Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Ag Comhlíonadh Tiomantas

Ag Comhlíonadh Tiomantas

I ndiaidh dom a fháil amach nach bhfuil gealltanas a thug údarás áitiúil do m�Oifig nósanna imeachta nua a thabhairt isteach comhlíonta go fóill dhá bhliain níos déanaí, tá córas curtha i bhfeidhm agam chun monatóireacht a dhéanamh ar ghealltanais/tiomantais den sórt sin.

Sa chás, agus imscrúdú á dhéanamh ar ghearán, go ndeireann údarás áitiúil le m�Oifig go dtabharfaidh sé faoi roinnt gníomh chun gearán a réiteach, nó go ndéanfar athrú ar nósanna imeachta ionas nach ndéanfar a leithéid de ghearán amach anseo, breathnófar ar ghealltanas/thiomantas den sórt sin ina dhiaidh sin lena chinntiú gur cuireadh i bhfeidhm é, cé go bhféadfadh sé go mbeadh comhad an ghearáin dúnta. Déantar é sin trí na sonraí a chur isteach i mbunachar sonraí agus athbhreithniú a dhéanamh ar na hiontrálacha sa bhunachar sonraí ar bhonn rialta. Bhí feidhm leis an mbunachar sonraí sin le linn 2004 agus tá 32 iontráil chuí istigh ann. As an 32, rinne na húdaráis áitiúla cuí seachadadh ar 17 acu faoi dheireadh na bliana. Bhí ceisteanna pleanála i gceist le 13 de na hiontrálacha agus glacadh gníomh éigin ar 7 gcinn acu.

Is cosúil nach gcomhlíontar na tiomantais/gealltanais chuig an Oifig ach amháin in os cionn leath de na cásanna laistigh den fráma-ama a shamhlaítear. Ba mhaith liom feidhmíocht níos fearr a fheiceáil sa réimse seo ós rud é go gcuireann sí as go mór dom nuair nach gcomhlíontar tiomantas a thugtar do m�Oifig. Go deimhin, measaim teipeadh mar sin mar mhíriarachán agus, d�fhéadfadh sé go dtuillfeadh a leithéid breis lochtaithe ó m�Oifig. Sa chás nach mbeidh feidhmíocht níos fearr le feiceáil sa réimse seo i 2005, breithneoidh mé na húdaráis áitiúla sin nach gcomhlíonann a ngealltanas agus tiomantas a ainmniú i dTuarascálacha Bliantúla amach anseo.

Back to contents