- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Aisíoc Ranníocaíochtaí ÁSPC
Aisíoc Ranníocaíochtaí ÁSPCLe blianta anuas tá gearáin faighte ag m�Oifig ó roinnt daoine
ar diúltaíodh aisíoc ranníocaíochtaí ÁSPC dóibh. Cé go bhfuil na
Coimisinéirí Ioncaim freagrach as íocaíochtaí ÁSPC a bhailú thar ceann
na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, d�éirigh díospóid idir
na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus
Teaghlaigh maidir le cén comhlacht a bhí freagrach as íocaíochtaí den
sórt sin a aisíoc.
Bhí an cheist ardaithe roimhe seo leis an dá chomhlacht ag mo
réamhtheachta, an tUasal Kevin Murphy. Fuair mé breis gearán i 2004
maidir le faoisimh a bhí ceadaithe maidir le híocaíocht AVC
(Ranníocaíochtaí Deonacha Breise chuig cistí pinsean). Cé go
bhfaightear faoiseamh cánach agus ÁSPC go huathoibríoch i gcás
laghduithe íocaíochtaí, ní mór don cháiníocóir na faoisimh a éileamh
maidir le híocaíochtaí cnapshuime. Bhí aisíoc na gnéithe cánach déanta
leis na héilitheoirí, ach cuireadh moill ar aisíoc an ÁSPC mar gheall
ar an ndíospóid a bhí idir na comhlachtaí. Chuir an díospóid isteach ar
beagnach 20,000 éilitheoir.
