- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Sheirbhísí Inrochtana
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Bileoga Eolais
- Óráidí agus Airteagail
- Foilseacháin Eile
- Cásanna Samplacha
- An tAcht Míchumais 2005
Eolas Teagmhála
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
BrowseAloud
Nós imeachta maidir le hAchomhairc
Oifig an Ombudsman
1.1 Réamhrá
Déileálann an nós imeachta maidir le hachomhairc d’Oifig an Ombudsman le cás ina mbíonn gearánach míshásta le toradh an ghearáin a dhéanann sé/sí leis an Ombudsman agus ar mian leis/léi go ndéanfadh an Oifig athscrúdú ar an ngearán atá aige/aici. D’fhéadfadh sé nach gclúdódh an nós imeachta gach cás a thiocfaidh chun cinn ach ba chóir na prionsabail ghinearálta a bhfuil cuntas orthu thíos a chur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh de raon an doiciméid seo.Tá nós imeachta ar leithligh ann do ghearáin a dhéantar in aghaidh fhoireann na hOifige.
1.2 Prionsabail ghinearálta
Is prionsabal bunúsach den chreat achomharc é go mbeidh duine, nach raibh aon bhaint aige/aici leis an gcás roimhe sin agus a bhfuil post níos sinsearaí aige/aici, freagrach as an gcinneadh maidir le cás a athoscailt agus as athbhreithniú a dhéanamh ar cibé an raibh an chéad chinneadh a rinneadh ceart nó nach raibh.Beidh deis ag an oibrí cásanna bunaidh (féach an ghluais ag an deireadh le sainmhíniú a fháil) tuairim a thabhairt i ngach cás maidir le fiúntas an achomhairc, agus aird ar na Critéir Ghlactha le hachomharc mar atá leagtha amach i rannán 3.0 thíos. I ngach cás cuirfear an t-oibrí cásanna bunaidh ar an eolas faoi réamhchinneadh an athbhreithneora agus tabharfar deis dó/di tuairim a thabhairt sula ndéanfaidh an t athbhreithneoir an cinneadh deiridh.
Déanfar socruithe cuí d’oibrithe cásanna a bheidh ar saoire.
Ba chóir go mbeadh ómós ag gach ball den eagraíocht don phrionsabal nemo iudex in causa sua agus ba chóir gníomhú go gairmiúil agus go neamhchlaonta le gearánaigh agus le comhghleacaithe nuair a bhíonn obair achomhairc ar bun acu.
Cuirfear an gearánach ar an eolas faoin bpróiseas agus coinneofar suas chun dáta é/í maidir le dul chun cinn.
2.0 An Próiseas Achomhairc
2.1 Achomharc a dhéanamh
- Foilseofar an Nós Imeachta maidir le hAchomhairc ar láithreán Gréasáin na hOifige agus i Lámhleabhar Alt 16 na hOifige.
- Sa litir ghlactha a sheoltar chuig gearánaigh i ndiaidh an gearán a scagadh, míneofar é seo a leanas:-
- go bhfuil nós imeachta maidir le hachomhairc ann
- ní mór achomhairc a dhéanamh taobh istigh de mhí ó fhaightear an litir dheiridh
- ní cheadaítear ach achomharc amháin
- ní mór an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil san achomharc sin mar thaca leis an gcinneadh an cás a athoscailt agus an cinneadh bunaidh a athbhreithniú
- ní mór cúiseanna móra soiléire a thabhairt leis an achomharc
- Seolfar achomhairc go hiondúil chuig an oibrí cásanna bunaidh, agus seolfaidh sé/sí iad chuig an mBainisteoir Achomharc de réir an phróisis thíos (2.2)
2.2 An tAchomharc a Phróiseáil
2.2.1 Céim 1 An tOibrí Cásanna
- Déanfaidh an t-oibrí cásanna bunaidh, nuair a gheobhaidh sé/sí an t-achomharc, imscrúdú ar an ábhar atá ann agus scríobhfaidh sé/sí nóta beag ar an CES don Bhainisteoir Achomharc, ag freagairt na bpointí a rinneadh. Sa nóta, ba chóir go ndéileálfadh an t-oibrí cásanna go cuimsitheach leis na hargóintí a chuir an gearánach ar aghaidh agus insint cén fáth go measann sé/sí
- gur chóir nó nár chóir an cás a athscrúdú nó seasamh leis an achomharc.
- Sa chás go ndéantar an t-achomharc bunaithe ar fhaisnéis nua ábhartha, ba chóir an Bainisteoir Achomharc a chur ar an eolas faoi sin.
- Déarfaidh an t-oibrí cásanna cibé an raibh a b(h)ainisteoir líne páirteach go gníomhach sa phróiseas scrúdaithe agus cinnteoireachta.
- Seolfaidh an t-oibrí cásanna bunaidh an t-achomharc agus an nóta a ghabhann leis chuig an mBainisteoir Achomharc taobh istigh de 5 lá oibre ó fhaigheann sé/sí é agus seolfar cóip chuig a bhainisteoir líne.
2.2.2 Céim 2 An Bainisteoir Achomharc
- Nuair a gheobhaidh sé/sí an t-achomharc, logálfaidh an Bainisteoir Achomharc é agus tabharfaidh sé/sí admháil maidir leis. Sa litir admhála, meabhrófar don ghearánach nach bhfuil ann ach aon achomharc amháin agus iarrfar air/uirthi an fhaisnéis bhreise ábhartha ar fad nó an argóint ábhartha a sholáthar taobh istigh de 7 lá oibre.
- Más léir nach gcomhlíonann an t-iarratas ar achomharc na critéir ábhartha (liostaithe in 3.0) diúltófar an t-iarratas agus cuirfidh an Bainisteoir Achomharc an gearánach ar an eolas maidir leis sin.
- Sa chás go nglacann an Bainisteoir Achomharc le hachomharc déanfar é a thaifeadadh sa CES trí “A” a chur isteach i ndiaidh uimhir an ghearáin.
- Má tá an t-achomharc bunaithe ar fhaisnéis nua ábhartha, agus air sin amháin, déanfaidh an Bainisteoir Achomharc nóta de sin ar mhaithe le taifid staitistiúla agus seolfar an cás ar ais chuig an oibrí cásanna bunaidh, nuair is féidir, le hathscrúdú agus le dúnadh. Ní bheidh aon rud eile le déanamh ag an mBainisteoir Achomharc leis an gcás. Ba chóir go ndéanfadh an t-oibrí cásanna iarracht an cás a dhúnadh taobh istigh de mhí amháin.
- Sa chás go bhfuil an t-achomharc bunaithe ar lochtanna a fheictear sa phróiseas nó sa chinneadh tosaigh (féach rannán 3.0), cuirfidh an Bainisteoir Achomharc an cás ar aghaidh chuig Maoirseoir (nach é/í an bainisteoir líne / maoirseoir bunaidh é/í, féach an ghluais le sainmhíniú a fháil ar Mhaoirseoir).
- Sa chás go gcuirtear an t-achomharc ar ais chuig an oibrí cásanna, nó go dtabharfar é do Mhaoirseoir, cuirfidh an Bainisteoir Achomharc an t achomharcóir ar an eolas dá réir. Tabharfar cuntas sa litir ar an scála ama is dóigh a thógfaidh sé an cás a thabhairt chun críche.
- Beidh an Maoirseoir grád amháin níos sinsearaí ar a laghad ná an t oibrí cásanna bunaidh. Sa chás go raibh baint roimhe sin ag bainisteoir líne an oibrí cásanna le cinnteoireacht an cháis, beidh an Maoirseoir grád níos airde ná bainisteoir líne an oibrí cásanna. (Féach an t-aguisín le haghaidh tuilleadh sonraí)
2.2.3 Céim 3 An Maoirseoir
- Glacann an Maoirseoir leis an achomharc agus déanann sé/sí nóta den tuairim atá tugtha ag an oibrí cásanna bunaidh.
- Féadfaidh an Maoirseoir féin an cás a scrúdú, nó féadfaidh sé/sí cúnamh a iarraidh ar oibrí cásanna eile nach raibh aon bhaint aige/aici leis an gcás roimhe sin.
- Ba chóir go ndéanfadh an t-oibrí cásanna iarracht teacht ar chinneadh maidir leis an gcás taobh istigh de mhí amháin.
- Má bhíonn sé/sí ag lorg cúnaimh ó oibrí cásanna, déanfaidh an Maoirseoir scrúdú ar na conclúidí a bheidh aige/aici nuair a gheofar iad. Déanfaidh an Maoirseoir a c(h)inneadh féin maidir leis an gcás. Rachaidh sé/sí, má chinneann sé/sí an cinneadh bunaidh ar an gcás a aisiompú, i gcomhairle leis an oibrí cásanna bunaidh sula ndéanfaidh sé/sí an cinneadh deiridh.
- Sa chás nach féidir cinneadh iomlán a dhéanamh faoi thoradh an cháis mar gheall ar chomh casta is atá an cás, ach go bhfuil cúis ann anois leis an gcás a scrúdú arís, féadfaidh an Maoirseoir socrú a dhéanamh an cás a chur ar ais chuig an oibrí cásanna le treoir, nó é a thabhairt don dara oibrí cásanna a bhí ag obair ar an gcás níos déanaí anuas.
- Scríobhfaidh an Maoirseoir síos a c(h)inneadh (toradh deiridh nó an cinneadh maidir leis an gcás a athoscailt) agus tabharfaidh sé/sí an réasún atá leis an gcinneadh agus cuirfidh sé/sí an Bainisteoir Achomharc ar an eolas faoin gcinneadh sin. Cuirfidh an maoirseoir san áireamh dréacht-fhreagra molta a d’fhéadfaí a sheoladh chuig an ngearánach, agus beidh pointe 3 de 2.2.4 thíos san áireamh ann.
- Má dhéantar cinneadh athscrúdú níos leithne a chur i gcrích, seolfar an toradh a mholtar ar aghaidh nuair a bheidh sé ar fáil don Mhaoirseoir. Is é an Maoirseoir a dhéanfaidh an cinneadh deiridh. Arís, tabharfar tuairisc maidir leis an gcinneadh don Bhainisteoir Achomharc.
2.2.4 Céim 4 An Bainisteoir Achomharc (BA)
- Déanfaidh an BA nóta de mholadh an Mhaoirseora maidir leis an gcás a dhúnadh. Beidh an BA sásta go bhfuil gach rud clúdaithe.
- Le cead an Bhainisteora Achomharc, síneoidh an Maoirseoir an litir dheiridh agus eiseoidh sé/sí í.
- Cinnteoidh an BA sa chás go seastar leis an achomharc, go ndéantar leithscéal a ghabháil leis an ngearánach agus go mínítear an t-athrú ar an toradh. Sa chás go ndiúltaítear an t-achomharc, tabharfar na cúiseanna atá leis sin.
- Sa chás go seastar leis an achomharc, pléifidh an Bainisteoir Achomharc leis an Maoirseoir cibé an féidir leis an eagraíocht rud éigin a fhoghlaim uaidh seo agus aontóidh siad conas a d’fhéadfaí é sin a dhéanamh.
- Coinneoidh an Bainisteoir Achomharc staitisticí maidir le líon na n-achomharc agus an líon ar seasadh leo. Aithneoidh sé/sí freisin líon na n-achomharc atá bunaithe ar fhaisnéis nua agus air sin amháin. Roinnfear na staitisticí sin leis an Oifig gach bliain.
2.3 Achomharcóirí Leanúnacha
- Sa chás go ndéanann gearánach achomhairc go leanúnach faoi cheist ar glacadh cinneadh maidir leis cheana féin, ba chóir iad sin a chur ar aghaidh chuig an mBainisteoir Achomharc.
- Má tá imthosca eisceachtúla ann, sa chás go bhfuil faisnéis nua ar fáil nach raibh ar fáil don ghearánach nuair a rinne sé/sí an chéad achomharc, ansin féadfaidh an Bainisteoir Achomharc, i gcomhairle leis an Maoirseoir nó leis an oibrí cásanna bunaidh, socrú a dhéanamh an cás a phróiseáil arís mar achomharc / athbhreithniú.
- I bhformhór imthosca eiseofar litir chaighdeánach ina ndéarfar gur cuireadh achomharc ar fáil agus nach nglacfaidh an Oifig aon ghníomh breise. Le cead an Ombudsman i ngach cás, déarfar leis an ngearánach, i bhfianaise cinntí agus gníomhartha níos túisce, go gcuirfear an comhfhreagras is déanaí uathu agus comhfhreagras amach anseo uathu maidir le hachomharc faoi chinneadh an Ombudsman ar chomhad gan aon ghníomh/tuairim eile a thabhairt.
3.0 Critéir chun achomharc a ghlacadh
Agus cinneadh á dhéanamh cás a athoscailt, ba chóir aird a bheith ar na critéir seo a leanas d’fhonn cinneadh a dhéanamh cibé an ndearna an gearánach cás réasúnach leis an ngearán a athoscailt. Ba cheart go mbeadh an gearánach in ann a thaispeáint:
- go bhfuil fianaise/faisnéis ábhartha nua ar fáil a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh bunaidh a rinneadh sa chás
- gur theip ar an Oifig saincheist ábhartha agus shubstaintiúil a scrúdú
- gur theip ar an Oifig faisnéis ábhartha agus riachtanach a fháil ón gcomhlacht lenar bhain an cás
- go bhfuil seasamh an chomhlachta mar atá luaite aige míchruinn; ba chóir tacú leis seo le fianaise, más féidir
- gur baineadh ciall chontráilte as an ngearán nó go raibh míthuiscint ar an Oifig maidir leis
- go raibh cinneadh na hOifige míchruinn nó míréasúnta i gcomhthéacs an chinnidh a rinneadh nó imthosca áirithe an cháis
- go ndéantar an t-achomharc in achar réasúnta .i. tráth nach faide ná mí amháin ó rinneadh an cinneadh. Sa chás go bhfaightear iarratas ar achomharc ina dhiaidh sin, féadfaidh an Bainisteoir Achomharc glacadh leis go lánroghnach, ag brath ar na himthosca ar leith.
