Office of the Ombudsman, Ireland
Eolas Teagmhála

Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine

18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353-1-639-5600

Teil: 1890 223030

Faics: (01) 639 5674

R-phost

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004

Caibidil 4 - Táillí Tí Altranais

Táillí Tí Altranais

Ní tada nua do m�Oifig an chonspóid atá ann i láthair na huaire maidir le táillí tí altranais.

Thar na mblianta chuir mo réamhtheachtaí an Roinn Sláinte agus Leanaí agus na boird sláinte ar an eolas faoin tuairim a bhí acu maidir le seasamh dlí sa réimse seo viz. an costas a bhíonn le cúram fanacht-fada i seirbhísí othair chónaitheach agus nár chóir táille a ghearradh ar shealbhóirí cárta liachta as a leithéid de sheirbhísí. Ina theannta sin, chuir m�Oifig an tuairim sin in iúl, thar na mblianta, ag cruinnithe le hoifigigh na mbord sláinte agus na Roinne. Rinneadh tuairisciú mhór ar na saincheisteanna sin i dtuarascálacha bliantúla m�Oifige i 1989 agus 1992, agus i dtuarascáil speisialta ar fhóirdheontais tí altranais i 2001. Nuair a ghlac mé leis an oifig i 2003, fuair mé gearáin freisin faoi tháillí den sórt sin, agus rinneadh cur síos orthu sin i mo Thuarascáil Bhliantúil. Lean an cás sin ar feadh 2004. In aineoinn gealltanas in Ardchaighdeán agus Cothroime � Córas Sláinte Duitse, sa straitéis sláinte náisiúnta nua a foilsíodh i 2001, níor tháinig an reachtaíocht a gealladh chun forálacha reachtúla soiléire a chur ar fáil i gcás gach teidlíochta go dtí gur foilsíodh an Bille (Leasú) (Uimh 2) Sláinte i mí na Nollag 2004.

Tar éis chinneadh na Cúirte Uachtaraí an Bille seo a chur faoi chos ag rá go raibh sé míbhunreachtúil, fuair mé roinnt gearán breise maidir le haisíoc na dtáillí seo, cé nach bhfuil scéim fhoirmiúil dá n-aisíoc foilsithe go dtí seo. Creidimse go n-ardóidh líon gearán den sórt sin go suntasach le foilsiú na scéime aisíocaíochta agus ar chinntí a ghlacfaidh Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte (HSE) ina dhiaidh sin ar iarratais aonair. Tá réamhphlé déanta agam cheana féin leis an HSE maidir leis an mbealach a ndéanfar próiseáil ar ghearáin den sórt sin.

Tá sé ar intinn agam na gearáin sin a imscrúdú faoi théarmaí An Achta Ombudsman, 1980, mar atá leasaithe. Agus mé á dhéanamh sin, glacfaidh mé san áireamh imthosca aonair an ghearáin, gníomhartha riaracháin ginearálta agus aonair na mbord sláinte agus na Roinne sa chás agus aon aighneachtaí a d�fhéadfaidís a dhéanamh maidir le haon ghearán, reachtaíocht chuí agus aon chinneadh a ghlacfaidh na cúirteanna faoi shaincheisteanna cuí. Sa chás go bhfuil an cosúlacht ar an scéal go raibh tionchar tromchúiseach ag míriarachán ar ghearánaí, déanfaidh mé moltaí chun sásamh a bhaint amach chuig na gníomhaireachtaí sláinte cuí nó chuig an Roinn. Mar is ionann agus roimhe seo, díreoidh mé an fócas ar ghníomhartha riaracháin na Roinne agus na gníomhaireachtaí sláinte.

Tá an chonspóid reatha dírithe go hiomlán ar an gceist a bhaineann le hothair in institiúidí poiblí. Ní dheáleálann sé leis an gceist a bhaineann leis na hothair sin, daoine a raibh cártaí liachta acu agus daoine nach raibh, a threoraigh boird sláinte i dtreo chúram príobháideach iad, agus gan aird acu ar a gcuid freagrachtaí féin sa chás. Táim féin den tuairim chéanna le mo réamhtheachtaí maidir leis an seasamh dlí sa chás seo viz., tá gach duine atá ina gcónaí sa Stát incháilithe chun seirbhísí othair chónaitheacha a fháil, nuair is cuí, ón HSE. Is féidir leis an HSE na seirbhísí a sholáthar go díreach i gceann dá gcuid ospidéal, in ospidéal eile atá maoinithe go poiblí, nó trí shocrú a chur amach ar chonradh idir an HSE agus institiúid príobháideach.

Tá mise den tuairim go mbeidh cás maith ag na hothair sin ar treoraíodh iad chuig cúram tí altranais príobháideach, agus a rinne a gcuid socruithe príobháideacha féin ina dhiaidh sin, go raibh orthu sin a dhéanamh nó go raibh sé riachtanach é a dhéanamh. Mar an gcéanna, d�fhéadfaidís a rá go ndearna siad a gcuid socruithe féin agus go raibh siad den tuairim go mícheart (cosúil le hothair i dtithe altranais poiblí) maidir lena ndliteanas íoc as seirbhísí othair chónaitheacha. Má rinne na hothair sin a treoraíodh chuig cúram tí altranais phríobháideach a gcuid socruithe féin de bhrí go raibh orthu sin a dhéanamh nó go raibh sé riachtanach nó go ndearna siad botún, agus gur nochtaigh siad oibleagáid, a bhí i ndáiríre faoin Stát a dhéanamh, d�fhéadfadh cás láidir a bheith acu ar chúiteamh a fháil díreach ar aon dul le oibleagáid an Stáit. I dtéarmaí praiticiúla, d�fhéadfaí oibleagáid an Stáit a mheas mar (i) na suimeanna iarbhír a íocadh amach i gcúram príobháideach, nó (ii) na costais eacnamúla a bhaineann le seirbhís an Stáit a sholáthar, nó b�fhéidir, níos réadúla fós, (iii) 80% de ráta pinsean seanaoise neamh-ranníocach infheidhme ag an am ábhartha.

Back to contents