Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Dearbhú Sláinte do Chosaint Morgáiste

Dearbhú Sláinte do Chosaint Morgáiste

Áirítear freisin leis an riarachán i ndáil le hiasachtaí údaráis áitiúla d�iarratasóirí incháilithe pleananna árachais cosanta morgáiste. Tá sé tugtha ar m�aird go bhfuil roinnt éileamh a rinne daoine faoin bplean cosanta morgáiste a fheidhmíonn údaráis áitiúla diúltaithe. Ba é an bunús diúltaithe ná nach raibh sláinte mhaith ag an duine atá básaithe nuair a líon sé/sí an t-iarratas le bheith áirithe sa phlean. Agus imscrúdú á dhéanamh agam ar an bhfoirm do phlean cosanta morgáiste a shíníonn iarratasóirí, thug mé faoi deara gur beag eolais a iarrtar faoina sláinte. I ndáiríre ní iarrtar orthu ach a dhearbhú go bhfuil �sláinte mhaith� acu ag an am. D�fhéadfadh rudaí difriúla a bheith i gceist le sláinte mhaith i gcás daoine difriúla, e.g. d�fhéadfadh duine a bhfuil diaibéiteas ag dul dó, a bhíonn faoi smacht ag leigheas, a mheas go bhfuil �sláinte mhaith� acu tríd is tríd, nó ag tráth áirithe.

Ní thugann an fhoirm iarratais sainmhíniú ar �shláinte mhaith� agus níl aon bhileog míniúcháin curtha ar fáil a mhíníonn tábhacht na ceiste seo nó an toradh a d�fhéadfadh a bheith ag dearbhú �sláinte mhaith� sa chás, i ndáiríre, nach shin é an cás. Níor thaispeáin imscrúdú a rinneadh ar chomhaid údaráis áitiúil áirithe aon fhianaise gur míníodh an t-árachas cosanta morgáiste do na hiarratasóirí a bhí i gceist agus, i gcás amháin ar a laghad, seoladh an fhoirm chuig na hiarratasóirí tríd an bpost gan aon chomhairle ach amháin �gur chóir an fhoirm a sheoladh ar ais láithreach chun an iasacht a fháil.�

Tá nósanna imeachta na Comhairle sa chás seo, lena n-áirítear mar a theip uirthi sonraí leighis/sláinte a iarraidh, i bhfad uathu sin a chonaic duine a bhí ag tógáil amach polasaí cosanta morgáiste príobháideach. Déanann an t-eolas sonrach a iarrtar ar fhoirm iarratais na cuideachta árachais an-soiléir é go gcaithfidh duine a bheith oscailte agus macánta faoina shláinte agus stair leighis an duine roimhe sin.

Ag glacadh leis gur foirm chaighdeánach í an fhoirm iarratais a bhí i gceist a úsáideann formhór na n-údarás áitiúil, mura n-úsáideann siad ar fad iad, scríobh m�Oifig chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Mhol mé go n-áireofadh an Roinn an cheist sin in athbhreithniú atá á dhéanamh cheana féin maidir leis an bhfoirm iarratais seo. Ghlac an Roinn le mo mholadh agus tuigim go bhfuil dréacht fhoirm iarratais athbhreithnithe beagnach comhaontaithe ag na páirtithe cuí ar fad. Bheinn ag súil, de réir a chéile, go scríobhfadh an Roinn go foirmiúil chuig gach údarás áitiúil faoin gcás seo.

Back to contents