc, nó sleachta as, stampáilte "Dréacht Amháin" go soiléir sa chás go bhfuil sé á scaipeadh chuig daoine ábhartha.
An Tuairisc a Chur i gCrích
Sa chás gurb infheidhme ceart chun uiríll a dhéanamh faoi Alt 6(6), ní fhéadfar an tuairisc faoin imscrúdú a chur i gcrích go dtí go mbeidh ceart tugtha don chomhlacht agus/nó na daoine atá i gceist le huiríll den sórt sin a dhéanamh. Sa chás gur comhlíonadh an nós imeachta seo, ba chóir don oifigeach imscrúdúcháin an tuairisc a chur i gcrích – agus aird a thabhairt ar cibé uiríll atá déanta. Má thagann aon argóintí nó fhíricí nua chun cinn ag an staid seo, ba chóir iad a bhreithniú go hiomlán.
Ba chóir mír a chur isteach sa tuairisc chríochnaithe sa chás gur cuí tabhairt le fios gur comhlíonadh ceanglais Alt 6(6). D'fhéadfaí mír chuí a chur isteach ag an tús, nó ag deireadh, chuid na tuairisce faoin "Imscrúdú". Beidh moladh an Ombudsman san áireamh sa tuairisc deiridh chuig ceannasaí an chomhlachta ag an staid seo.
De réir fhorálacha Alt 6(2), ba chóir ráitis scríofa faoi thorthaí an imscrúdaithe a sheoladh chuig na daoine atá luaite ann freisin.
Ba chóir an tuairisc deiridh a sheoladh chuig ceannasaí an chomhlachta agus freagairt faoi cheann dhá sheachtain a iarraidh ar na moltaí.
Mura bhfuil freagairt chomhlachta poiblí ar mholtaí in imscrúdú sásúil dar leis an Ombudsman féadfaidh sé/sí tuairisc speisialta faoin ábhar a chur i láthair dhá Theach an Oireachtais faoi Ailt 6(5) agus 6(7) den Acht Ombudsman, 1980.
I gcás go gcinnfí tuairisc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, is cóir na daoine/comhlachtaí arna sonrú sa mhír seo a leanas (Fógra faoi Thorthaí Imscrúduithe) a chur ar an eolas chomh maith.
Fógraí faoi Thorthaí Imscrúduithe
I gcás go sásóidh freagra an chomhlachta ar na moltaí sa tuairisc imscrúdaithe an tOmbudsman, seolfar cóip den tuairisc nó ráiteas ar thorthaí an imscrúdaithe, de réir mar is cuí, chuig an ngearánach. Is cóir an gearánach a chur ar an eolas chomh maith faoin bhfreagra a thug an comhlacht ar mholtaí an Ombudsman. Thabharfaí cóip den tuairisc iomlán don ghearánach sa ghnáthchúrsa.
I gcás comhlachta a bhfuil caidreamh tuairiscithe acu le Roinn Stáit, tabharfar cóip den tuairisc imscrúdaithe nó ráiteas ar thorthaí an imscrúdaithe, de réir mar is cuí, don Roinn sin. In imthosca áirithe d’fhéadfadh gur chuí fógra a thabhairt do chomhlachtaí eile.
Is cóir cúram a ghlacadh lena chinntiú go bhfaighidh duine, a líomhnaítear a ghlac an gníomh nó a líomhnaítear a thug údarás an gníomh a dhéanamh ar ghníomh é a bhí faoi réir an ghearáin, cóip den tuairisc imscrúdaithe.
Foilsiú na Tuairisce
Nuair a bheidh an t-imscrúdú curtha i gcrích, ba chóir cuimhneamh ar an bhféidearthacht maidir leis an tuairisc imscrúdúcháin a fhoilsiú, nó de rogha air sin, achoimre den tuairisc. Sa chás go bhfuil an tuairisc le foilsiú, cibé i bhfoirm iomlán nó go hachomair, baintear amach sonraí a d'fhágfadh go n-aithneofaí an gearánaí agus na hoifigigh a luaitear ann. In imthosca áirithe d’fhéadfadh gur ghá athruithe a dhéanamh sa dréacht chun a chéannacht/a céannacht a chosaint.
