Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Cosaint Árachais do Shealbhóirí Morgáiste Údaráis Áitiúil

Cosaint Árachais do Shealbhóirí Morgáiste Údaráis Áitiúil

Sna tuarascálacha bliantúla do 2000 agus 2001 rinne m�Oifig cur síos ar an easpa cosanta árachais a bhí ann do shealbhóirí morgáiste údaráis áitiúla a thóg amach iasachtaí roimh an 1 Iúil 1986. Ó shin i leith, bhí m�Oifig i dteagmháil rialta leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin gceist. Tá obair go leor déanta ag an Roinn agus tá áthas orm a rá gur tháinig Plean Cosanta Morgáiste nua i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2004 do lucht iasachta incháilithe a thóg iasacht roimh 1986.

Is é is ciall leis sin i ndáiríre ná, faoi réir ag aois áirithe agus critéir incháilithe sláinte, go n-áireofar go huathoibríoch gach sealbhóir morgáiste le húdaráis áitiúla, lena n-áirítear iad sin a thóg morgáiste amach roimh an 1 Iúil 1986, sa scéim nua le héifeacht ón 1 Eanáir 2004.

Back to contents