- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Eolas Fúinn
- Gearán a dhéanamh
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Liúntas Leasa na nDall
Liúntas Leasa na nDallI 2002 dhéileáil m�Oifig le gearán faoi mar a theip ar Bhord
Sláinte Limistéar an Iardheiscirt (SWAHB) an ráta cearta Liúntas Leasa
na nDall a íoc le duine áirithe (féach leathanach 23 de Thuarascáil
Bhliantúil an Ombudsman 2002). Tharla an earráid mar gheall ar
mhíthuiscint a bhí ar an mBord faoi na treoirlínte a d�eisigh an Roinn
Sláinte agus Leanaí ar an gceist. Ba iad na conclúid a tháinig m�Oifig
orthu ag an am ná a) gur tógadh gníomhartha an SWAHB, ó thaobh measúnú
mícheart a dhéanamh ar an liúntas, a raibh tearcíocaíocht mar thoradh
air, gan údarás ceart agus b) gur chiallaigh gníomhartha an Bhoird ó
thaobh tuiscint mícheart a fháil ar threoirlínte na Roinne, agus diúltú
an míthuiscint mícheart céanna a leasú, go raibh cleachtas riaracháin
neamh-inmhianaithe ar siúl ag an mBord a bhí contrártha le riarachán
cóir ná maith.
Ba é an toradh a bhí ar imscrúdú an ghearáin ná gur íocadh an
fear ag an ráta ceart ó dháta reatha, agus íocadh riaráistí cuí maidir
leis an tréimhse a chuir an míthuiscint mícheart isteach ar a chuid
íocaíochtaí. Ag éirí ón gcás d�iarr m�Oifig ar bhoird sláinte eile gach
cás BWA a athbhreithniú ina gcuid limistéar. Mar thoradh air sin,
rinneadh coigeartú ar aon íocaíocht mícheart a bhí aon duine ag fáil le
héifeacht ón 1 Eanáir 2002. Chuir na boird sláinte meastachán den
chostas a bhainfeadh leis na riaráistí cuí a íoc leis na daoine maidir
leis an tréimhse roimh 1 Eanáir 2002 chuig an Roinn, tréimhse ina chuir
an míthuiscint sin isteach orthu.
Chuaigh mé ag obair ar an gceist leis an Roinn, a ghlac leis go raibh míthuiscint ann faoina cuid treoirlínte, ag féachaint leis na riaráistí cuí a íoc. Chuir an Roinn in iúl dom, i ndiaidh plé a dhéanamh ar an gcás leis an Roinn Airgeadais, go bhfuil suim �4.3 milliún curtha ar fáil ina buiséad do 2005 chun na costais a bhaineann le híocaíocht nó riaráistí BWA a íoc. Tabharfaidh sé sin chun críche scéal atá ar bun le fada anois a chuir isteach ar ghnéith an-leochaileach dár sochaí agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Roinn Sláinte agus Leanaí as a díograis chun an maoiniú a fháil le linn a feachtais meastacháin i 2004.
