- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Táillí as Cáipéisí Pleanála
Táillí as Cáipéisí PleanálaLe roinnt blianta anuas tá cúpla gearán faighte ag m�Oifig ó
dhaoine as an bpobal faoi leibhéal na dtáillí atá á ngearradh ag
údaráis áitiúla as píosaí a fótachópáil amach as comhaid phleanála. Go
deimhin, tharraing mé aird ar an gceist i mo chéad Thuarascáil
Bhliantúil anuraidh (féach leathanach 32 de Thuarascáil Bhliantúil an
Ombudsman, 2003). Is léir nach bhfuil comhsheasmhacht i measc na
n-údarás áitiúil maidir leis na suimeanna atá á ngearradh agus tá imní
orm go bhfuil leibhéal na dtáillí atá cuid de na húdaráis áitiúla a
ghearradh i bhfad rómhór.
Forálann Alt 38 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go
gcuirfear roinnt cáipéisí a bhaineann le hiarratais phleanála ar fáil
le haghaidh imscrúdaithe agus le ceannach ag an bpobal. Tá an t-aon
thagairt a dhéantar san Acht don táille a ghearrfar as a leithéid de
sheirbhís le fáil in Alt 38(4) a deir:
�Beidh cóipeanna de cháipéisí faoin alt sin ar fáil le
ceannach trí tháille sonraithe a íoc nach mó ná an costas réasúnach a
bhainfeadh le cóip den sórt sin a dhéanamh.�
Rinne m�Oifig suirbhé ar an teileafón le 30 údarás áitiúil chun
fáil amach cad iad na táillí atá á ngearradh. Léirigh an suirbhé go
bhfuil éagsúlacht mhór leis an sainmhíniú ar �chostas réasúnach� ó
údarás áitiúil amháin go dtí ceann eile leis na táillí idir 10c go dtí
�1 in aghaidh leathanaigh A4 agus gearrann roinnt acu íostháille idir
�1 agus �3. Fuarthas amach le seiceáil a rinneadh ar roinnt seirbhísí
fótacópála tráchtála ag an am go raibh na táillí a bhí á ngearradh do
chóip a dhéanamh de cháipéis A4 ó 10c go dtí 15c in aghaidh an chóip.
Ní miste an chodarsnacht i gcomparáid le daoine a dhéanann rochtain ar
thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thabhairt ar aird sa mhéid
go sonraíonn rialacháin a rinneadh faoin Acht sin uastháillí chun
cóipeanna de thaifid a sholáthar. Is iad na huastháillí reatha atá i
bhfeidhm ná 4c de réir na bileoige fótacópála, 5c in aghaidh gach
diosca 31/2� agus �10.16 in aghaidh gach CD-ROM.
Ina Thuarascáil Bhliantúil do 1996, thug mo réamhtheachta, an
tUasal Kevin Murphy le fios go gciallaíonn, i measc saincheisteanna
eile, ag déileáil �go cothrom le daoine� �caitheamh mar a chéile le
daoine in imthosca comhchosúla�. I gcás táillí do cháipéisí pleanála,
táim den tuairim gur chóir, más ann, táillí a ghearrtar as seirbhísí
poiblí comhchosúla ar fud gach comhlachta poiblí cuí, lena n-áirítear
údaráis áitiúla, a bheith ar aon dul tríd is tríd. Táim ag iarraidh
freisin a chinntiú nach n-ardófar aon bhacanna airgeadais le cosc a
chur ar an bpobal rochtain a fháil ar eolas tríd is tríd, agus go
háirithe sa réimse seo, ar mhaithe le próiseas pleanála a bheidh
oscailte, trédhearcach agus inrochtaine. Dá réir sin, d�iarr mé ar an
Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil athbhreithniú a
dhéanamh ar na táillí atá á ngearradh agus mhol mé go mbreithneodh an
Roinn treoirlínte níos soiléire a chur ar fáil maidir le táillí a ríomh
lena chinntiú go gcaitear mar a chéile le daoine sa cheist seo ar fud
gach údarás áitiúil.
