- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Faoiseamh Cánach do Thiománaithe le Míchumas
Faoiseamh Cánach do Thiománaithe le MíchumasI 2001 d�fhoilsigh mo réamhtheachta, an tUasal Kevin Murphy
tuarascáil imscrúdaithe � Passengers with Disabilities � ar ghnéithe
d�fheidhmiú Rialacháin Tiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi
Mhíchumas (Lámhaltais Cánach). Ag an am, thug sé ar aird go raibh Grúpa
Athbhreithnithe IdirRanna ag déanamh athbhreithnithe ar an scéim. I
2004, fuair mé gearán ó fhear a bhí ag iarraidh faoisimh cánach a fháil
atá ar fáil faoin scéim agus dhiúltaigh na Coimisinéirí Ioncaim a
iarratas. Dhiúltaigh Bord Sláinte an Deiscirt Teastas Leighis Príomha a
thabhairt don iarratasóir, de bhrí nár chomhlíon a riocht na critéir
sainiúla a bhí leagtha síos sa scéim. Nuair a d�fhéach sé le hachomharc
a dhéanamh ar chinneadh an Bhoird Sláinte chuig an Bhoird Leighis um
Acomhairc, fuair sé amach go raibh liosta feithimh dhá bhliain chun
achomhairc a éisteacht, agus ina theannta sin gur tionóladh na
cruinnithe achomharc ar fad i mBaile Átha Cliath, rud a d�éiligh air
taisteal ansin chun an cás a éisteacht. Bhí an chuma air freisin go
rabhthas fós ag fanacht le scéala ón Roinn Airgeadais maidir le
tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe IdirRanna, a bhí i seilbh na
Roinne sin ar feadh scaithimh.
