- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Text Size: A |
- A |
- A
- Gearán a dhéanamh
- Eolas Fúinn
- Ceisteanna Coitianta
- Reachtaíocht
- Preas Ráiteas
- Óráidí
- Foilseacháin
- Cásanna Samplacha
- Acht na dTeangacha
- An tAcht Míchumais
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2004
Caibidil 4 - Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse
Cód Caighdeán agus Iompair na StátseirbhíseI Meán Fómhair 2004 d�eisigh an Roinn Airgeadais Ciorclán 26/04:
Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse. Caithfidh gach
státseirbhíseach an Cód a shíniú agus is cuid dá gcoinníollacha
seirbhíse anois é. Tá sé mar bhonn taca ag rialacha a bhí ann roimhe
seo agus clúdaíonn sé trí phríomhréimse viz. Caighdeáin atá mar Bhonn
Taca ag Seachadadh Seirbhíse, Iompar san Ionad Oibre agus Caighdeáin
Ionracais. Tugann sé isteach rialacha nua freisin a rialaíonn
bronntanais, fáilteachas agus glacadh le ceapacháin lasmuigh den
státseirbhís.
Aithnítear sa Chód go bhfuiltear ag cur leis na prionsabail a
leagadh síos i dTreoir an Ombudsman ar Chaighdeáin Deachleachtais do
Státseirbhísigh a foilsíodh ar dtús i 1997 agus a tugadh cothrom le
dáta i 2003. D�eascair an treoir ó thaithí a fuair an Ombudsman le linn
a bheith ag réiteach gearán.
